An saol as alt

Peadar Bairéad

(This week we take a look at... Law and Order… here and there)

Riail agus Reacht

theastaíonn uainn saol sona, sásúil, sibhialta, a chaitheamh lenár ré, ní foláir dúinn maireachtaint de réir dlithe agus prionsabail áirithe. Ní foláir smaoineamh ar an nduine eile, agus ceart dom, ceart duit, a chur in áirithe do chách. Is bocht an saol a bheadh againn dá nglacfadh muid le prionsabal an bhullaí adeir, gurb é an neart a bhronann ceart, treise lámh a thugann bua, dár leosan. Ach ní chuige sin uilig atá mé, an babhta seo, ach chuige seo.

An ‘Sudetenland’

Ag breathnú ar an saol thart orainn, sa lá atá inniu ann, nach beag ugach a thugann sé dúinn go bhfuil muid ag druidim i dtreo Útóipe ar thalamh. Agus scéalta móra scanrúla á seoladh chugainn ó Oirthear na hEorpa, le roinnt laethe anuas, chuaigh mo chuimhní fhéin ar fán uaim, siar go dtí na laethe roimh an Dara Cogadh Domhanda. An tráth úd nuair a bhí ráflaí ag eitilt timpeall, chomh flúirseach le faoileáin roimh aimsir stoirmiúil. Ba é Hitler, an fear dubh ag cuid againn, an t-am sin. Céard a bhí idir chamáin aige? Cé an chéad tír eile a d’ionsódh sé. Rinne sé ionradh ar limistéir áirithe toisc go raibh Gearmáinis á labhairt ag tromlach na ndaoine ann, nó toisc go mba de bhunadh Gearmáineach iad, agus theastaigh uaidh Iath na nGearmáineach a athaontú, agus a choimeád slán, trí Anchluss nó eile. I ndáiríre, nach gceapfá, gur beag an difir idir na geáitsí sin agus geaitsí na Rúise i láthair na huaire seo. Nach bhfuil cosúlachtaí idir an Chrimé agus an Sudetenland nó an Ostair? An amhlaidh go bhfuil dlí an bhullaí ag teacht chun tosaigh arís? Treise lámh a bhronann ceart, is a bheireann bua! An ea?

Dlí an Bhullaí

Dár ndóigh, ní bheadh aon bhaint ag ár muintir fhéin le céapair dá leithéid. Ní bheadh dlí an bhullaí inghlactha i gCríocha Fodhla! Ag magadh fúm atá tú, an ea? Breathnaigh thart ort, agus éist le ceol na gaoithe! Nach beag lá a théann thart gan scéalta uafáis agus bullaíochta i mbéal an phobail. Sea, agus geallaimse dhuit é, nach iad riail nó reacht na Féinne a bhíonn sa treis sna scéalta céanna. Beag aird a thugann siad ar mhana úd na Féinne adeir gur chóir Troid le Tan agus Taise le Trua. Sea, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, ní hamháin go bhfuil an cineál sin iompair le fáil in ár mbailte, is in ár gcathracha, ach faoin am seo, tá an cineál céanna iompair le fáil amuigh faoin dtuaith freisin, mar a ndéantar ionsaithe rialta ar shean is ar óg, a bhuíochas sin do na bóithre breátha, móra, a d’fhág anogar Ceilteach le huacht againn, nó is féidir anois taisteal ó cheann ceann na tíre seo i ngearraimsir, agus iad beag beann ar riail nó ar reacht, ar phóilín nó ar shaighdiúir, ina ngluaisteáin shlíoctha. Breathnaigh ar an gcaoi a ndéantar seandaoine laga, soghortaithe, a bhualadh, is a bhascadh, agus ansin a robáil, agus b’sheo an tír ina mbíodh meas thar barr ar an sean agus ar an lag! Ó bhail! d’imigh sin is tháinig seo.

Dlí an bhithiúnaigh

Nár chóir dúinn freisin súil a chaitheamh ar na buíonta bithiúnach, agus ar an gcaoi a oibríonn siadsan, beagbeann ar dhlíthe na tíre seo. Déanann siad a ndlíthe fhéin agus feidhmíonn siad faoi mar ba phoblacht, taobh istigh de phoblacht iad, agus glacann siad leis an bprionsabal go bhfuil chuile cheart acusan earraí dhaoine eile a thógáil, agus a choinneáil, mura bhfuiltear in ann iad a chosaint le láimh láidir.

ard faoin Social Contract úd, feasta? Nach ngeallann an Stát go ndéanfadh siad an saoránach a chosaint, dá dtabharfadh seisean a dhílseacht dó? Deacair sin a chreidiúint, mura ndéanann an Stát iarracht níos fearr riail agus reacht a chur i bhfeidhm feasta.

.

gaGaeilge