An Bonnaire

.

The Footman…by…A. O’ Connor

Céadchló……………………………2015

Peadar Bairéad

(This week we review A. O’ Connor’s historic novel, The Footman.

.

ach orm anois!

San úrscéal seo tugann an t-údar, Andrew O’ Connor, spléachadh dúinn, i dtosach báire, ar ar bpríomhcharactar, Joseph Grady, sa bhliain 1988, agus é anois ina sheascaidí, agus é ina abhchóide cáiliúil i mbun oibre i gcúirt i Londain Shasana, agus trí úsáid a bhaint, den chéad uair riamh, as fianaise an DNA éiríonn leis a chruthú gurbh í an cúisí fhéin a mharaigh a céile fir, agus tríd an bhua sin éiríonn leis freisin cur lena cháil mar abhchóide den scoth.

Ar ball, léigh an t-abhchóide cáiliúil sin cuntas i nuachtán faoi bhean eile a gabhadh, agus a rabhthas lena cúiseadh i ndúnmharú a céile fir freisin, ach amháin, gur tharla an marú sin thart ar dhá scór bliain roimhe sin. Sa chás seo áfach, ba dhuine den uasaicme í an cúisí, iníon an Tí Mhóir, Cliffenden House, arbh ainm di Cassandra Fullerton. Bhí a hainm i mbéal an phhobail le blianta fada faoin am sin, agus í daortha, crochta, cheana féin, ag bunús mór an phobail.  Chuir Joseph Grady suim agus dhá shuim sa scéal sinithrach bonn, nó bhí seanaithne aige ar Cliffenden House, agus ar mhuintir Fullerton freisin, nó nuair nach raibh sé ach sna déaga, sa bhliain 1937, d’éirigh leis post a fháil mar Footman i gCliffenden House,. Bí ag caint ar an dá shaol! agus nárbh é an Joseph céanna sin a chonaic an dá shaol sin. Bhí i dtosach, saol na mbocht, agus ansin, ar an dtaobh eile, bhí saol an mhadaidh bháin, faoi mar a chaith muintir an Tí Mhóir é.

Joe ina Bhonnaire!

Ach cibé faoi sin, déirigh le Joseph post a fháil i gCliffenden House, a bhuíochas sin, cuid mhaith, do Cassandra, nó Cassie, faoi mar a thugadh a cairde uirthi. Níorbh aon ribín réidh é, áfach, an buitléir a bhí mar mháistir ag Joseph, le linn a thréimhse sa Teach Mór sin. tharla cairdeas idir Cassie agus Joseph ó thús, agus bhain sise úsáid as Joe le teachtaireachtaí i iompar di go dtí Bowden Grey, fear óg san áit, a raibh sí i ngrá leis. Theastaigh ó thuistí Cassie áfach, go bpósfadh sí baincéir saibhir ó Mheiriceá, Wally Stanton, nó, leis an bhfírinne a rá, bhí ganntanas airgid ag teacht idir iad fhéin agus codladh na hoíche, ach bhí ceatai sa scéal sin, nó ní raibh fonn ar bith ar Cassie an fear sin a phósadh, nó bhí sí splanctha i ndiaidh Bowden. Lean an scéal sin amhlaidh ar feadh tréimhse, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne agus nuair a chuir na tuistí brú ar Cassie an baincéir sin, Wally Stanton, a phósadh, shocraigh sí fhéin agus Bowden Grey éaló leo go Meiriceá. Agus ionas nach mbeadh fios a dhath faoi sin ag na tuistí, nó ag Wally, lig Cassie uirthi go bpósfadh sí Wally, sa tslí go nglanfadh Wally fiacha an Tí Mhóir, ach ag an am gcéanna sin, shocraigh Bowden go raibh an t-am tagtha, agus thug sé litir do Joe le tabhairt do Cassie, ag moladh di éaló agus buaileadh leis in áit speisialta, taobh istigh de chupla lá. Ag an am sin, shocraigh Joe, tar éis dó an litir sin a oscailt agus a léamh, gan an litir a thabhairt do Cassie, nó tuigeadh dó, go mbeadh post mar bhuiltéir le fáil aige fhéin i dtigh Wally, dá bpósfadh Cassie Wally, agus tuigeadh dó freisin, go mbeadh saol níos fearr i ndán do Cassie sa chás sin, ná mar a bheadh aici dá    n-éalódh sí le Bowden Grey. Bheul! Phós Cassie Wally, nó tuigeadh di, gur thréig Bowden í, agus níorbh fhada gur tuigeadh di freisin, go raibh botún doleigheasta déanta aici.

Cassie ar a Coimeád!

Tharla go raibh Wally agus Cassie i bPáras le linn an chogaidh, agus ba é críoch an scéil sin nó gur mharaigh Cassie a céile fir agus gur éirigh lei éaló ón dlí agus teach iostais a fháil agus a riar, ar feadh blianta fada, ach dá fhaid a théann an sionnach beirtear sa deireadh air, faoi mar adeir an seanfhocal, agus ba é an scéal céanna é i gcás Cassie, agus ba ansin a léigh Joe faoin scéal, agus dár ndóigh, b’eisean a fostaíodh len í a chosaint os comhair na cúirte.

Ar éirigh le Joe í a shaoradh? Agus céard a tharla ina dhiaidh sin? Bhuel , caithfidh tú an leabhar sin a fháil, is a léamh, le fios fátha gach scéil a fháil amach duit fhéin, ach tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamah as an scéal seo.

An-léamh. An-scéal. An-stíl. An-scéalaí. Is fiú go maith é a léamh.

.

gaGaeilge