An séú húrscéal is fiche ón Máistir

.

Sycamore Row……….by…John Grisham………£19.99.

(This week we take a look at John Grishams 26th Novel.)

.

Easaontas ciníoch

Nuair a cuireadh cló ar chéad úrsceal John Grisham, ‘A Time to Kill’, sa bhliain 1989, is dócha gur tuigeadh dó, go raibh bóthar fada le taisteal aige, má theastaigh uaidh teacht i dtír ar a chuid scríbhneoireachta, nó dhiúltaigh roinnt mhaith foilsitheoirí glacadh leis an úrscéal sin, ach i ndeireadh na dála, tháinig Wynwood Press i gcabhair air, agus d’fhoilsigh siadsan ‘A Time to Kill’. Ar ball, bhí foilsitheoirí ag baint na sál dá chéile ag iarraidh a shaothar a fhoilsiú. D’fhéadfá a rá, go bhfuil baint éigin ag an gcéad úrscéal úd leis an úrscéal seo is déanaí óna pheann, sa mhéid go bhfuil cuid áirithe de na charactair ón gcéad scéal le fáil arís san úrscéal nua seo, Sycamore Row, agus iompaíonn sé athuair ar easaontas ciníoch an Deiscirt, na bánaigh i gcoinne na ngormach mar bhuntéama don leabhar nua seo freisin.

Jake Brigance, dlíodóir

Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é, Jake Brigance, dlíodóir, an príomhcharactar sa scéal seo, díreach faoi mar a tharla in, A Time to Kill. Agus ar eagla go ndéanfainn dearmad air, ar ball, ba mhaith liom a rá anseo, gurb é mo thuairim fhéin, gurb é seo an t-úrscéal is fearr, agus is greamaithí fós, ó pheann líofa an tsainscríbhneora seo. Féach mar a chuireann an t-údar tús leis an scéal seo…

They found Seth Hubbard in the general area where he had promised to be, though not exactly in the condition expected. He was at the end of a rope, six feet off the ground and twisting slightly in the wind….”

Ní chuireann an t-údar aon am amú agus é ar a bhealach go croí an scéil. Chuir an Hubert seo lámh ina bhás fhéin. Bhi clann air, mac amháin agus iníon, agus d’fhág sé garchlann ina dhiaidh freisin, agus deartháir amháin. Bheifeá ag súil go bhfágfadh Hubert lab maith airgid ag chuile dhuine dá shliocht ina uacht, ach bheadh breall ort sa mhéid sin, nó leithphingin rua fhéin as an fiche milliún Dollar a d’fhág sé ina dhiaidh, níor fhág sé ag duine ar bith acu san uacht lámhscríofa úd a dhréacht sé fhéin, nó ba é a rinne sé, i ndáiríre, san uacht sin ba dhéanaí uaidh, nó tromlach mór na hoidhreachta sin, 90% de, a fhágáil ag a chailín aimsire, Lettie Lang, ar ghormach dathúil, meánaosta í. D’fhág sé 5% de ag eaglais eicínt, agus 5% eile ag a dheartháir, Ancil. Tuigeadh go maith dó, go gcuirfí i gcoinne na huachta sin, agus le teacht thairis sin, scríobh sé litir chuig ár laoch, ó, A Time to Kill, Jake Brigance, á ainmniú, go speisialta, leis an uacht chéanna sin a chosaint go tréan, i gcoinne cibé ionsaí a dhéanfaí air. Shuigh an t-údar an scéal seo, Sycamore Row, i gClanton, i Stát Mhississippi, sa bhliain 1988, áit ar shuigh sé, A Time to Kill, thart ar thrí bliana roimhe sin.

Cumas tiomnach

Tharla faoi mar a thairngir Seth Hubbard. Cuireadh i gcoinne na huachta lámhscríofa sin. Bhailigh tréad dlíodóirí agus iad uilig ag súil le lab airgid a shaothrú as bheith ag iarraidh an uacht sin a chealú, cuid acu ag rá, nach raibh an uacht sin dleathach, cuid eile ag rá, go raibh an seanfhear as a mheabhair ag an am, agus bharr sin, nach raibh cumas tiomnach ann agus an uacht sin á dhréachtadh aige, agus daoine eile fós ag maíomh gur chóir glacadh le huacht a rinne sé tamall roimhe sin. Ba é an Breitheamh Atlee a bhí sa chathaoir, le súil a choinneáil ar na himeachtaí.

Ar na táirní sin uilig a chroch an t-údar a scéal. Ar éirigh le Jake an uacht sin a chosaint, nó ar éirigh leis an ealta dlíodóirí í a chealú? Ar éirigh le sliocht Seth an lab airigid sin, a raibh súil acu leis, a fháil. Nó cén chrioch a chuir an t-údar lena scéal, agus é ag iarraidh súil amháin a choinneáil ar an dlí, agus an tsúil eile a choinneáil ar chiall agus ar dhearcadh an ghnáthdhuine?

gaGaeilge