A t h c h u a i r t a r B h é a l n a m B u i l l í . 2003 .

(Strokestown International Poetry Competition 2003.)

************************************

.

Is cuimhin libh go léir, is dócha, mé ag caint anseo anuraidh, faoi Fhéile Idirnáisiúnta Filíochta, Bhéal na mBuillí, nó caithfidh me a rá, gur dóigh liom fhéin, go bhfuil éacht déanta ag an mbaile céanna sin, lena chlú agus lena a chail a leathadh ó cheann ceann na cruinne, tríd an bhFéile chéanna sin a eagrú, bliain i ndiaidh bliana. Sea, agus ag an am gcéanna, caighdean na Féile sin a choinneáil ar an leibhéal is airde. Ní beag nó suarach an t-éacht é sin ag baile tuaithe ar bith, gan trácht ar bhaile nach raibh traidisiún dá leithéid seanbhunaithe ann, le sinsearacht, mar adéarfá. Tá dár ndóigh, roinnt mhaith bailte, na laethe seo, a bhfuil Daonscoil, nó Éigse, nó Scoil, dá gcuid fhéin, ar siúl acu, le blianta fada nach bhfuil cáil Bhéal na mBuillí bainte amach acu go nuige seo, agus tá bailte eile ann, atá i bhfad níos mó ná Béal na mBuillí, agus gan Éigse nó Daonscoil, nó Comórtas Filíochta fiú, dá gcuid fhéin tosaithe acu fós. Bhuel, féach nach bhfuil Strokestown ansin mar eiseamláir acu, agus é mar a bheadh méar an eolais, ag teaspáint na slí dóibh go tír a dtairngire. Más uait chuile eolas faoin gComórtas Idirnáisiúnta Filíochta seo a fháil, níl le déanamh agat ach cuairt a thabhairt ar a suíomh ar an Idirlíon, sé sin, www.strokestownpoetryprize.com agus geallaimse dhuit é, go gcuirfidh a bhfuil le léamh agat ansin ionadh ort. Le linn do chuairte ar an suíomh sin, léifidh tú cuntas a foilsíodh ar an nuachtán Breatnach, “The Independent”, faoin dáta 11ú Eanair, 2001, ag cur síos ar Strokestown agus ar a Chomórtas Filíochta. Breathnaigh ar thús an ailt sin….

“H o w a s m a l l I r i s h t o w n f i x e d i t s e y e s o n

……………………………. T h e P r i z e ……………………………………

In just three years a poetry festival and its lucrative prize has brought fame to Strokestown.”

Déanann sé cur síos ansin, ar an mbaile fhéin, ar a leagan amach, ar a fhoirgnimh, ar a mhuintir, agus ar an meath a bhí ag teacht air, de réir a chéile, sea, agus an dán a bhí i ndán dó, mura dtarlódh rud eicínt, leis an meathlú sin a chur ar ceal. Ach, ní raibh muintir an bhaile sin sásta a maidí a ligean le sruth, agus shocraigh siad ar thionscadal a thosú, le todhchaí a mbaile a chur ó bhaol. Smaoiníodar ar Fhéile Filíochtra a bhunú.

“Strokestown decided on a poetry festival. Poetry would mirror its own aspirations……..

– to be small but intense, simple but enticing –

The postman became the chairman of a festival committee, and somehow persuaded the baord of the Post Office to donate enough money to inaugurate a seriously high-powered poetry competition. This was to provide the festivals engine.

Agus mar chríoch leis an alt sin san Independent, seo mar a chuir an scríbhneoir é…

The fortunes of the poetry festival from now on will show whether Strokestown, and the many towns like it, can save both its economy and its soul.

Sea, mh’anam, ach is dócha gur leag an scríbhneoir a mhéar air, sa mhéid sin. Ach níl le déanamh agamsa, ag an bpointe seo, ach a rá go bhfuil an Fhéile Filíochta imithe ó neart go neart san idirlinn, agus seo chugainn arís iad, i mbliain seo 2003, agus Clár dúshlánach, corraitheach, spreagúil, á leagan acu os comhair scríbhneoirí filíochta an Bhéarla, agus filí na Gaeilge, freisin. Sea, agus ní hé sin amháin é, ach tá duaiseanna ríoga á dtairiscint acu do bhuaiteoirí na gComórtas céanna sin.

Trí chomórtas ar fad atá ann.

Category 1.

A poem in English of not more than 70 lines.

Prizes: €4,000; €2,000; €1,000.

7 runners-up will also be invited to read for a fee and travelling expenses of €450.

Is iad na moltóirí atá ainmnithe don chéad chomórtas sin nó Gillian Clarke, Frank Ormsby, agus Peter Sirr.

Chomh fada is a bhaineann sé linne, is é an dara comórtas an ceann is tábhachtaí, nó seo an comórtas do dhánta i nGaeilge. Seo mar a chuirtear síos air, sa Chlár….

Category 2.

A poem in Irish of not more than 70 lines.

Prizes: €1,000; €500; €300; agus 4 x €150.

Agus sé an moltóir don roinn seo nó Louis de Paor.

Tá comórtas eile i gceist freisin, i Roinn a Trí.

Category 3.

A political satire in verse, in English or Irish.

Prizes: Bankhanders of €500, €200, and €100 and others in brown paper bags.

Agus sé an moltóir atá tofa don ghnó contúirteach seo nó Paddy Bushe, ach is dócha go bhfuiltear ag súil go mbuailfimid cos ar sin!

Is dócha nach gá a thuilleadh a rá faoi na comórtais chéanna sin, nó b’fhiú do dhuine ar bith, a bhfuil féith ar bith filíochta ann, nó innte, cupla dán a chur i dtoll a chéile don ócáid ghradamach seo. Ach go háirithe, ba mhaith liom aird na bhfilí Gaeilge inár measc, a dhíriú ar Category 2, agus ar Category 3, nó baineann an peire sin le Gaeilge, agus ní bheadh fhios agat, céard a tharlódh, b’fhéidir go mbuafá duais, agus cuir le sin, nach gcosnaíonn sé ach €4 ar dhán a chur isteach ar an gcomórtas, agus lánchead agat aon uimhir dánta is mian leat, a chur san iomaíocht. Anois, chun treafa libh, nó caithfidh bhur n-iontrálacha a bheith istigh agaibh, ar an 19ú Feabhra, 2003, ar a dhéanaí, agus is é an seoladh nó:-

Strokestown Poetry Competition,

Strokestown,

Co. Roscommon.

Agus tá chuile shúil agam, go n-éireoidh go geal leat sa Chomórtas Idirnáisiúnta Filíochta sin.

Ceiliúrfar an Fhéile fhéin idir na dátaí… 2 – 5… Bealtaine, 2003.

.

C á b h f u i l a n G h a e l t a c h t ?

Tá an-chaint, na laethe seo, faoi theorainneacha na Gaeltachta, agus daoine áirithe á rá, gur chóir limistéir áirithe a fhágáil taobh amuigh den Ghaeltacht feasta, toisc nach bhfuil aon Ghaeilge, gur fiú trácht uirthi, á labhairt iontu anois; daoine eile á rá, nár chóir bacaint leis na teorainneacha sin, ach iad a fhágáil mar atá siad, go ceann leathchéad bliain eile, ar a laghad, agus má tá aon Ghaeltacht fágtha againn faoin am sin, ansin, beidh cruthaithe acu, go raibh an ceart acu ó thús. Agus dár ndóigh, faoi mar a bheifeá ag súil, tá dream eile fós ann, agus ní raibh uathusan ach gaoth an fhocail, leis na gcloch sa mhainchille a oibriú ar an nGaeltacht, frí chéile, nó tugann sé deis eile dóibh a seanchapall maide a mharcaíocht, uair amháin eile, timpeall na dúiche, ag fógairt don tsaol mór, go bhfuil an Ghaeltacht i ngar do bheith críochnaithe ar chuma ar bith, agus nach bhfuil sé chomh maith againn cos i bpoll a chur lei anois, agus gan bheith ag cur airgead amú, ag iarraidh an dé a choinneáil inti, go ceann scathaimh eile.

Is dócha go bhféadfá a rá, gurbh í taighde Dhonncha Uí Éalaithe a chuir tús leis an obair seo go léir, nó fuair seisean amach, gur bheag Gaeilge a bhí fanta i gcuid áirithe de na limistéir, a áirítear mar Ghaeltacht, i láthair na huaire seo. Mar thoradh ar a chuid taighde, b’éigean don Rialtas breathnú ar an scéal seo arís, agus ba é a mhol an tAire, Éamann Ó Cuív, nó go mbunófaí Bord neamhspleách, le teorainneacha na Gaeltachta a tharraingt, ach ní rud é sin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an toirt, nó bheadh gá le saineolaithe, leis an scéal ar fad a scrúdú ó bhun, agus ansin, tuarascáil a leagan os comhair an Rialtais, agus orthusan, i ndeireadh na dála, a bheidh sé, cinneadh a dhéanamh faoi na teorainneacha céanna sin.

Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níor mhaith liom go ndéanfaí an iomarca tincéireachta leis na teorainneacha céanna sin, nó má thosaíonn tú ag gearradh siar ar na teorainneacha sin, ansin, seans go mbeadh fonn ar an gcéad Rialtas eile gearradh siar tuilleadh, agus lena chois sin, is cinnte go bhfuil gá le trodán cosanta, dhátheangach, timpeall ar an bhfíorGhaeltacht, á cosaint. Anois, sa limistéar sin, sa bhreacGhaeltacht sin, maireann daoine, a bhfuil Gaeilge ag a mbunús, agus baineann roinnt áirithe díobh úsáid aisti mar theanga laethúil, agus sa chaoi sin, feidhmíonn an limistéar sin mar chrios eadrána dhátheangach, a chuireann stop le hídiú iomarcaach na Gaeltachta. Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach, go mbeadh an crios eadrána sin fábharach don Ghaeilge, agus mar thoradh ar sin, bheadh an seans ann, faoi choinníollacha áirithe, go leathadh an Ghaeltacht fhéin amach sa chrios eadrána sin, agus dá dtarlódh a leithéid, ansin, d’fhéadfaí teorainn an chrios eadrána a bhogadh amach freisin. Ní cúngú a theastaíonn ón nGaeltacht, ach leathnú, nó i ndeireadh na dála, mura bhfásann neach, ní beo dó. B’fhearr liomsa, mar sin, go bhféachfadh Bord neamhspleách úd an Aire Uí Chuív ar na bealaí is eifeachtaí le deis a thabhairt don Ghaeltacht fás agus borradh a dhéanamh, sa chaoi go mbeadh muid ag smaoineamh, i gceann deich mbliana eile, ar theorainneacha na Gaeltachta s’againne a leathnú amach tuilleadh, in áit bheith ag smaoineamh ar chúngú, nó ar ghearradh siar.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

gaGaeilge