An tAthair Albert

.

.

Peadar Bairéad

Early Days

Rugadh an tAthair Bibby i Muine Bheag, sa bhliain 1877, ach ba i gCathair Chill Chainnigh a tógadh é, cóngarach do Mhainistir na gCaipisíneach, sa chathair sin, agus ba ansin a dhéanadh sé Aifreann a éisteacht go rialta. Cuireadh scolaíocht air i Scoil na mBráithre, sa Chathair Álainn, agus ar ball, chuaigh sé le sagartacht go Coláiste na gCaipisíneach, i mBaile an Róistigh, Contae Chorcaí, áit ar glacadh leis mar bhall den Ord sin, sa bhliain 1894. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1902, tar éis dó cáil a bhaint amach dó fhéin mar mhac léinn Ollscoile. Chaith sé seal ina Ollamh le Fealsúnacht, agus le Diagacht, agus mhúin sé na hÁbhair Naofa sin do baill a Oird fhéin. I rith an ama sin, casadh scoláire óg leis, An tAthair Doimnic, fear a d’fhan ina chara buan, agus ina chomrádaí dílis, ag an Athair Albert, i rith na mblianta cinniúnacha sin idir 1917 agus 1925. Ba shagart i measc sagart é an tAthair Albert, fear a chaith a dhúthracht i measc na mbocht, agus é ag iarraidh chuile chúnamh a d’fhéadfadh sé, a thabhairt dóibh. Bhí meas an domhain aige ar an nGaeilge, agus ba bhreá leis cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht, le cainteoirí ó dhúchas a chlos ag spalpadh na teanga ab ansa leis. Choinnigh sé súil ghéar ar Éirí Amach na Cásca, sa bhliain 1916, agus thug faoi deara an sléacht a rinne sé ar an gcosmhuintir, ar na hÓglaigh, agus ar a muintir siúd.

During the “Rising”

Ar oíche an 3ú Bealtaine 1916, cuireadh scéala chuig Mainistir na gCaipisíneach i Church Street, go raibh baill den Ord ag teastáil, i bPríosún Chill Mhaighneáin, nó go rabhthas le hÓglaigh áirithe a scaoileadh ar maidin. Cuireadh an tAthair Albert agus an tAthair Augustine chun an Phríosúin, agus rinneadar freastal ar na hÓglaigh dhaortha ansin, Oíche Dhomhnaigh, an 7ú Bealtaine, 1916, fuarthas scéala eile i Church Street, go mbeadh an tAthair Albert agus an tAthair Augustine ag teastáil arís, i bpríosún Chill Mhaighneáin, an mhaidin dár gcionn, nó bhíothas le tuilleadh Óglaoch a scaoileadh. Chaith an tAthair Albert seal ag cabhrú leo siúd a bhí daortha. Ina dhiaidh sin, thug sé cuairt ar Sheán Heuston. Nuair a shroich sé cillín Sheáin, bhí an fear sin ag rá a phaidrín. Ní raibh ar a aire aige, an t-am sin, ach é fhéin a ullmhú mar ba chóir le dul i láthair a Shlánaitheora. Chaith an bheirt acu seal ansin ag paidreoireacht. Ar ball, tháinig saighdiúir Sasanach, le cur in iúl dóibh, to raibh an t-am tagtha. Amach leo. Rinneadh a raibh le déanamh. Shiúl an bheirt acu amach go láthair an scaoilte. Dúradh le Seán suí ar bhosca a bhí ansin sa chlós, agus scaoileadh rois mharfach piléar leis, rois a chuir lán stad lena théarma ar an saol seo. Chuaigh an tAthair Albert chuige agus chuir an Ola air láithreach.

After the “Rising”

Ní gá a rá go raibh na hÓglaigh fhéin, agus a muintir, buíoch do na Caipisínigh a rinne freastal chomh fial sin, orthu siúd a scaoileadh, i gclós Chill Mhaighneáin, i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, 1916. Agus nach bhfuil sé ina scéal i measc daoine áirithe, gur chuir James Connolly fios ar Father Aloysius, OFM Cap., agus gur dhúirt sé leis, gur theastaigh uaidh buaileadh leis mar shagart, nó go raibh scéalta cloiste aige faoin éacht a rinne idir shagairt agus mhná rialta le linn an Éirí Amach. Deirtear go ndearna sé a fhaoistin agus gur ghlac sé Comaoineach Naofa freisin, ar an ócáid. Nuair a bhí chuile shórt thart, agus an tÉirí Amach curtha faoi chois, níor dhein an tAthair Albert dearmad ar mhuintir na nÓglach a scaoileadh, agus ba é a nós cuairt a thabhairt orthu, go rialta.

Nuair a tharla Cogadh na Saoirse, idir na blianta 1917 agus 1921, lean an tAthair Albert ag friotháil ar phríosúnaigh Poblachtacha, i bpríosún, nó ar a gcoimeád dóibh. Ar ball, áfach, ghabh na Dúchrónaigh é fhéin agus a chara dhil, an tAthair Doimnic. Tógadh chun an Chaisleáin iad, mar ar deineadh iad a chiapadh agus a chéasadh.

Into Exile

Nuair a bhí ár Stát fhéin bunaithe anseo againn, chuir Údaráis an Oird an tAthair Albert go Meiriceá, i Meithemh na bliana 1924. N’fheadar cén fáth? Ach ar bhealach amháin, d’fhéadfá a rá go raibh toil Dé fhéin á léiriú dó sa deoraíocht chéanna sin, nó tharla go raibh áit faoi leith ag Naomh Úna i spioradáltacht agus i gcráifeacht an tsagairt chráifigh, Ghaelaigh seo, agus bhíodh pictiúr an Naoimh sin crochta i gcónaí ina chillín aige. Cuireadh i gceannas ar Mhisean Santa Ynez, i gCalafóirnia é, mar Phastor, agus nach bhfuil a fhios ag cách gurb ionann Úna agus Ynez, nó Agnes i mBéarla. Níor tugadh deis dó, i ndáiríre, mórán oibre a dhéanamh sa Mhisean cáiliúil céanna sin, nó faoi dheireadh na bliana sin 1924, bhuail taom trom tinnis é, agus cuireadh go hOspidéal Naomh Proinsias, i Santa Barbara é, mar a bhfuair sé bás i bhFeabhra na bliana 1925. Is dócha gurbh é mian a chroí é go gcuirfí a chorp faoin bhfód i dtír a dhúchais, ach chuile sheans nach raibh sin indéanta, ag an am, agus dá bharr sin, cuireadh i Reilg na SeanMhainistreach sin Santa Ynez é.

Home, at last

Ar feadh blianta ina dhiaidh sin, bhíothas ag iarraidh anseo go dtabharfaí a chorp abhaile go hÉirinn, maraon le corp a charad, an tAthair Doimnic, lena gcur i measc a mBráithre anseo, i gcré bheannaithe na tíre seo, ar thug siad grá a gcroí di. Ar deireadh thiar, deineadh sin, agus le toil na hEaglaise, le toil an Oird, agus le toil an Stáit s’againne, tógadh a gcoirp, faoi ghradam, abhaile go tír seo na hÉireann, ar an 13u Meitheamh 1958. Taobh amuigh de chathair Chorcaí, chuir Ard Mhéara Chorcaí agus Bardas na Cathrach sin Fáilte Oifigiúil rompu abhaile, agus ar an bhfód freisin an lá sin, bhí Ard Mhéara Átha Cliath, maraon le Méaraí Chill Chainnigh agus Luimní. Cuireadh i Reilg an Oird iad, i mBaile an Róistigh, i gContae Chorcaí. Bhí maithe agus móruaisle na tíre i láthair don athadhlacadh sin, le meas an náisiúin a chur in iúl, os ard, do bheirt laoch Éireannach a rinne a gcion fhéin le linn an Éirí Amach anseo, um Cháisc na bliana 1916.

.

.

.

gaGaeilge