A r n a M i s i n . 14 .

Tough Employer!

An babhta deiridh, bhíomar ag caint ar an gcaoi a dtugadh William Randolph fhéin cuairt ar San Simeon, uaireannta nuair ba lú súil ag éinne leis, agus sa chaoi sin, tharla ar chuairt amháin díobh sin go ndeachaigh an aimsir chun donais ar fad, ar fad, agus ba bheag nár préachach é fhéin agus pé cuairteoirí a bhí in éindigh leis, ar aon chuma, léiríonn a mhíshástacht le cúrsaí, an tráth sin, an chaoi ar theastaigh uaidh go mbeadh a chaisleán, ní hamháin álainn, ach compórdach, sláintiúil, ag an am gcéanna. Féach mar a chuir sé a mhíshástacht in iúl dá ailtire…….

We are leaving the hill. We are drowned, blown and frozen out. Before we build anything more let’s make what we have built practical, comfortable and beautiful. If we can’t do that we might just as well change the names of the houses to Pneumonia House, Diphtheria House and Influenza Bungalow. The main house we can call the Clinic.

Sea, mh’anam! Níorbh aon ribín réidh é an tUasal William, nó d’fhéadfá a rá ago raibh faobhar ar a theanga a bhearrfadh (shave) duine! Ach má sea fhéin, bhí bua na foighde ag a ailtire, nó is cosúil go raibh an scil céanna sin foghlamtha, agus foghlamtha go maith ag Miss Julia. Breathnaigh freisin ar “Linn Neptune”, Thóg sé dhá bhliain déag orthu an tionscnamh sin a chríochnú. Thosaigh siad air sa bhliian 1924, ní raibh ón Máistir ach Linn bheag, agus gairdín deas pictiúrtha (landscaped) timpeall uirthi, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí an gnó sin curtha i gcrích, geall leis, dúirt William Randolph gur theastaigh Linn i bhfad níos mó uaidh, Linn a bhféadfadh daoine snámh inti. Chuaigh Miss Morgan chun oibre arís, agus bhí an gnó sin curtha i gcrích aice, sa mbliain 1927. Bhí go maith, ach sa mbliain 1934, tháinig Hearst chuice arís, agus an babhta seo, theastaigh uaidh go ndéanfaí an Linn a leathnú tuilleadh, le slí a dhéanamh do Theampall Gréagach, agus ionas go bhféadfaí tuilleadh dealbha a shuíomh timpeall na Linne. Caithfidh gur chuir na hathruithe céanna sin as go mór don ailtire (architect), ag an am, ach, nuair a bhreathnaíonn muidinne ar an earra críochnaithe anois, feictear dúinn, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid uilig sin, nó bheadh sé deacair an “Nepture Pool” a shamhlú ar bhealach ar bith eile, ach sa chaoi ina bhfuil sí anois.

Sampla eile den chaoi a ndéanadh Hearst a intinn a athrú faoi phleananna an Chaisleáin, isea an chaoi ar chuir sé iachall ar Julia, na Túir a athrú, agus a mhéadú, nuair nár thaitin a gcuma leis, agus sin tar éis dóibh a bheith tógtha de réir an chéad phlean. Dá mba ailtire eile a bheadh i mbun oibre ag Hearst, déarfadh sé leis dul ag feadaíl, agus an caisleán a thógáil é fhéin, ach, de réir dealraimh, bhí Julia Morgan lán tsásta glacadh le treoracha a fostóra, agus pleananna nua a dhréachtadh dó, agus dár ndóigh, chuir sí sin uilig ar an mbille! Bean ghnó den scoth ab’ ea Julia s’againne! Agus nuair a chuireann tú san áireamh gur chuir Julia suas leis na céapair sin, ar feadh seacht mbliana is fiche, tuigtear dúinn, go mba charraig ar fhoighid í freisin.

.Compulsive Collector….

Labhair mé cheana faoi Hearst an bailitheoir. Bhí sé tugtha don bhailiú, faoi mar a bheadh meisceoir tugtha don ól. Ní raibh leigheas aige air, agus tráth amháin, bhí na cúig stórais, a bhí aige i San Simeon, ag cur thar maoil le seandachtaí, agus le hoibreacha ealaíne, de chuile chineál. Ní call a rá, gur bhain sé úsáid astu sin, lena Chaisleán a mhaisiú, nó b’fhéidir go mbeadh sé níos giorra don bhfírinne, dá ndéarfainn gur bhain sé úsáid as an gCaisleán, leis na seandachtaí, agus leis na hoibreacha ealaíne, a chur ar teaspáint ann. Agus nuair a bhí an Caisleán lom lán leo, bhain sé úsáid as na caisleáin eile, agus as na hárais eile, a bhí aige, leis an bhfarrasbarr (surplus) a chur ar teaspáint iontu siúd, agus chomh maith le sin, thug sé roinnt áirithe díobh do Hollywood, le húsáid a bhaint astu, mar áiseanna sna scannáin, agus tugadh tuilleadh fós ar iasacht chuig dánlanna áirithe, ar iasacht. Bhí a dhúil sa mbailiú chomh mór sin, nach bhféadfadh sé stopadh, agus sa tslí sin, ní raibh áit aige don méid a bhailigh sé a chrochadh nó a úsáid.

….Important Visitors….

Labhair mé cheana, faoin méid cuairteiori a bhíodh ag triall ar Hearst Castle, seachtain i ndiaidh seachtaine, nó dhealródh sé (it would appear), go mba dhuine an-chuideachtúil é Hearst, amach is amuigh, agus ní call dom a rá, go mbíodh “creme de la creme” d’uaisle na ré sin, ar chuairt ann, bíodh nár aithníodh uaisleacht, nó gradam, dá laghad, nó dá mhéad, i measc na gcuairteoirí céanna sin. B’ionann íseal agus uasal ag bord Hearst, ina Chaisleán. Ach breathnaigh ar chuid de na hainmneacha atá le fáil fós ar liostaí na gccuairteoirí sin, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim. Ar na liostaí sin léitear ainmneacha ar nós……

Charles Lindberg, the Duke and Duchess of Windsor, Calvin and Grace Coolidge, Winston Churchill, Charles Chaplin, James Stewart,

agus tuilleadh dá leithéid. Mura raibh cuireadh ó Hearst agat, an tráth úd, ní raibh seans dá laghad agat spléachadh a fháil ar Chaisleán Hearst, nó ar a thimpeallacht, nó bhíodar i bhfad ón mBealach Mór, agus dár ndóigh, ba le Hearst an ceathrú milliún acra sin, a bhí thart ar an gCaisleán céanna sin, agus choinníodh sé sin píosa maith amach ó San Simeon, agus ón gCnoc Draíochta, thú.

Sa bhliain 1937, agus an domhan mór frí chéile, agus ag sleamhnú leis i dtreo a bhasctha, tharla go raibh Hearst fhéin i dtrioblóid, nó dá shaibhre é, tamall roimhe sin, bhí a chorporáid $126 mhilliún i bhfiacha. B’éigean don bhfear mór gearradh siar go mor, ar a chuid tionscadal, ar an gCnoc Draíochta, ach faoim mbliain 1945, nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart, thosaigh sé arís, ar roinnt áirithe a dhéanamh ag San Simeon. Sa bhliain 1947, d’fhág William Randolph Hearst a Chaisleán don uair dheiridh, nó bhí ag teip ar a shláinte. Bhásaigh sé, sa bhliain 1951, agus ansin, tar éis a bháis, cuireadh lán stad le an tógáil ar an gCuesta Encantada, agus bíodh go raibh an oiread sin curtha i gcrích ag Hearst agus ag Morgan, faoin am sin, bhí tuilleadh maith fós, a fágadh gan chríochnú, ag an bpointe sin.

….Gifted to the State….

Faoin mbliain 1957, bhronn Corporáid Hearst an Caisleán, agus tailte iomadúla timpeall an Chaisleáin, ar Stát Chalafóirnia, ionas go ndéanfadh siadsan cúram díobh feasta. Níor fágadh clann Hearst ar an mblár folaimh áfach, nó fágadh cuid den Eastát, arbh fhiú thart ar $220 milliún, acusan, i bhfoirm iontaobhais (in the form of a trust). Fágadh an rainse ollmhór sin acusan, agus oibrítear na tailte sin, mar rainse, anuas go dtí an lá atá inniu ann. D’oscail an Stát Caisleán San Simeon don phobal, sa bhlain 1958, agus ar ball, tógadh Ionad Fáiltithe, agus Iarsmalann, ar an talamh réidh ag bun na gcnoc, cúig mhíle ón gCaisleán, le freastal ar na mílte, agus na mílte, ar theastaigbh uathu cuairt a thabhairt ar an gCaisleán is cáiliúla ar domhan, agus sa lá atá inniu ann, déanann siad freastal ar thart ar mhilliún cuairteoir in aghaidh na bliana a thagann ar oilithreacht chun an Chaisleáin. Ní call a rá, gur fhostaigh siad na céadta saineolaithe le cúram a dhéanamh don bhfoirgneamh agus dá bhfuil de sheoda luachmhara carnaithe istigh ann.

Ní dhéanfaidh muid dearmad go luath, ar an lá iontach sin, a chaith muid ar chuairt i gCaisleán San Simeon, ar shléibhte Santa Lucia. Ba lá dár saol é. Tá súil agam, gur bhain tú taitneamh as bheith in éindigh liom, fan an bhealaigh.

*************

Peadar Bairéad.

*************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge