coincheap an leithleachais, the concept of separatism; ábhair iomadúla, various topics; taighde, research; bata scóir, the tally stick; fabhalscéal, fable; todhchaí, future; círeibéanna, riots; ar seachrán, astray.

I mBéal an Phobail

Áilleacht an tSaoil seo 3

Peadar Bairéad

Writer and Orator

Sa ghála seo, díreoidh mé ar an bPiarsach mar scríbhneoir, agus mar óráidí. Is dócha gurbh é bunú Chonradh na Gaeilge, a chuir an lasair sa bharrach, i gcás na hathbheochana Náisiúnta de. Spreag an bunú sin borradh agus fás i gcúrsaí litríochta, agus nearthaigh, ag an am gcéanna, coincheap an leithleachais, i gcás an náisiúin bhig ársa seo. I rith an ama sin go léir, rinne an Piarsach, mar iriseoir, a dhícheall, lena chine a shaghdú i dtreo na creidiúnachta náisiúnta. Mar eagarthóir ar an gClaidheamh Solais, nochtaigh sé a thuairimí, chuile sheachtain, ar chúrsaí polaitíochta agus cultúrtha. Bhí ardáin eile ann freisin, ar ar nocht sé a dhearcadh don náisiún. Bhí píosa míosúil uaidh le léamh in “Irish Freedom”, nuachtán an IRB. Scríobh sé anois is arís sa “Mhacaomh”, agus sa “Bharr Bua”, irisí dá chuid fhéin. I rith na mblianta a chaith sé mar Eagarthóir ar an gClaidheamh Solais, i.e. ó Mhárta 1903, go dtí Samhain na bliana 1909, scríobh sé faoi ábhair iomadúla, a raibh baint acu le cúrsaí Náisiúnta agus le cúrsaí liteartha freisin. Labhair sé faoi…..

The Place of the Irish Language

1.An gaol a bhí idir an Ghaelige agus an Náisiúntacht. Dár leis, seolann an teanga chuig meon an náisiúin sinn. Ba í an Ghaeilge a bhí mar cheangal againn leis an tseansaol Gaelach, agus ba í freisin, an argóint ba láidre a bhí againn, le héagsúlacht náisiúnta a chruthú, tuairim a raibh tábhacht faoi leith ag baint lei, an tráth úd, nuair ba é an scaradh iomlán ó chumhacht Shasana, an chloch ba mhó ar phaidrín na náisiúntóirí.

Sa bhliain 1905, bhí sé den tuairim, go bhfaigheadh an náisiún bás, dá dteipfeadh orthu an Ghaeilge a athbheochan. D’fhéadfaí neamhspleáchas náisiúnta a chailliúint, agus a fháil ar ais arís, dá gcuirfí chuige sin i gceart, ach dá gcaillfí an náisiúntacht, a raibh an teanga mar ghné thábhachtach de, ní fhéadfaí í a fháil ar ais arís. Mar sin, ní raibh an dara rogha acu ach an teanga a choinneáil beo, agus a leathadh. B’in gnó an Chonartha. Bhí a thuairimí fhéin ag an bPiarsach, faoin mhodh ab fhearr leis an teanga a athbheochan, agus fiú sa bhliain 1902, dúirt sé go raibh dán na Gaeilge ag brath ar an gCléir, ní hamháin, mar cheannairí spioradálta an phobail, ach freisin, mar bhainisteoirí ar na Scoileanna Náisiúnta, agus arís, i nDeireadh Fómhair na bliana 1906, i ndá eagarfhocal, d’impigh sé ar na sagairt sa Ghaeltacht, na cainteoirí dúchais, ina bpobail, a spreagadh, le húsáid a bhaint as an nGaeilge feasta.

2.Ach céard faoin gcuid eile den tír? Céard faoin nGalltacht?

Bhuel, bhí roinnt taighde déanta ag an bPiarsach faoi chur chuige na mBreathnach, agus na mBeilgeach, sna cúrsaí seo, agus ba é toradh a thaighde nó gur shocraigh sé ar an dátheangachas. Chuirfeadh an socrú seo deireadh leis an mbata scóir, agus ag an am gcéanna, d’éireodh leis an Ghaeilge a leathadh i measc Béarlóirí na Galltachta.

3.Sa bhliain 1912, rinne sé an lucht léinn a aoradh, sa mBarr Bua, trí chur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar dhein siad an dubh a chur ina gheal ar an gcosmhuintir. I bhfoirm fhabhalscéil a scríobh sé an píosa sin. Mhúin na fir léannta litriú agus scríobh ina dteanga fhéin don chosmhuintir, teanga a bhí i mbaol a báis, ag an am, agus nuair a bhí sin déanta acu, ansin tuigeadh do na scoláirí, nach raibh meas ag an bpobal orthu feasta, agus dá bhrí sin, bheartaigh siad ar an litriú a athrú, trí na litreacha a iompú, bun os cionn, agus bhaist siad an “Litriú Simplí” ar an litriú nua sin! D’éirigh na daoine as an dteanga sin a fhoghlaim, agus fágadh faoin na scoláirí arís í, rud a shásaigh go mór iad. Thuigfead an tAthair Peadar Ó Laoghaire an scéal sin, go seoigh, nó thhaobhaigh seisean freisin le teanga na ndaoine. Is í an Gheilge labhartha is fearr, agus is sa tobar sin atá slánú agus biseach na teanga
4.Cúrsaí litríochta.

Ba mhinic a scríobh an Piarsach, tráth raibh sé ina eagarthóir ar an gClaidheamh Solais agus é ar a dhícheall ag iarraidh scríbhneoirí nua a spreagadh chun pinn, agus ag moladh modhanna nua litríochta dóibh. Ba chóir don scríbhneoir a iomaire fhéin a threabhadh, agus gan aithris a dhéanamh ar scríbhneoir ar bith eile.

Tuigeadh dó, go raibh todhchaí rafar i ndán don ngearrscéal mar mheán litríochta, agus sa bhliain 1906 scríobh sé….

Gorki rather than Dickens suggests the style.

Agus céard faoin meán a d’iompródh an litríocht sin? Bhuel, d’aontaigh an Piarsach leis an Athair Peadar gurbh í Caint na nDaoine ab fhearr chuige sin. Ni gá a rá, go raibh scoláirí tábhachtacha ar an dtaobh eile den argóint sin, agus is dócha gurbh é an Dochtúir Richard Henebry, an duine ba mhó le rá díobh sin. Tuigeadh dóibhsean, gur chóir meán na litríochta nua a bhunú ar an litríocht chlasacach, litríocht na bhfilí is na scoláirí. Chuir an Piarsach béarlachas i leith roinnt mhaith de na scríbhneoirí a bhí suas lena linn, taobh amuigh den Athair Peadar. Dár leis-sean, (sa bhliain 1908), ba chóir an litríocht a bhunú ar chaint bheo na ndaoine Ach caithfear a thuiscint, nach litríocht í caint na ndaoine, ach gurb í an tsnáith as a fhítear taipéis bheo na litríochta.

Drama had its Place too

I gcás na drámaíochta, mhol an Piarsach dóibh siúd, ar mian leo drámaí a scríobh sa Ghaeilge, gan aithris a dhéanamh ar dhearcadh dhaoine eile, ach a ndearcadh fhéin ar an saol a chur ar an ardán. Sa bhliain 1904, dúirt Yeats, i Samhain, go raibh drámaí bolscaireachta chun tosaigh ar an ardán Gaelach, agus bhí faitíos air, go ruaigfeadh drámaí dá leithéid drámaí ealaíonta den ardán céanna sin. Tríd is tríd, d’aontaigh an Piarsach leis sa mhéid sin, ach ba é a thuairim, go bhféadfadh an Drámadóir mór, an dá thrá sin a fhreastal. Faoi’n am sin, bhí meas aige ar an Yeatsach, meas nach raibh aige air, blianta roimhe sin. Tar éis don Yeatsach an Irish Literary Theatre a bhunú, sa bhliain 1899, tráth raibh an Piarsach ina mhac léinn, thart ar scór bliain d’aois, i litir a scríobh sé chuig an Claidheamh Solais, dúirt sé nach bhféadfaí Litríocht Gaelach a chumadh sa Bhéarla, agus chomh fada is a bhain sé leis an Yeatsach fhéin, dúirt sé….

As for Yeats himself, he is of no consequence…..he was merely an English poet of the 3rd or 4th rank, but his theatre was a different matter, it would have to be strangled at birth.

Ach, sa bhliain 1905, scríobh sé faoi “Cathleen Ní Houlihan” gurbh é an dráma ab áille a scríobhadh in Éirinn, ina ré. Tuigeadh, ag an am, gurbh é Yeats a scríobh an dráma sin. Agus arís, sa bhliain 1913, d’fhéadfadh sé a rá fhaoi Yeats, gurbh é an file ba chruinne a thug guth don Náisiúnachas Éireannach, lena linn.

Sa bhliain 1907, scríobh sé faoi na círéibeanna a tharla san Abbey, círéibeanna an Phlayboy, agus cháin sé iad. Ach, sé bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1913, rinne sé an cáineadh sin uilig a aistharraingt.

When a man like Synge uses strange symbols which we do not understand, we cry out that he has blasphemed and we proceed to crucify him.

Sin rud a thugtar faoi deara i gcás an Phiarsaigh, go bhfuil ar a chumas athrú, nuair a fheictear dó go bhfuil sé ag imeacht ar seachrán. Bhí macántacht dá leithéid ag baint leis.

gaGaeilge