Áilleacht an tSaoil seo . Réamhrá 1.
******************************
I Lár an Aonaigh!
Thart ar chúig bliana fichead ó shoin anois, i bhFómhar na bliana 1979, “Bliain an Phápa”, iarradh ormsa, léacht a thabhairt, i mBéarla, do sheisiún de Dhaonscoil Osraí, i gCill Chainnigh. “An Piarsach agus a chuid Scríbhinní” an teideal a tugadh dom mar théama don léacht chéanna sin. Ní call dom a rá, gur ghlac mé leis an gcuireadh caoin sin, bíodh nach mbíodh aon ró-fhonn ar dhaoine, ar chúiseanna áirithe, labhairt faoi chúrsaí náisiúnacha, ag an am. Ar an oíche spriocáilte, i dTeach Ósta an Newpark, rinne mé mo dhícheall, mo thuairimí fhéin ar an ábhar sin, a nochtú don lucht éisteachta a bhí i láthair don ócáid sin.
Bhuel, ó tharla go bhfuil cúig bliana fichead imithe, ó oíche na léachta sin, agus ó tharla freisin, go bhfuil athruithe ollmhóra tagtha ar an tír seo, agus ar dhearcadh a muintire, ar an bPiarsach fhéin, is ar a shaothar, san idirlinn, tuigeadh dom, nárbh olc an smaoineamh é, sraith altanna a bhunú timpeall ábhar na léachta sin, agus an tsraith sin a leagan os bhúr gcomhair amach, anseo i lár an aonaigh.
Changed Times !
Tá mé cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin inniu, a déarfadh, gur chóir dom cos a bhuaileadh ar an ábhar céanna seo, agus gur den chiall é, b’fhéidir, faoin am seo, ceirín den dearmad a chur leis an bhfear sin, agus lena shaothar freisin, toisc go bhfuil diúltaithe ag náisiún na hÉireann don bhfear agus dá fhís. Ní chreidfinn fhéin, tríd is tríd, gur mar sin atá, agus fiú má sea fhéin, caithfidh mé a admháil, go mba gheall le naomh é an Piarsach domsa, agus i measc an phobail ar díobh mé, agus mé ag fás aníos, agus mar sin, bheadh sé deacair agamsa a chreidiúint, go mbeadh pobal uilig na tíre seo iompaithe i gcoinne an fhir sin, in achar chúig bliana fichead. Sea, agus féach nach mbíonn drugall ar bith ar chiníocha eile onóir agus ómós a thabhairt dóibh siúd a chaith a ndúthracht agus, níos mó, b’fhéidir, amannta, ag iarraidh saoirse a bhaint amach dá bpobail. Ba mhaith liom a lua anseo freisin, gurb é an scéal céanna é ag an dTaoiseach s’againne, nó ní bhíonn leisce ar bith airsean a mheas ar an bPiarsach a chur in iúl, go poiblí, mar adéarfá. Mar sin, déanfaidh mé mo dhícheall, tuairimí, bunaithe ar ábhar na léachta a thug mé i mBéarla, in Óstán an Newpark, cúig bliana fichead ó shoin, a leagan os bhur gcomhair amach, anseo, i lár an aonaigh.
That Phonepoll!
Rud eile a spreag chun pinn mé, i gcás na sraithe altanna seo, nó píosa a léigh mé, sa Sunday Independent, tamall ó shoin anois. Ba é a spreag an t-iriseoir leis an alt úd a scríobh, nó cineál pobalbhreithe, – nó b’fhéidir gur chóir dom “fónbhreith” a bhaisteadh air, toisc go raibh ar na vótóirí glaoch isteach ar an bhfón, lena nguth a chaitheamh! Iarradh orthu, laoch eicínt a roghnú lena dhealbh a chur in áit na honóra, i Sráid athnuaite Uí Chonaill. Ba é toradh na fónbreithe sin, nó gur mhol thart ar 36% díobh siúd a ghlaoigh isteach, go mbronnfaí an onóir sin ar Phádraig Mac Piarais. Ba é Bono an té ba ghaire dhó sa bhfónbhreith chéanna sin, agus ní bhfuair seisean ach thart ar 8% de na guthanna a caitheadh ar an ócáid, dár leis na huimhreacha a thug an bhanisireoir dúinn san alt a luaigh mé thuas. Bhuel, ní mó ná sásta leis an mbreith sin a bhí ár mbaniriseoir, nó tuigeadh di, go mba náisiúntóir buile é an Piarsach céanna sin. Fear a chuaigh thar fóir lena náisiúntacht agus lena fhís do thodhchaí an náisiúin seo.
B’fhéidir nach n-aontóinnse leis an mbreith sin, nó leis an dearcadh sin, olc, maith, nó dona, ach ag an am gcéanna, nach gcuireann alt dá leithéid iachall orainn uilig athchuairt a thabhairt ar an gcuid sin de stair ár dtíre, agus clú agus cáil ár laochra a chur sa mheá, athuair, féachaint ar bhuail an stair agus staraithe bob millteach na bolscaireachta orainn. Chuir sé iachall ormsa, dul siar chuig ar scríobh mé cúig bliana fichead ó shoin, féachaint ar dhein mé chuile iarracht, ag an am, féachaint isteach i gcroí na fírinne. Bhuel, tar éis dom é sin a dhéanamh, tá mé sásta gur bhunaigh mé mo sheasamh ar scríbhinní an Phiarsaigh fhéin, agus ar a raibh le rá ag daoine eile faoi. B’fhéidir nach scríobhfainn an léacht chéanna sin, sa lá atá inniu ann, ach tá mé cinnte, nach nglacfainn ach oiread, le dearcadh an iriseora úd, nó ní bheinn cinnte go bhféadfá an dearcadh sin a bhunú ar scríbhinní, ar óráidí, nó ar iompar an Phiarsaigh fhéin. Ach fágfaidh mé an bhreith sin faoi’n léitheoir.
Was it Worth the Trouble?
Is cinnte nach dtiocfadh tuairim an iriseora úd leis an dearcadh a bhí coitianta i measc na cosmhuintire agus mise ag fás aníos, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois, bíodh go bhfuilim cinnte freisin, go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar dhearcadh na cosmhuintire céanna ar náisiúntacht, agus ar shaoirse, san idirlinn. Arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? a d’fhiafródh siad díot. Mar sin, is fiú dúinn alt an iriseora úd a chur sa mheá, féachaint céard is fiú é mar bhreith mhacánta, mheáite, dáiríreach, ar dhearcadh, ar fhealsúnacht, agus ar oidhreacht, an Phiarsaigh, d’Éirinn ár linne.
Bí liom, mar sin, nuair a bheidh a chuid filíochta á scrúdú, agus á meá againn sa chéad ghála eile den tsraith seo.
*****************
Peadar Bairéad.
*****************
.
.
.