A r n a M i s i n 1 8 .

**************************

An Mháirt, an 26ú Lúnasa, 2003.

.

…….That visit to Julien…….

Ó tharla nach raibh ach roinnt bheag laethanta d’ár saoire fágtha, shocraíomar ar maidin, go raghadh muid ar thuras aeraíochta (an outing) go dtí an baile is áille, sa taobh sin tíre ar fad.

Cén baile é sin, an ea?

Julien, i measc na gcnoc, gan dabht ar domhan, agus cé go bhfuil an baile álainn sin tamall maith ó Encinitas, ag an am gcéanna, b’fhiú go mór fada an toradh an saothar. Bhí an lá go breá, brothallach, agus é iarraichtín beag ró-the, b’fhéidir; ach bhí fhios againn go maith, go mbeadh sé deas, fionnuar, nuair a shroichfheadh muid Julein, nó tá an baile sin píosa maith os cionn leibhéal na farraige. Stopamar tamall ag Ramona, le greim lóin a chaitheamh ansin, nó ní raibh deifir dá laghad orainn, ach muid amuigh ansin, le lá faoin dtor a chaitheamh sa dúiche álainn sin. Bhíomar i Julien roinnt babhtai cheana, agus caithfidh mé a rá, gur thaitin chuile chuairt ar an mbaile álainn seo níos fearr linn ná an chuairt roimhe sin, agus cheapamar nárbh eisceacht ar bith a bheadh sa lá áirithe seo.

…….Survival of a Mining Town……

D’fhás an baile seo, Julien, a chéaduair, nuair a fritheadh ór sa limistéar seo, agus baineadh úsáid as freisin, mar stáisiún, sa chóras taistil, agus poist. Nuair a chuaigh an t-ór i ndísc, ar ball, cheapfá nach mbeadh fágtha i Julien ach “Ghost town” faoi mar a tharla do roinnt mhaith bailte eile i gCalafoirnia, nuair a baineadh an t-ór uilig as a mianraí, ach bhí an t-ádh ar Julien, nó bhí talamh torthúil timpeall ar an mbaile seo, agus é an-oiriúnach do thorthaí, agus do bheostoc, do chapaill, ach go háirithe, agus nuair a bhí deireadh an óir bainte acu, d’iompaigh muintir an bhaile ar fheirmeoireacht, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas a mbaile a choinneáil sa tsiúl. Anois, de réir mar a chuaigh cúrsaí eacnamaíochta chun tosaigh, agus de réir mar a rinne bailte eile cuma nua-aoiseach a chur ar a sráideanna agus ar a bhfoirgintí, níor lean muintir Julien iad síos an casán sin, ach is amhlaidh a choinnigh siadsan a mbaile, díreach mar a bhí, agus níor lig siad do na hOllstóir mhóra spág a leagan ar shráideanna naofa a mbaile, ach oiread. D’éirigh leo, dár ndóigh, na seanfhoirgintí a athchóiriú, agus a mhaisiú, sa tslí, nárbh éasca baile chomh slachtmhar, chomh néata, chomh fáilteach leis, a fháil, áit ar bith sa Stát ollmhór sin Chalafóirnia.

…….Beautiful Countryside…….

Nuair a bhí ár lón caite againn i Ramona, agus ár scíth ligthe againn, d’ardaíomar ár seolta arís, agus thugamar an bóthar go Julien orainn fhéin. B’álainn an tír trínar ghabhamar. Sléibhte arda, garbha, clochacha, ag éirí go bagarthach (threateningly), ar ’chaon taobh dínn i dtosach, ach de réir mar a chuamar chun tosaigh, scuab an sléibhte leo, píosa siar uainn, agus ina n-áit, bhí páircaeanna breátha, crannacha, le feieeáil againn, ar gach taobh den bhóthar. Diaidh ar ndiaidh, thugamar faoi deara, go raibh saothar an duine ar an dtírdhreach le tabhairt faoi deara, agus é ag dul i méad, le chuile mhíle dár thaisteal muid, d’fhéadfá a rá. Ulloird (orchards) anseo, tréad breé bó ag iníor leo go sásta, san áit úd eile, agus eachra ag spraoi leo fhéin, sa ghraí eachrach thall. Agus cé nach mbíonn mórán den ghlaise le feiceáil i bpáirceanna timpeall Chalafóirnia, go háirithe an tráth seo bliana, bhí na páirceanna seo, ar ár mbealach go Julien, chomh glas leis na páirceanna a d’fheicfeá anseo in Éirinn, an tráth sin bliana.

Bhí muid chomh tógtha sin le háilleaht an radharcra, nár mhothaíomar go raibh muid ag druidim isteach i Julien. Bhíomar ag díriú ar lár an bhaile, nó bhí socruithe againn áit pháirceála a fháil, agus ansin, tamall a chaitheamh ag guairdeall timpeall, ag siopadóireacht, ag breathnú ar na foirgintí áille, agus ar deireadh thiar, bhí fúinn, buaileadh isteach i bproinnteach áirithe, le cupán tae agus píosa de thoirtín breá úll a fháil, roimh thosú ar an mbóthar abhaile.

…….Sudden Weather Change……

Taobh istigh de chupla soicind, áfach, dhorchaigh, agus dhubhaigh an spéir os ár gcionn, agus díreach chomh tapaidh, bhuail cupla sprais ollmhóra fearthainne gaothscáth agus díon an ghluaisteáin, sa chaoi gur cheapamar gur cioth cloch a thit ón spéir anuas orainn. Ba scanrúil, amach is amuigh, an tarlúint é. Mo mhac fhéin, Micheál, a bhí i mbun na tiomána, agus ó tharla go bhfuil cónaí airsean sa chuid sin de Chalafóirnia, thuig sé láithreach baol na hócáide. Níor dhein sé iarracht ar bith stopadh i Julien, ach, as ag brách leis, amach as an mbaile, chomh tiubh géar is a d’fhéadfadh sé. Bóthar a 79, a thug sé air fhéin. Ní raibh muid ach iompaithe síos an bóthar sin, agus muid ag iarraidh éaló as Julien amach, nuair a bhí ina chlagar (downpour), agus é ag stealladh sceana gréasaí ar lom a dhíchill. Bhí sé deacair tada a fheiceáil, bhí an tuile ag titim chomh tiubh orainn, faoin am sin. Ba ghearr go raibh orainn ár luas a ísliú, nó bhí sé ag éirí níos deacra, agus níos deacra fós, tada a fheiceáil tríd an ngleáradh báistí, agus chomh maith le sin, bhí an t-uisce, faoin am seo, ag sileadh leis, trasna an bhóthair, romhainn amach, agus é sin ag dul i ndoimhne, de réir a chéile, agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, bhí clábar buí, agus chuile chineál bruscair, á n-iompar trasna an bhóthair, romhainn amach, ag an dtuile chéanna sin. Ansin, thángamar go casadh sa bhóthar sin, agus ag an bpointe sin, bhí sé deacair bóthar a aithint thar pháirc, ach bhí an t-ádh orainn, agus roghnaíomar an bealach ceart amach as an gcoirnéal cinniúnach sin.

…….Narrow Escape ! …….

B’in an pointe ab ísle ar an mbóthar sin, agus uaidh sin amach, bíodh nárbh éasca an cleas é fanacht ar an mbóthar fós, ag an am gcéanna, ní raibh cúrsaí ag dul in olcas, nó ní raibh an t-uisce, nó ana clábar, nó an burscar, ag fanacht ar an mbóthar, ach iad ag sileadh uaidh isteach i pé cineál díogacha a bhí acu fan thaobh an bhóthair. Bhí linn. Tar éis dúinn thart ar dheich míle eile a chur dínn, stop an gleáradh, agus ghlan an spéir, agus bhí an stoirm thart. D’éirigh linn teacht slán ó cheann de na tuilte sléibhe ba mheasa sa taobh sin tíre le mám blianta anuas, Ach geallaimse dhuit é, gur baineadh scanradh ár n-anama asainne, agus tá mé ag ceapadh, go bhfuil deireadh dínne feicthe ag Julien feasta, nó níl dabht ar domhan ach gur contúirteach, baolach, an áit é, go háirithe do strainséirí! Sea, agus cuimhnigh freisin chomh baolach is a bhí an tír chéanna sin, thart ar Julien, le linn na dtinte ollmhóra foraoise, a chráigh Calafóirnia, in eireaball na bliana seo caite.

Ar ár mbealach ar ais, thaistil muid an bóthar sin, go dtí gur tháinig muid chomh fada le Saorbhealach a 8, agus ansin, chasamar ar dheis, agus leanamar orainn isteach go San Diego, mar ar iompaigh muid ar dheis arís, agus suas linn ansin, ar ár sáimhín só ar Saorbhealach a 5, saorbhealach a thug slán abhaile go Cardiff by the Sea sinn.

Ní call dom a rá, go raibh ábhar cainte againn an oíche sin, agus go ceann roinnt laethanta ina dhiaidh sin freisin. Ach fágfaidh mé ansin é mar scéal, an babhta seo.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

gaGaeilge