“The Da Vinci Code”

.

Leabhar mór-ráchairte eile

.

Dan Brown a chuir an leabhar seo ar fáil dúinn, agus bíodh gur cuireadh i gcló é, a chéaduair, sa bhliain 2003, níor léigh mé fhéin é go dtí le déanaí, i ndáiríre, níl mé ach díreach tar éis a léite, agus tuigeadh dom láithreach, gur chóir dom rud eicínt a rá faoi, sa cholún seo. Ní call domsa tada a rá faoi údar an leabhair seo, nó is údar é a bhfuil a ainm inairde i measc léitheoirí, le traidhfil de bhlianta anuas anois, agus bíodh go bhfuil clú agus cáil bainte amach aige leis na leabhair eile a scríobh sé roimhe seo, caithfidh mé a admháil, gurb é seo an chéad leabhar dá chuid a léigh mé fhéin. Bhí fhios agam go maith go raibh an leabhar seo ar fáil, ach leis an bhfírinne a rá, níor chuir mé fhéin aon ró-spéis ann, go dtí gur thosaigh mé ag léamh na léirmheasanna a scríobhadh faoi sna nuachtáin agus sna hirisí. Deireadh léirmheastóir amháin go raibh an leabhar seo chomh maith sin nach bhféadfadh sé é a fhágáil uaidh go dtí go raibh sé léite ó thús deireadh aige, agus deireadh léirmheastóir eile nach bhféadfadh seisean thar cupla scór leathanach de a léamh, nó nach raibh sé suimiúil, nó corraitheach, ar bhealach ar bith, agus bhí roinnt léirmheasanna eile a cháin an leabhar as a ionsaithe ar an Eaglais Chaitliceach. Nuair a chuir mé na léirmheasanna sin uilig le chéile, tuigeadh dom, nach raibh ach bealach amháin le scil ar bith a bhaint as an scéal seo, agus b’in tabhairt faoin leabhar a léamh mé fhéin. Níl an leabhar fhéin chomh daor sin ar fad, nó níl air ach £10.99 (Sterling), agus is leabhar toirtiúil go leor é, nó tá 454 leathanach ann, agus é roinnte i gcúig chaibidil is céad, maraon le Réamhscéal agus Iarscéal. Tá an stíl gonta, soiléir, spreagúil, mealltach.

Frithchaitliceach?

Agus céard faoi na léirmheastóirí adúirt go raibh an leabhar frithchaitliceach?

Bhuel, níl dabht ar domhan ann, ach go gcuirfeadh leagan amach agus cur chuige an údair isteach to mór orm fhéin, mar Chaitliceach, dá nglacfainn leis, go raibh sé ag iarraidh a chur ina luí orm, go raibh iomlán na fírinne á léiriú sa scéal seo, nó mar is eol daoibh uilig, faoin am seo, is duine mé, ar cuireadh léann an tsagairt air! Ach sin ráite agam, agus má ghlactar leis an scéal ar fad mar fhinnscéal a shníomhann an t-údar ildánach seo thart ar imeachtaí na hEaglaise sin, thar thréimhse bhreis is míle bliain, ansin, is féidir le Caitliceach é a léamh chomh maith le duine ar bith eile. Ach an méid sin ráite agam, tháinig mé fhéin chuig pointe áirithe sa scéal, agus bhé mé ar tí an leabhar a chur ar leataobh, agus fáil réidh leis, nó tuigeadh dom, go ndeachaigh sé thar fóir ar fad leis an scéal faoi phósadh ár dTiarna, faoi naofacht Mháire Magdalene, agus faoi choirpeacht agus caime na hEaglaise Caitlicí, ach níor dhein mé rud ar an bhfonn sin, agus lean mé orm go críoch an scéil, agus ag an bpointe seo, is féidir liom a rá anois, gur beag leabhar a léigh mé, le tamall maith anuas, a bhí chomh corraitheach, spéisiúil, lán teannais, greamaitheach, leis an úrscéal mór-ráchairte seo le Dan Brown.

Eachtra sa Louvre

Ach, b’fhéidir ag an bpointe seo, nárbh olc an smaoineamh é, rud eicínt a rá faoin scéal fhéin, nó nach é sin atá idir chamáin agam i ndáiríre anseo. Bhuel, tosaíonn an scéal seo in Iarsmalainn an Louvre i bPáras na Fraince, mar a bhfuil Coimeádaí na hIarsmalainne díreach tar éis a scaoilte, ach leis an Iarsmalainn a chosaint, tarraingíonn sé pictiur le Caravaggio anuas den bhfalla, rud a chuir na cloig fógartha a mbuaileadh, agus a tharraing na geataí cosanta anuas, le seoda luachmhara an ionaid sin a chosaint ar robáil. Agus sin déanta aige, thit sé ina phleist ar an urlár.

As he had anticipated, a thundering iron gate fell nearby, barricading the entrance to the suite. The parquet floor shook. Far off, an alarm began to ring.

The curator lay a moment, gasping for breath, taking stock. I am still alive. He crawled out from under the canvas and scanned the cavernous space for somewhere to hide.

Ach bhí sé fánach aige, nó ní raibh a leithéid le fáil, agus ba ghearr gur ghlaoigh an gunnadóir air, agus d’fhógair air gan bogadh as an áit ina raibh sé.

“Now tell me where it is”

Dúirt an Coimeádaí nach raibh a fhios aige céard a bhí i gceist ag an mbánaí mór millteach fir, a bhí ag breathnú air trí gheataí dúnta na hIarsmalainne. Ar deireadh áfach, lig an Coimeádaí air go raibh sé ag géilleadh don mbánaí sin, agus thug eolas bréagach dó. D’imigh seisean go sásta, ach bhí Jaques Sauniere, an Coimeádaí, fágtha, agus é ag saothrú an bháis, ansin ina aonar ar an urlár.

Rún á chosaint

Theastaigh uaidh eolas rúnda a thabhairt dá ghariníon, Sophie Neveu, nó bhí a fhios aige go mba shaineolaí ise i bhfuascailt códanna, agus dá bhrí sin, d’éirigh leis dóthain eolais a chur ar fáil di, sa chaoi go bhféadfadh sise, i gcomhar leis an Symbologist cáiliúil, Robert Langdon, ó Mheiriceá, go bhféadfaidís an t-eolas rúnda úd a fhionnadh agus a chosaint.

Ach cén rún atá i gceist sa scéal seo, an ea?

Bhuel, nár chualamar uilig scéalta iomadúla faoin “Holy Grail” ar chaith Ridirí a ndúthracht, ar a thóir, sna Meánaoiseanna. Ach sa scéal seo, baineann an t-údar cupla ciall as an “Grail” céanna sin. Ach fágfaidh mé an scéal sin fút fhéin.

Ba é an Caiptín Bezu Fache, an lorgaire i bhí i gceannas na bhfiosruithe, agus tuigeadh dósan, go mba é an Meiriceánach, Langdon, a mharaigh Sauniere, cé nár lig sé tada air le Langdon.

“The Priory of Sion”

Tugann an t-údar ansin eolas dúinn faoi “The Priory of Sion”, cumann rúnda a bunaíodh san Eaglais, thart ar an mbliain 1099, le doiciméid agus eile, a fuarthas i bhfolach faoi Theampall na nGiúdach in Iarúsailéim, a scriosadh ag lucht na gCrosáidí, thart ar an am sin. Tugtar le tuiscint dúinn, go millfeadh an t-eolas a bhí sna doiciméid chéanna sin, go millfeadh sé an Eaglais fhéin, agus dá bhrí sin, thug únéireacht na rún sin cumhacht thar chuimse dóibh siúd a raibh a leithéid ina seilbh acu. Ach, bhí dhá thaobh ar an scéal seo, nó bhí daoine ann, a cheap nár chóir na doiciméid úd a choinneáil faoi rún, ach gur chóir iad a chur i mbéal an phobail, mar adéarfá, fad is a bhí daoine eile ag maíomh, nár chóir na rúin sin a scaoileadh go deo na ndeor. B’é an fáth ar bunaíodh an Priory, nó leis na rúin a choinneáil os íseal. Anois, tharla go raibh daoine, mór le rá, i gceannas ar an bPriory céanna sin, daoine mar Isaac Newton, Botticelli, Victor Hugo agus Leonardo da Vinci. D’éirigh le da Vinci cuid de na rúin sin a chur isteach, i ngan fhios, i gcuid dá shaothar, go háirithe sa phictiúr den tSuipéar Deiridh, agus i gcuid eile acu, freisin. Anois, níl mise ag dul ag milleadh an scéil ortsa, nó fágfaidh mé fút fhéin é, chuile shórt a fháil amach duit fhéin, tríd an leabhar corraitheach seo a léamh.

Thuig Sauniere go mba shaineolaí í a ghariníon i gcúrsaí códanna a bhriseadh, agus dá bhrí sin, d’fhág seisean mám códanna ina dhiaidh, códanna a tuigeadh dó a bheith doscaoilte ag éinne eile, sa chaoi go bhféadfadh sise, i gcomhar leis an Meiriceánach, teacht ar a rún. Ach ar an dtaobh eile den scéal, bhí fórsaí eile ag iarraidh an rún sin a fháil, ar mhaithe leo fhéin, agus i measc na bhfórsaí sin bhí Opus Dei, agus an Staraí Sasanach, Sir Leigh Teabing.

Léitheoir faoi gheasa

Sa scéal seo, éiríonn leis an údar an léitheoir a chur faoi gheasa i dtús an scéil, agus ansin ón bpointe sin amach, ní thugann sé deis ar bith don léitheoir céanna sin éaló ó dhraíocht a scile mar scéalaí, go dtí an líne dheiridh den leathanach deiridh, agus bíodh nach mó ná sásta a bheinn fhéin leis an gcaoi a mhaslaíonn an scéal fréamhacha agus bunfhírinní an Chreidimh Chaitlicigh, ag an am gcéanna, ní féidir a shéanadh, gur scéalaí draíochta, ildánach é, Dan Brown, a bhfuil scileanna gan teorainn aige i mbun na ceirde sin. Ach fútsa atá sé anois chuile dheoir a fháisceadh as an scéal iontach seo.

Peadar Bairéad.

gaGaeilge