I m B é a l a n P h o b a i l .

.

(Ar na Misin…..20 .) ……..Final instalment…….

Bhuel, déarfainn go bhfuil an t-am tagtha anois, le críoch a chur leis an tsraith aistí seo faoi na laethe saoire a chaitheamar i gCalafóirnia, i Lúnasa na bliana seo caite, 2003. Go háirithe, ó tharla nach raibh fágtha againn, ag an bpointe sin, ach cupla lá eile, le toit a bhaint as aeráid álainn na dúiche beannaithe sin.

Ar an gCéadaoin, an 27ú Lúnasa, 2003

Shhocraíomar ar seal a chaitheamh amuigh ar ghalfchúrsa, le taitneamh a bhaint as an gcluiche sin a imirt in aimsir bhrothallach an Stáit seo, agus go háirithe, ó tharla go raibh coinne déanta dúinn ar an “Oceanside Municipal Golf Course”, tuigeadh dúinn, nach raibh an dara rogha againn, ach bheith i láthair ansin, ag an am spriocáilte (at the appointed time). Bhíomar ar an bhfód in am, agus ó tharla go raibh chuile shórt in ord is in eagar againne, níor cuireadh moill ar bith orainn, agus ba ghearr go raibh muid amuigh ar an gcúrsa, agus muid ag pleancadh liathróidí amuigh ansin, faoi mar a bheadh Dia á rá linn! Ceathrar againn a bhí i bhfochair a chéile, mé fhéin is mo mhac, agus beirt eile, Haváíoch (Hawiian) is a mhac siúd, a bhí ag imirt linn, agus ní call dom a rá, gur bhaineamar taitneamh agus craic as an ócáid. B’álainn an lá é, agus bhí an Cúrsa mar a d’iarrfhadh do bhéal fhéin é a bheith.

……..Strict Control……..

Bhí “Maor an Chúrsa” (The Ambassador) ag tiomáint timpeall, feadh an ama go léir, agus súil ghéar á choinneáil aige ar na himreoirí, agus ba é an chloch ba mhó ar a phaidrín siúd, nó nach gcuirfeadh imreoir ar bith moill ar imreoirí eile. Dá ndéanfadh, chuirfeadh seisean iachall airsean, nó ar a fhoireann, chuirfeadh sé iachall orthu, dul chun tosaigh, agus teacht suas leis na himreoirí a bhí rompu amach. Mura gceartódh sin an scéal, bhuel, ansin thabharfadh sé bata agus bóthar do na himreoirí malla sin! Ba é an mana (motto) a bhí acu nó ….

“Slow Play Affects Everyone.

Please Cooperate for the Enjoyment of All.”

Bheadh sé deacair locht a fháil ar an gCúrsa fhéin, nó ba shoiléir go dtugaidís togha na haire dó, lá i ndiaidh lae, agus ó cheann ceann na bliana.

I ndiaidh an chluiche sin, thugamar an baile orainn fhéin, agus bhíomar sa bhaile roimh a seacht, nó titeann an dorchadas luath go leor sa tír seo, ach shocraíomar go n-imreoimis cluiche eile ansin, dá mbeadh an deis againn, roimh dheireadh na seachtaine sin.

……..A Visit to SEAWORLD…….

Ar an lá dár gcionn, ar an Déardaoin an 28ú Lúnasa, shocraíomar ar chuairt a thabhairt ar “Seaworld”. Rud a dheineamar. Thíos i San Diego atá an t-ionad céanna sin suite, agus bí ag caint ar “mór”! Nó ní mór atá sé, ach ollmhór, agus ní call dom a rá, go dtógfadh sé lá iomlán ort, leis an áit uilig a fheiceáil. Ní raibh beartaithe againne an oiread sin ama a chaitheamh i mbun an ghnó sin, nó i ndáiríre, ní raibh uainn, ach an áit a fheiceáil, agus blas an ionaid a fháil, sa chaoi go dtuigfeadh muid feasta, céard a bhí le feiceáil, agus le clos, thíos ansin. Níor fhágamar an baile go dtí thart ar a dó san iarnóin, agus shroicheamar “Seaworld”, taobh istigh d’uair a chloig, déarfainn. Tar éis dúinn an carr a pháirceáil, agus ticéid a fháil, isteach linn. Ba é an chéad rud a dheineamar nó greim lóin a fháil dúinn fhéin, agus bhaineamar sásamh an an ngreim céanna sin, agus muid ag breathnú ar na sluaite ag brostú tharainn, chuile dhuine agus fuadar dá chuid fhéin faoi. Chaith muid seal ansin ag guairdeall timpeall, agus muid ag tabhairt chuile shórt faoi deara, agus ansin, de thaisme, tháinig muid ar scuaine daoine (queue) agus iad ag fanacht ar dhul isteach chuig seó, a bhí le láithriú ansin, i gcionn cupla nóiméad.

……..Sea-Lions and Otters …….

Mór-Rónta (sea-lions) agus Madraí Uisce (otters) a bheadh ag aisteoireacht dúinn sa seó seo. Ní gá a rá go raibh roinnt daoine freisin ar an bhfód, le horduithe a thabhairt do na hainmhithe céanna sin. Bhí roinnt suíochán chun tosaigh, agus thugamar faoi deara nach raibh aon ró-fhonn ar dhaoine fásta suí iontusan, ach bhí na daoine óga ag baint na sál dá chéile, ag iarraidh suíochán a fháil sa steallchrios, nó sa “splash zone” sin. Ar ball, cuireadh tús leis an seó sin, agus caithfidh mé a rá, gur bhaineamar sásamh agus taitneamh as na beithigh chéanna sin i mbun a gcuid cleas, agus i ndáiríre, bhí sé deacair a chreidiúint, go bhféadfaí cleasa chomh casta sin a mhúineadh dóibh.

…….Jet Copter Simulator ……

Ar ball, chuamar isteach i mboth, a bhí leagtha amach mar chábán héalacaptair, agus nuair a bhí chuile dhuine suite, agus na soilse múchta, thosaigh an seó seo. Chuaigh an héalacaptar “ar eite”, mar dhea, agus thabharfá do leabhar breac fhéin, go raibh tú istigh san héalacaptar sin, agus tú ag eitilt leat os cionn an Artaigh fhiáin, agus cheapfá, go bhféadfá do mhéar a leagan ar na rónta, agus na béir bhána, a bhí le feiceáil go flúirseach, sa taobh sin tíre. Ar ball, “thuirlingíomar”, agus ina dhiaidh sin, bhí deis againn siúl trí hallaí agus trí phóirsí oighreata, mar a raibh deis againn, saol fiáin aisteach an Artaigh, a thabhairt faoi deara, ar ár sáimhín só.

Ina dhiaidh sin, chuaigh mo mhac, is mo gharmhac, ar thuras báid, síos na “Shipwreck Rapids” mar a thugtar orthu, agus an bád ag casadh, agus ag lúbaireacht, le sruth, agus uisce á stealladh isteach orthu ó chuile thaobh. D’fhanamarna slán sábháilte ar an mbruach, agus muid ag éisteacht le béicíl na ndaoine óga agus screadaíl na ndaoine fásta, de réir mar a scuabadh, ar luas, le sruth iad, síos, síos le fána an tsrutha, agus iad ag síorchasadh, feadh an aistir.

………”Shamu” the Great !……..

Chuamar timpeall ansin le radharc a fháil ar an Míol Mór Mara (whale) cáiliúil sin, Shamu fhéin agus a chairde, mar a raibh siad ag snámh agus ag déanamh a gcuid cleas, amuigh ansin i linn speisialta dá gcuid fhéin. Ní call dom a rá, go gcuirfeadh na beithigh allta sin áthas agus alltacht, in eineacht, ort, nó bíodh go bhfuil siad chomh trom ollmhór sin, ag an am gcéanna, nach gasta mar a sciúrdann siad timpeall na linne sin, agus thabharfá an leabhar, gur thuig siad go rí-mhaith, go raibh muidinne á dtabhairt faoi deara, nó anois is arís, tar éis doibh seal a chaiteamh ag snámh timpeall go réidh, ciúin, chuirfeadh siad an croí trasna ionat, nuair a léimidís go tobann as an linn, agus nuair a chasaidís timpeall, le lán a dhá súil a bhaint asainne. Sea, gan dabht ar domhan, is álainn, sciobtha, slíoctha, sleamhain, na beithigh iad na míolta móra mara céanna sin. Féach mar a chuirtear síos ar Shamu sa bhilleog phoiblíochta…….

And no trip to SeaWorld is complete without meeting Shamu, the most powerful and graceful underwater wonder. Sit in the Splash Zone for an even better (and wetter) view.

Ina dhiaidh sin, chuamar timpeall, agus muid ag iarraidh an oiread agus ab fhéidir linn d’iontaisí Seaworld a fheiceáil, le linn ár gcuairte ar an ionad sár-iontach sin, a mbíonn na sluaite ina mílte ag plódú isteach ann, chuile lá den bhliain.

Faoin am sin áfach, bhí an déanaí ag teacht, agus tuirse ag teacht orainne, agus tar éis dúinn cupán caifé agus borróg a chaitheamh ansin, i gceann de na bialanna, thugamar an bóthar abhaile orainn fhéin.

Agus le sin, cuirfidh muid críoch leis an tsraith seo aistí faoi Mhisin Chalafóirnia.

Súil agam, gur bhain sibh taitneamh as an oilithreacht a dhéanamh in éineacht linn.

*****************

Peadar Bairéad

*****************

.

.

.

    .

gaGaeilge