Níl aon chur amach agam air, I have no knowledge of it; fo-chomhfhios, subconsciousness; cur i gcéill, letting on; slám maith den bhfírinne, a good portion of the truth; fabht, flaw; leannán, lover.

.

I m B é a l a n P h o b a i l

.

“Walking into the Night”

by

Olaf Olafsson

Peadar Bairéad

.

As the Butler saw it !

Nach ait mar a thagann muid, anois is arís, ar leabhar le húdar, nach bhfuil cur amach ar bith againn air, agus nach aite fós, an chaoi a théann an leabhar céanna sin i bhfeidhm orainn, toisc, is dócha, go seineann sé ceol ar théada áirithe, rúnda, folaithe i ngan fhios dúinn, sa bhfo-chomhfhios, ceol a choraíonn an croí istigh ionainn, agus a dhúisíonn mothúcháin taitneamhacha, uaignacha, cumhacha, a fágann blas sásúil, beadaí, ar theanga na cuimhne, go ceann scathaimh fhada ina dhiaidh sin. Ba leabhar dá leithéid é “Walking into the Night” le Olaf Olafsson.

Caithfidh mé a admháil nár léigh mé tada leis an údar seo cheana, nó nár chuala aon trácht air mar úrscéalaí, ach oiread. Íoslainneach fir isea an t-údar seo, a rugadh i Reykjavik, sa bhliain 1962, mar sin ní raibh sé ach thart ar an dá scór, agus an leabhar seo idir chamáin aige. Chuir sé a chéad úrscéal, “Absolution”, de, sa bhliain 1994, agus sa bhliain 2001, foilsíodh an dara ceann uaidh, “The Journey Home”, agus anois, “Walking into the Night”, seo an tríú úrscéal dá chuid, agus foilsíodh é sin sa bhliain 2003. Tá cónaí air, faoi láthair, i gCathair Nua Eabhrac.

A good story well written

Caithfidh mé a admháil, i dtosach báire anseo, go ndeachaigh idir stíl agus ábhar an scéil seo i bhfeidhm go mór orm fhéin, sa chaoi gur fágadh mé brónach, cumhach, uaigneach, tráth chríochnaigh mé an scéal corraitheach seo.

Is é atá sa leabhar seo, nó an t-údar ag ligint air gurb é buitléir William Randolph Hearst é, agus go bhfuil a dhírbheathaisnéis á leagan os ár gcomhair amach aige. Anois, caithfear a rá, gur cur i gcéill atá ar siúl ag an údar tríd an scéal, ach, ag an am gcéanna, tá an scéal chomh hinchreidte sin, go bhfuil sé deacair a chreidiúint, nach bhfuil slám maith den bhfírinne measctha tríd an gcur-i-gcéill céanna sin.

Chuir mé fhéin suim, agus dhá shuim, sa scéal seo, nó faoi mar is eol duit, b’fhéidir, thug mé fhéin cuairt ar Chaisleán Hearst, ar Rainse San Simeon, cupla bliain ó shoin. Ba chóir a lua anseo, nár ghlac an t-úinéir leis an téarma sin, “Hearst Castle”, nó chomh fada is a bhain sé leis-sean, ba é “An Rainse”, an t’ainm a bhí ar an áit, agus “The Enchanted Hill” ar an gcnoc ar a raibh na foirgnimh uilig tógtha aige. Tógadh na Tithe Aoichta, nó na Guest Houses, ar dtús, agus b’iad sin, an Casa del Mar, an Casa del Sol agus an Casa del Monte. Nuair a bhí siad sin tógtha, ba ansin a thóg sé an Caisleán fhéin, bíodh nach caisleán a bhaist seisean air, ach an Casa Grande. Ní haon ionadh mar sin, gur chuir mé fhéin suim sa scéal seo, toisc to raibh an scéal uilig beagnach tógtha, suite, thart ar “Chaisleán Hearst”.

The Flashback Method

Tosaíonn an scéal agus Christian Benediktsson ag feidhmiú mar bhuitléir ag an Chief, mar a thugann sé ar Hearst fhéin. Féach mar a thosaíonn an scéal….

The cypress rested in its shadow.

He tripped on the steps up to the main building but managed not to fall. Fuchsia blossoms met his eye as he straightened up; azaleas beyond them. He walked over to the cypress and leaned against it while he caught his breath. He was hot in his black suit in the afternoon sun….

The Chief had mislaid his magnifying glass. Cristjan – or, rather, Christian Benediktsson, as he had called himself since coming to this country during the Great War, twenty years ago – had spent the morning hunting for it in the old man’s bedroom and on the balcony outside……

Tugann an t-údar roinnt mhaith eolais faoi bhuitléir Hearst dúinn, san athlua sin thuas. D’fhág sé a thír dhúchais, an Íoslainn, i rith an chéad chogaidh domhanda, agus ag an am áirithe seo, tá sé tar éis scór bliain a chaitheamh thall. I dtús an scéil, mar sin, cuireann an t-údar ar an eolas sinn faoi shaol Christian, agus é ag caitheamh a shaoil rúnda ag feidhmiú mar bhuitléir do William Randolph Hearst.

Agus sin déanta ag an údar, baineann sé úsáid as seanchleas úd an iardhearcaidh, agus déanann sé sin, go cliste, beagnach i ngan fhios dhuit, nuair a théann an buitléir siar bóithrín na smaointe, tráth nach mbíonn tada le déanamh aige, ina sheomra, i gCaisleán Hearst, agus gan de chomhluadar aige ach a chuimhní gruama fhéin. Tógann sé an léitheoir siar leis go dtí a áit dúchais.

Love and Marriage

Rugadh é i West Fjords, san Íoslainn, agus thit sé i ngrá le Elisabet, nuair a casadh ar a chéile iad i gCopenhagen. Labhrann sé lei trina chinn lae….

I’m still surprised at how inferior I felt when I stood there. I had always found it easy to attract women, but you were different. They were mostly working girls, fun-loving but uneducated – like me. But you, you were from a different world. And yet I found myself falling towards you.

Ar ball phós siad, ach bhí sé soiléir, fiú an t-am sin, go raibh difir mhór shóisialta eatarthu, agus cé gur éirigh go seoigh leo i dtosach báire, agus gur rugadh páistí dóibh, ag an am gcéanna, bhí an fabht ansin ó thús, agus ar ball, thréig Christian a bhean Elisabet, agus d’imigh le banaisteoir, Klara, sna Stait, leannán le cara leis! Ba leannáin iad, ach ag an am gcéanna, ní raibh grá buan eatharthu, agus i ndeireadh na dála, cailleadh Klara bhocht le linn ginmhillte, agus dár ndóigh, fágadh Christian ansin, gan cheangal ar bith aige le héinne ar an saol uaigneach seo, agus ba ansin a shocraigh sé ar phost a ghlacadh le Hearst.

No going back

Ní gá a rá, gur dhein Elisabet roinnt iarrachtaí ar theangmháil a dhéanamh lena céile caillte, ach ní raibh i ndán di, ar deireadh thiar, ach an teip. Níl fúm an scéal ar fad a thabhairt duit anseo, ach caithfidh mé a rá leat, gur bhain mé fhéin taitneamh agus sásamh as mar scéal, agus thabharfadh duine faoi deara freisin, na cosúlachtaí a bhí idir Hearst agus a bhuitléir. Thréig an péire acu céile, agus chuaigh siad beirt le leannán. Ach, fágfaidh mé an scéal ag an bpointe sin, ar eagla go millfinnse ortsa é.

.

gaGaeilge