I mBéal an Phobail.

****************

Write an Essay on….Timpiste a bhain dom !”

Nár mhinic a tugadh an teideal céanna sin mar ábhar aiste dúinn, agus muid ag ullmhú do na Scrúduithe Teistiméireachta, fadó? Sea, agus nach mbíodh sé deacair go maith aiste a scríobh faoi thimpiste nár bhain riamh dúinn, ach muid ag ligint orainn, agus ag cur i gcéill. Bhuel, b’in iad na smaointe a rith liom fhéin, ar an seachtú lá de Shamhain, anuraidh, nuair a tharla timpiste dhom fhéin ar Sheachród Challainn, thart ar a leathuair tar éis a dó, san iarnóin.

On our way to Clonmel.

Ar ár mbealach go Cluain Meala sea bhíomar, sé sin, mé fhéin is mo bhean, le tamall a chaitheamh ag siopadóireacht sa mbaile taitneamhach sin. Bhí an lá mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Bhí an ghrian ag scaladh anuas orainn, as spéir gan scamall, agus ní raibh fuacht ar bith, nó goimh dá laghad, san aimsir, bíodh to raibh muid ag druidim le lár na Samhna. Cé nach raibh aon ró-thrácht ar na bóithre, ag an am gcéanna, bhí roinnt áirithe caranna os ár gcomhair amach, agus iad ag dul ar aghaidh go deas réidh. Ní raibh aon ró-luas fúinn. Bhíomar ag druidim thar scuaine cailíní scoile, a bhí ag siúl leo go spleodrach, i lána na práinne agus muid ag druidim le Gabhal Westcourt, theastaigh ó ghluaisteánaí os ár gcomhair amach, casadh ar dheis, ach ó tharla go raibh gluaisteán ag teacht chuige, bhí air stopadh, go ngabhfhadh an gluaisteán sin thar bráid. Tharla sin de phlimp, agus b’éigean do na gluaisteáin taobh thiar den ghluaisteán a stop, b’éigean dóibhsean stopadh freisin. Anois, ó tharla nach raibh Lána na Práinne folamh, ní raibh ar ár gcumas ealó isteach ansin, agus dá bhrí sin, b’éigean dúinn stopadh láithreach, sa lána ina rabhamar. Cheap mé fhéin go raibh dóthain spáis agam le stopadh, agus imbhualadh a sheachaint, ach bhí breall orm, agus an chéad rud eile a tharla, agus mé ag coscadh liom ar mo dheargdhícheall, nó thuairteáil mé i gcoinne an ghluaisteáin a bhí os mo chomhair amach. Bhuel, a leithéid de thorann! Cheapfá go raibh an spéir tar éis titim anuas orainn!

We were alive and safe.

Ach bhíomar inár stad, agus bhíomar beo, agus b’in an rud ba thábhachtaí ar domhan, ag an am. Bhreathnaigh mé timpeall orm. Bhí an gluaisteán os ár gcomhair amach ina stad freisin. Gluaisteán mór láidir a bhí ann de dhéantús Mercedes, agus déanta na fírinne, ní raibh marc ar an ngluaisteán céanna sin, nó bhí sé chomh daingean, dobhogtha, le tanc, sea, agus rud eile a chruthaigh nach raibh aon luas, gurbh fhiú trácht air, fúinn, nó nár phléasc na málaí aeir in aon chor. Ghortaigh an crios sábhála mo bhean, ach taobh amuigh de sin, ní raibh aon chailleadh ar cheachtar againn. Nuair a thug mé an méid sin faoi deara, d’oscail mé doras an ghluaisteáin, agus amach liom, go bhfeicfinn cén bhail a bhí ar na daoine a bhí sna gluaisteáin os ár gcomhair amach. Cosúil linn fhéin, ní raibh cailleadh ar cheachtar acu, nó bhi dhá ghluaisteán stoptha os ár gcomhair amach. Tar éis dom roinnt ceisteanna a chur ar na tiománaithe, fuair mé amach go raibh an gluaisteán tosaigh, ar theastaigh uaidh iompú ar dheis, imithe leis, agus gan a thásc nó a thuairisc ag éinne!

Emergency Services.

Tharla go raibh fóinín póca ag tiománaí an Mhercedes, agus chuir seisean fios ar na Gardaí, agus “fair play” dóibhsean, ba ghearr go raibh siad ar an láthair, agus iad imithe i mbun oibre, go deas, réidh, cuirtéiseach. Ach, sular tháinig na gardaí ar an bhfód chugainn in aon chor, tharla go raibh banaltra ar an bhfód, agus tháinig sise chugainn, agus cheistigh sí sinn, agus tar éis di sinn a scrúdú, féachaint an raibh muid gortaithe go dona, agus arís, ní fhéadfadh duine ach an bhanaltra sin a mholadh as a gairmiúlacht, as a daonnacht, agus as a cúnamh, in am an ghátair. Ansin, fad is a bhí sin ar siúl, chualamar cloigín an Bhriogáid Dóiteáin ag déanamh orainn, agus go gearr ina dhiaidh sin, chualamar sianaíl ghéar, uaigneach, cluasphléascadh an otharchairr ag teacht inár dtreo. Go bhfóire Dia na Glóire orainn uilig, arsa mise liom fhéin, ach nach tapaidh a bhailigh na seirbhísí práinne sin uilig thart orainn, agus iad ag súil, is dócha, go raibh sléacht déanta orainne, san imbhualadh sin, ach nár mhaith ann iad? nó dá mbeadh duine gorthaithe go dona, bheadh gá leis na seirbhísí céanna sin, agus sin gan aon ró-mhoill. Ach, buíochas mór le Dia, ní raibh aon duine gortaithe go dona, sa timpiste sin, ar Sheachbhóthar Challainn an Chlampair, faoi mar a thugadh an dialannaí, Amhlaoibh Ó Súilleabháin, ar an mbaile álainn sin cois Abhainn an Rí.

I gcás na nGardaí, anois, dúirt mé go ndeachaigh siadsan i mbun a gcuid oibre go gairmiúil, sciliúil, díscréideach. Thóg siad na tomhaiseanna riachtanacha, tharraing siad sceitseanna, agus scríobhadar toradh a saothair ina leabhair nótaí, ar an láthair, faoi mar is dual dóibh a dhéanamh, i gcás dá leithéid. Tháinig bangharda chugainne le mám ceisteanna a chur orainn, agus arís, ní fhéadfadh sí a bheith níos sibhialta, níos cairdiúla, nó níos tuisceanaí. Chuaigh lucht na Briogáide i mbun a ngnósan freisin, agus lucht an Othairchairr mar a gcéanna. Rinne na gardaí chuile shocrú dúinn faoinár ngluaisteán, agus fúinn fhéin, agus ansin shocriagh lucht an Otharchairr sinn a thabhairt isteach chun an Ospidéil, le sinn a chur faoi scrúdú, ar eagla na heagla. Sin an modh oibre a chleachtaíonn siadsan, chuile bhabhta, adúradh linn.

To Accident and Emergency.

Chuamar ar bord, agus as go brách linn i dtreo Ospidéal Lúcáis i gCill Chainnigh. Anois, ní fhéadfadh foireann an otharchairr a bheith níos cabhraí, nó níos sibhialta, ach caithfear a rá, nach raibh an t-otharcharr fhéin thar mholadh beirte, nó mura mbeadh tinneas ort roimh dhul ar bord an otharchairr chéanna sin, geallaimse dhuit é gur ghearr go gcuirfí meadhrán nó lagar fiú, ort, le síorchraitheadh agus síorluascadh na feithicle cúnta sin. Aois na feithicle céanna ba chúis leis an mí-ádh uilig sin. Shroicheamar an tOspidéal, agus tugadh isteach ar chathaoireacha rothacha sinn, agus coinníodh ansin sinn, thart ar thrí huaire a chloig, sular deineadh aon scrúdú orainn, nó bhí scuaine daoine istigh ansin romhainn i Roinn na Práinne is na dTimpistí, agus tar éis na scrúduithe sin, fuarthas amach nach raibh clóic ar dhuine ar bith againn agus scaoileadh chun bóthair sin.

Home at last.

Shroicheamar an teach s’againne thart ar a leathuair i ndiaidh a seacht, agus sinn tuirseach, traochta, sáraithe, tar éis na tionóisce a bhain dúinn, ar Sheachbhóthar Challainn, thart ar a leathuair tar éis a dó! B’éigean dúinn Tacsaí a fhostú don ghnó sin.

Tamall ina dhiaidh sin, fuair mé bille ón mBriogáid Dóiteáin, ag cur in iúl dom, go raibh €162.34 acu orm. Tar éis dom a chur in iúl dóibh nár chuir mé fhéin fios ar an mBriogáid, agus nár mhúch siad tine nó tada dá leithéid dom, tugadh le fios dom, gur chuma faoi sin, ach go mbeadh orm mo bhille a íoc, ar an dá luathas. Bhuel, d’íoc mé faoi mar adúirt siad liom, agus i ndáiríre, is dócha go mbeadh sé deacair, seirbhís dá leithéid a fháil ar luach níos ísle ná sin, áit ar bith. Molaim an Bhriogáid chéanna sin, agus gura seacht fearr a bheas siad bliain ó anocht, agus an bhail chéanna ar na Gardaí, agus ar lucht an Otharchairr freisin, a tháinig i gcabhair orainne an lá sin. Is mór atá muid faoi chomaoin ag ár Seirbhísí Éigeandála uilig.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

gaGaeilge