Á i l l e a c h t a n t S a o i l s e o . (Réamhrá).

.

**************************

I lár an Aonaigh!

Tarraingt ar chúig bliana fichead ó shoin anois, i bhFómhar na bliana 1979, iarradh orm, léacht a thabhairt, i mBéarla, do sheisiún de Dhaonscoil Osraí, i gCill Chainnigh. “An Piarsach agus a chuid Scríbhinní” an teideal a tugadh dom mar théama don léacht chéanna sin. Ní call dom a rá, gur ghlac mé leis an gcuireadh caoin sin, bíodh nach mbíodh aon ró-fhonn ar dhaoine, ar chúiseanna áirithe, labhairt faoi chúrsaí náisiúnacha, ag an am. Ar an oíche spriocáilte, i dTeach Ósta an Newpark, rinne mé mo dhícheall, mo thuairimí fhéin ar an ábhar sin, a nochtú don lucht éisteachta a bhí i láthair don ócáid sin.

Bhuel, ó tharla go bhfuil cúig bliana fichead imithe, ó oíche na léachta sin, agus ó tharla freisin, go bhfuil athruithe ollmhóra tagtha ar an tír seo, agus ar a dearcadh ar an bPiarsach fhéin is ar a shaothar, san idirlinn, tuigeadh dom, nárbh olc an smaoineamh é, sraith altanna a bhunú timpeall ábhar na léachta sin, agus an tsraith sin a leagan os bhúr gcomhair amach, anseo i lár an aonaigh.

Mór idir Inné agus Inniu!

.

Tá mé cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin inniu, a déarfadh, gur chóir dom cos a bhuaileadh ar an ábhar céanna seo, agus gur den chiall é, b’fhéidir, faoin am seo, ceirín den dearmad a chur leis an bhfear sin, agus lena shaothar freisin, toisc go bhfuil diúltaithe ag náisiún na hÉireann don bhfear agus dá fhís. Ní chreidfinn fhéin, tríd is tríd, gur mar sin atá, agus fiú má sea fhéin, caithfidh mé a admháil go mba gheall le naomh é an Piarsach, i measc an phobail, agus mise ag fás aníos, agus mar sin, bheadh sé deacair agamsa a chreidiúint, go mbeadh pobal uilig na tíre seo iompaithe i gcoinne an fhir sin, in achar chúig bliana fichead. Sea, agus féach nach mbíonn drugall ar bith ar chiníocha eile onóir agus ómós a thabhairt dóibh siúd a chaith a ndúthracht agus, níos mó, b’fhéidir, ag iarraidh saoirse a bhaint amach dá bpobail. Mar sin, déanfaidh mé mo dhícheall, tuairimí bunaithe ar ábhar na léachta a thug mé i mBéarla, in Óstán an Newpark, cúig bliana fichead ó shoin, a leagan os bhur gcomhair amach, anseo i lár an aonaigh.

An Fónbhreith úd.

.

Rud eile a spreag chun pinn mé, i gcás na sraithe altanna seo, nó píosa a léigh mé, sa Sunday Independent, roinnt seachtainí ó shoin anois. Ba é a spreag an iriseoir leis an alt úd a scríobh, nó cineál pobalbhreithe, – nó b’fheidir gur chóir dom “fónbhreith” a bhaisteadh air, toisc go raibh ar na vótóirí glaoch isteach ar an bhfón, lena nguth a chaitheamh! Iarradh orthu, laoch eicínt a roghnú lena dhealbh a chur in áit na honóra, i Sráid athnuaite Uí Chonaill. Ba é toradh na fónbreithe sin, nó gur mhol thart ar 36% díobh siúd a ghlaoigh isteach, go mbronnfaí an onóir sin ar Phádraig Mac Piarais. Ba é Bono an té ba ghaire dhó sa bhfónbhreith chéanna sin, agus ní bhfuair seisean ach thart ar 8% de na guthanna a caitheadh, ar an ócáid. Bhuel, ní mó ná sásta leis an mbreith sin a bhí ár n-iriseoir, nó tuigeadh don iriseoir céanna sin, go mba náisiúntóir buile é an Piarsach céanna sin. Féach mar a cuireadh san alt sin é…

“Had Pearse lived on, he would undoubtedly have been exposed as the blood-lusting fanatic that he was; it was Britain’s mistake to allow him to avoid that fate, and Ireland suffered for it.”

B’fhéidir nach n-aontóinnse leis an mbreith sin, nó leis an dearcadh sin, olc, maith, nó dona, ach ag an am gcéanna nach maith ann é? Nó cuireann sé iachall orainn uilig athchuairt a thabhairt ar an gcuid sin de stair ár dtíre, agus clú agus cáil ár laochra a chur sa mheá, athuair, féachaint ar bhuail an stair agus staraithe bob millteach na bolscaireachta orainn. Chuir sé iachall ormsa, dul siar chuig ar scríobh mé cúig bliana fichead ó shoin, féachaint ar dhein mé chuile iarracht, ag an am, féachaint isteach i gcroí na fírinne. Bhuel, tar éis dom é sin a léamh athuair, déarfainn gur bhunaigh mé mo sheasamh ar scríbhinní an Phiarsaigh fhéin, agus ar a raibh le rá ag daoine eile faoi. B’fhéidir nach scríobhfainn an léacht chéanna sa lá atá inniu ann, ach tá mé cinnte, nach nglacfainn ach oiread, le dearcadh an iriseora úd. Ní fhéadfainn teacht leis an dtuairim seo, mar shampla…..

“it is time we accepted that Sinn Fein/IRA are right in one of their arguments: they are the inheritors of the traditions and lusts of Patrick Pearse:

blind hatred, irrational nationalism merging effortlessly into fascism, blood and more blood”

Ni bheinn fhéin cinnte go bhféadfá an dearcadh sin a bhunú ar scríbhinní, ar óráidí, nó ar iompar an Phiarsaigh fhéin. Ach fágfaidh mé an bhreith sin faoi’n léitheoir.

Arbh fhiú an Tairbhe an Trioblóid?

.

Is cinnte nach dtiocfadh an tuairim sin leis an dearcadh a bhí coitianta i measc na cosmhuintire agus mise ag fás aníos, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois, ach is cinnte freisin, go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar dhearcadh na cosmhuintire céanna sin ar náisiúntacht, agus ar shaoirse, san idirlinn. Arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? a d’fhiafródh siad díot. Mar sin, is fiú dúinn alt an iriseora seo a chur sa mheá, féachaint céard is fiú é mar bhreith mhacánta, mheáite, dáiríreach, ar dhearcadh, ar fhealsúnacht, agus ar oidhreacht, an Phiarsaigh, dÉirinn ár linne.

Bí liom nuair a bheidh a chuid filíochta á scrúdú, agus á meá againn sa chéad ghála eild den tsraith seo.

.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

.

.

gaGaeilge