I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ardú meanman

(This week we consider some of the things that lift our spirit.)

.

Ní gá dul ró-fhada siar le hócáid dá leithéid a fháil, nó nár mhór an tógáil croí do chuile dhuine againn, anseo i gCill Chainnigh, bua iontach iománaithe an Chontae seo ar na Tiobraidaigh, i gCraobh na hÉireann san Iomáint, cupla Domhnach ó shoin anois. Ní gá a rá. go raibh chuile dhuine againn ar chipíní feadh na himeartha, ar eagla go mbuafaí orainn, trí thimpist, nó trí thuaiplis eicínt, sara séidfí an fhead deiridh. Chaitheamar tréimhse fhada, roimh Dhomhnach an Bhaire, agus muid smaoineamh ar an lá cinniúnach céanna sin. An mbainfeadh na Cait, nó an gcaillfeadh siad? Uaireanta bhímis cinnte go mbainfeadh siad an cluiche sin, ach ansin, ar ball, tagadh luchóga an amhrais agus thosaídís ag creimeadh na cinnteachta sin, go dtí go millfí an lúcháir a bhí ag neadú sa chroí istigh ionainn. Ar deireadh thiar áfach, tháinig an lá mór fhéin, lá an bhreithiúnais, Domhnach an Bháire, agus ag an am spriocáilte, mháirseáil an dá fhoireann go fearúil, calma, amach ar shraith ghlórmhar féaruaine Pháirc an Chrócaigh. Nuair a bhí an mháirseáil críochnaithe agus Amhrán na bhFiann canta, thosaigh an lascadh. D’imir an dá fhoireann go fearúil sciliúil, cliste, sa chaoi nach bhféadfá lann an rásúir fhéin a chur isteach eatarthu. Tréimhse amháin bheadh tú cinnte go mbeadh an bua ag na Cait, agus ansin, faoi mar a bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile, chasfadh an taoide agus bheadh rith an ráis ansin ag na Tiobradaigh. I rith an ama sin uilig, bheadh duine ar imeall a chathaoireach agus é chomh teannta suas le sprionga tochraiste, lán le faitíos go gcaillfeadh muid, agus ag an am gcéanna, lán le dóchas go mbuafaimis. Lean an teannas agus an scleondar go dtí an nóiméad deiridh, nó bhí seans ann i gcónaí go mbeadh an bua ag taobh amháin nó ag an dtaobh eile. Ach más fada fhéin an lá tagann oíche, agus ba é an scéal céanna ag an gcluiche sin é. Bhí an bua ag na Cait. Áthas gan teorainn ar lucht leanúna na gCat. Hataí san aer. Bosa á mbuaileadh. Rince. Léimneach san aer. Gártha molta á scaoileadh as scornacha phiachánacha. An Bainisteoir fhéin agus trí léim as a chorp á dtabhairt aige. Caithfidh mé a admháil go raibh fonn orm fhéin aithris a dhéanamh air, ach nach raibh mo chorpsa sásta a leithéid a dhéanamh, agus cuir san áireamh gur chat onórach mé fhéin, cat nár rugadh sna bólaí seo in aon chor, agus mé chomh corraithe sin, conas a raghadh sé i gcionn ar na cait a rugadh is a tógadh in Osraí na Rí? Nár lá dár saol é?

Bua i dToghchán

Ócáid eile a ardaíonn meanmna daoine, sa tír seo, isea comhaireamh vótaí i ndiaidh toghcháin de chineál amháin, nó de shaghas eile, agus tharla go raibh deis againn a leithéid a thabhairt faoi deara, ar na mallaibh. Tharla go raibh Seanadóir agus dhá Theachta Dála le toghadh, ceann acu i dtoghlach i Ros Comáin agus an duine eile in Áth Cliath. Nach ag na hiriseoirí agus ag lucht nuachtán a bhí an lá faoin dtor, le cupla mí anuas, nó ní raibh i mbéal gach éinne ach scéal na dtoghchán sin. Ar deireadh thiar, tháinig lá na vótaí agus ar ball, deineadh an comhaireamh. Bhí ar dhaoine fanacht go foighdeach go dtí go raibh chuile vóta comhairthe agus ag an bpointe sin, chaill an slua san ionad comhairthe chuile smacht a bhí acu orthu fhéin go nuige sin. Ardaíodh trí gháir ar chnoc. Léim chuid acu san aer, rinnc roinnt eile acu timpeall agus barróg beirthe acu ar chibé duine a bhí in aice láimhe. An torann, an scleondar, an tógáil croí. Rugadh ar an té a toghadh agus ardaíodh ar ghuaille daoine é, agus mháirseáil siad timpeall an Halla go buacach, beannachtach, bríomhar leis. Nár lá dá saoil é?

Bua sa nóiméad deiridh

Ócáid amháin eile a thóg croíthe Gael, ar na mallaibh, ba an ócáid sin nuair a bhuaigh Foireann na hÉireann ar Fhoireann na Gearmáine i Sacar. Má bhí tú ag breathnú ar an teilifís, ar an ócáid, chonaic tú an chaoi ar cheiliúir imreoirí na hÉireann a mbua, tar éis dóibh cúl a scóráil ag an nóiméad deiridh den chluiche sin. Ní gá a thuilleadh a rá faoi sin, nó tuigeann chuile dhuine againn an tonn mórtais agus bróid a scuabann tharainn ar ócáid dá leithéid. Nára fada uainn a chomh-mhaith de cheiliúradh arís. An Dóchas! Nach deacair é a bhualadh?

.

.

gaGaeilge