Úrscéal Corraitheach
.
ROOM…………………..by………………… Emma Donoghue
.
Peadar Bairéad
.
Ní bréag ar bith é a rá, gur úrscéal neamhghnách é seo, nó ní chuile lá a gheofá úrscéal bunaithe ar an ábhar is dúshraith don scéal seo. Corruair, léann muid sna nuachtáin, faoi fhear buile eicínt, a ghabh bean bhocht mar phríosúnach, agus a choinnigh i ngéibheann í, ar an gcúlráid, ar mhaithe le saol leithleach, gnéasach, a chur ar fáil dó fhéin, ar bhonn seasta. Tharla scéal scannrúil dá leithéid sin san Ostáir, cupla bliain ó shoin. Léann muid scéal dá leithéid, ó am go ham. Scannraíonn sé sinn, ach ar ball, deineann muid dearmad de, agus gabhtar sinn i ngréasán na beatha laethúla, go dtí go dtarlaíonn a leithéid, nó níos measa, arís, ach seo scéal bunaithe ar iompar, nó ar mhí-iompar, dá leithéid, agus bíodh go dtéann sé i bhfeidhm orainn, agus go bhfuil sé deacair an leabhar seo a fhágáil uait, go dtí go mbíonn an deoir deiridh dá scéal diúgtha agat, ag an am gcéanna, nuair a dhéanann tú do mharana ar an ábhar seo, thuigfeá láithreach, go dtéann an t-ábhar seo thar theorainn na daonachta amach, ach ó tharla go gcuirtear an scéal inár láthair trí ghasúr, a bhfuil na cúig bliana díreach sáraithe aige, cailltear roinnt áirithe den mhasmas, den samhnas, agus den déistean, a chuirfeadh an scéal céanna orainn, dá mba í an bhean fhéin a chuirfeadh an scéal inár láthair. Ach, b’fhéidir gur chóir dom tagairt a dhéanamh don scéal neamhghnách, scannrúil, lán-teannais seo.
An t-údar fhéin
Emma Donoghue a scríobh an scéal seo. Rugadh í sa bhliain 1969, agus scríbhneoir gairmiúil Éireannach is ea í, a bhfuil cónaí uirthi i gCeanada, ón mbliain 1998, áit a mhaireann sí, i London, Ontario, lena páirtí, agus tá beirt clainne acu.
Ach le filleadh ar an scéal. Féach mar a chuir an t-údar tús lena scéal agus í ag cur a príomhcharachtar, Jack, in aithne don léitheoir :-
“Today I’m five. I was four last night going to sleep in Wardrobe, but when I wake up in Bed in the dark I’m changed to five, abracadabra. Before that I was three, then two then one, then zero. “Was I minus numbers?
“ Hmm?” ‘Ma’ does a big stretch.”
Sea, mh’anam! Níorbh aon dóichín é an maicín é Jack s’againne. Nárbh iontach go deo an múinteoir í. ‘Ma’, nó b’in an t-ainm a bhaist an t-údar ar mháthair Jack.
Níl dabht ar bith ann, ach gurb é Jack an príomhcharachtar sa scéal seo, agus é i gcomhar lena Mham sa bhfiontar sin. “Ma” a thugann sé ar a Mham, tríd an scéal seo síos. Anois, caithfear a chur san áireamh, nach bhfuil Jack ach cúig bliana d’aois, agus nár chuir sé cos taobh amuigh den “Room” riamh. Éiríonn leis an údar seo, an saol a chur in iúl dúinn trí shúile an ghasúir óig seo.
Fios gach fátha
Conas a tharla, nár leag sé cos taobh amuigh den ‘Room’ riamh, an ea?
Bhuel! Le fios fátha an scéil sin a fháil, caithfear carachtar eile a tharraingt isteach sa scéal, ag an bpointe seo. Fear ba ea é, agus ba é ainm a bhaist ‘Ma’ agus Jack air, nó “Old Nick”. Tharla gur éirigh le “Old Nick” dallamullóg a chur ar ‘Ma’, nuair nach raibh inti ach cailín óg naoi mbliana déag d’aois. Mheall sé í. Rinne príosúnach di, agus tharlaigh abhaile leis í ina leoraí beag, gur shac sé isteach i ‘seid’ nach raibh ach aon troigh déag ar leithead faoi aon troigh déag ar fad. Ní raibh fuinneog ar bith ar an seid, nó ar an ‘Room’ seo, agus bhí an doras glasáilte an t-am ar fad, agus gan cód oscailte an ghlais sin ag éinne ach ag “Old Nick” fhéin. Thagadh sé ar chuairt chuile oíche, geall leis, agus thugadh bia agus riachtanais eile chucu, ar na hócáidí céanna sin. Dár ndóigh, bhí praghas le híoc ag ‘Ma’ as na sóláistí sin, nó dhéanadh Old Nick í a éigniú, go rialta, agus gan deis éalaithe ar bith ag ‘Ma’ bhocht. Chuile Oíche Dhomhnaigh, thagadh sé ar chuairt freisin, agus ar na hócáidí sin, thógadh sé féirín eicínt leis.
Treats ó “Old Nick”
Ar ball, dár ndóigh, rugadh Jack, agus ba bheag spéis a chuir Old Nick sa mhac céanna sin, thar an corrbhréagán a thabhairt chuige mar “Sundaytreats”. Thit an obair ar fad sin ar ‘Ma’ agus cloiseann muid an scéal ar fad trí bhéal Jack, agus óna bhfuil le rá aige sa scéal sin, tuigtear dúinn, go mba iontach, amach is amuigh, an Mam í ‘Ma’, nó do bhuachaill nach raibh ach na cúig bliana sáraithe aige, nach iontach go deo an méid atá foghlamtha aige, faoin am sin. Tá rannta, tomhaiseanna, scéalta, seanchas, agus tuilleadh, ar bharr a ghoib aige. Sea, mh’anam, agus nach líofa atá ar a chumas freisin, srian a ligint lena thaghd feirge, nuair a thuigtear dó, nach bhfuil ‘Ma’ sásta cead a chinn a thabhairt dó. Ach nach cúng go deo an domhan a bhí thart air! ‘An Room’, 11’ X 11’! nár bheag an ríocht a bhí faoina chúram aige?
Fonn Éalaithe
Ach anois, ó tharla go raibh sé cúig bliana d’aois, bhí na ceisteanna ag teacht go tiubh faoi theorainneacha an tsaoil bhig a bhí faoina aire aige, agus tuigeadh do ‘Ma’ go mbeadh uirthi tuilleadh eolais a chur ar fáil dó, feasta. Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh lei sin a dhéanamh, agus ba é toradh a bhí ar sin nó gur bhuail fonn éalaithe í. Nach raibh blianta fada caite anois aici ina príosúnach gnéis, faoi smacht ag an bhfear uafásach, cruálach, mídhaonna, seo. Thosaigh sí láithreach ag pleanáil don eachtra iontach, saortha, fuascailteach, seo, a shaorfadh í ó thíoránacht, agus ó chuing na daoirse, faoina raibh sí sáinnithe.
Scéal Corraitheach, Tochtmhar
Ar éirigh lei éaló ón ‘Room’? Agus cad é an toradh a bhí ar an mian éalaithe seo? Sea, agus ar éirigh le Old Nick na cosa a thabhairt leis?
Le freagra na gceisteanna sin a fháil, caithfidh tú an leabhar corraitheach, neamhghnách, lán-teannais, seo, a fháil is a léamh. Ní bheidh a chathú ort, nó bheadh sé deacair leabhar níos corraithí ná an leabhar seo, ‘Room’, a fháil.
.
.
.
.