An IarChríostaíocht?

.

Peadar Bairéad

.

Cúrsaí Creidimh

Ní call dom a insint dhuit, go bhfuil cúrsaí creidimh ag dó na geirbe agam, na laethe seo.

’Tuige sin? adéarfadh duine b’fhéidir.

Toisc go bhfuil an Eaglais Chaitliceach, ach go háirithe, i mbéal an phobail le scathamh maith anuas anois. Agus ní méadú ar a cáil, ach a mhalairt, roinnt mhaith den mhíchlú a bhronntar uirthi, tríd an bpoiblíocht chéanna sin. Caithfear a admháil, nach gan chúis a thuill sí an míchlú céanna sin, nó cé d’dhféadfadh dearmad a dhéanamh ar an dá Thuarscáil úd, a foilsíodh le tamall anuas, – Tuarascáil Uí Mhurchú agus Tuarascáil Uí Riain -. Caithfear a admháil freisin, go raibh cáineadh tuillte ag an Eaglais chéanna sin. Ach ansin, nár chóir dúinn deis a thabhairt di, aithreachas agus leorghníomh a dhéanamh, sa mhí-úsáid a tugadh ar na daoine leochaileacha, so-ghonta úd, a fágadh faoina cúram.

Pobal Dé agus an todhchaí

Ar an dtaobh eile den scéal, nach bhféadfadh duine a rá, nárbh í an Eaglais Chaitliceach fhéin a rinne an mhí-úsáid úd, nó nach gcáineann an eaglais chéanna sin chuile ghníomh dá leithéid? agus nach bhfuil sí meáite anois, ar chuile iarracht a dhéanamh, le gníomhartha dá leithéid a chosc sa todhchaí? Ach sa mhéid gurbh iad ministrí na heaglaise a bhí ciontach sa mhí-úsáid sin, ba chóir go ndéanfadh pobal na heaglaise sin chuile iarracht ar leorghníomh, agus cúiteamh a dhéanamh leo siúd ar deineadh an éagóir uafásach sin orthu.

Agus sin uilig ráite, admhaithe, agus cáinte againn, caithfear an ród seo romhainn a bhuaileadh athuair, le misneach, le dóchas, agus le creideamh, earraí a dhéanfaidh sinn a threorú fan bhóthar ár slánaithe. Ní tráth éadóchais é, ach tráth dóchais agus misnigh. Tráth freisin é, inar chóir do Chríostaithe leanúint ar aghaidh ar bhealach a n-oilithreachta, gan faitíos, gan eagla, gan teip. Nach oidhrí sinne ar an dtraidisiún críostaí a fágadh le huacht againn ag daoine a d’fhulaing chuile shórt chéasta agus anró, le sin a dhéanamh, agus a dhéanamh go dóighiúil, flaithiúil, misniúil? Nárbh iad a shín anuas chugainn an creatlach críostaí, lenár saol mar phobal, a chrochadh air? Agus nárbh iad freisin, a d’fhág le huacht againn, eagraíocht na heaglaise, le pobal Dé a threorú i dtreo Ríocht Dé?

Geasa Briste

Ní tráth é seo le chuile iarsma den Chríostaíocht a chaitheamh i dtraipisí, toisc gur bhris roinnt áirithe sagart a ngeasa, agus gur iompaigh siad ó bhealach a slánaithe agus gur thaisteal siad bealach a n-aimhleasa. Ní tráth é seo, le chuile iarsma dár gcreideamh a ruaigeadh as ár scoileanna, nó le chuile chomhartha dár n-oidhreacht a ruaigeadh as ár dtimpeallacht, nó ní tráth é seo, ach oiread, le hiompú i gcoinne éinne a léireodh a chríostaíocht, os chomhair an phobail, ar cheann ar bith de na meáin chumarsáide, lena náiriú, nó lena chiapadh, os ard.

Nach minic a úsáidtear leithscéalta gan tóin le ciapadh dá leithéid a chosaint? Duine amháin ag maíomh nach bhfuil sé féaráilte creideamh a shacadh siar síos scornach na n-óg, agus sa chás seo, ní creideamh ar bith eile atá idir chamáin aige, ach an chríostaíocht amháin. Duine eile ag rá, nár chóir do phobal, comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard, ar eagla go gcuirfeadh sé sin isteach ar dhearcadh chuairteoirí nó strainséirí, agus fiú, nach ndeirtear nár chóir comhartha ar bith creidimh a léiriu, os ard, in áit phoiblí ar bith, toisc gur leis an bpobal, frí chéile, na hionaid chéanna sin.

Sinne an Pobal

Ach, nach bhféadfadh duine a mhaíomh, gur sinne an pobal, agus gurb ’in é díreach a theastaíonn uainn, agus i gcás na scoileanna, arís, nach iad na tuismitheoirí na príomhoideachasóirí, de réir an Bhunreachta, agus má theastaíonn uathusan comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard sna scoileanna, cén ceart atá ag an Stát, nó ag dream ar bith eile, cur ina gcoinne? Fágaimis na croiseanna mar a bhfuil siad, agus ná bíodh náire ar bith orainn faoi chomharthaí ár gcreidimh, nó faoi léiriú ár n-oidhreachta. Cúis bhróid agus cheiliúrtha dúinne iad. Ná caitear i dtraipisí iad!

Agus ag caint ar chuairteoirí, déarfainn go mbeadh ionadh orthusan mura mbeadh muid sásta gníomhú de réir ár ndearcaidh, nó de réir ár gcreidimh, agus ar aon nós, níor chóir go dtiocfadh sin isteach sa scéal, olc, maith, nó dona, nó an té a thagann chugainn isteach ón iasacht, ba chóir go duigfeadh sé cúrsaí, nó faoi mar adeireadh na Rómhánaigh fadó, – sa Róimh dhuit, déan mar a dhéanann na Rómhánaigh – . Glach le nósanna d’aíonna, nó fan glan amach uathu!

   

gaGaeilge