.

….Misean Mhuire gan Smál….

Tar éis dúinn Misean Santa Ynez a fhágáil inár ndiaidh, thugamar aghaidh ar bhaile a dtugtar Lompoc air, nó cóngarach don bhaile sin, agus thart ar scór míle siar ó bhaile Buellton, tá Misean La Purisima suite. Is é an t-ainm iomlán a baisteadh ar an Misean céanna nó “ Mision La Purisima Concepcion de Maria Santisima”, Nó Misean Mhuire RóNaofa gan Smál. Baisteadh an t-ainm sin air toisc gur bhunaigh an Padre Presidente, Fermin de Lasuén, é, ar an ochtú lá de Mhí na Nollag, Féile Ghiniúint na Maighdine Muire gan Smál, sa bhliain úd 1787. D’éirigh go maith leis an Misean céanna sin ó lá a bhunaithe, go ceann tamaill, ach go háirithe, agus nuair a bhí sé i mbarr a réime, bhíodh thart ar 1,500 Indiach nuachreidmheach, de threibh na Chumash, ag cur futhu sa Mhisean sin, maraon le beirt Phadre, agus cúigear saighdiúir.

.

….Bliain na gCreathanna Talaimh….

Chuaigh cúrsaí ar aghaidh go seoigh, go dtí an bhliain 1812, bliain ar bhaist siad “El Ano de los Temblores” nó bliain na gCreathanna Talaimh, air, nuair a leagadh an Misean sin go talamh. Is fíor gur éirigh leis na Padres agus leis na hIndiaigh Misean nua a thógáil, ceithre mhíle ar siúl ón tseanionad, agus go ndeachaigh siad i mbun oibre ansin, go ceann roinnt blianta eile, ach i ndáiríre, ní raibh sa mhéid sin ach tús tuile, nó faoin am sin, bhí sé ina dheargchogadh idir an Spáinn agus Meicsiceo, agus Meicsiceo ag iarraidh a saoirse fhéin a bhaint amach, agus an ruaig a chur ar na Spáinnigh.

Agus ó tharla gur thosaigh an cogadh sin sa bhliain 1810, faoin mbliain 1812, ní rabhthas ábalta, a thuilleadh, soláthairtí a chur ar fáil do na Presidiónna Spáinneacha, a bhí bunaithe fan chósta Chalafóirnia, agus dá bharr sin, bhí ar na Misean soláthairtí a chur ar fáil dóibh, rud, b’fhéidir, a cheangal an t-Arm agus an Eaglais sa dúiche sin. Chuaigh cúrsaí chun donais ar fad, sa bhliain 1824, nuair a tharla gur thug na saighdiúirí Meicsiceacha, a bhí tagtha i gcomharbacht ar na saighdiúirí Spáinneacha, faoin am sin, thug siad droch íde ar Indiach, a bhí ag feidhmiú mar gharda míleata, ag Misean Santa Ynez.

.

Éirí Amach Indiach.

Chuir sin an lasair sa bharrach, agus chuaigh cuid d’Indiaigh an Mhisin sin i gcomhar le hIndiaigh Mhisin La Purisima, agus ghlacadar seilbh ar an Misean, agus dheineadar é a dhaingniú ina dhún daingean doghabhála, len iad fhéin a chosaint ar na Meicsicigh. D’éirigh leo seasamh amach i gcoinne na saighdiúirí gairmiúla sin, ar feadh míosa, ach ansin thóg na Meicsicigh trúpaí athneartaithe isteach, maraon le marcaigh agus gunnaí móra. Chuadar i mbun oibre ar na hIndiaigh, agus i gceann trí huaire a chloig, bhí ballaí an Mhisin leagtha, agus an Misean gafa acu. Maraíodh sé dhuine dhéag de na hIndiaigh sa ghráscar sin, agus cuireadh seachtar dá gceannairí chun báis. Gearradh téarmaí príosúntachta ar dháréag eile. B’in deireadh leis an Éirí-amach.

.

Dí-eaglaisiú na Misean.

Is dócha gur éirigh na Meicsicigh tuirseach de na Misin Spáinneacha, a bhí suite, faoin am seo, ina gcríocha-san, agus deich mbliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1834 rinne siad na Misin uilig a dhí-eaglaisiú, scun scan, agus sa bhliain 1835, dhíoladar Misean La Purisima, le John Temple. Ní gá a rá, gur tréigeadh an Misean, agus nuair a bhronn an Union Oil Company an Misean sin, La Purisima, ar na Stáit, ar leo an tír, faoin am sin, sa bhliain 1933. Ba bheag a bhí fágtha faoin am sin den Mhisean álainn, a bhí acu ansin, nuair a bhí an Misean sin i mbarr a réime. Ach, caithfear a rá, gur deineadh atógáil, athmhaisiú, agus athfheistiú air, sa chaoi go bhfuil an Misean anois atógtha, díreach mar a bhí sé, i bhfichidí an naoú haois déag, agus ní hé sin amháin é, ach is Páirc Stairiúil Náisiúnta anois é, murab ionann agus bunús na Misean eile, nó níl ach trí cinn de na Misin i gCóras na bPáirceanna Stairiúla Stáit, agus deirimse leat é, gur chaith an Stát céanna go fial, flaithiúil, díograiseach, leis an Misean seo, anuas go dtí an lá atá inniu ann.

.

.

Athchóiriú.

Chuadar i mbun oibre a chéaduair, nuair a bronnadh fothracha an Mhisin orthu, sa bhliain 1933. Chuathas i mbun oibre, i ndáiríre, an bhliain dár gcionn, agus faoi stiúradh an “National Park Service” d’éirigh leis an “Civilian Conservation Corps,” Calafóirnia na bliana 1820, a athchruthú, agus ar an seachtú lá de Mhí na Nollag, sa bhliain 1941, fógraiodh an Misean mar chuid den “State Park System.” Anois, ní hamháin gur deineadh an Misean a atógail, ach deineadh an obair sin uilig trí mhodhanna tógála aimsir na Misean fhéin, a úsáid. Rinneadar na brící, agus na tíleanna díreach mar a rinneadh iad, ag Indiaigh agus ag tógálaithe Meicsiceacha, i ndeireadh an ochtú haois déag, agus ba é críoch na mbeart é, nó gur admhaíodh, nach raibh a shárú de thionscadal athchóirithe, agus atógála, le fáil, taobh thiar den Mhississippi.

Athchóiriú den scoth.

.

Chuir an National Parks Service chun oibre, agus toisc nach ndearnadar aon dá leath dá ndícheall, bhí a chuma ar thoradh a saothair, nó le breathnú ar an bhfoirgneamh inniu, cheapfá go mba fhíorchóip den Mhisean a tógadh a chéaduair, é, ach ag an am gcéanna, tá, folaithe sa bhfoirgneamah sin, chuile áis nua-aoiseach, leis an bhfoirgneamh a thabhairt slán, dá dtarlódh crith talaimh, am ar bith sa todhchaí.

Bhí áfach, difir mhór idir an Mhisean seo, agus na misin a bhfuil pobail Chaitliceacha á n-úsáid, lá i ndiaidh lae, agus leis an scéal sin a leigheas, chuir cairde an Mhisin seo chun oibre, le meitheal a earcú, le freastal ar an Misean, agus a sheoda a chaomhnú. D’éirigh thar barr leis an bhfeaachtas seo, agus sa lá atá inniu ann, tá na scórtha liostáilte sa mheitheal sin, agus gan de cheangal ar na daoine sin, ach amháin, go ngeallann siad, go dtabharfadh siad thart ar 96 huaire a chloig, saor in aisce uathu, in aghaidh na bliana, don Mhisean. Anois, feidhmíonn na daoine sin mar threoraithe, agus chomh maith le sin, feidhmíonn cuid eile acu mar charactair ó ré an Mhisin, cuid acu mar shaighdiúirí, cuid acu mar Indiaigh, agus cuid eile fós, mar shagairt, nó mar cheardaithe. Ní haon ionadh, go mbíonn tarraingt na mílte ar Mhisean úd La Purisima Concepcion.

Agus ní hé amháin go bhfuil an foirgneamh atógtha, athchóirithe, athfheistithe acu, ach chomh maith le sin, tá thart ar naoi gcéad acra talaimh acu, thart ar an Misean, le tionchar an fichiú haois a choinneáil glan amach uathu, agus lánchead ag an gcuairteoir, dul ag spaisteoireacht trí na coillte sa timpeall, agus tá ann freisin, casáin do mharcaigh, le dul ag falaireacht ansin, ar a sáimhín só, agus i ndáiríre, nuair a théann tú isteach ansin, ar chuairt, tá sé cosúil le turas a thabhairt ar mheaisín ama, siar go ré na Misean, nó tá atmosféar iomlán na ré sin athchruthaithe acu, san ionad speisialta sin. Fiú amháin, nach n-éiríonn leo sin a dhéanamh sna garraithe, os comhair an fhoirgnimh amach, ina bhfuil beithigh den mhianach a bhí in úsáid acu, aimsir na Misean fhéin, agus geallaimse dhuit go dtabharfá suntas do na beithigh chéanna sin, nó ní chuile lá a d’fheicfeá a leithéid. Tá ansin, caoirigh “churro”, sé sin, caoirigh a bhfuil ceithre adharc ar chuile chréatúr acu, agus tá ansin freisin, asail bheaga, a dtugaidís “Burros” orthu. Sea, mh’anam, agus chonaic mé ansin freisin, ba na n-adharc fada, cé dúirt nach mbíonn adharca fada ar na buaibh thar lear? Bhuel, bhí adharca an-fhada ar na ba sin, geallaimse dhuit é, bíodh nárbh adharca órga iad! Tá sna garraithe sin acu freisin, capaill, gabhair, muca, nach bhfeicfeá a leithéid anseo ‘gainne, géabha, lachain, turcaithe, agus tuilleadh, le hatmosféar iomlán, ré na Misean, a athchruthú ag La Purisima.

.

Treoraithe ildánacha freisin.

Chuir sé ionadh orainn freisin, an méid eolais a bhí bailithe ag na treoraithe a bhí ag dul timpeall leis na turasóirí, agus eolas iomlán acu faoi’n gcineál saoil a caitheadh ansin, ag Indiaigh, ag Saighdiúirí, ag Padres, agus ag ceardaithe, nuair a bhí an Misean i mbuaic a mhaitheasa.

Chuamar ar thuras an Mhisin ansin. Muid ag tabhairt chuile shórt faoi deara. Na ceardlanna, na seomraí inar chuir na sagairt futhu, ionad cónaithe na saighdiúirí, an Séipéal álainn, dea-mhaisithe, dea-dheartha, gona phictiúir, gona dhealbha, gona ornáideachas, agus nuair a smaoineofá ar na laethe, nuair a bhí na céadta agus na mílte Indiach ag cleachtadh a gcreidimh, san ionad sin, bhí sé éasca go maith dul i dteangmháil le hanamnacha na gcríostaithe céanna sin, nó bhí a scáileanna le tabhaiart faoi deara go dearfa, sa timpeall sin. Bhi freisin, radharc le fáil againn ar an gcistin, ar na linnte níocháin a bhí acu, le héadaigh a ní iontu, díreach mar a dheintí san Iarthar s’againne, trí scór bliain ó shoin, nuair a thógthaí na héadaí amach, len’ iad a ní, agus a chur ar tuar, taobh amuigh, faoin spéir.

Ar deireadh thiar thall, b’éigean dúinn iachall a chur orainn fhéin, an áit álainn, spreagúil sin, a fhágail inár ndiaidh, ach bhí orainn a admháil, go mba mhór an chreidiúint don Stát é, Misean dá leithéid a thógáil ar a n-aire, agus críoch chomh maith sin a chur air. Sea, mh’anam, agus níl an obair sin críochnaithe ar fad acu fós, nó tá ar intinn acu tuilleadh a dhéanamh, amach anseo, le deis a thabhairt do chuairteoirí páirt a ghlacadh i saol an Mhisin, nó cuireann siad deiseanna ar fáil do dhaoine, teacht chucu, agus páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí, cosúil le ceachtanna a eagrú i gceirdeanna, cosúil le ceird na fíodóireachta, déanamh coinnle, agus ceirdeanna eile dá leithéid. Chomh maith le sin, d’fhéadfaidís dul ar thuras an Mhisin le treoiraithe oilte, sciliúla, agus sa tslí sin, blas faoi leith a fháil ar an gcineál saoil a chaití i La Purisima, thart ar dhá chéad bliain ó shoin.

.

Agus cé chuireann na pingneacha ar fáil?

Agus cé thugann an t-airgead dóibh le sin uilig a dhéanamh? Adéarfadh duine, b’fhéidir.

Tugann cuairteoirí áirithe sintiús airgid dóibh, bailíonn siad táillí ballraíochta ón Prelado de los tesoros, nó ó chosantóirí na seod, mar a thugtar orthu, agus chomh maith leis an méid sin, éiríonn leo freisin, sochar a dhéanamh as díol cuimhneachán mínithe, ina siopa fhéin, sa Mhisean. Caithfear a admháil, go bhfuil ag éirí go seoigh leo sa bhfiontar sin atá idir lámha acu. Ach, bhí turas romhainne fós, nó bhí orainn Pismo Beach a bhaint amach an tráthnóna sin.

Agus ag an bpointe seo, déarfainn go bhfuil sé in am agam slán a fhágail ag La Purisima, ceann de na Misin ba mhó a chuaigh i gcionn orm go dtí an pointe seo, ach go háirithe, agus fágfaidh mé an chuid eile den scéal go dtí an chéad bhabhta eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar Pismo Beach fhéin agus ar ar gcuairt ar Chaisleán Hearst, caisleán atá tógtha díreach as Tír na nÓg fhéin! Ach bí liom ar an ócáid sin, agus beidh mé in ann tú a thógáil liom ar an gcuairt do-dhearmadta chéanna sin.

.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

gaGaeilge