A n t S l e á N i m h e .

.

*********************************

.

T h e J E S T E R………………………………Foilsithe ………….2003.

l e……………………………………………………………………………………………………………..

James Patterson & Andrew Gross……………………………………………£10.99.

.

**********************************

.

Níl ann ach achar gearr, ó bhí leabhar eile leis an údar James Patterson, idir chamáin agam, sa cholún seo. The ‘Beach House’ atá i gecist agam anseo, ach ba chóir a lua, go raibh údar eile, Peter de Jonge, i gcomhar leis, sa bhfiontar sin. Ní píobaire an aon phoirt é, an James Patterson céanna seo, nó is údar é, a bhfuil brosna leabhar den scoth againn uaidh, cheana fein. B’fhéidir nárbh aon dochar é, cupla ceann acu a lua anseo. Mar is cuimhin libh, scríobh mé píosa faoi roinnt acu, anseo I mBéal an Phobail, cheana. Is dócha gur cuimhin libh píosa a léamh anseo cheana, faoi ‘Pop goes the Weasel,’ ‘Four Blind Mice,’ maraon le ‘The Beach House,’ ach dár ndóigh, scríobh sé roinnt mhaith eile leabhar freisin, leabhair ar nós ‘Along Came a Spider,’ ‘Roses are Red,’ ‘Jack and Jill,’ agus ‘When the Wind Blows,’ leabhar mór-ráchairte chuile cheann riamh acu, nó tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach, cheana féin, ag an údar líofa, ildánach, corraitheach, seo. Ach caithfidh mé a rá leat, ag an bpointe seo, gurb é seo an ceann is fearr uaidh, go nuige seo, dár liomsa, nó beireann an t-údar seo greim scóige ort, i dtús an leabhair seo, agus ní scaoileann sé an greim sin, nó go mbíonn an deoir deiridh den scéal neamhghnách seo diúgtha agat. Sea, tá sé thar a bheith deacair an leabhar corraitheach seo a leagan uait, ó thús deireadh, nó gluaiseann an scéal seo ar luas mire, ón gcéad chaibidil go dtí an chaibidil deiridh, agus tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil céad caoga is ceithre chaibidil ar fad, dingthe isteach aige, idir chlúdaigh ildathacha an leabhair seo, agus caithfidh mé a admháil go raibh cineál cumha orm, nuair a bhí an chaibidil deiridh críochnaithe agam. Ach le filleadh ar an scéal fhéin……

Úrscéal stairiúil atá againn anseo, agus é suite thiar in aimsir na gCrosáidí, agus déanann na húdair a ndícheall, blas, boladh, agus atmosféar, na laethe úd fadó, a shníomh isteach sa scéal, ar bhealach nádúrtha, inchreidte, agus chuige sin, ní foláir nó rinne siad a gcuid taighde go mion, doimhin, cúramach. Éiríonn leo, thar barr, atmosféar na haoise sin a chruthú, trí chruálacht na Ridirí, agus trí éadóchas, agus céim síos na ndaor, a leagan os ár gcomhair amach, faoi mar ba shaol é a caitheadh san Eoraip, arú inné, nó an lá roimhe sin, fiú, agus a bhfuil a chuimhne beo fós i measc na cosmhuintire. Féach mar a éiríonn leis na húdair ár spéis sa scéal a mhúscailt, i dtús na chéad chaibidile…..

Wearing a brown tweed suit, and his customary dark toirtoiseshell sunglasses, Dr Alberto Mazzini pushed through the crowd of loud and agitating reporters blocking the steps of the Musee de l’Histoire in Blois

‘Can you tell us about the artefact? Is it real? Is that why you’re here?’ a woman pressed, shoving a microphone marked CNN in his face. ‘Have tests been performed on the DNA?’

Bhuel, níl dabht ar domhan ach go ndúiseodh an chaint sin fiosracht dhuine ar bith. Ach déarfadh duine b’fhéidir…Ach cheap mé gur faoi aois na gCrosáidí a scríobhadh an scéal seo?

Sea, agus bheadh an ceart ag an nduine céanna sin, ach ba é a tharla nó go bhfuarthas an taise, nó an iarsma seo, i mbaile Blois, sa bhFrainc, nuair a bhíothas ag déanamh tochailte, le hIonad Siopadóireachta a thógail ar láthair áirithe. Dhealródh sé go rabhthas ag tochailt, in áit a raibh daoine curtha san aonú haois déag, agus sa tochailt dóibh, thángthas ar uaigh Dhiúic eicínt, ón ré sin, agus istigh ina sharcófagais siúd, fuarathas iarsma beannaithe ó thús ré na Críostaiochta, i ndáiríre, tuigeadh dóibh siúd a raibh saineolas acu sna cúrsaí sin, tuigeadh dóibh gurbh é a bhí ann nó an tSleá a sháith “Longinus”, nó an Dall fhéin, i gcléibh Chríost, tráthnóna Aoine an Chéasta, fadó. Ach conas a tharla go bhféadfadh taise bheannaithe dá leithéid a bealach a dhéanamh ón dTír Naofa chun na hIodáile, agus níos iontaí fós, isteach i sarcófagas an Diúic ainaithnid úd, ar dáileadh an chré leis, sa bhliain 1099? B’in iad na ceisteanna a chuir na húdair orthu fhéin, agus iad ag dul i gcionn an úrscéil stairiúil seo, agus ní fhéadfadh duine ar bith a shéanamh, gur leag siad toradh a gcuid taighde os ár gcomhair, ar bhealach nádúrtha, corraitheach, inchreidte, sa chaoi gur beag nach gcreidfeadh an léitheoir, gur tharla eachtraí uilig an scéil, díreach mar a leagtar os ár gcomhair amach iad, agus chomh maith le taighde, agus tuiscint, na saineolaithe, bhí freisin, i mbéaloideas na cosmhuintire, an scéal ceannann céanna, go raibh an tSleá Bheannaithe i limistéar Bhlois, um dheireadh an aonú haois déag. Cibé faoi sin, ní raibh sé sa bhéaloideas riamh, go mba leis an Diúc an tSeá fhéin, ba é a bhí sa bhéaloideas céanna sin, nó go mba le fear magaidh, nó le “Jester” é, i ndáiríre. Anois, níl ansin ach cúlra an scéil seo, agus é tugtha dúinn sa Réamhrá, agus ansin, tosaíonn an scéal i ndáiríre, nuair a thosaítear ar scéal, agus ar stair, na Sleá Nimhe sin a chumadh, agus a chruthú, ach ag an am gcéanna, déantar chuile iarracht ar theorainneacha an scéil sin a choinneáil taobh istigh de chlaíocha na staire, agus an bhéaloidis.

Siar isteach i ngort na staire, a dhíríodar a n-aghaidh, i dtosach, le scéal na sleá beannaithe a fhiosrú, a chuartú agus a ríomh, dúinne, léitheoirí. Ré na gCrosáidí a bhí ann, an tráth úd, agus cuireann ár n-údair tús lena scéal, le hatmosféar na gluaiseachta spioradálta úd a chruthú dúinn, agus chuige sin, cuireann siad tús lena scéal, sa bhliain 1096…

Veille du Pere, a village in southern France, 1096.

The church bells were ringing. Loud, quickening peals – echoing through the village in the middle of the day………

What was going on?……….

Then Armaud, who farmed by the river, galloped over the bridge aboard his mule, pointing back towards the road. ‘They’re coming! They’re almost here!’

Cé bhí chucu, an ea?

Bhuel, cé eile ach Arm na Croise fhéin. Sea, mh’anam, bhí Arm na Croise ag máirseáil trína mbaile, trí Veille du Pere. Níor ghnátharm a bhí chucu isteach, má sea, níorbh ea muis, ach arm a bhí níos cosúla le graimisc sráide ná le saighdiúirí gairmiúla, faoi mar a bhíodh in airm na ré sin, agus in ionad Ridire, nó Rí, nó Tiarna, de chineál eicínt, bheith i gceannas orthu, ní raibh á stiúradh ach firín beag feosaí, gléasta in éide manaigh, éide déanta as éadach simplí baile. Bhí an manach seo cosnocht, ceann-nocht, agus maol. Ba é Peadar Díthreabhach, a bhí ann, nó Peter the Hermit, faoi mar a thugtaí air sa mBéarla, agus é ag fógairt Crosáide, faoi mar a d’iarr an Pápa Urban air a dhéanamh, le láithreacha beannaithe na Tíre Naofa a shaoradh ó na sluaite ainchreidmheacha. Nuair a thosaigh an manach seo ag caint, ba ghearr gur chuir sé a lucht éisteachta faoi dhraíocht, lena ghuth, agus lena gheallúintí. Féach mr a chuireann na húdair é…..

‘For those who come,’ the monk named Peter went on, ‘for those who put aside their earthly possessions and join our Crusade, His Holiness Urban promises unimaginable rewards: riches, spoils, and honour in battle, his protection for your families who dutifully remain behind, and eternity in Heaven at the feet of Our grateful Lord. And, most of all, freedom. Freedom from all servitude upon your return. Who will come, brave souls?’ The monk reached out his arms.

Ligeadh béiceanna áthais agus molta, agus ag an am gcéanna, bhog roinnt mhaith earcaigh ón slua isteach in Arm na Croise, arm a raibh cros mhór dhearg deartha ar a n-éide thiar, ar chuile dhuine acu.

Bhí príomhcharactar an scéil, Fear an Mhagaidh fhéin, nó Hugh deLuc, ar an bhfód don aitheasc úd, agus bíodh gur chorraigh focail an mhanaigh an croí istigh ann, ag an am gcéanna, bhí a bhean Sophie ansin, taobh leis, agus shocraigh sé ar fanúint mar a raibh sé, go fóill, ar aon nós.

Tamall gearr ina dhiaidh sin, tháinig Ridirí óna dTiarna Feodach, Baldwin Taoiseach Tours, ar chuairt chucu, nó, is dócha gur chuala sé, go raibh cuid dá dhaoir sásta dul le Peadar Díthreabhach, in Arm na Croise, le troid a dhéanamh sa Talamh Naofa, gan a cheadsan, nó tada dá leithéid a fháil, roimh ré. Bhuel, rinne na ridirí céanna sin an diabhal ar an mbaile beag sin, Veille du Pere, agus mhaslaigh, agus chráigh, a mhuintir go neamhthrócaireach. Mharaigh siad gasúirín óg, mac an mhuilleora, trína bhá faoi Roth mór an Mhuilinn, sgus d’éignigh a gcuid saighdiúirí iníon óg an mhuilleora chéanna, ansin i lár an lae ghil. Nuair a bhí a ndóthain dochair déanta acu, agus tar éis dóibh a sagart, agus an Pápa fhéin, a mhaslú go poiblí, d’iompaigh siad ar a sála, agus as go brách leo as an mbaile sin amach. Ba ansin a tuigeadh do Hugh duLuc, den chéad uair, nach raibh cearta, nó tada dá shórt acu, agus nach raibh cosaint ar domhan acu i goinne a dTiarnaí Feodacha. D’athraigh a bhfaca sé, an lá sin, i Veille du Pere a dhearcadh ar an saol seo, go deo ina dhiaidh sin, agus chuir cor nár bheag ina chinniúint, agus i gcinniúint a mhuintire freisin. Go gairid ina dhiaidh sin, tharla gur chuala Hugh go raibh Raymond of Toulouse ag earcú óglaigh le dul chun na Tíre Naofa, mar chrosáidithe, agus shocraigh sé ina aigne dul leis, anois, ní ar mhaithe leis na hIonaid Naofa a shaoradh ó smacht na nIoslamach a liostáil sé in arm na Croise, ach toisc gur gheall Raymond go dtabharfaí a shaoirse do chuile dhuine a raghadh leis, ar an gCrosáid. Féach mar a mhínigh sé an scéal dá bhean, do Sophie……

‘I have to go,’ I said.

She sat up almost dumbfounded. ‘You want to take the Cross?’

Not the Cross. I wouldn’t for that. But Raymond has promised freedom to anyone who joins. Freedom, Sophie…You saw what happened today.’

She straightened . ‘I did see, Hugh. And I saw that Baldwin will never free you from your pledge. Or any of us.

Níor theastaigh ón bhfear bocht ach saoirse, in aois nach raibh saor ach na hUaisle agus na Ríthe. Ní raibh mórán ag teastáil uaidh! Ach, ba gheallúint í, a bhíothas á tabhairt do na hÓglaigh a bhí sásta troid ar na Crosáidí.

B’in mar a tharla go ndeachaigh Hugh ag troid, ar thaobh na Croise, sa choghadh fíochmhar úd, a bhí á fhearadh ag Críostaithe, i gcoinne na Muslamach, thoir sa Tír Naofa, ag an am.

Ar deireadh thiar, tar éis anró agus cruatan a fhulaingt, shroich siad ceann a scríbe, agus ghlac páirt sa chogaíocht a fearadh i gcoinne chathair Antioch, cathair a bhí ina dún daingean, doghabhála, ag an am. Cuirtear síos dúinn ansin, ar bharbarthacht na troda, ar an dá thaobh, agus i ndeireadh na dála, shocraigh Hugh ina aigne fhéin, nach raghadh sé níos fuide leis, mar chogadh, ach go bhfillfeadh sé abhaile, Cuma faoi rud ar bith feasta, ach a bhaile, a bhean is a chlann. Istigh in eaglais dó, chonaic sé beirt Turcach ag marú sagairt, agus gan de chosaint ag an sagart bocht ach bata. D’ionsaigh Hugh iad, agus ar deireadh chuir an ruaig orthu. Thóg sé bata an tsagairt leis, mar chosaint, agus mar chuimhneachán. I ndáiríre, ba istigh sa mhaide sin a bhí an tSleá Bheannaithe folaithe, agus b’in mar a d’éirigh le Fear an Mhagaidh, an Taise luachmhar, bheannaithe sin, a thabhairt abhaile leis ón Talamh Beannaithe go dtí a bhaile fhéin. Anois, níor mhínigh mé cheana dhuit, go mba fhear grinn, nó fear magaidh é Hugh óna óige, agus b’in an chaoi ar éirigh le Fear Magaidh an taise luachmhar sin a bhreith leis abhaile ón Oirthear.

Ní call dom a rá, nach bhfuil sa mhéid sin, ach tús an scéil, nó is ón bpointe sin a tharlaíonn bunús na n-eachtraí atá le fáil go flúirseach sa scéal seo, faoi mar a bheadh rísíní i gcíste, ach fágfaidh mé fút fhéin é, taitneamh agus toit a bhaint as an chuid eile den scéal corraitheach seo. Scéal i insíonn dúinn faoi mar a d’éirigh leis an bhfear magaidh seo, bua a fháil ar na Tiarnaí Feodacha, a mhair sa chuid sin den bhFrainc, ag an am, agus b’eisean freisin, a chuir an tSleá Bheannaithe i bhfolach i sarcófagas Tiarna Feodach Bhlois. Ach arís, caithfidh tú an leabhar a léamh duit fhéin, le fios fátha gach scéil acu sin a fháil. Ach tá chuile shórt le fáil sa leabhar seo. Tá ann, grá agus fuath, grain agus greann, gol agus gáire. Má thagann tú trasna ar an leabhar seo, tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh agus toit as.

Seo an leabhar is fearr fós, dár liomsa, ó pheann James Patterson, ach b’fhéidir gur chóir dúinn cuid dá bhuíochas sin a thabhairt dAndrew Gross, an té a rinne comhoibriú le Patterson, i saothrú an úrscéil chorraithigh, spéisiúil, seo. Nára fada uainn an chéad saothar eile ó phinn na beirte ildánacha, cumasacha, cliste, seo.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

gaGaeilge