A r n a M i s i n .

.

*****************************

.

An Luan, an 18ú Lúnasa, 2003.

Ar deireadh thiar, bhí an lá mór tagtha, an lá a bhí socraithe againn don turas ó thuaidh, le breathnú ar roinnt áirithe de Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia, agus ó tharla go raibh fúinn ár seolta a ardú, roimh nóin, ghlacamaar an mhaidin Luain sin go deas réidh. D’ullmhaíomar sinn fhéin chun bóthair, agus rinneamar pé pacáil a bhí le déanamh againn don turas, nó bhí beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile. Ar deireadh thiar, bhíomar réidh, agus bhí sé ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarnóin, nuair a bhuaileamar bóthar. Dheamhan a raibh basctha den trácht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn i dtreo Santa Barbara, gan trioblóid, gan tranglam ar bith le sárú againn. Agus ó tharla gur luaigh mé Santa Barbara, cuireann sé sin nath cainte a bhíodh ag mo Mham fhéin, fadó….

“Santa Bairbre in aghaidh na toirní.”

adeireadh sí, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach. Ach fillimis ar an scéal.

Turas thart ar dhá chéad míle a bhí romhainn amach, agus dár ndóigh, luíonn Los Angeles fhéin díreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinneáil cóngarach don chósta, le bealach áisiúil a fháil tríd an gcathair ollmhór chéanna sin. Trí Carlsbad agus Oceanside linn, gan stró, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a Cúig. Cheapfá nach dtiocfá amach as Los Angeles riamh, nó tá an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, ní dheachaigh Los Angeles i muinín na scríobairí spéire, le tithíocht a chur ar fáil dá daonra.

Ar deireadh, ar éis tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Saorbhealach 405, agus tar éis dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, tháinig muid ar ár seanchara, Saorbhealach 101. Chasamar ar chlé ansin, agus leanamar ar aghaidh trí thír a raibh seanaithe againn uirthi. Chuamar trí Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar chúig bliana déag ó shoin, agus chun tosaigh linn ansin, trí Oxnard agus Ventura. Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, lenár scíth a ligean, agus le lón beag a chaitheamh, agus ansin bhuaileamar bóthar arís, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scríbe sin, roimh titim na hoíche, agus d’éirigh linn ár dTeach Ósta, i mBath Street, a aimsiú, gan aon ró-stró. Thógamar isteach ár málaí taistil, agus tar éis seal a chaitheamh in ár seomraí, agus tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, ghléasamar sinn fhéin, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bhí mar chuid den Óstan, ina rabhamar ag cur fúinn.

Shuíomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, nó níl dabht a domhan, ach go dtugtar dóthain fathaigh, ar do phláta dhuit, sa tír seo, sa chaoi gur chuireamar cúl ar ár n-ocras, agus ar ár dtart, i ngearraimsir. Ní call dom a rá, gur bhaineamar sult agus sásamh as an mbéile céanna sin, nó0 bheadh sé deacair é a shárú. Ar ball, chuamar ar ais chuig ár seomraí. Rinneamar ár gcomhrá. Rinneamar pleananna don lá dár gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus thugamar an sop orainn fhéin, roimh mheánoíche. B’in an chéad lá dár dturas críochnaithe, agus shocraíomar síos tar éis an aistir dhá chéad míle fada sin a bheith curtha dínn againn. Ní gá a rá, gur chodlaíomar go maidin, gona lánsoilse arna mhárach.

Dé Máirt, 19ú Lúnasa, 2003 .

In ár suí le giolc an ghealbhain, bíodh nár chualamar gíog nó míog ón éinín céanna sin, nó ó éan ar bith eile, dá ndéarfainn é, nó bhí an tÓstán, an Encina Lodge & Suites, suite i lár na cathrach, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh dár n-ullmhú fhéin, agus tar éis dúinn breicfeasta blasta a chaitheamh, chaitheamar seal ag iarraidh rud eicínt a fhoghlaim faoi stair na cathrach seo, Santa Barbara. Is fada siar a théann scéal an ionaid álainn seo, nó bhí Indiaigh ag cur fúthu sna bólaí seo, i bhfad sular tosaíodh ag coinneáil cuntais ar stair a gciníocha. “Chumash” a thugtaí ar na daoine sin, agus táthar den tuairim, go mbíodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur fúthu sa dúiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois. Thógadar tithe dóibh fhéin, ach ó tharla gurbh as craobhacha, agus giolcacha, a tógadh iad, ní haon ionadh nach bhfuil a dtásc nó a dtuairisc le fáil ag seandálaithe, sa lá atá inniu ann. Mhair na daoine sin ar thoradh nádúrtha na talún, sa limistéar thart orthu. Bhíodh sméara, caora, préamhacha, síolta, coiníní, ioraithe, agus a leithéid, maraon le héisc agus sligéisc, mar bhia agus mar bheatha acu. Ba dhream iad a sheol fan an chósta freisin, i gcuracha móra fada, curacha a d’iompródh idir dheichniúr agus dháréag.

Briseadh isteach ar shaol shona na dtreabhanna sin áfach, sa séú haois déag, sa bhliain 1542, caoga bliain i ndiaidh do Cholumbus spág a leagan ar chósta an Domhain Úir a chéaduair, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht leanúna, i ndá long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad cósta Shanta Barbara, agus nuair a d’fhógair siad gur le Rí na Spáinne feasta, an fearann sin. Ba Phortaingéileach é Cabrillo, i seirbhís na Spáinne, agus é ag iarraidh teacht ar an “Northwest Passage”, agus tá’s ag an saol mór inniu, go mba shaothar in aisce dó é, a leithéid de shaothar a chur air fhéin, ach ní raibh a fhios sin aige, nó ag a lucht leanúna, ag an am sin. Chaill na Spáinnigh suim sa dúiche sin, ar feadh trí scór bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, tháinig Vizcaino ar an dúiche sin arís, ar an gceathrú lá, de Mhí na Nollag, féile Santa Barbara, agus b’in mar a baisteadh Santa Barabara ar an ionad álainn sin. Agus arís, níor ró-shuim leis an Spáinn an limistéar sin, nó i ndáiríre, níor chuir siadsan spéis ar bith i gCalafóirnia, go dtí déanach go maith san ochtú haois déag, nuair a chonacthas dóibh, go raibh cumhachtaí móra eile, an Rúis ina measc, ag cur suime nár bheag, i gcósta Chalafóirnia. Ba ansin a thug an Rí an t-ordú dá mhuintir i Ríocht Spáinneach Mheicsiceo, bunáiteanna, nó Presidiónna, a bhunú i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limistéar sin, a thabhairt don Spáinn fhéin. In Aibreán na bliana 1782, thóg an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdiúirí, Presidió mór, le freastal ar an limistéar sin. Anois, bhí ár seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhfód freisin, agus é ar intinn aige Misin a thógáil ar na láithreacha sin freisin, ach cuireadh ina choinne, agus dhiúltaigh an Gobharnóir cead tógála dó i Santa Barbara, go dtí go mbeadh an Presidió tógtha, ach bhí Serra aosta, lag, spíonta, ag an am, agus ba é a dhein sé nó filleadh ar Mhonterey, le bás d’fháil. Sa bhliain 1793 d’fhógair Gobharnóir Chalafóirnia, go raibh Presidió Santa Barbara ar an bPresidió ab fhearr i gCalafóirnia uilig, agus nuair a bhí sé críochnaithe ar fad, sa bhliain 1797, chlúdaigh sé bloc cathrach. Ach le filleah ar scéal an Mhisin…

Sa bhliain 1785, dhá bhliain i ndiaidh bhás Junipero Serra, tháinig aiféala ar an nGobharnóir nua, agus thug cead do na Proinsiascánaigh Misean a thógáil i Santa Barbara.

An bhliain dár gcionn, tháinig an Padre Fermin la Lasuén, agus beirt bhráthar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a thógáil. Bhí socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigiúil, ar an 6ú lá de Nollaig na bliana sin, 1786, Lá ‘le Santa Barbara fhéin, agus cé nach raibh an Gobharnóir ar an bhfód, le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, leanadar ar aghaidh dá éaghmais. Chuireadar searmanas eile ar siúl, tamall ina dhiaidh sin, nuair a tháinig an Gobharnóir ar chuairt chucu. Chuir Rí na Spáinne fhéin cloig chucu, don Mhisean sin. Tar éis dóibh bheith i mbun oibre misinéireachta sa dúiche sin, bhí de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an Chumash, agus tháinig siadsan chun cónaithe sa Mhisean. “Neophytes” a tugadh orthusan, agus múineadh an creideamh dóibh, agus chomh maith le sin, múineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i siúinéireacht, i gcócaireacht, i mbuildeáil, agus i bhfíodóireacht dóibh. Taobh istigh de bhliain, bhí 307 Nuachreidmhigh ina gcónaí sa Mhisean, agus bhíodar tar éis Séipéal adóibe a thógáil, maraon le teach na mbráthar, gráinseach, cistin, ceardlann adhmadóireachta, agus seomra súdaireachta. Ní gá a rá, gur éirigh, thar na bearta, leis an Misean sin Shanta Barbara, agus i ngearraimsir, bhí fás thar cuimse tagtha ar chuile ghné den tionscadal céanna sin. Agus, murab ionann is an Presidió, mar a raibh na saighdiúirí beo, bocht, gan léinte, gan airgead, gan pá, gan tada len’ iad a choinneáil sa Phresidió, ach a ndílseacht dá dtír agus dá n-oifigigh. Bhí lucht an Mhisin ag cur fúthu i dtír na flúirse, sa chaoi go raibh an áit féinchothaíoch, taobh istigh d’achar an-ghearr.

D’éirigh go breá le Misean Santa Barbara ó thús, agus faoi dheireadh an ochtú haois déag, bhí taiscumar, trí ghráinseach, siopa leathair, ceárta, agus stórais, tógtha acu timpeall an Mhisin, agus faoin am sin, bhí thart ar 800 clann Chumash ina gcónaí, agus ag saothrú leo, sa Mhisean. Trí na blianta sin go léir níor iompaigh a dtaoiseach,Yanonali ina Chríostaí, ach ar deireadh thiar thall, sa bhliain 1787, baisteadh ina Chríostaí é, agus baisteadh Pedro air. Bhásaigh sé sa bhliain 1805, agus é in aois a hocht mbliana is trí scór.

D’fhás an Misean sin Santa Barbara as cuimse cumhachtach, agus saibhir, agus ní haon ionadh, go raibh lucth an Phresidió in ead leo, agus bíodh gur shealbhaigh na Proinsiascánaigh tailte agus saibhreas an Mhisin ar iontaobhas, agus é d’aidhm acu, an saibhreas uilig a thabhairt ar ais do na hIndiaigh, chomh luath is a bheidís siúd baiste, agus oilte ar thalmhaíocht. Níor tharla sin riamh, nó bhí an Misean ró-shaibhir, ró-chumhachtach, le bronnadh ar na dúchasaigh.

Ní mhaiareann rith maith ag an each i gcónaí áfach, agus ba é an scéal céanna ag Misean Santa Barbara é, nó tharla go raibh an mí-ádh ag rith leo. Sa bhliain 1801, bhuail ráig niúmóine na hIndiaigh, ach go háirithe, agus bíodh gur bhuail an niúmóine idir Mhisean agus Phresidió, ba iad na nuachreidmhigh ba mhó a bhí thíos leis, i ndeireadh na feide. Sea, agus fiú na hIndiaigh a tháinig slán ón niúmóine, bhuail galraí áirithe eile, a d’iompair na Spáinnigh chucu iad, galraí a chriog a lán acu, galraí cosúil le slaghdán, bruitíneach, agus a leithéid, agus mar bharr an an gclampar, thit an ráta beireatais freisin, ina measc. Ba ghearr gur tuigeadh do na Padres, nár chun leasa na nIndiach an Chríostaíocht. Faoin mbliain 1820, bhí Misean Santa Barbara ag titim ar gcúl, agus ar ball, nuair a ghabh na Meicsicigh seilbh ar Chalafóirnia, bhí caiscín an Mhisin chéanna sin, maraon le Misin eile na tíre, meilte. Ba ghearr gur deineadh an Misean a dhieaglaisiu, agus gur bronnadh cuid dá thailte, 26,529 acra, ar chlann cheannaire an Phresidió, agus gur díoladh an chuid eile leis na Rancheros, dream a thosaigh ag tógáil, agus ag beathú, stoic, sa dúiche sin. Sa tslí sin, taobh istigh d’achar réasúnta gearr, cuireadh deireadh le cumhacht an Phresidió agus an Mhisin, agus ina n-ait, d’fhás sochaí nua, ina raibh na Rainséirí, agus lucht gnó, in uachtar. Anois, ba chóir a rá anseo, gur tugadh seans do na hIndiaigh, seilbh a ghlacadh ar roinnt áirithe de thailte an Mhisin, agus dóibh siúd a thoiligh chuige sin, tugadh síolta agus stoc dóibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas slí bheata a bhaint amach, mar fheirmeoirí, ach, ba é críoch an scéil sin é, nó gur dhíol roinnt mhaith acu a ngabhaltais do na Rainséirí móra, agus gur cuireadh roinnt eile as seilbh, trí chaimiléireacht, agus le scéal gairid a dhéanamh de, níor éirigh, olc maith nó dona, leis an scéim sin, agus na hIndiaigh nár dhíol, agus nár cuireadh as seilbh trí chamailéireacht, b’amhlaidh a chuaigh siad ina spailpíní chuig na Rainséirí móra, ar díoladh cuid de thailte an Mhisin dóibh, a chéaduair. Tharla scaipeadh na mionéan ar Threibh Chumash Shanta Barbara, agus cailleadh an deis a bhí ann, le tír dá gcuid fhéin a bhunú thart ar an Misean sin.

Faoin mbliain 1847, ba leis na Stáit Aontaithe Santa Barbara, ach d’fhan lucht an phresidió, agus roinnt áirithe de na Meicsicigh, maraon le roinnt áirithe Indiach, ar an bhfód, le cathair nua Meiriceánach a thógáil ar fhothracha a staire. Deineadh cathair Mheiriceánach, den mbaile IndSpáinneach sin, ar an 9 Aibreán, 1850, cúig mhí sular fógraíodh Calafóirnia ina Stát. Ach ní gá domsa a thuilleadh a rá faoi stair na cathrach áille céanna sin, nó bhí laethe an Mhisin thart, faoin am sin, ach amháin, gur chóir a rá anseo, gur leanadh ag baint úsáide as Séipéal an Mhisin, mar Theach Pobail, ó tógadh i dtosach é, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus deirtear, nár ligeadh don lampa sa Sanctóir dul as, ó lasadh a chéaduair é, sa bhliain 1786, agus ní focal beag nó suarach é sin, nuair a chuirtear san áireamh, a ndeachaigh an dúiche sin tríd, thar na blianta fada uilig sin.

Nuair a bhí an méid sin socraithe, pléite, againn, thugamar aghaidh ar an Misean Santa Barbara céanna sin, ag bun Shráid Laguna. Ní haon ionadh, gur tugadh “Banríon na Misean” ar an Misean céanna seo, nó ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, ar a mhéad, ar a áilleacht, ar a dhearadh. Cuma clasaiceach atá le tabhairt faoi deara ar thosach an fhoirgnimh álainn sin, agus ní haon ionadh é sin, ach oiread, nó bíodh go bhfuil na Túir, agus an leagan amach, frí chéile, cosúil leis na Misin eile, ag an am gcéanna, tá gnéithe áirithe d’aghaidh an fhoirgnimh, maraon le gnéithe áirithe den taobh istigh, nach bhfuil a leithéid le fáil in aon cheann eile den Mhisean is fiche, a tógadh, fan chósta Chalafóirnia, idir na blianta 1769 agus 1823. Mar a mhínigh mé thuas, cuireadh moill nár bheag ar thógáil an Mhisin chéanna seo, ach i ndeireadh na dála tógadh é. Anois, tá an taobh sin tíre an tugtha do chreathanna talún, agus tharla gur deineadh dochar doleigheasta don Mhisean, cupla babhta, le linn a óige, agus ar deireadh, ba iad na fir a bhí i mbun tógáil an Mhisin álainn atá le feiceáil againn sa lá atá inniu ann, ná na Padres Antonio Ripoll, agus Francisco Suner. Anois, bhí spéis thar na bearta ag an bPadre Ripoll in ailtireacht na Rómhánach, agus tharla go raibh ailtire Rómhánach, Vitruvius Polion ann, a d’fhoilsigh saothar, sa bhliain 27 BC. “Sé Leabhar na hAiltireachta” a bhaist sé ar an saothar céanna sin. Tháinig Ripoll ar an saothar sin, agus ní shásódh tada é, ach dearadh le Polion do Theampall Páganach, a réaladh ansin i Misean Santa Barbara, agus rinne, agus gan dabht ar domhan, tá a shliocht sin ar an Misean sin, go dtí an lá atá inniu ann, nó tá dearadh GréigRómhánach le léamh air, ó bhun go barr. Chuir méad an fhoirgnimh ionadh orainn freisin. Os a chomhair amach, tá scairdeán álainn Múraach le feiceáil fós, agus taobh thiar den Mhisean, éiríonn sléibhte áille bánghorma Santa Barbara, agus iad ag ceapadh áilleacht an fhoirgnimh, i bhfráma ollmhór na timpeallachta.

Isteach linn. Ba chosúil le hIarsmalann é. Bhí seomraí ansin agus iad leagtha amach díreach mar a bhídís, i laethe an Mhisin. Anseo, d’fheicfeá seomra leagtha amach faoi mar a bheadh seomra sagairt. In áit eile, tá saotharlann le tabhairt faoi deara, agus uirlisí agus saothar na gceardaithe Indiacha le feiceáil ansin ag an turasóir. Tá seomra eile ansin, agus ba le, Garcia Diego, céad easpag Chalafóirnia é, agus sa seomra sin, tá le feiceáil againn, earraí agus feisteas a bhain leis an bhfear céanna sin. Tá le feiceáil ansin freisin, i seomra eile, samplaí de na feistis a chaith na sagairt agus iad i mbun searmanas eaglasta, maraon le samplaí de na leabhair Aifrinn, agus de na leabhair cheoil, nó mhúintí canadh iomann, agus amhránaíocht, do na hIndiaigh, freisin, agus de réir na scéalta, ba mhaith chuige iad. B’iontach an lámh a bhí acu freisin, i mbun péintéireachta agsu ornáidíochta. Samplaí dá bhfíodóireacht chasta, chliste, le feiceáil ansin freisin. Thóg sé cupla uair a chloig orainne, turas an Mhisin a thabhairt, agus dár ndóigh, ba é ba mhó a chuaigh i gcionn orainn, nó an séipéal. Ní séipéal beag nó suarach atá i gceist anseo againn, ach séipéal mór, atá céad seasca is aon troigh, ar fad, fiche seacht troigh, ar leithead, agus dhá throigh is daichead, ar airde. Seasann an dá Thúr ochtó seacht troigh os cionn leibhéal na talún. Chuir maisiú agus ornáidíocht an tséipéil chéanna sin ionadh nár bheag orainne, nó bhí idir dhealbha agus phictiúir ansin, le croí agus anam an adhraitheora agus an chuairteora a ardú, agus a spreagadh.

Ar deireadh, bhíomar amuigh faoin aer arís, agus ualach asail de chuimhní bailithe, stóráilte againn, cuimhní a ghealfadh cibé laethe gruama, dorcha, a bhí os ár gcomhair amach. Stadamar taobh amuigh den bhfoirgneamh stairiúil seo, agus bhaineamar lán ár súl, as a háilleacht agus a healaíontacht, sea, agus sléibhte Santa Ynez taoabh thiar de, mar chúlra álainn, a raibh an t-iarraichtín ba lú den bhánghoirme ag baint leo, agus ba ansin, a thugamar fógra mór, ar thaobh na sráide, faoi deara, fógra a chuir in iúl dúinn, go bhféadfaimis turas an bhaile a thabhairt, ar chostas an-íseal. Ag an bpointe sin, bhí ceann de na busanna speisialta sin ag teacht i ndeas dúinn, agus shocraíomar láithreach, ó tharla go raibh roinnt ama le meilt againn, nárbh fhearr rud a d’fhéadfaimis a dhéanamh, ná dul ar bord, agus taitneamh a bhaint as áilleachtaí áille na cathrach áille seo, Santa Barbara, a thabhairt faoi deara. Níor thúisce socraithe ná déanta, agus ba ghearr go raibh muid, maraon le lán bhus de thurasóirí eile, ar ár slí timpeall na cathrach stairiúla sin

Bus speisialta a bhí dár n-iompar, bus ar déanamh tram a bhí ann, agus tráchtaireacht á thabhairt dúinn, feadh an aistir, ag an tiománaí groí, lách, scéaltach. Thug an tiománaí céanna sin stair an bhaile dúinn, ach ó tharla go bhfuil roinnt mhaith den stair tugtha cheana agam, ní dhéanfaidh mé athinsint ar an gcuid sin den scéal. Labhair sé linn, faoi na sráideanna, agus faoi na foirgnimh, faoi na maithe agus na móruaisle a dhear agus a thóg an baile álainn seo, ach ní mar seo a bhí an baile seo chuile lá riamh, nó i dtús ama, ní raibh cuma nó dóigh air, ach chuile dhuine ag tógáil leis, de réir mar a bhuail an fonn é. Ní raibh ann, ar feadh i bhfad, ach baile beag scoite, iargúlta, gan spéis ró-mhór ag éinne ann, ach trí tharlúintí domhínithe na staire, d’fhás agus d’fhorbair Santa Barbara, go dtí go bhféachtar air, sa lá atá inniu ann, mar “Venice” Dheisceart Chalafóirnia. Caithfear a rá, nach raibh aon chóras ar fónamh acu le cuairteoirí, nó lucht gnó a mhealladh chomh fada leo, ach bhí cuan réasúnta maith ansin, taobh leo, agus marach sin, bheadh siad ar an ngannchuid, bunús an ama. Ach déanta na fírinne, ba í a iargúltacht an bua ba mhó a bhí aige, i ndeireadh na dála. Bhí Sléibhte Santa Ynez mar bhalla cosanta, ar an dtaobh thoir de, bhí an fharraige ar an dtaobh thoir, agus ní raibh bóithre ar fónamh, ó thuaidh, nó ó dheas uaithi, agus sa tslí sin, coinníodh lucht na hórthóraiochta, tríd is tríd, amach uaithi. Choinnigh sí na himircigh, a thug a n-aghaidh siar, i ndiaidh Chogadh na Stát, amach uaidh freisin, sa tslí, nuair a bhí bailte móra eile ar chósta thiar Chalafóirnia ag fás as cuimse mór, agus ag bailiú saibhris chucu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, d’fhan Santa Barbara beag, scoite, iargúlta, gan mórán airde ag éinne air. Mar sin fhéin, bhí a bhuanna fhéin ag Santa Barbara. Bhí suíomh den scoth aige, bhí pobal deas, séimh, sibhialta, aige, agus bhí aeráid neamhaí ag roinnt leis freisin. Fritheadh ola go flúirseach sa dúiche sin freisin, agus roinnt áirithe de, faoin bhfarraige, agus, ar bhealach do-thuigthe anois, ceapadh ag an am, nach bhféadfá aer na háite sin a bhualadh, ar a shláintiúla is a bhí sé, agus tuigeadh go mba í cúis a bhí le sin, nó boladh an ola sin measctha ar aer sláintiúil na háite. Chomh maith leis na buanna sin, bhí flúirse ruibhthoibreacha sa dúiche sin freisin. Sa tslí sin, thosaigh daoine ag teacht chucu, ina nduine is ina nduine, ar dtús, agus ansin ina miondreamanna, agus ar ball, ina gcaise do-stoptha, agus ní ó na Stáit Aontaithe amháin a tháinig siad, ach ó cheithre hairde an domhain mhóir, agus iad uilig ar thóir na sláinte, na háilleachta nó na haeráide, nó ar thóir cibé bua a shanntaigh siad, agus a tuigeadh dóibh a bheith ar fáil go fial, i gcathair Santa Barbara.

Thug Charles Nordhoff cuairt ar Santa Barbara sa bhliain 1872. B’amhlaidh a chuir an “Southern Pacific Railway” timpeall Chalafóirnia é, le cuntas a scríobh faoina raibh le feiceáil, agus le tabhairt faoi deara, le linn a chuairte…..

“Santa Barbara is on many accounts the pleasantest of all the places I have named……Santa Barbara has the advantage of a pleasant society and an exeellent school. It is in fact a cozy nest of New England and Western New York people, many of whom originally came here for their health, and remain because they are charmed by the climate.”

Sea, níor chuir a hiargúltacht isteach ar Charles. Ach cosúil le bailte eile, ag an am, ní raibh aige, ach thíos seal agus thuas seal.

Ach, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ar thóir an dul chun cinn, agus tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar smugléirí, ar robálaithe, agus ar ghadaithe bóthair, d’éirigh leis teacht slán, agus diaidh ar ndiaidh, shleamhnaigh sé chun tosaigh, dá míle ainneoin. Agus bíodh go raibh baile álainn cultúrtha, seanaimseartha, ansin, ó aimsir na Spáinneach i leith, níor cuireadh aon bhéim ró-mhór ar an dul chun cinn, go dtí gur ghealaigh ré na Stát Aontaithe, fiú amháin i leagan amach na sráideanna, ní raibh bun nó barr leo, go dtí ré sin na Stát. Féach mar a cuireadh é……

Santa Barbara’s first neighbourhood was comprised of adobes scattered haphazardly around the Presidio. By 1850, the number of adobes had increased, but they were still built on sites with no apparent organisation. Americans brought with them a passion for organisation and knew that a logical street system was an essential first step. In 1851 the Common Council authorised Captain Salisbury Haley to survey and plat streets in square, uniform blocks 150 feet wide.

Bhuel, bhí an gnó sin déanta, agus déanta go maith, agus bíodh nár cuireadh an plean sin i gcrích láithreach bonn, ag an am gcéanna, bhí an plean ansin, agus diaidh ar ndiaidh, bhíothas ábalta tarraingt ar an bplean cumasach sin.

Ba bheag tionchar a bhí ag Cogadh na Stát ar Santa Barbara, nó bhí an áit ró-iargúlta, agus is dócha freisin, nár breathnaíodh fós, i ndáiríre, ar Chalafóirnia, mar chuid dílis de na Stáit Aontaithe, sea, agus cuir le sin, go raibh Santa Barbara i bhfad amach ó láthair an chogaidh chéanna sin, a bhí ag réabadh leis na mílte míle soir uaidh, agus chomh maith le sin, thógadh sé, idir 20 agus 30 lá, do nuacht faoin gcogadh céanna sin iad a shroichint, nó ba mhinic cathanna an chogaidh sin á dtroid, thart ar thrí mhíle míle ar shiúl uathu.

Níor shroich an Bóthar Iarainn fhéin Santa Barbara go dtí tús an fichiú haois, ach uaidh sin amach, níor mhothaigh muintir Shanta Barbara scoite amach feasta. Bhí uisce reatha, leictreachas, ospidéil den scoth, ar fáil sa chathair sin feasta, agus nuair a tharla, sa bhliain 1922, gur éirigh leis an nDochtúir William Sansum insulin fad-oibríoch a fhorbairt, bhí tarriangt ag diabaetigh an tsaoil mhóir ar Santa Barbara, feasta.

Ach, i ndeireadh na dála, tuigeadh do na dúchasaigh, gurbh í an turasóireacaht an tionscal ba mhó a d’oirfeadh dóibh, sna blianta a bhí amach rompu, agus chuige sin, chuireadar chun oibre le fonn, le háiseanna oiriúnacha a chur ar fáil, leis an dtionscal sin a chothú agus a fhorbairt. Tuigeadh freisin, go mba bhreá ar fad an láthair é, d’fhilí, do phéintéirí, agus d’ealaíontóirí de chuile shórt.

Faoin am seo, áfach, tuigeadh go raibh sráideanna áirithe gránna go maith fós, ach thug crith talún na bliana 1925 deis dóibh, roinnt mhaith de na seansráideanna sin a chartadh amach, agus a atógáil, de réir Phlean Haley. Bhí daonra na cathrach nua seo ag dul i méad an t-am ar fad áfach, nó d’fhan roinnt mhaith de na turasóirí, agus chuireadar fúthu sa bhaile álainn sin Santa Barbara. Faoin mbliain 1950 tógadh ár seanchara, an Saorbhealach 101, a bhí mar cheangal idir San Francisco, ó thuaidh, agus San Diego, ó dheas.

Bhí a seal freisin ag Santa Barbara ar na scannáin, nó sa bhliain 1910, bhí an saotharlann scannán ba mhó ar domhan, suite sa chathair sin, agus faoin mbliain 1911, bhí trí chomhlucht scannán lonnaithe ann. Ar feadh scathaimh, mar sin, baineadh úsáid as sléibhte Santa Ynez, agus as tránna Santa Barbara, mar chúlra do na céadta scannán. Ní bhíonn in aon rud ach seal, áfach, agus faoin mbliain 1918, ocht mbliana gairide i ndiaidh bhunú an tionscail sa chathair álainn sin, faoi mar a bheadh sneachta na bliana anuraidh ann, bhí na comhluchtaí móra sin uilig scuabtha leo ó dheas, ar thóir na bhfoirgneamh ard, faoi mar a bhí le fáil acu i Los Angeles, nó theastaigh foirgnimh mhóra arda uathu, leis an saol uirbeach, a bhí mar chúlra anois do bhunús na scannán a bheadh á ndéanamh feasta, a léiriú.

D’éirigh lenár dtreoraí an t-eolas sin uilig faoi Santa Barbara a roinnt linn, agus muid ar ár mbealach timpeall na cathrach sin, ar ár sáimhín só. Thuirlingíomar fhéin den tram sin, seal, thíos ag an gcéibh, agus d’éirigh linn teacht ar bhialann oiriúnach, le lón a chaitheamh ansin, agus muid ag breathnú ar dhealbh cháiliúil úd na muc mara, atá suite taobh leis an gcéibh. I ndiaidh an lóin sin, chaitheamar seal ag breathnú thart ar an gcuid sin den chathair. Bhí áilleacht de chuile shórt leata amach ansin, os ár gcomhair amach, agus baill de chiníocha an tsaoil mhóir ag baint taitnimh as. Ar ball, d’éirigh linn suíochán a fháil ar ar dtram, a raibh cúrsa na cathraach tugtha aige, agus é ar a bhealach ar ais chuig Misean Santa Barbara arís. Chuamar ar bord. D’fháiltigh an tiománaí romhainn, agus lean air ag ríomh stair agus scéal na cathrach áille sin Santa Barbara. Thóg sé sinn suas chun dáta le scéal na cathrach, agus mhínigh an fhadhb ba mhó a bhí ag an gcathair, sa lá atá inniu ann.

Cén fhadhb, an ea?

Fadhb na tithíochta, d’eile!

Tá an fharraige ar thaobh amháin den chathair, agus na sléibhte timpeall uirthi, agus sa tslí sin, níl mórán áite acu le tuilleadh tithe a thógáil, agus dár ndóigh, is ar thaobh na sléibhte atá na boic mhóra ag lonnú, agus is beag deis atá ag oibrithe, cosúil leis an tiománaí fhéin, teacht ar theach, rud a chuirfeadh Baile Átha Cliath, agus cathracha eile na tíre seo, i gcuimhne do dhuine. Ach nach comhartha saibhris é sin? Sea, agus tiocfar ar a leigheas, amach anseo.

Bhuel, faoin am sin, bhíomar tagtha ar ais arís go dtí Misean Santa Barbara. Thuirlingíomar den bhus. Chaitheaamar seal ag guairdeall timpeall, ag breathnú timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, agus nuair a bhí lán ár súl bainte againn as an Misean, agus as a thimpeallacht, thugamar aghaidh ar ár dTeach Ósta, i Sráid Bath. Ní call dom a rá, go raibh an lá sin i ngar do bheith caite, agus d’ullmhaíomar sinn fhéin do dhinnéar na hoíche sin sa Teach Ósta, san Encina Lodge and Suites, agus ní call dom a rá, gur dhein siadsan freastal fial, flaithiúil orainn, agus gur roinn siad nua gach bia agus sean gacha dí orainn, gan dochma gan gorta.

Ar ball, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus seal eile ag comhrá agus ag ullmhú don lá dár gcionn, nuair a bheadh muid ag tabhairt ár n-aghaidh ar Phismo Beach, cathair eile cois cuain, a bhí tamall ó thuaidh ó Santa Barbara, agus é cóngarach do San Luis Obispo, nó SLO, mar a thugtar go minic air thall.

Ach b’fhéidir gur leor sin de chuntas ar Mhisean Santa Barbara, agus ar an gCathair a d’fhás aníos as dúshraith an Mhisin Spáinnigh chéanna sin.

Go dtí an chéad bhabhta eile, mar sin….

Slán………..

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

.

gaGaeilge