I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

An Mianadóir………….céadchló....…..2015

le

Jackie Mac Donncha...…………………..€10.00

.

Deoraí ag filleadh ar a dhúchas

Is suimiúil an scéal a leagann an t-údar seo os ár gcomhair sa leabhar dea-scríofa seo, agus leabhar is ea é freisin, a chuirfidh léitheoirí áirithe faoi gheasa, lena chuid Gaeilge tharraingteach, lena phlota teannasach, suimiúil, agus lena stíl fhorbartha. Seo leabhar a thaitneodh go mór leis an aos óg, go háirithe le déagóirí. Ní hionann sin is a rá, nach mbainfeadh éinne eile toit nó taitneamh as, mar caithfidh mé a rá, gur bhain mé fhéin an-taitneamh as, agus geallaimse dhuit é, nach aon bhunóc bliana mé, faoin am seo!

Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é an gasúr, Darach Ó Fualáin, príomhcharactar an scéil seo, nó téann a chuid eachtraí siúd, mar shnáithe, tríd an scéal seo ar fad, ó thús deireadh. Ní gá a rá, go n-imríonn a mhuintir an-pháirt sa scéal freisin.

Fear faoi leith is ea an t-athair, Aindriú Ó Fualáin, agus é, de shíor, sáite go dtí na cluasa ina fhón póca. Bean ghnóthach, dhiograiseach, is ea a mháthair, Siobhán, agus cailín cliste, cúramach is ea, Siún, a dheirfiúr. Caithfear a rá gur bheag aird a thug Aindriú ar a mhac, Darach, go dtí an pointe sin, nó bhí sé ró-ghnóthach lena fn póca agus lena nuachtáin, le Darach a thabhairt leis ag iascaieacht, nó ag fiach, nó a leithéid, ach, d’fhoghlaim sé a cheacht go dóite nuair a tharla nach raibh siad ábalta teacht ar Dharach, an lá sin a chuaigh sé i bhfostu sna píopaí uisce.

Ach díríonn an scéal a thóirse freisin, ar an bhfear úd a tháinig abhaile óna dheoraíocht sna mianaigh chopair, i mButte, Montana, fear arbh ainm dó, Antaine de Búrca. D’fhill Antaine ar theach folamh a mhuintire ó tharla nach raibh éinne dá mhuintir ina sheilbh, agus ghlac seisean seilbh air, ach má dhein, ní i ngan fhios do na comharsain é, nó bhí súil seabhaic acu air, agus gan aon ró-iontaoibh acu as, ach oiread, nó ní raibh aithne ar bith acu air. Casadh Darach air, ar a bhealach abhaile ón scoil agus d’éirigh leo caradas a shnaidhmeadh eatarthuithreach bonn. Ar ball, nuair a chuaigh Darach i bhfostú sna píopaí uisce, a bhí ag síneadh trasna faoin mbóthar, agus nuair a bhí sé beagnach múchta, tachtaithe, iontu, agus gan ar a chumas éaló astu aris, ba é an strainséir, Antaine de Búrca, a chuala fón póca Dharach ag bualadh, agus a thuig ón bhfuaim sin gur faoi thalamh, sna píopaí, a bhí an fón céanna sin. Chuir Antaine é fhéin i mbaol a bhasctha ag iarraidh Darach a shábháil nuair a chuala sé scréachaíl sna píopaí céanna sin.

Nuair a tuigeadh do na comharsain gur mar sin a bhí, bhí siad lán-tsásta ansin glacadh lena gcomharsa nua mar dhuine díobh fhéin. Ní gá a rá, go gcuirtear síos ar mhuintir an bhaile, agus go háirithe ar mhuintir Dharach fhéin, Clann Ui Fhualain, sa scéal suimiúil, lánteannais, seo faoi’n mhianadóir a d’fhill ar a dhúchas.

.

.

.

.

.

.

.

Leabhar de chineál eile

Litríochtaí ………….le ………… Daithí Ó Muirí

.

Céadchló…………………..2015………………….€8.00

Peadar Bairéad

Aistí nó Scéalta?

Ní gá dhom an scríbhneoir seo a chur in aithne dár léitheoirí, nó chuile sheans go bhfuil aithne acu air, cheana féin, óna shaothar, nó óna bhaint le cláracha Raidió agus Teilifíse. Rugadh Daithí i gContae Muineacháin, agus faoi láthair tá cónaí air i gCois Fharraige, i gConamara. Roinnt duaiseanna bainte amach ag a shaothar cheana féin. Ach le filleadh ar ‘Litríochtaí.’……………

Leabhar de chineál eile ar fad is ea Litríochtaí, agus ag an am gcéanna, is deacair a dhearbhú cé air a bhfuil sé dírithe. Mo chuidse de, caithfidh mé a rá, go raibh orm é a léamh cupla babhta le hadhmad ar bith a bhaint as. Ach, is féidir liom, ar deireadh, a rá, gur thaitin an leabhar frí chéile liom. Cheapfadh duine gur aistí níos mó ná gearrscéalta atá sa díolaim seo. Sea, aistí ag cur síos ar iarrachtaí údar eile ar litríocht a chumadh. Cruthaíonn an t-údar sciliúil seo saol atá éagsúil, amach is amuigh, leis an saol a bhfuil cleachtadh faighte againn air i saothar litríochta údair eile, saol ina bhfuil a bhunús bun os cionn, iompaithe droim ar ais, agus do-fheicthe, do-chloiste, do-thuigthe, ach, tríd is tríd, éiríonn leis, an léitheoir a chur faoi gheasa, le draíocht a chumadóireacht, agus le dánacht a ionsaí ar ‘ghurúnna na leabhar, gan trácht in aonchor ar a chur chuige leithleach.

Anois, tá mé ag ceapadh, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh nach é an t-údar amháin a bhfuil an saol iompaithe bun os cionn aige, agus bíodh acu, ach bhain mise taitneamh as ar chruthaigh an t-údar sciliúil seo. Breatnaigh ar chuid de haistí a chum sé sa díolaim Aistí seo. Breathnaigh ar an gcéad phíosa, ar a bhaisteann sé, Folús Úrnua, agus an chaoi a gcuireann sé tús leis….

“Céard atá ann? Faraor níl tada ann, tada ach báisteach agus gaoth,la bruscair thall ansin freisin, rudaí, na rudaí lena raibh tú ag rudáil riamh anall ach ní ligfear isteach sa scéal seo iad, scéal de shaghas úrnua a bheas anseo, bréan den bháisteach atá tú ar aon nós, den mhála dubh plaisteach ….bréan de na rudaí uile atá feicthe agat go dtí seo, gach seans.….

Ní gnáth scéal a bhéas sa scéal seo, agus caithfear amach as, gnáththroscán agus gnáth fheisteas na scéalta a léigh tú, go nuige seo.

“Ní bheidh aon rud sa scéal seo, ná duine ach oiread, Aisling, Seán, Criostóir ná Luisne, duine ar bith ná rud de shaghas ar bith………..Ní bheidh ann ach tusa, aghaidh ar aghaidh leis an bhfolús”

Sea, agus féach mar a chuireann sé críoch leis an gcéad scéal sin……

“Seo, scéal nár thúisce léite é ná é imithe uait san fholús.”

B’fhéidir gur leor sin le faobhar a chur ar do ghoile chun an scéil seo a léamh?

B’fhéidir go mbainfeá triail as. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú idir adhmad

agus taitneamh as.   

.

.

.

.

.

gaGaeilge