An Teachtala  agus Scéalta eile

le

Brighid Uí Mhonacháin

**************************

Peadar Bairéad

Cnuasach Gearrscéalta

Brighid Uí Mhonacháin a chuir na scéalta seo ar fáil dúinn sa chnuasach beag néata seo. Cúig scéal déag ar fad atá le léamh againn anseo. Is áisil, amach is amuigh, an cnuasach seo, nó tharlaíonn amannta nach mbíonn mórán ama le spáráil ag an léitheoir, agus sa chás sin, oireann gearrscéal go seoigh dá chás. Anois, caithfidh mé a admháil, nach bhfuil mé fhéin ró-thugtha do ghearrscéalta, nó b’fhearr liom greim a fháil ar scéal fada toirtiúil gur féidir liom tamall fada a chaitheamh ina bhun, ach ag an am gcéanna, tharlaíonn, amannaí, nach mbíonn an méid sin ama agam do scéal fada dá leithéid, agus ansin, oireann an gearrscéal go seoigh dom, agus lena chois sin, tugann sé deis dom taitneamh a bhaint as píosa breá Gaeilge a léamh sa ghearrthréimhse atá ar fáil agam chuige. Ach, le filleadh ar an gCnuasach Gearrscéalta seo:-

Ba í Brighid Uí Mhonacháin a scríobh, bean a rugadh i mBéal Feirste, ach a bhfuil cónaí uirthi faoi láthair i nGaoth Dobhair.

Caithfidh mé a rá, gur bhain mé taitneamh as chuile cheann de na scéalta a leagtar os ár gcomhair sa leabhar seo, nó tá bua na scéalaíochta ag an údar seo, agus chomh maith le sin, tá éagsúlacht ábhair agus carachtair á léiriú aici ó scéal go scéal. Breathnaigh ar an gcéad scéal, mar shampla, ‘An Teachta Dála’, scéal dea-scríofa, cliste, inchreidte. Tá a lán le léamh tríd an scéal seo, a thabharfadh leide don léitheoir fadcheannach, faoi’na bhfuil ag tarlú idir an lanúin seo tríd an scéal suimiúil seo. l an bhean, Helen, sásta dul lena céile chuig cruinniú Dáilcheantair, cé go bhfuil a céile ag cur brú chuige sin uirthi, ach nuair atá sé imithe, tá sí lántsásta lei fhéin, agus áthas uirthi gur fhan sa bhaile. Arís, ní mó ná sásta atá sí gur imigh a fear le polaitíocht, a chéaduair, nó ní raibh an dúil sin aige sa cheird sin sular phós siad, ach, ar sise,”má tá dúil aige sa charn aoiligh glacadh sé leis na priompalláin” Ach, mar sin fhéin, d’fhan sí ina suí ag fanacht go dtiocfadh sé abhaile ón gcruinniú Dáilcheantair, agus í ag ceapadh go mb’fhéidir go mbeadh braon sa chorraicín aige, rud nár réitigh lena aingíne, agus rud freisin, a mhúsclódh an iaróg ann. Ghní sé Jekyll den Hyde a phós sí.” Tháinig sé abhaile déanach go maith, ach fuair Helen amach ar maidin go raibh a céile fir mín marbh sa leaba taobh lei. Rinneadh é a thórramh go dóighiúil agus tháinig na sluaite le slán a fhágáil lena dTeachta dílisla. Ar ball, nuair a chuaigh Helen chuig a seomra le dreas codlata a dhéanamh :-

“Shuigh Helen os comhair a tábla maisiúcháin agus bhain di. Bhreathnaigh sí na balscóidí gorma a d’fhág na buillí ar a sciatháin. Lig sí osna. Bhreathnaigh sí rian na gciceanna ar a loirgní.”

Ach, i ndiaidh chuile shórt, níor mhúch na buillí nó na ciceanna tine an ghrá a fadaíodh idir an bheirt áirithe seo, agus féach mar a chuireann an t-údar críoch lena scéal:-

“ ‘Val bocht,’ ar sise. ‘An t-ól bradach!’

Agus ghoil Helen chéad deora an lae.”

B’fhéidir gur chaith mé an iomarca ama ag gabháil don chéad scéal sin, ach ní hionann sin is a rá nár chuir mé suim ar bith sna scéalta breátha eile atá le fáil idir chlúdaigh an leabhair seo, nó bhain mé taitneamh agus toit as chuile cheann acu. Dhírigh mé ar an gcéad scéal úd le blas eicínt den iomlán a thabhairt duit, sa phíosa seo. Ba bhreá ar fad liom scéalta ar nós, ‘An Spideog’, ‘An Plastrálaí’, Segovia,GYP, agus ‘Sophie’. Sea, agus cá bhfágfá an scéal breá, tíriúil, sin, ‘Cumarsáid’, ina léirítear an chaoi ar cothaíodh comharsanúlacht idir an Bráthair de Brún agus Mr Robert McCracken, fear gnó, nuair a bheifeá ag súil lena mhalairt. Ach or bheag an chabhair chuige sin an tseanteanga agus braoinín de Johnny Walker, nó Seáinín Mac Siúlaí, faoi mar a bhaist an Bráthair air!

Tá mé ag ceapadh, mo dhála fhéin, go mbainfidh tú taitneamh agus toit as an gcnuasach gearrscéalta seo freisin.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

.

.

gaGaeilge