An Feadaire

TheWhistler……..….... le…………. John Grisham

Ceadchlo……………….2016……………….. 17.99

.

(This week we review another book by that master storyteller, John Grisham)

Grisham arís!

Seo Grisham chugainn le húrscéal eile, tar éis dó brosna úrscéalta a chur de cheana féin, agus geallaimse dhuit é nach den díogha é an ceann nua seo, ach oiread. Tar éis dúinn an t-úrscéal, ‘Rogue Lawyer’, a scaoil sé chugainn bliain ó shoin, a léamh, tuigeadh do roinnt mhaith daoine go raibh an tseandraíocht á chailliúint aige, ach tar éis dúinn an scéal nua seo, The Whistler, a léamh, cuireadh ina luí orainn nach bhfuil tada den tseandraíocht caillte aige, ach i ndáiríre, gur i bhfeabas atá a scileanna ag dul, nó is leabhar é seo, ‘The Whistler’, a chuireann an léitheoir faoi gheasa, ó thús deireadh. Tá cumas scéalaíochta ag Grisham ar dheachair é a shárú. Nach maith is cuimhin linn fós draíocht na scéalta a chuir sé ar fáil dúinn cheana, leabhair ar nós, The Runaway Jury, The Last Juror, The Litagators, Syamore Row, agus tuilleadh dá leithéid, leabhair nárbh éasca iad a leagan uainn, Bhail! sílim fhéin, go sciobann an t-úrscéal áirithe seo an chraobh uathu uilig, ar a scéalaíocht, ar a scleondar, ar a chorraítheacht.

An Scéal fhéin

Ach, le filleadh ar an scéal fhéin…..

Mar is gnách le Grisham, suíonn sé a scéal ar laigí a fheictear dó a bheith i gcóras dlí na Stát Aontaithe, agus tá mé cinnte, go bhfuil gar ar leith á dhéanamh aige don chóras céanna sin, trína thaighde, agus trína staidéar, ar na cúrsaí céanna sin. Sa scéal seo, dírionn sé tóirse a thaighde ar iompar breithiúnach na mbreithiúna i Stát ollmhór ‘Florida’. Agus le haird faoi leith a dhíriú ar an iompar céanna sin, tá Bord faoi leith acu, an Bord um Iompar Breithiúnach, nó, ‘The Board on Judicial Conduct’ faoi mar a thugtar air i mBéarla. Is baill den Bhord sin iad, Lacy Stoltz, agus Hugo Hatch, agus ní ró-fhada isteach sa scéal thú, nuair a chuirtear in iúl do na hoifigigh sin, go raibh gearán á dhéanamh ag saoránach áirithe, ag Greg Myers, -iarchoirpeach- i gcoinne Bhreithimh áirithe sa Stát sin, Florida. Anois, níorbh é Greg Myers fhéin, a bhí ag déanamh an ghearáin seo, nó mhínigh sé don bheirt oifigeach sin, go raibh sé ag feidhmiú thar cheann duine eile, duine nár ainmnigh sé, ach ar ‘whistle blower’ a raibh lánmuinín aige as, agus bhí sé sásta doiciméad a shíniú, ag dearbhú, go raibh an Breitheamh áirithe seo, an Breitheamh Claudia McDover, ag obair i gcomhar le drongaire aithnidiúil, Vonn Dubose, agus trí hIonad Cearrbhachais a bhunú ar Chaomhnú Indiach, bhí ag éirí leo beirt, ualach asail d’airgead a chur in áirithe dóibh fhéin, maraon le glac maith airgid a chur ar fáil don Treabh, -an ‘ Tappacola’, ar leo an ‘Caomhnú’ sin.

Ag fiosrú an scéil

Ní gá a rá, gur aontaigh an bheirt oifigeach sin an scéal a fhiosrú agus gheall siad go dtógfaidís cúis i gcoinne an Bhreithimh, dá mbeidís sásta go raibh substaint sa ghearán sin. Chuaigh an bheirt i gcionn oibre láithreach, agus thosaigh siad ag fiosrú an scéil agus ag pointe áirithe, tugadh cuireadh dóibh casadh le duine áirithe ag cúl an Chaomhnaithe, le faisnéis áirithe a chlos. Ghlacadar leis an gcuireadh sin, agus ar ball, fuair siad amach go mba ghaiste a bhí sa gcuireadh céanna sin, agus ba é toradh a bhí air nó nach raibh éinne ansin leis an scéal a phlé leo. Nuair a bhíodar ar a mbealach amach as an ngaiste sin, deineadh iad a ionsaí agus marodh Hugo san ionsaí sin, agus gortaíodh Lacy go dona. Tuigeadh dóibh láithreach go raibh idir bhreitheamh agus drongaire lom dáiríre ina gcath i gcoinne fórsaí an BJC (The Board of Judicial Conduct).

Diaidh ar ndiaidh, tháinig feabhas ar Lacy, agus ba ghearr go raibh sí ar a sainléim arís, agus í fhéin agus oifigeach nua, go géar sa tóir ar an mbreitheamh Claudia agus ar Vonn Dubose, a bhí ina cheannaire ar an mbuíon bithiúnach, agus diaidh ar ndiaidh freisin, d’éirigh leo fianaise a bhailiú, go dtí sa deireadh…….

Bhuel, b’fhéidir gur leor sin uaimse an babhta seo, nó níor mhaith liom an scéal a mhilleadh ortsa. Ar éirigh leo an buíon bithiúnach úd, agus Claudia, a shacadh isteach i bpríosún, nó ar éirigh leosan éaló as gaiste an BJC.

Bhuel! le fios fátha gach scéil a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar seo, le John Grisham, a fháil is a léamh! Tá mé cinnte nach mbeid a chathú ort má dhéanann……….  

.

gaGaeilge