T i t h e M ó r a a g u s T i t h e B e a g a .

**************************

.

T h e S t o r y o f L u c y G a u l t ……………….f o i l s i t h e…………2002.

l e

W i l l i a m T r e v o r………………………………………………….£16.99 S a s a n a c h .

.

************************************

.

Ní inné ná inniu a thosaigh William Trevor ag scríobh, nó tá ualach asail d’úrscéalta agus de ghearrscéalta curthe de aige, cheana féin, sea, agus clú agus cáil bainte amach aige dó fhéin, i ndomhan an Bhéarla, ach go háirithe. Bhuaigh roinnt dá úrscéalta duaiseanna gradamacha freisin dó, agus i measc na nduaiseanna a bhuaigh se, bhí an Whitbread Book of the Year, a bhuaigh sé leis an leabhar.. “Felicia’s Journey”, The Macmillan Silver Pen Award agus “the Irish Times Literature Prize, le “The Hill Bachelors”, agus ghnóthaigh “The Children of Dynmouth”, agus “Fools of Fortune”, the Whitbread Fiction Award, agus níl sa mhéid sin ach cuid de na duaiseanna a ghnóthaigh sé.

I mBaile Mhistéala, i gContae Chorcaí, is ea a rugadh an t-údar ildánach seo, sa bhliain 1928, rud a fhágann go bhfuil bunaois mhaith aige anois, ach ní bac ar bith ar a scil, nó ar a chumas, meáchan na mblianta sin, ach is amhlaidh gur mó go mór mo spéis fhéin ina shaothar, an aois chéanna sin. Fuair sé a chuid scolaíochta anseo in Éirinn, mar ar fhreastal sé ar scoileanna tuaithe roimh dhul suas go Coláiste na Tríonóide dó, le sméar mhullaigh a chur ar a chuid oideachais. Faoi láthair, tá cónaí ar an údar seo i Devon Shasana. Bronnadh CBE onórach air, sa bhliain 1977, as a raibh déanta aige i ngort na litríochta, agus arís, sa bhliain 1999, bronnadh Duais ghradamach Litríochta Breatnaí David Cohen air, i ngeall ar a raibh déanta aige ar son na litríochta, ar feadh a shaoil. Uaidh sin go léir, is féidir glacadh leis, go bhfuil a cháil tuillte go maith an an údar ildánach Éireannach seo.

Faoi mar a bheifeá ag súil, is í Lucy Gault an príomhcharachtar sa scéal seo, a suitear faoin dtuath, i gContae Chorcaí, thart ar an mbliain 1921. Ní call dom a rá, go raibh cúrsaí sóisialta agus polaitíochta ina gcíor thuathail, ó cheann ceann na tíre, ag an am, agus ní gá a rá, ach oiread, go raibh cúrsaí an-mhíshocair an tráth úd. Bhí an Caiptín Gault ina chónaí i dTeach Mór, ‘Lahardane’, é fhéin is a bhean is a n-iníon, Lucy. Ní raibh saol ró-shocair ag lucht na dTithe Móra céanna, ag an am, agus cheana féin, bhí roinnt áirithe díobh ruaigthe amach as an tír ag an gcosmhuintir. Roinnt eile, ghlan siad leo, nuair a tuigeadh dóibh, go raibh an cluiche i ndáil a bheith caillte. Cheana féin, bhí na Morells glanta leo as Clashmore, thréig na Gouvernets Aglish, scuab na Priors leo as Ringville, agus bhí na Swifts agus na Boyces imithe freisin, óna dTithe agus óna bhfeirmeacha siúd. Mar sin, is dócha go mbeadh sé éasca go maith an ruaig a chur ar na Gaults freisin. Ní raibh orthu fanacht ró-fhada, nó tharla eachtra i dtús an scéil leis an sop a shéideadh. Féach mar a chuireann an t-údar fhéin é….

“Captain Everard Gault wounded the boy in the right shoulder on the night of June the twenty first, nineteen twenty one. Aiming above the trespassers’ heads in the darkness, he fired the single shot from an upstairs window and then watched the three figures scuttling off, the wounded one assisted by his companions.”

Níl sé de nós ag an scríbhneoir seo bheith ag útamáil thart, go leadránach, agus é ag iarraidh an ceann a bhaint de scéal. Téann sé isteach go croí an ábhair, láithreach bonn. Sa chéad abairt sin, nach iontach go deo an méid eolais a tugann sé dúinn faoin scéal fhéin, agus faoina chúlra freisin, agus sin uilig i mbeagán focal. Sea, b’in an tráth i stair na tíre seo, nuair a tháinig fonn nimhneach ar an gcosmhuintir deireadh go deo a chur leis na Tithe Móra, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile. Sa chuid áirithe den tír atá i gceist sa scéal seo, sé sin, in Oirdheisceart Chorcaí, shocraigh roinnt ógánach, as na tithe beaga sa timpeall, ar an mbeart a dhéanamh iad fhéin, tar éis do dhuine fásta, duine a gortaíodh ar son na cúise, an nod a thabhairt dóibh, agus tar éis dó freisin, modh oibre áirithe a mholadh dóibh. Bhuel, ar an gcéad iarracht, níor éirigh leo tada a dhéanamh, nó chuir na madraí caorach an ruaig orthu, sula raibh deis acu aon dochar a dhéanamh, ach má dhein fhéin, bhí na madraí céanna sin sínte marbh taobh istigh de sheachtain, tar éis do na gasúir na madraí bochta a nimhiú. Bheartaigh siad ansin filleadh oíche eile, leis na ngnó a chríochnú, ach ba leor gaoth an fhocail don gCaiptín Gault, agus nuair a tháinig na gasúir leis an mbeart a chríochnú, bhí seisean reidh, ullamh, dóibh, agus sára raibh an deis acu aon ró-dhochar a dhéanamh don Teach Mór, do Lahardane, scaoil sé an piléar sin os a gcionn san aer, faoi mar a cheap sé, ach ar an droch uair, in áit dul os a gcionn in airde, is amhlaidh a bhuail an piléar fear de na gasúir sa ghualainn. Níor mharaigh sé é, nó tada mar sin, mar is amhlaidh a d’fhág sé an áit de shiúl na gcos, bíodh go raibh cabhair óna chomrádaithe ag teastáil uaidh, lena choinneáil ar a chosa.

Cé go raibh sé i dteangmháil leis an Sáirsint, i ndiaidh dóibh na madraí a nimhiú, ní raibh ar a chumas-san tada a dhéanamh leis an dTeach Mór a chosaint dó, nó bhí brú uafásach ar na póilíní, ag an am, agus bhí Tithe Móra eile i mbaol freisin. Scríobh an Caiptín chuig an Sagart Paráiste, ag iarraidh air a leithscéal a ghabháil le muintir an ghasúir a gortaíodh, ach, ní bhfuair sé mórán sásaimh ón Athair Morrissey, ach oiread…

Father Morrissey wrote back. He was always the wild one in that family. He concluded his comments on the event, but there was an awkwardness about his letter, about the choice of phrases and of words, as if he found it difficult to comment on what had occurred, as if he didn’t understand that neither death nor injury was intended. He had passed the message on, he wrote, but no acknowledgement had come back from the family he referred to.

Is dócha gur chuir sin uilig ionadh nár bheag ar an gCaiptín, saigdhiúr ar gortaíodh é fhéin, le linn an chogaidh, gortú a chuir críoch lena dhul chun cinn san arm, ach má sea, níor dhuine míshásta é, nó nach raibh bean, Heloise, agus iníon, Lucy, aige, agus nár bhreá an saol a bhí acu uilig ansin sa Teach Mór, i Lahardane. De réir mar a chuaigh caitheamh san aimsir áfach, agus de réir mar a chuir sé chuile shórt san áireamh, tuigeadh dó, i ndeireadh na dála, gurbh é an beart ba chríonna dó, ná Lahardane, agus a thailte ansin, a thréigint, an tír a fhágáil, agus aghaidh a thabhairt ar Shasana, nó dá fhaid a fhanfadh sé abhus, ba ea ba mhó an baol a bheadh ann, go ndéanfadh duine eicínt, am eicínt, áit eicínt, iarracht ar dhíoltas a bhaint amach, go háirithe, an gasúr a gortaíodh, nuair a thiocfadh ann dó.

Rinneadh chuile shocrú leis an mbeart sin a chur i gcrích. Ach má dhein fhéin, bhí ceataí sa scéal. Ní raibh Lucy óg sásta, in aon chor, leis an socrú sin, agus de réir mar a bhí an lá spriocáilte ag druidim leo, is ea ba mhó a chuir sí i gcoinne na socruithe a bhí déanta ag a tuismitheoirí, an tir seo a thréigint. Ba é críoch na mbeart é, nó gur éalaigh sí san oíche, amach as an Teach Mór. Thóg sí roinnt áirithe bia agus dí lei, agus as go brách lei trí na coillte. Ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar áfach, agus céard a tharlódh do Lucy ach gur thit sí, i ndorchadas na hoíche, agus gur ghortaigh sí a cos, ar an gcúlráid, agus í píosa maith ar shiúl ón teach, ó Lahardane.

Nach ar mhuintir Gault a bhí an t-ionadh an mhaidin dár gcionn, nuair a fuaireadar amach go raibh Lucy ar iarraidh. Cuartaíodh thall agus abhus, thíos agus thuas, toir agus thiar, ach ba chuma cá gcuartóidís, ní raibh a tásc nó a tuairisc le fáil, áit ar bith. Ar ball, fuarthas roinnt éadaigh dá cuid, thíos ar an trá, agus ba í ciall a bhain siad as sin, nó chuile sheans gur bháigh sí í fhéin, sin nó gur báitheadh de thimpiste í. Nuair nach bhfuarthas a tásc, nó a tuairisc, thall nó abhus, shocraigh an Caiptín agus a bhean, Heloise, ar imeacht leo as an tír ar fad, agus chomh fada is a bhain sé le Heloise, ba é an t-imeacht gan teacht di é.

In this manner, on Thursday the twenty-second of September 1921, Captain Gault and his wife abandoned their house and unknowingly their child. In England, unnoticed, the rush of town and country went by. Church spires and village houses, the last of the sweet-peas in small back gardens, the sprawl of runner beans on careful wires, geraniums in their final flush, might have been something else. France when it came was just another country, although nights were spent there. We have travelled on, Captain Gault wrote to the solicitor in Enniseala, one of three sentences on a sheet of hotel writing paper.

Níor theastaigh ó Heloise, ach go háirithe, ach imeacht chomh fada is a d’fhéadfadh sí ó Lahardane, agus ó na cuimhní uilig a mhair ansin, agus dul ag fánaíocht ar fud na Mór-Roinne, nó ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, is dócha gur tuigeadh di go raibh sí ciontach i mbás a hiníne, faoi mar a cheap sí.

Ach, san idirlinn, thiar ag Lahardane, tháinig Henry, an t-airíoch, ar Lucy bhocht, agus í i mbéal an bháis, le hocras, le fuacht, agus le hanró.

The child was dirty all over, her feet, her hands, her hair tangled, scratches on her arms and face. Her ribs stood out, the flesh of her stomach loose beneath them. A boiled egg mashed up with toast in a cup was what she always loved. ‘Maybe the appetite’ll come back when Dr Carney’s been.’

Thóg Henry agus Bridget isteach sa Teach Mór sin ‘Lahardane’ í, agus rinne sé fhéin agus a bhean, Bridget, banaltracht uirthi, faoi stiúradh an dochtúra, an Dochtúir Carney, agus ba é deireadh an scéil sin é, nó gur tháinig sí chuici fhéin, de réir a chéile, bíodh go raibh coiscéim bhacaí inti, uaidh sin amach. D’fhág an Caiptín, an t-aireoir, Henry, agus a bhean Bridget, i bhfeighil an Tí Mhóir agus na feirme, go bhfillfeadh sé, nó go gcuirfeadh sé a mhalairt in iúl dóibh, agus sin an fáth, go raibh an péire sin sa timpeall, tar éis don gCaiptín, agus a bhean, an áit a thréigint. Bhí úinéirí an Tí Mhóir, agus na feirme, scuabtha leo thar sáile, agus gan aon fhonn ró-mhór ar cheachtar acu filleadh ar an tseanáit arís, nó chomh fada is a bhain sé leosan, bhí a n-iníon gheal, Lucy, caillte, agus chomh maith le sinn, bhí eagla orthu freisin, go mbainfí díoltas amach, ar ball, as an ngasúr úd, ón dteach beag, a ghortaigh an Caiptín, tamall roimhe sin.

Bhuel, sin agat anois na cnámha ar ar thóg an t-údar seo a scéal cráite, nó chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is scéal brónach, cráite, céasta, é, scéal a bhainfeadh deoir as an gcloch fhéin fiú, scéal atá lomlán le buairt is briseadh croí, nó nuair a d’éalaigh an ghirseach úd, Lucy Gault, as an Teach Mór sin, Lahardane, amach faoi choim na hoíche, agus nuair nár fhill sí, in am, nó i dtráth, chuir sí cor i gcinniúint chuile dhuine, a raibh baint dá laghad aige lei fhéin, nó leo siúd a bhí timpeall uirthi. ‘Sé an rud atá á scrúdú ag an údar sa scéal seo, nó conas a raghadh tarlúint dá leithéid i gcionn ar dhaoine, agus éiríonn leis sin a dhéanamh go seoigh. Anois, níl fúmsa an scéal a mhilleadh ort, nó tá mé ag ceapadh go mbeidh fonn ort an leabhar seo a fháil, agus a léamh duit fhéin, nó tá mé cinnte, go mbainfidh tú ard-taitneamh as, má thograíonn tú sin a dhéanamh. Tá rud amháin eile, a thug mé faoi deara, i gcur chuige an údair seo, agus sin go gcuireann sé iachall ar an léitheoir bheith san airdeall, ó thús, nó sleamhnaíonn sé go héasca, ó shuíomh amháin go suíomh eile, agus ó eachtra amháin go heachtra eile, ach tabharfaidh tú fhéin sin faoi deara, luath go leor sa scéal seo. Mar sin, fágfaidh mé fútsa fhéin é, agus tá súil agam, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid duitse, faoi mar a tharla domsa.

An-léamh, agus an-scéal, bunaithe ar sheal dár stair, nuair a bhí creatlach sóisialta na tíre seo ina chíor thuathail cheart, críochnaithe, sa chaoi go bhfuil sé thar a bheith deacair úrscéal inchreidte, réalaíoch, a bhunú ar an seal corraithe céanna sin, faoi mar a tharlaíonn i gcás an leabhair seo.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

gaGaeilge