Fís an Cheiltigh

Peadar Bairéad

.

The Dream of the Celt….le….Mario Vargas Llosa

.

Gafa i bPentonville

I bPeiriú a rugadh an t-údar seo sa bhliain 1936. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar úrscéalaí, agus bronnadh Duais Nobel sa Litríocht air, sa bhliain 2010. Deirtear ar chlúdach cúil an leabhair seo….

“Casement was feted as one of the greatest humanitarians of the age. Now he is about to die ignominiously as a traitor.”

Is dócha go bhféadfá a rá, gur ar na tairní sin a chrochann Mario Vagras Llosa bunús an úrscéil seo faoi Ruaidhrí Mhac Easmainn. Ba í Edith Grossman a d’aistrigh an leabhar seo go Béarla.

Tosaíonn an scéal agus Casement ina phríosúnach i bPríosún Phentonville, i Samhradh na bliana 1916, agus é ag fanacht ar a choinne leis an gcrochadóir, nó bhí sé daortha chun a chrochta, agus bíodh go raibh sé ag fanacht ar fhreagra na n-údarás ar a iarratas ar thrócaire, tuigeadh dá lán nach bhfaigheadh sé, i ndeireadh na preibe, ach an t-eiteachas.

Cuireann na t-údar síos i dtosach ar óige Roger, agus mar a d’fhás sé suas sa tír seo. Agus bíodh gur rugadh i mBaile Atha Cliath é, mhair sé leis an gcois eile, nó féach mar a chuireann an t-údar é

“…he took for granted what his father, Captain Roger Casement, who had served…in India, had inculcated in him: his true birthplace was County Antrim in the heart of Ulster, the Protestant and pro-British Ireland where the Casement line had been established since the eighteenth century.”

Fuair an t-athair sins den eitinn sa bhliain 1876, agus ó tharla go raibh an mháthair básaithe cheana féin, fágadh Roger óg ina dhílleachta, agus gan é ach dhá bhliain déag d’aois. D’fhás agus d’fhorbair sé, agus ar ball, chaith sé seal ag déanamh taighde ar iompar na nEorpach sa Chongo, go háirithe dhírigh sé a aire ar iompar Leopold na Beilge, agus an chaoi ar bhain seisean agus Eorpaigh eile, sochar as allas agus as feoil na ndúchasach sa tír sin. B’uafásach go deo an scéal a bhí le hinsint aige ar deireadh thiar, nuair a bhí a ghnó sa Chongo críochnaithe aige.

Putumayo Pheiriú

Faoi mar a insíonn an t-údar scéal Roger, filleann sé, gach re seal, ar a chruachás i bpríosún, agus é ag fanacht ar scéal ó na h-údaráis, cé acu a raibh siad sásta an bhreith bháis a loghadh dó, nach raibh, agus ansin, leanann sé ar aghaidh leis an scéal, ag cur síos ar an gcarn oibre a dhein Mac Easmainn ar son dhúchasaigh na Congo, agus ar son mhuintir Amazonia freisin. Ba mhór an oscailt súl é do chiníocha sibhialta an Iarthair, ach go háirithe, tráth chuala siad faoi’n leatrom agus faoin éagóir uilig a bhí á ndéanamh ina n-ainm siúd, i bPutumayo Pheiriú agus sna dúthaigh iargúlta sin Amazonia.

Ba dhian an praghas a dhíol sláinte agus aigne Ruaidhrí fhéin, fad is a bhí an taighde sin á dhéanamh aige ar an mí-úsáid a tugadh do na ciníocha céanna sin. Ach, gan dabht ar domhan, d’aithin an saol mór sibhialta an gar gan áireamh a rinne sé dóibh, agus moladh go hard na spéire é mar an daonchara ba mhó a mhair lena linn. Dá chomhartha sin, bhronn an Impireacht fhéin gairm Ridire air, agus cheapfá go mbeadh an saol mór ar a thoil aige feasta, ach ní mar a shíltear a bhítear go minic, nó ag an bpointe sin, gabhadh in eangach greamaitheach na náisiúntachta Éireannaí é, mar b’fhacthas dó, go raibh éagóir agus leatrom á ndéanamh ar a chine fhéin freisin, agus gur chóir dósan rud eicínt a dhéanamh faoi. Rud a dhein. Ach gabhadh ‘in flagrante’ é ar chósta Chiarraí agus chuir sin, agus poibliú a dhialanna, na tairní deiridh ina chónra.

An-leabhar, an-léamh, ina gcuireann an t-údar faoi gheasa sinn, lena scil, lena scéal, agus lena thuiscint ar stair na tréimhse sin.

.

gaGaeilge