An t-Iontas.

Peadar Bairéad

(This week we reveiw, ‘The Wonder’, by Emma Donoghue)

.

The Wonder’………….Céadchló……….2016

by ………….Emma Donoghue…………€14.99

.

Scéinséir Corraitheach,

Seo leabhar eile ó pheann líofa an údair sciliúil, Emma Donoghue, údar an leabhar cháiliúil eile sin ‘The Room’, leabhar a ndeachaigh a cháil ó cheann ceann na cruinne in achar gearr, agus tá’s ag madraí an bhaile fhéin, go bhfuil an cháil chéanna sin tuillte, agus tuillte go maith, ag an leabhar céanna sin, agus ag a údar aithnidiúil freisin. Rugadh údar an leabhair seo i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1969. Chaith sí seal i gCambridge Shasana, ag déanamh léinn san Ionad Léinn cáiliúil sin, áit ar bhain sí Ph.D. amach lena staidéar ar litríocht an ochtú haois déag.

.

Suítear an scéal i mBaile Átha Luain

Ach, le filleadh ar an leabhar seo atá idir chamáin agam an tseachtain seo. Suíonn an t-údar a scéal i mbaile iargúlta tuaithe, cóngarach do Bhaile Átha Luain, in Éirinn, i ndiaidh an Ghorta Mhóir, i seascaidí na haoise seo caite. Bhunaigh an t-údar an scéal seo ar eachtraí a tharla in áiteacha éagsúla, san Eoraip, agus i Meiriceá, an tráth úd, agus níos déanaí freisin, nuair a tharla gur ceapadh gur mhair daoine áirithe, go háirithe cailini óga, ar feadh tréimhsí fada gan aon bhia, agus tuigeadh ag an am, go mba chomhartha osnádúrtha a leitheid de tharlúint. Bunaíonn an t-údar seo a scéal ar chailin óg, Anna O’Donnell, a bhí aon bhliain déag d’aois ag an am, agus cailín a raibh tréimhse cheithre mhí caite aice gan bhia, rud a tharraing aird an tsaoil mhóir uirthi fhéin is ar a tuismitheoirí, Rosaleen agus Malachy O’Donnell. Tuigeadh do dhaoine áirithe, nach raibh ann ach cleas le hairgead a bhailiú, agus ag an am gcéanna, tuigeadh do bhunús na cosmhuintire, go mba naomh ar thalamh í an cailín óg sin, Anna.

.

Troscadh nó Cur i gcéill

Leis an scéal sin a shocrú ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile, tháinig maithe na háite le chéile agus bhunaíodar coiste leis an scéal ar fad a fhiosrú, féachaint an raibh Anna ag ithe bia, nó nach raibh. Bhí ar an gCoiste sin, an sagart paróiste, Mr Thaddeus, an dochtúir áitiúil, Dr. McBrearty, agus an R.M. áitiúil, Sir Otway Blackett. Shocraigh an coiste sin ar bheirt bhan faoi leith a fhostú, Lib Wright, ar Shasanach í, agus ar deineadh traenáil uirthi sa Chrimé, faoi Florence Nightingale fhéin, agus Bean Rialta Éireannach, Sister Michael, agus bhí de dhualgas ar an mbeirt sin súil seabhaic a choinneáil ar Anna, féachaint an raibh caimiléireacht ar bith ar súil sa troscadh fada seo. I gcás ‘Lib’, ba bhean í nach mbeadh sé éasca dallamullóg a chur uirthi, nó léiríonn sí ó thús, gur bheag a meas ar an tír seo, ar Chaitlicigh frí chéile, arbh antoiscigh ach go hairithe iad. Ach diaidh ar ndiaidh, éiríonn caradas eicínt idir í fhéin agus Anna, nó tuigtear di, i ndáiríre, nach raibh sa scéal ar fad ach cur i gcéill, agus chuir sí roimpi Anna a mhealladh chun bia a chaitheamh. Ní hionann sin is a rá, go raibh aon mheas rómhór aice ar thuismitheoirí Anna, ar mhaithe ra an bhaile, ach oiread.

.

Lib agus William

Ba mhór an chabhair chuige sin uilig a fuair sí ón iriseoir aithnidiúil, William Byrne, a bhí sa dúthaigh mar thuairisceoir, thar cheann an ‘Irish Times’ agus fear a casadh uirthi, de thimpiste, mar a cheap . Tuigeadh don bheirt sin, Lib agus William, go raibh Anna idir bás agus beatha, agus shocraigh siad ar í a shábháil on mbás sin, agus chuige sin, shocraigh siad ar sheift. Anois, níl fúmsa an scéal ar fad a mhilleadh oraibh, nó an cat a ligean as an mála, agus fágfaidh mé fúibh fhéin é, a fháil amach, céard a tharla ina dhiaidh sin. Ar éirigh leo an plean sin a chur i gcrích, agus cén toradh a bhí ar an bhfeachtas sin.. Níl dabht ar domhan, ach gur sheift nach mbeifeá ag súil leis atá i gceist agam, agus tríd is tríd, is sár-leabhar é seo gur fiú go maith é a fháil is a léamh. Bainfidh tú taitneamh agus tairbhe as, tá mé ag ceapadh…     

.

gaGaeilge