An tAifreann I gCalafóirnia

Peadar Bairéad

Aifreann in Oceanside

Ni raibh ach cupla la caite againn thall, ach ó tharla gurbh é an Domhnach a bhí ann, shocraíomar ar dhul chun an Aifrinn in Oceanside, i Halla St Margaret, Halla a bhí thart ar thuras leathuaire a’ chloig uainn. Shroicheamar an Halla sin, in am tráth, agus bíodh go bhfuil an Halla céanna sin breá fairsing, ag an am gcéanna, níl aon chóras aer-oiriúnaithe ann, rud a fhágann go n-éiríonn sé diabhalta te, le linn na searmanas. Ar aon chuma, roghnaíomar fhéin suíocháin, thiar ag cúl an Halla sin, rud a d’fhág, go raibh neart spáis againn, agus nár éirigh sé ró-the ar fad, ag an am gcéanna. D’fhéadfá a rá, go raibh an áit lán go doras, agus ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orm fhéin nó an méid sin daoine óga a bhí sa láthair, agus nílim ag caint faoi pháistí anois, ach daoine sna déaga agus sna fichidí, agus cuid mhaith acusan i mbun dualgas mar fháilteoirí, mar léitheoirí, agus mar mhinistrí eochairisteacha, freisin. Mór idir sin agus an chaoi a bhfuil cúrsaí sna séipéil s’againne! Rud eile a thabharfá faoi deara, nó an chaoi a raibh na ciníocha éagsúla measctha ar a chéile san aon phobal aontaithe amháin sin. Canadh iomann. Buaileadh clog. Agus ansin, tháinig an sagart agus a chuid ministrí suas tríd an Halla, ar a mórshiúl chun na hAltóra.

Fuair mé amach, ar ball, gurbh é an tAthair Cávana de Bhailís, an “Pastor”, a bhí mar cheiliúraí againn, an Domhnach sin, nó eisean an Sagart Pobail atá acu sa Pharáiste sin Naomh Mhaighréad. An-sagart go deo isea an Beal Feirsteach seo, agus meas an domhain ag a phobal thall air. Chuaigh cúrsaí chun tosaigh go breá, le linn an Aifrinn, agus ba bheag difir i ndáiríre idir Aifreann thall agus an tAifreann s’againne. Thabharfá faoi deara, b’fhéidir, go bhfuil difir bheag idir Chomhartha na Síochána thall agus an chomhartha a mhalartaítear abhus, nó is minic a bhíonn barróga agus póga i gceist acu thall, áit nach mbíonn sa treis againne ach an craitheadh fuar láimhe. Arís, le linn an “Ár nAthair” beireann gach duine den phobal greim láimhe ar na daoine taobh leis, agus ardaítear na lámha ansin, faoi mar a ardaíonn an sagart a lámha-san, ag guí na Paidre diaga sin. Taobh amuigh de sin, canann an pobal iomainn, rud nach dtarlaíonn anseo go ró-mhinic, agus ní fhéadfá, dár liomsa, a mhilleán sin a leagan ar an bpobal! Tá difir mhór amháin eile idir na hAifrinntí anseo, agus na hAifrinntí thall, agus sin go mbíonn na hAifrinntí s’againne críochnaithe, taobh istigh de leathuair a chloig, fad is a mhaireann na hAifrinntí thall, thart ar uair a’ chloig, ar a laghad.

Cad is cúis le sin? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.

Bhuel, ceart go leor, cuireann na hiomainn le fad na hócáide, ach, sé an rud is mó a chuireann leis an am sin, nó fad na seanmóirí. Maireann an tseanmóir thall, thart ar leathuair a’chloig, áit a mhaireann bunús na seanmóirí abhus, thart ar chúig nóiméad, nó mar sin. Bhuel, b’in mar a tharla an chéad Domhnach a chaitheamar thall, ar aon nós, agus anois, ar eagla go gceapfá, go raibh mé ag lochtú an Athar Cávana, caithfidh mé a rá anseo, gur thug sé seanmóir ar dóigh uaidh. Labhair sé go díreach leis an bpobal, agus thuig sé láithreach, go raibh ag éirí leis dul i gcionn orthu. Sea, mh’anam, agus níorbh éasca in aon chor an t-ábhar a roghnaigh sé don ócáid, an Domhnach céanna sin. Mistéir na hEochairiste a bhí idir chamáin aige, agus an chaoi ar cheangail an Tiarna ithe agus ól, bia agus deoch, arán agus fíon, lena láithreacht fhéin in ár measc, agus díreach mar a thugann bia agus deoch beatha don chorp, don tsaol seo, sa tslí chéanna, tugann fuil agus feoil an Tiarna beatha d’anam an duine, don tsaol atá le teacht.

“Amen, Amen, adeirim libh,

mura n-ithe sibh feoil Mhac an Duine,

agus a chuid fola a ól,

ní bheidh beatha agaibh ionaibh.”

Sea, mh’anam, níor fhág an Tiarna aon amhras ar bith ar a lucht éisteachta, níor chuir sé fiacail ann, mar adéarfá, ach é á rá amach go neamhbhalbh, suas chun a mbéal é! Níl aon éaló ón méid adúirt sé lena lucht éisteachta ansin. Bia agus deoch, fuil agus feoil, lón beatha curtha ar fáil dúinn, sea, bia don aistir, bia don saol nua spioradálta a bhí á gheallúint aige dá lucht éisteachta. Fanfaidh cuimhne na seanmóra sin liom go ceann i bhfad, geallaimse dhuit é, agus sin, cé go raibh mé ag cur allais go tiubh, i dteas neamhghnách an Halla úd Naomh Maighréad.

Caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh a sheanmóir i gcionn go mór orm fhéin, ach go háirithe, nó b’fhada an lá ó chuala mé a chomh-mhaith de sheanmóir.

  .

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge