A r n a M i s i n 2 .

.

****************************

.

Ar deireadh thiar thall, bhí na Stáit Aontaithe bainte amach againn. Bhí ár gcodladh ar an oíche Aoine sin corrach go maith, nó bhíomar anois i gcrios ama eile ar fad, agus ocht n-uaire de dhifir idir an gcrios sin agus an crios s’againne, ach ba é críoch na mbeart é, go rabhamar ar ár gcois go breá luath, thart ar a seacht, in am Chalafóirnia, an mhaidin Sathairn sin. D’itheamar ár mbricfeasta, agus d’fhanamar timpeall ansin ag caint is ag comhrá, go ham lóin. I ndiaidh an lóin, tuigeadh dúinn nárbh olc an smaoineamh é, nós na Spáinneach a leanacht, agus “siesta”, nó scíth nóna, a ligint. Rinneamar sin, agus tar éis dúinn cupla uair a chaitheamh i mbun an ghnó sin, d’éiríomar arís, le seal a chaitheamh inár suí. Le fírinne, ní raibh fhios againn cé acu ag teacht, nó ag imeacht, a bhíomar, i rith an lae sin, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh ag breathnú ar scannán de chuid Frazier, thugamar an leaba orainn fhéin arís, thart ar a deich. D’éirigh i bhfad níos fearr linn an dara oíche sin, nó cé gur dhúisíomar roinnt mhaith uaireannta i rith na hoíche, ag an am gcéanna, d’éirigh linn codladh go breacadh an lae, an mhaidin Domhnaigh sin.

Bhíomar ar ár gcois, ag a hocht, agus muid ag mothú go raibh muid ag fáil réidh leis an moilliú scairde, nó an “jet lag” diabhalta sin, a fhágann duine ina leath-amadán, ar feadh roinnt laethanta. Sea, b’fhéidir go raibh an lámh in uachtar faighte againn ar an moilliú céanna sin, agus go mbeadh ar ár gcumas luí isteach feasta ar an am áitiúil.

Ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, shocraíomar ar dhul chun an Aifrinn in Oceanside, i Halla St Margaret, Halla a bhí thart ar thuras leathuaire a’ chloig uainn. Shroicheamar an Halla sin, in am tráth, agus bíodh go bhfuil an Halla céanna sin breá fairsing, ag an am gcéanna, níl aon chóras aer-oiriúnaithe ann, rud a fhágann go n-éiríonn sé diabhalta te, le linn na searmanas. Ar aon chuma, roghnaíomar fhéin suíocháin, thiar ag cúl an Halla sin, rud a d’fhág, go raibh neart spáis againn, agus nár éirigh sé ró-the, ag an am gcéanna. Bhí pobal breá bailithe sa Halla fairsing sin, nó d’fhéadfá a rá, go raibh an áit lán go doras, agus ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orm fhéin nó an méid sin daoine óga a bhí sa láthair, agus nílim ag caint faoi pháistí anois, ach daoine sna déaga agus sna fichidí, agus cuid mhaith acusan i mbun dualgas mar fháilteoirí, mar léitheoirí, agus mar mhinistrí eochairisteacha, freisin. Mór idir sin agus an chaoi a bhfuil cúrsaí sna séipéil s’againne! Rud eile a thabharfá faoi deara, nó an chaoi a raibh na ciníocha éagsúla measctha ar a chéile san aon phobal aontaithe amháin sin. Canadh iomann. Buaileadh clog. Agus ansin, tháinig an sagart agus a chuid ministrí suas tríd an Halla, ar a mórshiúl chun na hAltóra.

Fuair mé amach, ar ball, gurbh é an tAthair Cávana Wallace, an “Pastor”, a bhí mar cheiliúraí againn, an Domhnach sin, nó eisean an Sagart Pobail atá acu sa Pharáiste sin Naomh Mhaighréad. Béal Feirsteach is ea é, a bhfuil a mhuintir ag cur fúthu i gCúige Uladh fós. An-sagart go deo isea an tAthair Cávana, agus meas an domhain ag a phobal thall air. Chuaigh cúrsaí chun tosaigh go breá, le linn an Aifrinn, agus ba bheag difir i ndáiríre idir Aifreann thall agus an tAifreann s’againne. Thabharfá faoi deara, b’fhéidir, go bhfuil difir bheag idir Chomhartha na Síochána thall agus an chomhartha a mhalartaítear abhus, nó is minic a bhíonn barróga agus póga i gceist acu thall, áit nach mbíonn sa treis againne ach an craitheadh láimhe. Arís, le linn an “Ár nAthair” beireann gach duine den phobal greim láimhe ar na daoine taobh leis, agus ardaítear na lámha ansin, faoi mar a ardaíonn an sagart a lámha-san, ag guí na Paidre diaga sin. Taobh amuigh de sin, canann an pobal iomainn, rud nach dtarlaíonn anseo go ró-mhinic, agus ní fhéadfá, dár liomsa, a mhilleán sin a leagan ar an bpobal! Tá difir mhór amháin eile idir na hAifrinntí anseo, agus na hAifrinntí thall, agus sin go mbíonn na hAifrinntí s’againne críochnaithe, taobh istigh de leathuair a chloig, fad is a mhaireann na hAifrinntí thall, thart ar uair a’ chloig, ar a laghad.

Cad is cúis le sin? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.

Bhuel, ceart go leor, cuireann na hiomainn le fad na hócáide, ach, sé an rud is mó a chuireann leis an am sin, nó fad na seanmóra. Maireann an tseanmóir thall, thart ar leathuair a’chloig, áit a mhaireann bunús na seanmóirí abhus, thart ar chúig nóiméad, nó mar sin. Bhuel, b’in mar a tharla an chéad Domhnach a chaitheamar thall, ar aon nós, agus anois, ar eagla go gceapfá, go raibh mé ag lochtú an Athar Cávana, caithfidh mé a rá anseo, gur thug sé seanmóir ar dóigh uaidh. Labhair sé go díreach leis an bpobal, agus thuig sé láithreach, go raibh ag éirí leis dul i gcionn orthu. Sea, mh’anam, agus níorbh éasca in aon chor an t-ábhar a roghnaigh sé don ócáid, an Domhnach céanna sin. Mistéir na hEochairiste a bhí idir chamáin aige, agus an chaoi ar cheangail an Tiarna ithe agus ól, bia agus deoch, arán agus fíon, lena láithreacht fhéin in ár measc, agus díreach mar a thugann bia agus deoch beatha don chorp, don tsaol seo, sa tslí chéanna, tugann fuil agus feoil an Tiarna beatha d’anam an duine, don tsaol atá le teacht.

“Amen, Amen, adeirim libh,

mura n-ithe sibh feoil Mhac an Duine,

agus a chuid fola a ól,

ní bheidh beatha agaibh ionaibh.”

Agus leis an meid sin a neartú, cuireann sé an t-aguisín seo leis…

“Is bia go fíor mo chuid feola

Agus is deoch go fíor mo chuid fola.

An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil,

Cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.

Sea, mh’anam, níor fhág an Tiarna aon amhras ar bith ar a lucht éisteachta, níor chuir sé fiacail ann, mar adéarfá, ach é á rá amach go neamhbhalbh, suas chun a mbéal é! Níl aon éaló ón méid adúirt sé lena lucht éisteachta ansin. Bia agus deoch, fuil agus feoil, lón beatha curtha ar fáil dúinn, sea, bia don aistir, bia don saol nua spioradálta a bhí á gheallúint aige dá lucht éisteachta. Fanfaidh cuimhne na seanmóra sin liom go ceann i bhfad, geallaimse dhuit é, agus sin, cé go raibh mé ag cur allais go tiubh, i dteas neamhghnách an Halla úd Naomh Maighréad.

Caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh a sheanmóir i gcionn go mór orm fhéin, ach go háirithe, nó b’fhada an lá ó chuala mé a chomh-mhaith de sheanmóir.

Agus ag leanúint ón tseanmóir, ní gá a rá, go raibh an Chomaoin Naofa le fáil ag an bpobal faoi ghné aráin, agus faoi ghné fíona, freisin. D’fhéadfadh duine an dá cheann a ghlacadh, nó d’fhéadfadh sé ceachtar den dá cheann sin a ghlacadh, faoi mar ba rogha leis fhéin. Tharlaíonn a leithéid anseo, ach ní go ró-mhinic. Níl fhios agam fhéin cén fáth a dtarlaíonn sé chomh hannamh sin, nó i bpaidreacha an Aifrinn, tá sé le tuiscint, gur béile é an Eochairist, agus go bhfuil bia agus deoch i gceist sa mbeile céanna sin. Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile.

Rinne an tAthair naofa tagairt freisin do na pleananna a bhí acu le séipéal nua a thógáil, agus gheall sé dá phobal go mbeadh cóip de na pleananna céanna aige dóibh, ag Aifreann an Domhnaigh ina dhiaidh sin. Smaoinigh mé fhéin gur chuala mé an scéal céanna, trí bliana roimhe sin, nó bhí Paráiste Naomh Maighréad meáite ar shéipéal nua a thógáil, an uair dheiridh a bhí mé fhéin ina measc, bliain na mílaoise. Bhuel, an Domhnach dár gcionn, bhí a phleananna i Nuachtlitir an Pharáiste acu, agus caithfidh mé a rá leat, go mba phleananna ar dóigh a bhí iontu. Bhí an sagart ag maíomh, go mbeadh orthu bac a chur ar strainséirí, nó ní bheadh duine sna paráistí ina n-aice, nach mbeadh ag iarraidh Aifreann a éisteacht sa Séipéal breá, fairsing nua-aoiseach, aer-chóirithe, a bhí le tógáil acu ansin, i bParáiste Naomh Maighréad. Agus ceart go leor, bhí na pleananna ansin le feiceáil ag chuile dhuine. Séipéal breá, fairsing, croschruthach, spreagúil a bheadh ann. Ní raibh aon “Mair a chapaill, is gheobhair féar” ag baint leis an sagart Béalfeirsteach seo, ach é lán-dáiríre, agus féith an ghrinn go smior na gcnámh ann, ach ag an am gcéanna, ba shagart é a raibh doimhneas, spioradáltacht, agus cráifeacht ag baint leis, sagart ar bhreá leat do chomhrá a dhéanamh leis. Rinneamar fhéin ár gcomhrá leis, chuile Dhomhnach, fad is a bhíomar ar saoire thall.

Ó! sea, agus sin rud eile, a bhí difriúil acu thall, thar mar a bhíonn againne abhus. I ndiaidh an Aifrinn, chuile Dhomhnach is Lá Saoire, bailíonn an pobal taobh amuigh de Theach an Phobail, agus déanann a gcomhrá, agus fiú nach bhfuil boird agus cathaoireacha ansin, agus scátha breátha fairsinge gréine os a gcionn, le deis a thabhairt do dhaoine a gcupáin caifé a ól ar a sáimhín só, ansin, folaithe ó theas creathnach na gréine gile. Agus chomh fada is a bhíonn na daoine fásta ar a sáimhín só mar sin, bíonn deis ag na daoine beaga, borróga, nó milseoga, de chineál eicínt, a fháil dóibh fhéin, sa chaoi go ndéantar ócáid bhreá, thaitneamhach, shóisialta, de, agus fágann sin, go mbíonn fonn ar dhaoine teacht ar ais arís, an Domhnach dár gcionn, le bualadh lena gcairde, i ndiaidh an Aifrinn, agus i ndáiríre, nárbh é sin díreach a dhéanadh an seandream s’againne, i ndiaidh an Aifrinn, na blianta fada ó shoin, bíodh nach mbíodh na “buns” nó na “Parasols”, úd acu, nó ag teastáil uathu, ach oiread, an tráth sin.

Labhair mé thuas, faoi fhad an Aifrinn, thall, i gcomparáid leis an bhfad a mhaireann sé anseo, agus dúirt mé, gur mhair an Seanmóir thart ar leathuair a chloig thall, bhuel, tharla Domhnach eile go raibh ábhar níos casta fós idir chamáin ag an Athair naofa, agus gur chaith sé trí cheathrú uaire a chloig i mbun na seanmóra, an Domhnach áirithe sin. Sea, agus ní raibh a chuma air, gur chuir sin isteach puinn ar an bpobal. Agus b’in rud a thug mé faoi deara, an uair dheiridh a bhí mé thall, freisin. I ndáiríre, déarfainn go mbíonn siad ag súil go mairfeadh na searmanais thart ar uair a’ chloig, ar a laghad!

I ndiaidh an Aifrinn sin i St. Margarets, chuamar ag siopadóireacht seal, in Ionad Siopadóireachta, in aice láimhe, mar a raibh stórais mhóra ag Robinson Maye, agus ag Muintir Sears, agus bíodh go raibh an lá te brothallach, taobh amuigh, bhí sé deas fionnuar istigh, nó bhí an córas aer-oiriúnaithe ag obair leis, ar a mhíle dhícheall. Ar ball, chaitheamar lón deas blasta i mBialann thíos staighre, san Ionad Siopadóireachta sin.

****************

Peadar Bairéad.

*****************

  .

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge