A r n a M i s i n 1 .

.

**********************

.

Tar éis dom an Réamhrá fada sin, faoi Mhisin Chalafóirnia, a chríochnú, is dócha go bhfuil sé in am dom anois, tosú ar mo shraith altanna faoin tréimhse a chaith mé thall, anuraidh, a scríobh, agus a leagan os bhur gcomhair amach. Agus tá súil, agus b’fhéidir an dá shúil fiú, agam, go mbainfidh sibh taitneamh agus pléisiúr as léamh na n-altanna céanna seo, nó nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, agus go háirithe cúrsaí aoise!, chuile sheans gurbh é sin mo thuras deiridh ar thír álainn, bhéasach, bhrothallach, Chalafóirnia. Sin scéal eile áfach, do lá eicínt eile, ach le filleadh ar na haltanna úd….

Chaith mé seal i gCalafóirnia, thart ar thrí bliana ó shoin, le linn chomóradh na mílaoise, agus ní call dom a rá, gur bhain mé taitneamh as an gcuairt sin, nó chaitheamar seal i Las Vegas, i measc na gcearrbhach trom, agus seal eile thíos i nGleann an Bháis fhéin, nó i, “Death Valley”, mar a thugtar air i mBéarla, agus ní raibh sa mhéid sin ach cuid de na háiteacha a dtugamar cuairt orthu, an bhliain cinniúnach sin, ach ar ócáid eile, roimhe sin, thugamar seal i measc na Misean áille, Spáinneach, úd, atá le fáil go flúirseach, ó cheann ceann Chalafóirnia, nó tá Misean is fiche le fáil, fan chósta thiar Chalafóirnia, fan an Camino Real, nó an Bealach Ríoga sin, a shíneann ó San Diego go San Francisco, agus an tráth úd, shocraíomar inár n-aigne, go bhfillfeadh muid, am eicínt, le cuairt a thabhairt ar thuilleadh de na Misin áille sin.

Ag deireadh na bliana seo caite, thosaíomar ag pleanáil, le saoire eile a chaitheamh thall, agus ba é deireadh na mbeart é, nó gur shocraíomar ar bhunús Mhí Lúnasa na bliana seo caite, 2003, a chaitheamh i gCalafóirnia. Chaitheamar seal maith i mbun na n-ullmhúchán riachtanach. Bhí orainn seo a dhéanamh, is siúd a dhéanamh, seo a cheannacht agus an rud úd eile, a cheannacht. Bhí pasanna le fáil réidh, agus suíocháin a chur in áirithe d’eitilí áirithe, ar eitleáin de chuid Aer Lingus, agus chomh maith le sin uilig, bhí orainn, roinnt Dollar a cheannacht, le saoire míosa thall a mhaoinú. De réir a chéile ‘sea thógtar na caisleáin, adeireadh an tseandream, agus nárbh acu a bhí an ceart, ach i ndeireadh na feide, bhí chuile ullmhúchán déanta, chuile shórt ceannaithe, faighte, agus ní raibh le déanamh ansin, ach fanacht ar an lá spriocáilte. Cheapamar i dtosach, nach dtiocfadh an lá sin choíche, ach mar adeir an seanfhocal eile úd…Más fada an lá tiocfaidh an tráthnóna…..agus geallaimse dhuit é, gur tháinig an lá spriocáilte céanna sin aniar aduaidh orainn, i ndeireadh na dála

Ba é an t-ochtú lá de Lúnasa, an lá spriocáilte, agus ó tharla go mbeadh ár n-eitilt ag dul ar eite, thart ar a ceathrú chun a dódhéag, bhí orainn bheith ag an Aerfort, thart ar a ceathrú chun a naoi, nó b’in mar adúradh linn, pé scéal é. Bhuel, fuaireamar marcaíocht chun an Aerfoirt, tamaillín roimhe sin, agus dá bharr sin, bhíomar istigh sa bhfoirgneamah ollmhór sin, thart ar a hocht a chlog.

Bhí go maith! Nach mbeadh scathamh againn le bheith ag breathnú timpeall, agus b’fhéidir, ag guairdeall thart, i measc siopaí iomadúla an Aerfoirt. Rinneamar a raibh le déanamh, agus fuaireamar réidh lenár mbagáiste go breá luath, agus ansin, tar éis dúinn tamall a chaitheamh ag ól cupán caifé, chuamar trí na geataí iontrála isteach. Thugamar faoi deara, go raibh cúrsaí slándála i bhfad níos righne, agus an scrúdúchán i bhfad níos cúramaí, agus níos géire, tar mar a bhíodh, agus tú ag dul tríd an mbealach isteach chun leibhéal na n-eitiltí. Ach ní fhéadfadh duine ar bith cur ina choinne sin, nó ba ar mhaithe linn uilig é, a leithéid de scrúdú géar a chur ar chuile phaisnéir, a bheadh ag dul ar bord an eitleáin, inár gcosamar. Mar sin, in ionad fearg a chur orainn, is amhlaidh a thug sé misneach dúinn uilig.

Tar éis tamall a chaitheamh, ag dul trí na siopaí uilig sin, a shíneann fan an bhealaigh isteach, chuamar ansin trí oifig Imirce na Stát Aontaithe. Bhí foirmeacha le líonadh, agus ceisteanna le freagairt againn, ansin, ach i ndeireadh na dála, níorbh fhál go haer é, agus d’éirigh linn chuile chonstaic agus bac a shárú, agus stampáileadh ár bpasanna, agus bhí cead tugtha dúinn cuairt dleathach a thabhairt ar na Stáit Aontaithe. Faoin am seo, thugamar faoi deara, nach raibh an oiread sin ama fágtha le diomailt againn, ag an aerfort. Fuaireamar cupáin caifé agus ceapairí, agus shuíomar síos, ar ár sáimhín só, nó ní raibh ach leathuair a chloig le caitheamh againn, go dtí go ligfí dúinn dul ar bord Eitilt, EI 145, ó Bhaile Átha Cliath go Los Angeles. Bhí linn, nó b’in a cheapamar, ar aon nós.

Ní mar a shíltear a bhítear, go minic, áfach, agus b’in é díreach a tharla dúinne, an mhaidin álainn Fómhair sin. Ba é an chéad scéal a chualamar, nó gur cuireadh moill ar ár n-eitilt, agus anois, nach bhfágfadh sí an rúidbhealach go dtí a ceathrú chun a haon! Dona go leor! arsa muidinne linn fhéin, ach ní ró-fhada an t-achar é uair a’ chloig? Ba é an rud ba mheasa faoin scéal go léir, nó nár tugadh aon eolas deimhnitheach, oifigiúil, dúinn, bhí an scéal ag teacht chugainn, i bhfoirm ráflaí, agus de réir a chéile. Níos déanaí arís, dúradh nach bhfágfadh muid an tAerfort go dtí a leath i ndiaidh a haon. Tháinig an t-am sin, agus d’imigh, ach má tháinig, bhíomar uilig inár suí ansin fós, ar ár dtóin Ghaelach, agus gan aon fhógra poiblí tugtha dúinn, fós. Ar ball, tháinig an ráfla arís, ó dhuine eicínt a chuaigh suas chuig oifigeach eicínt, a bhí ar dualgas ansin. Síneadh eile ama, adúradh linn. Bheadh muid ag dul ar eite, ag a leath i ndiaidh a dó. Bhuel, ní dheachaigh muid, ach “fair play” dhóibh, thosaíomar ag dul ar bord, ag an am sin, a 2.30 i.n. Ag an bpointe sin adúradh linn, go poiblí, gurbh é cúis a bhí leis an mhoill go léir, nó cúrsaí ceo, agus bhí eitiltí uilig na maidne curtha go mór as alt, ag an gceo céanna sin. Bhuel, níorbh í ar mbeannacht a chuireamarna leis an gceo céanna sin, ach baineadh geit eile asainn, nuair a fuaireamar amach, go raibh ár n-eitleán páirceáilte, thart ar mhíle slí, amach ón bport bordála. Bus amháin a bhí ansin, le freastal ar na paisneirí uilig, a bheadh ag dul ar bord eitilt EI 145. Ní gá a rá, nach bhféadfaí an beart sin a dhéanamh in achar gearr! Ní thógfadh an bus sin ach thart ar dhá scór duine sa turas, agus déarfainn go raibh tarraingt ar thrí chéad paisnéir le hiompar ag an seanbhus céanna sin, chuig an eitleán. Chuirfeadh an scéal ar fad Aerfort tríú domhanda i gcuimhne dhuit, nó b’in an cineál ruda a tharlaíodh ag Aerfort Las Palmas, i nGran Canaria, thart ar scór bliain ó shoin. Ach níorbh aon am clamhsáin é, agus bhí chuile phaisnéir ar bord, roimh a trí, agus d’éirigh leis an gcaiptín, sinn a thabhairt ar eite, díreach ag a trí a chlog! Ní call dom a rá, go raibh tuirse an domhain orainn uilig, nó inár gcás-na, bhí thart ar seacht n-uaire a’ chloig caite againn, an mhaidin sin, ag Aerfort Átha Cliath, sular thug an t-eitleán sin rúid ábhalmhór i dtreo na spéire, agus gur éirigh lei, sinn a iompar inairde go gorm glan na spéire, taobh istigh d’achar an’ghearr.

Bhuel, mar adúirt mé, níorbh aon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta, ní raibh le déanamh againn, ach an t-áth a mholadh mar a fuaireamar é, agus an mí-ádh uilig a shlogadh le lán béil den bhfoighid. Rinneamar amhlaidh, agus m’fhocal agus mo lámh dhuit, go mbeadh sé deacair eitilt níos míne, ní níos réidhe, a shamhlú, fiú, an lá sin, ná an eitilt úd EI 145, ó Áth Cliath go Los Angeles, ar an lá breá Fómhair sin, an 8ú lá dhe Mheán Fómhair, 2003. Agus bíodh gur chaitheamar thart ar dheich n-uair a chloig san aer, mh’anam nár mhothaíomar ró-fhada é, agus in am tráth, thuirlingíomar ag Aerfort Ollmhór Idirnáisiúnta LAX, mar a thugtar i mBéarlagar an aeir, ar Aerfort Los Angeles.

Bhí sé éasca go maith dul trí na scrúdúcháin agus trí nósanna an aerfoirt thall, nó bhíodar sásta go raibh aire tugtha do na pointí sin uilig, i mBaile Átha Cliath.

Ní call dom a rá, go raibh áthas an domhain orainn, nuair a chonaiceamar go raibh ár mac, Micheál, ag fanacht linn ansin, ag an ngeata iontrála. Ba ghearr go rabhamar ar ár mbealach ó dheas, fan Saorbhealach a cúig, agus muid ar ár mbealach go cathair Encinitas, nó is ansin atá cónaí ar Mhicheál s’againne, i bhfobhaile ar a dtugtar, Cardiff by the Sea. Chaitheamar béile i mBialann fan an bhealaigh, agus shroicheamar ceann ár scríbe, thart ar a hocht a chlog, d’am na háite sin, tar éis dúinn breis is fiche huair, a chaitheamh i mbun an turais fhada sin. Ní gá a rá, go raibh tuirse bóthair is bealaigh orainn, agus tar éis duinn ár gcomhrá, is ár seanchas, a dhéanamh, chuamar a luí, agus chodlaíomar go héirí gréine gona lán soilse arna mhárach.

Agus b’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le clabhsúr a chur ar an gcéad alt seo, faoi na Misin Chalafóirneacha. Bí liom arís don chéad ghála eile, nuair a bheidh tuilleadh le rá agam faoi Shaoire Chalafóirneach na bliana seo 2003.

.

**************

Peadar Bairéad.

**************

    .

gaGaeilge