An Daonlathas 2

Peadar Bairéad

.

(This week we continue our thoughts on Democracy, as we know it.)

.

Mar a chleachtaítear an Daonlathas anseo

An tseachtain seo caite, rinne mé iarracht ar an neart, agus ar na laigí, atá le tabhairt faoi deara sa chóras daonlathach, faoi mar a chleachtaítear anseo é, a chur i mBéal an Phobail. Tríd is tríd áfach, bhí orainn a admháil, go raibh an córas s’againne beo bríomhar, ach ag an am gcéanna, bhí sé soiléir go raibh sé éasca go maith dallamullóg a chur ar roinnt áirithe dár bpobal, agus iad a sheoladh síos casán mídhaonlathach, agus glacaimid le sin mar thús do phíosa na seachtaine seo. Caithfimid súil ar chúrsaí, faoi mar atá anois, agus muid ar bhruach olltoghcháin eile, féachaint an bhfuil aon leigheas ar ár gcás, nó an bhfuil muid ag rás gan srian, gan laincís, i dtreo na faille, faoi mar a tharlaíonn i gcás na ‘Lemmings’ úd ar chóstaí Chríoch Lochlann. Ach ní orthu siúd a tharraing mé an scéal, ach ar an mbeithíoch dothuigthe eile sin, an Daonlathas.

Rialtas gan Mhóramh

Tamall maith ó shoin, i ndiaidh an Olltoghchán deiridh, agus na Páirtithe Polaitíochta, agus Teachtaí áirithe Dála, ar a míle dhícheall ag iarraidh Rialtas Nua a bhunú leis an bPoblacht sagainne a rialadh ar feadh tréimhse áirithe eile. Ní gá dhom a rá anois nár eirigh leo sin a dhéanamh ar an gcéad iarracht! nó déarfainn go raibh siad thart ar dhá mhí i mbun an ghnó sin, sular éirigh leo teacht ar shocrú, a bhí inghlactha ag móramh na dTeachtaí. Fágadh Fine Gael sa diallait, ach ní eireodh leo teacht ar an margadh sin gan chúnamh ó Fhianna Fáil, sa mhéid go ndúradar-san go mbeidís toilteanach tacú leo fanacht sa diallait, ar choinníollacha áirithe.

Ar an gcéad amharc, cheapfadh duine ar bith, nach mairfeadh Rialtas dá leithéid ró-fhada, agus chomh maith le sin, thuigfeadh duine, nach mbeadh ar a gcumas obair Rialtais a chur i gcrích, bheadh orthu ’chuile iarracht a dhéanamh, chuile bhabhta, a chur ina luí ar mhóramh na dTeachtaí taobhú leo. Bheadh foighid, tuiscint, agus scil pholaitíochta, riachtanach, lena leithéid de pholasaí a chur i gcrích. Ach, tar éis na tosca sin uilig a chur san áireamh, tuigeadh dom ag an am, go raibh seans ann go n-éireodh leis, agus go dtabharfadh sé seans dúinn éaló ón tseanpholaitíocht, a bhí á cleachtadh anseo le blianta fada anois, agus gurb fhearrde an Stát s’againne dá bharr sin. Tá sé soiléir anois, go bhféadfadh socrú dá leithéid Rialtas a chur ar fáil don tír seo, agus le foighid, agus le tuiscint, go bhféadfaí na constaicí laethúla a shárú, agus Rialtas níos daonlathaí a chur ar fáil dár muintir. Níl mé cinnte go bhféadfaí sin a dhéanamh ar bhonn seasmach. Sin í an Fhadhb, nó mura bhféadfaí, b’fhearrde an tír bheith dá uireasa.

Bhí baol ann, ar na mallaibh, go mbrisfí ar ár Rialtas, toisc nach bhféadfaí fadhb an uisce a réiteach, agus mura bhféafaí, bhí chuile chosúlacht ar an scéal go dteipfeadh ar an Rialtas a bhille a rith tríd an Dáil. Ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leis na Páirtithe, agus leis na Teachtaí, an fhadhb a réiteach, sa chaoi nach mbeidh gá le hOlltoghchán a eagrú, le Dáil nua a thoghadh, rud a chuirfeadh ar an dtimpeallán anacair céanna arís sinn, agus rud, b’fhéidir, a chuirfeadh cos i bpoll le turgnamh dá leithéid a thriáil sa todhchaí.

Is soiléir, faoi mar a dhearbhaigh mé thuas, go bhféadfaí Rialtas an Mhionlaigh a bhunú sa tír seo, ar choinníollacha áirithe, ach cinnte, bheadh gá le foighid, le ciall, agus le scil pholaitíochta chuige sin. Ón gcleachtadh atá faighte againn anois, ar an gcineál sin leagan amach, is soiléir go dteastódh Teachtaí dáiríreacha, macánta, uainn, Teachtaí nach mbeadh ag iarraidh cáil a shaothrú dóibh fhéin trí chur i gcoinne chuile iarracht a dhéanfadh an Rialtas le leas an phobail a chur i gcrích, nó sa tslí sin, dhéanfaí am na Dála a dhiomailt gan chiall, gan toradh, agus na Teachtaí sin ar a míle dhícheall ag iarraidh obair an Rialtais a chur ó mhaith. Ní chuige sin a thoghann na vótóirí Teachtaí. Ní lena leas fhéin a dhéanamh ar chóir do Theachta ar bith, an chumhacht a bhronn a Thoghlach air, a úsáid. Ba chóir dó a thuiscint, gur le tír iomlán a rialú a toghadh é, ach dár ndóigh, ba chóir dó freisin, dearcadh, mianta, agus riachtanaisí, a thoghlaigh fhéin a chur i láthair na Dála, chuile bhabhta a bhfaigheadh sé deis chuige sin, ach ní le rialú na tíre a chur thar chumas an Rialtais, a bronnadh cumhacht airsean, a chéaduair, ach le féachaint chuige, go mbeadh a leithéid indéanta, i rith ré na Dála sin, chuig ar toghadh é.   

.

gaGaeilge