A r n a M i s i n 1 6 .
***********************
.
An Satharn, 23 Lúnasa 2003.
In Beautiful Ventura.
In ár suí go breá moch, i gcathair álainn seo Ventura, agus tar éis dúinn ár gcuid a chaitheamh, agus cibé eile a bhí le déanamh againn a dhéanamh, bhuaileamar bóthar, thart ar a deich, an mhaidin álainn Sathairn sin. Agus ó tharla gur ar Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia a bhí ár n-aird dírithe againn, le linn na laethe a chaitheamar ar ár dturas, shocraíomar ar chuairt a thabhairt ar Mhisean breá Buenaventura, ag 211 E. Main Street. Ba é seo an naoú Misean, den Mhisean is fiche, a thóg na Spáinnigh fan chósta Chalafóirnia. Bunaíodh an Misean seo sa bhliain 1782, agus ba é Aspal Chalafóirnia fhéin, an tAthair Junipero Serra, a bhunaigh an Misean seo. Dódh an séipéal orthu, sa bhliain 1790, agus deineadh é a atógáil arís, agus ath-choisriceadh é, sa bhliain 1809. Baineann an turasóir taitneamh, is dhá thaitneamh, as an séipéal céanna sin, sa lá atá inniu fhéin ann. Tabhair faoi deara Turas na gCros thart ar na fallaí. Nach iad atá galánta? Sea, agus an gcreidfeá go bhfuil 250 bliain caite acu ag spreagadh chreideamh na bhfíréan. Leag Crith Talún an Misean sa bhliain 1812, ach tógadh arís é, agus deineadh é a choisricean athuair, sa bhliain 1816, ach faoin mbliain 1834, deineadh an Misean a dhíeaglaisiú ag an Meicsicigh. Leag Crith Talún eile an díon, sa bhliain 1857, agus cuireadh díon nua air, go gairid ina dhiaidh sin.
The Restoration of the Mission.
Tar éis do Chalafóirnia a bheith fógartha ina Stát san Aontas, sa bhliain 1850, d’iarr an tEaspag Joseph Sadoc Alcemany ar an Rialtas, Gabhaltas an Mhisin, sé sin, an foirgneamh, teach na sagart, an reilg, an t-úllord agus an fíonghort, a thabhairt ar ais don Eaglais Chaitliceach. Bhronn an tUachtarán, Abraham Lincoln, an gabhaltas sin orthu, trí ghairm scoile a eisiúint, ar an 23 Bealtaine, sa bhliain 1862. Deineadh an Misean a athcóiriú, faoi mhaoirseacht an Athar Aubrey J. O’Reilly, idir na blianta 1956 agus 1957. Sea, agus le sinn a thabhairt suas chun dáta, mar adéarfá, deineadh athcóiriú iomlán ar dhíon an tSéipéil, sa bhliain 1976, agus i Mí na Nollag na bliana sin, rinne an Cairdinéal Timothy Manning an Séipéal a choisricean go sollúnta. Rinne an Misean a dhara céad a cheiliúradh, sa bhliain 1982.
An Padre Junipero Serro.
Nach minic mé ag tagairt don Padre Junipero Serro, sa tsraith seo altanna, agus b’fhéidir nár mhiste cupla rud a rá faoin bhfear fhéin anseo. Thosaigh an gnó ar fad, breis mhaith is dhá chéad bhliain ó shoin, ar Oileán Mallorca, mar a raibh Bráthair cráifeach Proinsiascánach, ag saothrú leis go dícheallach, i ngort an Tiarna. Ba shagart diaganta, agus Ollamh ildánach Diagachta, agus scoláire den scoth é, an Padre Serro, agus thosaigh sé ag guí Dé go dúthrachtach, go gceadófaí dó an saol bog a bhí aige i Mallorca a thréigint, agus dul ag saothrú i measc bhunstoc an Domhain Úir. Tugadh aird ar a ghuí, sa bhliain 1749, agus trí bliana is triocha ina dhiaidh sin, d’ardaigh sé an Chros Chéasta, “In playa de la canal de Santa Barabara”. Rinne sé sin, ar maidin Dhomhnach Cásca, sa bhliain 1782, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ag saothrú leis, go dícheallach, cruógach, cráite, i measc na ndúchasach, thall. D’ardaigh sé an Chros Chéasta, Cheiliúir sé Ard-Aifreann, agus thug seanmóir ar an Aiséirí uaidh, agus ansin, d’ainmnigh sé an Misean nua as Naomh Buenaventura. Ní call dom a rá, gur fhás baile thart ar na Misean sin, agus gur ainmníodh an baile as an Misean céanna sin. Fuair an sagart díograiseach a mhian, nó níl dabht ar domhan, ach gur fhág sé an saol bog taobh thiar de i Mallorca, agus gur chaith sé saol cruaidh céasta, cráite, ag saothrú leis go dúthrachtach, i measc na ndúchasach sa Domhan Úr úd ab ansa leis. Ba é an Misean sin an naoú Misean a bhunaigh an tAthair Junipero Serra fhéin, agus faoi mar a tharla sé, ba é an Misean deiridh a bhunaigh sé freisin, nó bhásaigh an fear bocht, dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1784.
Ventura City.
Dúirt mé, anois beag, gur ainmníodh an baile Ventura as an Misean sin San
Buenaventura, ach ní hionann sin is a rá, nach raibh aon bhaile ansin, sular tháinig na Proinsiascánaigh chun na háite sin lena Misean a bhunú ann, nó bhí, agus de réir dealraimh, bhí baile tógtha ansin, ag Indiaigh de Threibh an Chumash. Shisholop, a bhaist na hIndiaigh ar an mbaile a bhí ansin acusan san ionad sin, baile a bhunaigh siad, breis is míle cúig chéad bliain ó shoin anois. Nach minic a smaoiníonn muid sa taobh seo den domhan, nach bhfuil tada acu sna Stáit Aontaithe níos sine na ré Cholumbus, ach deir na saineolaithe, sé sin, na seandáluithe, linn, go bhfuil an t-uafás iarsmaí faighte acusan, in ait a bhfuil tochailt seandálaíochta ar siúl acu, at 113 Main Street, mar a bhfuil an “Albinger Archeeological Museum”, iarsmaí i bhfoirm potadóireachta, a théann siar chomh fada le 1600 R. C. agus sin breis mhaith is trí mhíle bliain siar sa stair!
Thóg sé roinnt mhaith ama orainn, turas iomlán an Mhisin a thabhairt, nó bhí an oiread sin d’iarsmaí suimiúla, spreagúla, ón tsean-am, le fáil i ngach coirnéal agus i ngach clúid, gur dheacair cúl a thabhairt leo. Caithfidh mé a admháil, gur chuir sé ionadh orm, tríd is tríd, a bhfuil d’iarsmaí ré na Misean curtha ar teaspáint acu sa timpeall, nó de ghnáth, ní smaoiníonn muid ar an Meiriceánaigh, mar dhream a chuirfeadh spéis i seandachtaí dá leithéid. Ach i ndáiríre, tá sé le feiceáil, go soiléir, nach é amhain gur dhein siad na seandachtaí sin a chaomhnú, ach ag an am gcéanna, tá sé níos soiléire fós, go bhfuil áthas agus bród orthu, as a bheith ábalta iad a chur ar teaspáint, do dhuine ar bith ar spéis leis a leithéid.
Time to go.
Nuair a bhí ár dturas ar an Misean críochnaithe againn, tuigeadh dúinn, go raibh sé in am againn bheith ag ardú ár seolta, mar tuigeadh dúinn go mbeadh an trácht ag dul i méad, de réir mar a bheadh an Satharn ag druidim chun críche. Chuaigh cúrsaí ar aghaidh go seoigh, agus ba bheag ní i bhfoirm tráchta a bhí le tabhairt faoi deara againn ar na Saorbhealaí. Chuamar trí Los Angeles gan stró dá laghad, agus ansin, stopamar tamall, le lón a chaitheamh, i mbaile beag, taobh amuigh den chathair ollmhór sin.
Chomh luath is a chuamar amach ar an Saorbhealach arís, tuigeadh dúinn, go raibh cúrsaí athraithe, iad imithe chun an donais, amach is amuigh, agus ón bpointe sin ar aghaidh, ba bheag pléisiúr a bhaineamar as ár dturas ó dheas go Cardiff by the Sea, nó ní raibh ann ach ag snámhaíl linn, go mall, réidh, go dtí gur shroicheamar an baile, ar deireadh thiar thall, thart ar a seacht a chlog sa tráthnóna, nuair a bhí an dorchadas ag titim ar muir is ar tír. Ach, má sea fhéin, bhí áthas orainn bheith ar ais arís, tar éis na laethe glórmhara a chaitheamar ag fánaíocht trí Mhisin Spainneacha Chalafóirnia. Thugamar an leaba orainn fhéin go breá luath, an oíche sin, agus ní call dhom a rá, gur chodlaíomar go sámh, go maidin gona lánsoilse arna mhárach.
Bí liom arís, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh gála eile sa tsraith seo, á ríomh agam daoibh!
**************
Peadar Bairéad.
**************
.
.
.
.