AN COLM BÁN….le….Liam Ó Muirthile

   Céadchló..……………..2014

Bog…………………..€14.00

.

Peadar Bairéad

.

Scéal Casta

Tá mé ag ceapadh go mbeidh caint ar an leabhar seo lá is fuide anonn, nó is annamh a chasann úrscéal chomh sciliúil, ealaíonta, dea-scríofa, ar dhuine, i nGaeilge, nó i mBéarla, i dtús seo an aonú haois fichead. Baineann cáilíochta faoi leith leis an saothar seo, nó tá tógáil chasta; cur chuige mion, leithleach; cur síos inchreidte ar charachtair agus ar eachtraí; agus bua scríbhneoireachta a chuireann na focail ag rince ina steillebheatha ar lic na samhlaíochta os comhair do dhá shúil amach. Níl dabht ar domhan ach go mbeidh tionchar, agus dhá thionchar, ag an saothar seo ar scríbhneoirí, sna blianta atá romhainn amach.

Ach, le filleadh ar an scéal fhéin, is dócha go bhféadfadh duine a rá, gurb í Nóra Buckley, nó Ellen Daunt, nó fiú an Colm Bán, an príomhcharachtar san úrscéal corraitheach seo, agus bíodh go n-éiríonn leis an údar mám eile carachtar a chur ag rince ar lic thart uirthi, ag an am gcéanna, filleann sé ar Nóra arís, chuile bhabhta. Sníomhtar scéal William Driscoll isteach go sciliúil cliste i muabhrat an tsaothair shamhlaíoch ilchasta seo freisin. Corcaíoch ba ea William, a raibh gaol fola aige le Nora Buckley, bean a chuaigh isteach sna Nuns, de réir mar a chuala sé óna muintir.

Dúil sa Rince

Tharla go raibh dúil diabhalta ag Nora sa rince, agus nach é an t-údar atá ábalta cur síos mion, cliste, a dhéanamh ar a cumas rince, bua atá aici ó dhúchas, agus bua a d’fhorbair agus a chleachtaigh is a shnasaigh sí thar na blianta,   

Déantar scéal Nora Buckley a léiriú go healaíonta, inchreidte, agus tugtar spléachadh don léitheoir ar an gcineál pobail, agus an saghas saoil, a bhí thart uirthi le linn a hóige agus í ag fás aníos in Iarthar Chorcaí in óige na haoise seo caite. Chuaigh sí chun oibre mar chailín aimsire ag muintir an Tí Mhóir, ar Phrotastúnaigh iad, agus tugtar le fios dúinn, go mba de bhunadh phrotastúnach í Helen Daunt, seanmháthair Nora. In aois a seachtdéag áfach thug sí cathair mhór Londain uirthi fhéin, agus tharla ansin í nuair a tharla Éirí Amach na Cásca abhus. Bhain daoine áirithe úsáid as an aithne a bhí aici ar phobail Chorcaí le heolas a fháil faoi isiúntóirí sa dúiche sin, ach, cuireadh ar a haire í, agus uaidh sin amach níor bhailigh siad uaithi ach eolas agus a thóin leis. Nach corraitheach, teannasach, go deo, an cur síos sin a thugtar dúinn ar Nora ag rince? Nach deacair a shamhlú go bhféadfadh údar focail a shnadhmadh ina chéile ar bhealach chomh beacht, ealíonta, sciliúil sin, gur bheag nach gcloiseann tú an cith bróg sin ag titim ar lic, faoi mar adúirt an té adúirt. Sheol a scileanna rince go Páras na mbrionglóidí í, agus tar éis dianchleachtadh a dhéanamh, thar thréimhse fada, roghnaíodh í le rince a dhéanamh sna Folies Bergère’ fhéin, mar bhall den bhuíon rinceoirí úd, ‘Les Girls Anglaises’ agus tá le tuiscint ón scéal gur mhaith a thuill sí a hionad sa bhuíon chéanna sin. Léiríonn an t-údar a shuim fhéin sa rince, trí chur síos ar rinceoirí eile ó thíortha i bhfad i gcéin, go háirithe, i gcás Jasmin, a bhí mar chuspa ag an ealaíontóir sin, Duane, agus is mór a sis i gcúrsaí ealaíne freisin, go háirithe san ealaíontóir céanna sin Duane, agus bíodh nach bhfuil mé cinnte arbh ealaíontóir saolta atá idir chamáin anseo aige, ealaíontóir a shiúil díreach amach as lár torthúil a shamhlaíochta fhéin, ach nach cuma, nó corronn an cur síos an croí istigh ionainn.

An Colm Bán

Tagann an Colm Bán isteach sa scéal arís i ndeireadh an scéil nuair a insíonn muintir Nora Buckley dúinn gurbh é an tSiúr Colmbanus a roghnaigh Nora Buckley mar ainm di fhéin nuair a chuaigh sí isteach sna Nuns.

gfaidh mé mar sin é don bhabhta seo, a léitheoir, ach tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú fhéin an-taitneamh as an leabhar spéisiúil seo.   

.

.

.

gaGaeilge