I mBéal an Phobail

(This week I mBéal an Phobail tries to look into the future)

Peadar Bairéad

An Ród seo romhainn!

Is dócha gurb é bua diamhair an daonnaí nó gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar a dhán, nó, ar an ród atá roimhe amach, ar choinníoll go leanfadh cúrsaí sa todhchaí, faoi mar atá i láthair na huaire seo, agus ní taise dúinne é. Mar sin, ní haon ionadh go ndéanaimse fhéin iarracht, corruair, ar dhul ar mo chliatha fís, le scil a bhaint as tarlúintí an lae inniu, le tuairim eicínt a chaitheamh faoi threo bhád an Stáit s’againne ar mhuir mhór leathan na todhchaí. Ní gá dhom a rá, go bhfuil ár ndóthain mhór de chomharthaí comhaimseartha le léamh againn, i saol agus i stair ár bpobail, le buille faoi thuairim a thabhairt ar a bhfuil romhainn amach, sna laethe atá le teacht.

Breathnaigh, i dtosach báire, ar an iaróg a tógadh, ar na mallaibh, faoi Thuarascáil Chluana. Táid ann adéarfadh, go mbeadh sé i bhfad níos fearr, agus níos ciallmhaire, b’fhéidir, dúinn, doras na hiaróige sin a fhágáil dúnta, nó déarfaidís sin, go bhfuil an Rialtas s’againne agus an Vatacáin, ar chomhtharraingt sna cúrsaí seo, nó dár leosan beirt, is í cosaint na hóige an chloch is mó ar a bpaidrín acu. Agus nach bhfuil a fhios ag an saol, gurbh é cogadh na mbó maol atá a fhearadh acu sa chás seo, nó níor éirigh go seoigh le ceachtar acu a ndualgaisí sa reimse sin, i leith na h-óige, a choimhlíonadh go héifeachtach, nó go suntasach.

Buailim Sciath!

Ar an dtaobh eile den scéal, tá daoine ann freisin, a déarfadh, nach bhfuil sa chogadh céanna sin ach buailim sciath, le buntáiste a thabhairt don Rialtas agus iad ar thóir an ceann is fearr a fháil ar chumhacht na hEaglaise i gcúrsaí oideachais, agus a leithéid. Ach, bíodh sin fíor, nó ná bíodh, seans go ndeachaigh an Taoiseach s’againne beagáinín thar fóir ina óráid ionsaíoch os comhair na Dála, nó ba chosúla le hionsaí chonspóideach polaitíochta í ná le casaoid dáiríreach dioplomáideach chuig cumhacht a raibh caidreamh dioplomáideach againn lei. Ach, ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta, is é an cúrsa is ciallmhaire againn anois nó dul i gcomhar leis an Vatacáin, le rialacha dochta a dhréachtadh, ar mhaithe le haos óg na tíre seo a chosaint ar ionsaithe, agus ar mhí-úsáid ghnéasach, feasta. Sa tslí sin, beifear in ann an tua a fhágáil ar leataobh, agus cead fáis a thabhairt do ghas na síochána eatarthu, as seo amach. Ní haon mhaith bheith ag argóint gurbh ionann is trasnaíocht gan údarás, rud ar bith níos lú ná comhoibriú iomlán, nó nach ionann a leithéid is a bheith ag iarraidh damhsa ar bharr snáthaide. Comhoibriú is fearr a fhóireas orainn uilig sa chás seo, mar tá ár ndóthain le déanamh againn faoi láthair agus gan bheith ag fearadh chogadh na mbó maol, sa chás seo. Ar an dtaobh eile den scéal seo ar fad, ba mhaith liom aird a dhíriú ar an gclaonadh chun oilc atá ag fás is ag forbairt go buacach, inár measc, le scathamh anuas. Anois, ní haon rud nua é lucht an aindlí a bheith ag obair is ag saothrú dóibh fhéin in ár measc, agus ní hiad na heaglaisigh atá idir chamáin agam sa chás seo. Ní hiad in aon chor, ach na coirpigh “ghairmiúla”, agus na dronganna úd, a thagann i dtír ar allas dhaoine eile. Níl le déanamh againn ach súil a chaitheamh ar ár nuachtáin, le fios fátha an scéal seo a thuiscint agus a bhlaiseadh. Tá dronganna coirpeach ag cur fúthu in ár measc anseo, dronganna a cheapann go bhfuil chuile cheart acu poblacht dá gcuid fhéin a bhunú, ar mhaithe leo fhéin. Tuigtear dóibh go bhfuil siad beag beann ar dhlíthe is ar rialtas na tíre seo. Tógann siad a bhfuil uathu, agus go bhfóire Dia ar an té a thagann sa mbealach orthu. Is dóigh gur léigh tú fhéin cuntais sna nuachtáin, le déanaí, faoi choirpigh a théann i mbun a ngnó le sceana agus casúir, nó le ceapoird agus gunnaí gráin, agus ní haon mhaith bheith ag argóint le duine armtha sa dóigh sin, nó luíonn sé le réasún, gur ciallmhaire i bhfad é géilleadh i gcás dá leithéid. Sin cogadh a d’fhéadfadh an Stát a fhearadh ar mhaithe lena shaoránaigh.

Poblacht ár Leasa

Anois an t-am lenár bPoblacht fhéin a bhunú abhus, Poblacht ina mbeidh saoirse, agus chuile cheart dleathach ag an saoránach, a chuirfeadh ar a chumas, a shaol is a laethe a chaitheamh go síochánta, sásta. Poblacht ina mbeidh pobal comharsanúil ag maireachtáil go síochánta, macánta, i bhfochair a chéile. Poblacht ina mbeidh dúil ag chuile dhuine i leas an phobail, agus i leas chuile shaoránaigh, a bhfuil saorántacht bainte amach aige sa Phoblacht Nua s’againne. Anois an t-am le Poblacht dá leithéid a bhunú, ach ag breathnú ar chúrsaí thart orainn faoi láthair, ní dóigh liom go bhféadfadh éinne bheith ró-dhochasach go bhfuil muid ar bhruach ré órga dá leithéid, sa ghearrthéarma. Ach, nár inmholta an cuspóir dúinn é mar phobal, ár n-aire a dhíriú ar Phoblacht dá leithéid a bhunú inár measc? Céard a cheapann tú fhéin atá i ndán dúinn, mar chine, sa todhchaí?

.

      

.

gaGaeilge