La Cuesta Encantada  Hearst Castle………..

La Cuesta Encantada Hearst Castle………..

La Cuesta Encantada, nó, an Cnocán Draíochta.

(Hearst Castle)

Peadar Bairéad

.

Bóithrín na Smaointe

Ar mo thaisteal siar dom ar bhóithrín na smaointe, tháinig mé ar na píosaí a scríobh mé, blianta fada ó shoin, faoi’n gcuairt a thugamar ar an gCnocán Draíochta úd, le linn dúinn bheith ar saoire thall sna Stáit, agus muid ag fámaireacht linn ó iontas amháin go hionas eile, i Stát ollmhór Chalfóirnia. Agus ó tharla gurbh fhada muid ag éisteacht le scéalta faoi Chaisleán draíochta Hearst, a dhear an t-ailtire cáiliúil, Julia Morgan, in óige na haoise seo caite, shocromar ar chuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh cáiliúil, stairiúil, sin.

Shaothraigh George Hearst lear mór airgid trí mhianadóireacht, a cheaduair, agus ansin trí thailte a cheannacht go dtí go raibh rainse ollmnhór aige thart ar San Simeon, tailte a cheannaigh sé, amannta, ar sheachtó Ceint an acra! Phós sé Phoebe Apperson, agus bhí mac amháin acu, mac a rugadh ar an 29u lá d’Aibreán 1863, ar ar bhaist siad William Randolph. Ó tharla go raibh raidhse airgid ag George, bhí ar chumas a mhná Phoebe, Willie óg a thabhairt lei ar an ‘Grand Tour of Europe’, turas a mhair ar feadh ocht mhí dhéag, agus thug sin deis do Willie óg eolas a chur ar chúrsaí cultúir agus ealaíon na Mór Roinne sin, rud a chabhraigh le William fís a chruthú ina aigne fhéin, ar shaol inmhianaithe, ealaíonta, a raibh sé sásta an chuid eile dá shaol a chaitheamh ar a tóir. Chláraigh sé mar Mhac Léinn i gColáiste Harvard, sa bhliain 1882, agus bíodh gur chaith sé tréimhse fada ansin, mar ar léirigh sé a shuim i gcúrsaí cultúir agus ealaion, níor éirigh leis céim a bhaint amach. D’fhág sé Harvard ina dhiaidh agus chuaigh le hIriseoireacht, agus ba ghearr go raibh tionchar ollmhór aige ar chúrsaí iriseoireachta ó cheann ceann na Stát. Phós se Millicent Wilson agus é ina dhaicheadú bliain, agus bhí cúigear clainne orthu, agus sa bhliain 1919, roghnaigh William Randolph Julia Morgan mar ailtire, le príomh-theach agus tithe do chuairteoirí a thógail ar San Simeon, a Rainse ollmhór. Roghnaigh sé an Cnocan Draiochta mar shuíomh do na foirgintí sin, nó La Cuesta Encantada’, mar a bhaist William Randolph fhéin air. Mar sin, bhí ceithre theach i gceist, i ndáiríre, an Príomhtheach, nó an Casa Grande’, agus trí theach so chuairteoirí, nó tá’s againn anois, go raibh nós aige cuireadh a thabhairt do mhaithe móra agus d’uaisle na cruinne, seal a chaitheamh ina fhochair ar an gCnocán Draíochta ansin ar a Rainse ollmhór ar San Simeon.

Réaladh físe

Chuaigh sé fhéin agus a Ailtire Julia Morgan i mbun oibre sa bhliain 1919 agus throid siad a slí trí dheacrachtaí iomadúla le críoch a chur lena bhfís, sa bhliain 1947. Ach cailleadh William fhéin sa bhliain 1951, sára raibh am aige, i ndáiríre, suí síos agus pléisiúr a bhaint as toradh a shaothair, agus le comhlíonadh a fhíse a fheiceáil, agus le taitneamh a bhaint as. Ach murar bhain William Randolph fhéin lán-taitneamh as a chaisleán álainn ar an gCnocán Draíochta úd, ní hionann sin is a rá nár bhain an saol mór is a Mham taitneamh agus sásamh as foirfeacht, agus áilleacht na físe a chruthaigh sé fhéin agus Julia Morgan ar an gCuesta Encantada, ansin i Stát ollmhór Chalafórnia agus mar chloch phréacháin ar sin uilig, cuirtear ar a gcumas breathnú ar na saothair ealaíne, agus ar na seandachtaí uilig, a bhailigh Hearst ó cheann ceann na cruinne, lena chaisleán álainn a mhaisiú, agus dá chruthú sin, tagann thart ar mhilliún duine ar chuairt chuig an Caisleán úd, chuile bhliain.

Bhásaigh Hearst sa bhliain 1951, in aois a hocht mbliana is ceithre scór agus sa bhliain 1957 bhronn an ‘Hearst Corporation’ an ‘San Simeon esate’ ar Stát Chailifóírnia, lena oidhreacht a chaomhnú, a chosaint, agus a fhorbairt, agus chuige sin, sa bhliain 1958, deineadh Hearst Castle a oscailt, a chéaduair, don phobal, mar Shéadchomhartha Náisiúnta, agus ón lá sin amach, tugann breis is milliún cuairteoir aghaidh ar an suíomh sin ar an gCuesta Encantada, chuile bhliain, le radharc a fháil ar ‘the Hearst San Simeon State Historical Monument’ sin.

.

La Cuesta Encantada  Hearst Castle………..

Léim an dá Mhíle

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Léim an Dá Mhíle……………………………………………..2009

Le

Pádraig Ó Fiannachta……………………………………….€10.00

*********************

Do thús na Mílaoise

Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann thall, agus an ceann eile abhus, atá an sagart cráifeach dáiríreach seo, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Feictear dó, dár liomsa, go bhfuil laethe a ré fhéin ag druidim chun chríche, mo dhála fhéin freisin, agus dá bharr sin, caitheann sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil ar úire an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúchair bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear na Gailíle. Samhlaítear dó, go bhfuil breith agus óige na Críostaíochta buailte isteach ina aigne níos daingne ná mar atá imeachtaí agus tarlúintí a óige fhéin, ina dhúiche fhéin. Micheál de Liostún a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin é, a chéaduair, i ndán leis a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin sin nó…

“Rugadh Íosa in Áth Dara.

Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”

Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe díograiseacha an Iarthair, breis is an deich mbliana is trí scór ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana.

Dhá Mhíle Bliain

Léim an dá mhíle, ón lá atá inniu ann, siar go dtí laethe Chríost, níl ann i ndáiríre ach cupla truslóg, mar adeir an tAthair Pádraig linn.

Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar an tsagairt. Saothar an tsagairt ar chlé, agus saothar Natalie ar an dtaobh dheis. Breá, taitneamhach an leagan amach é, agus nach breá an socrú é go bhféadfá breathnú ar chonas a rinne Natalie leagnacha cainte áirithe a láimhseail i mBéarla. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.

Turas chun an Tobair

Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, cheana féin, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air, sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh ionnam. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán a bhualadh chun an tobair dhothaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin, na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?

Ach b’fhéidir gur chóir dom tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.

I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraic ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, eolgaiseacha, agus ní taise don iarracht seo í.

Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.

“Ní os comhair an tsáipéil

A bhí Críost ag caint an lá úd

Ach thiar ag Bun Calaidh

Agus amuigh ar Cheann an Ché….”

Ainmníonn sé na daoine a bhí ar an bhfód don ócáid, daoine ón áit ba ea iad. Bhí Aspail ann freisin, bhí Síomón agus Aindí beag i mbun a mbáid is a líonta. Bhí oíche caite acu ar thóir na scadán, ach ruball scadáin fhéin ní bhfuair siad, agus anois bhí siad tagtha i dtír, suncaithe, sáraithe.

Ba ghearr gur thuig Íosa go bhféadfadh sé labhairt leis an slua, dá dtarlódh amuigh i mbád Shíomóin é.

Seanmóir á thabhairt

D’iarr sé ar Shíomón teacht i gcabhair air sa mhéid sin. Rinne. Agus thug Íosa Seanmóir uaidh as tochta an bháid sin.

Labhair Íosa leo faoi éisc agus faoi iascaireacht, rud a chuir ionadh ar dhaoine, nó nár shiúinéir eisean, mac Iosaef? Nuair a bhí deireadh ráite aige, d’imigh na daoine, ach d’fhan na hiascairí, agus d’iarr Íosa orthu buaileadh amach píosa, “Agus déanaíg cor” ar seisean. Rinne mar adúradh leo, agus ba ghearr go raibh na líonta lán go scóig le héisc. Ghlaoigh Síomón ar Shéamas agus ar Eoin, agus ba é deireadh an scéil é nó go raibh…

“Na báid lán agus na líonta slán.”

Ag an bpointe sin, thuig Íosa go maith, go raibh Síomón gafa aige, agus go ndéanfadh sé iascaire fónta, ar ball, iascaire ar dhaoine.

“Dúirt leis: Tair agus lean mise,

Agus déanfaidh mé iascaire ar dhaoine díot.”

Mac an Duine

Sa chéad chaibidil eile, faigheann muid Íosa agus na hAspail, ag caint faoi Mhac an Duine fhéin. Agus ag breathnú ar Shíomón, labhair sé leis…

“Cé adeir siad is mé?” ar sé leis.

Cuid acu Eoin Baiste, a thuilleadh Éilias,

Nó duine de na fáithe.”

“Cé adeir tusa is mé?”

Is tú Críost Mac Dé Bhí…”

Shuigh an file an beart sin i gCeann Sléibhe. Agus roghnú déanta ag Íosa ar Pheadar, shocraigh sé ar a eaglais a bhunú ar an gCarraig sin.

Ina dhiaidh sin, déantar tagairt do eachtraí áirithe eile ó mhisean an Tiarna.

Cuairt ar na hEasláin

Thug sé cuairt ar na heasláin, rud a tharlaíonn go rialta i saol an údair fhéin, nuair a théann sé ar ghlaoch ola b’fhéidir, chucu siúd a bhíonn ina ghátar. Thug sé compord agus suaimhneas dóibh..

“Is mó áras ata i dtigh mAthar.

Raghadsa agus cuirfead áit i gcóir daoibh.”

Ar ball arís, beannaíonn Íosa na créatúir uilig atá curtha i gCill Mhairéad, reilg an ghorta.

“Táid anois in aoibhneas na bhFlaitheas.

Is leo Ríocht Dé.”

Nach mar sin a labhraíonn an Tiarna leis an údar fhéin tráth fhéachann seisean ar an Reilg chéanna sin?

An tArán Beo

Déantar tagairt freisin don tSuipéar Deiridh, nuair a thug an Tiarna a chuid fola agus feola dá Aspail, á rá leo, sea, agus dhearbhaigh sé an ráiteas sin, trína rá leo…

“Is mise an t-arán beo

A tháinig anuas ó neamh.

Má itheann duine an t-arán seo,

Mairfhidh sé go deo.”

Sea, agus nach cóngarach do chroí an fhile an ráiteas céanna sin, nó nach cuid dá shaol laethúil é, bheith ag glaoch ar an bhfuil agus ar an bhfeoil chéanna sin teacht anuas ó na Flaithis agus tamall a chaitheamh os a chomhair amach, ar lic na haltóra, le linn dó an tAifreann a cheiliúradh.

Leagann an t-údar scéal Lazarus os ár gcomhair freisin, ach suíonn sé é ar an nGairtheanaigh é.

“Mise an tAiséirí agus an Bheatha.”

Clabhsúr

Le clabhsúr a chur ar a dhán, críochnaíonn an file an scéal dúinn trí thagairt a dhéanamh don Cháisc, agus don Aiséirí.

“Céad glóir le Dia!” arsa Síomón Peadar,

“Agus canaimis an Hallel.”

B’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le críoch a chur lem’ smaointe fánacha faoi Léim an Dá Mhíle, an dán iontach, spreagúil, seo, a chuireann Críost ag taisteal arís inár measc, trínár mbailte, trínár gcuanta, agus trínár ndúichí, faoi mar a chuirimis fhéin an Teaghlach Naofa ar a n-aistear chugainn, Oícheanta Nollag, fadó. Sea, éiríonn leis an bhfile anseo, na sean chuimhní sin a mhúscailt arís inár gcroíthe. Gura fada buan é inár measc.

.

La Cuesta Encantada  Hearst Castle………..

N o l l a i g e i l e

N o l l a i g e i l e .

.

Im shuí dhom anseo cois na tine,

Is néallta na hoiche ag bagairt

Anuas gan trup, is gan torann,

Ó spéartha lán ceo agus scamall,

.

Ullmhaím mé fhéin faoi dheifir

D’Oilithreacht draíochta na Nollag,

Is buailimse bóthar na físe

Ar thuras dian fada an Chreidimh.

.

Mé ar thóir an Bheithilín Ríoga,

Mar a luíonn Mac ionúin Mhuire.

Is malartaím tine na Nollag,

Ar each mear draíochta an Chreidimh,

.

Cuirimse na mílte slí díom,

I gcomhluadar Ríthe is Aoirí,

Is bainim amach an stábla

Mar a luíonn go socair, ciúin, Íosa.

.

I máinséar lán eallach a luíonn,

Cruthaitheoir Neimhe agus Talaimh

E lag, É leochaileach, tnáite,

Cé cúng leis Críocha na bhFlaitheas..

.

Ar mo ghlúna dhomsa ansin

I láthair Rí mór na Reann

Is coraí casta an tsaoil

Ina ngála thart ar mo cheann,

.

.

Suaimhníonnn an Leanbh Neamhaí

Tonnta is rabharta mo ré,

Is bronnann sáimhe is síocháin

Ar m’anam tá corraithe tréith.

.

Ardaím mo sheolta ’na dhiaidh sin,

Is filleann abhaile gan chrá,

Is fanfad go foighdeach ag faire,

Go bhfeicfead a Réalta go hard,

.

Ag sméideadh is ag caochadh go drithleach

I láthair Chór Aingeal na dtéad

Is tabharfar dom grásta gan gorta,

Dom bhrostú ar Oilithreacht mo ré.

*****************************

.

(Cumtha do Nollaig na bliana 2002)

.

.

.

La Cuesta Encantada  Hearst Castle………..

Nora Webster by Colm Tóibín

NORA WEBSTER            by          COLM TÓIBÍN

Céad-chló sa bhliain 2014……………………………………….£13.99

.

Peadar Bairéad

.

Ní gá a rá, nach é seo an chéad úrscéal a shil ó pheann Choilm, nó tá seacht gcinn d’úrscéalta spéisiúla curtha de aige cheana, leabhair ar nós, The Heather Blazing, The Blackwater Lightship, The Master’, agus Brooklyn’. In Inis Corthaidh, i gContae Loch gCarman, a rugadh an t-údar seo, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin. Tá cónaí air in Áth Cliath. Is dócha gur bhunaigh sé an scéal seo ar chúrsaí a shaoil fhéin nó fuair a athair bás agus é óg agus fágadh beirt mhac agus beirt iníon ina dhiaidh. Chuir an bás sin isteach go mór ar Cholm óg agus labhair sé go stadach ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin. Bhí an saol dian go maith ar mháthair an údair agus í ag dul i ngleic le tógáil clainne in Éirinn na linne sin, ach léiríonn an chaoi ar éirigh le Colm a bhealach a dhéanamh sa saol, léiríonn sé gur éirigh go seoigh lei sa ghnó sin.  Ní gá a rá, go bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an údar seo, agus go raibh roinnt shaothar ainmnithe do dhuaiseannabhachtacha liteartha, agus go raibh duaiseanna móra bainte amach ag ‘The Master’ agus ag ‘Brooklyn’, péire dá chuid úrscéal.

Is í Nora Webster’ príomhcharactar an scéil seo. Maireann sí i seascaidí na haoise seo caite agus í pósta le Maurice’, a céile fir. Tá ceathrar clainne orthu, beirt mhac, Conor agus Dónal, agus beirt iníon, Fiona agus Áine, ach faraoir géar! thit an tóin as an saol orthu nuair a bhásaigh Maurice agus an chlann fós óg. Fágadh gan mórán fáltais iad, ach ní raibh an dara rogha ag Nora ach aghaidh a thabhairt ar chúrsaí, agus chuile dhícheall a dhéanamh teacht i dtír mar ab fhearr a d’fhéadfadh sí. Feiceann muid sa mhéid sin uilig an chosúlacht idir cruachás Nora agus cruachás mháthair an údair. Dhíol Nora a dteach saoire i gCush, rud a d’fhág roinnt pingneacha aici, le billí a íoc, agus le goblach a chur i mbéal na clainne.

Tuigeadh do Nora, nach mbeadh uirthi dul ar ais ag obair arís, ach nuair is crua don chailleach, caithfidh sí rith, agus ba é an scéal céanna ag Nora é, agus i ndeireadh na dála, b’éigean di dul ar ais chuig gnó mhuintir Gibney, lenar chaith sí blianta ag obair sular pósadh í. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, cé bheadh ina shaoiste aici ansin ach, bean a raibh faltanas aici do Nora, agus beanr thaitin go ro-mhaith lei sna seanlaethe. Ach, ar bhealach amháin ar bhealach eile, d’éirigh lei sa phost, agus ansin, bhí ar a cumas teacht i dtír air, í fhéin is a clann. Bean ab ea Nora a bhí leithleach agus neamhspleách, agus ní raibh sé éasca di dul amach i measc daoine arís, ach níor lig sí do na tréithe sin laincis ar bith a chur uirthi, agus trí spéis a chur i gceol, agus i gcóir, d’éirigh lei saol nua a chruthú di fhéin agus caradas a shníomh le comharsanna agus le gaolta. Tríd an scéal ar fad, ní féidir leis an léitheoir éaló ó na nótaí dírbheathaisnéise a chloiseann sé go soiléir trí scéal Nora Webster agus a clann, agus tuigtear dó freisin, nach raibh ar chumas an údair, agus nár theastaigh uaidh, éaló ón scéal céanna sin.

Tríd is tríd, is breá, suimiúil, corraitheach, cumhach, inchreidte, an scéal a leagann an t-údar os ár gcomhair amach, agus mar a fheileann don ócáid, oireann an stíl don scéal, agus don saol a léirítear tríd, saol tuaithe in Éirinn sa dara leath den bhfichiú haois. Breathnaigh ar thús an scéil…

“ ’You must be fed up of them. Will they never stop coming?’ Tom Connor, her neighbour, stood at his front door and looked at her, waiting for a response.”

B’in iad na comharsanna ag teacht le comhbhrón a dhéanamh le Nora, i dtús an scéil, atá i gceist aige. Stíl lom, simplí, gan aon ornáidíocht, gan aon Aindriú Martins. Stíl an té a bhfuil máistreacht faighte aige ar a cheird.

Is fada linn uainn a chéad úrscéal eile.   

.

La Cuesta Encantada  Hearst Castle………..

P a t t e r s o n c h u g a i n n a r i s

P a t t e r s o n c h u g a i n n a r í s .

*******************************

The Lake House …………………..céadchló……………………….2003.

Le………………………………………………………………………………………….

James Patterson…………………………………………………………€25.55.

*************************************

“unputdownable!”

Níl ach tamall gearr ó shoin, ó scríobh mé píosa dhaoibh faoi leabhar eile leis an údar cáiliúil seo. “The Big Bad Wolf” atá i gceist agam, agus ní call dom a rá, go mba leabhar mór-ráchairte é, agus is dócha go bhfuiltear ag súil, go mbainfidh an leabhar nua seo an cháil chéanna amach dó fhéin freisin, nó sin nós atá ag an údar ildánach seo, sé sin, leabhair mhór-ráchairte (bestsellers) a chur de, ar bhonn rialta. Féach mar adeirtear faoi “The Lake House”,

“Megabestselling James Patterson delivers an unputdownable thriller that will chill your spine even as your imagination soars above the clouds.”

Sin jawbreakers agat, a mhic ó! Ach tuigeann muid cad chuige a bhfuiltear!

Caithfidh mé a admháil anseo, gur scríobh mé fhéin píosaí sa cholún seo, faoi chuid de leabhair an údair seo…leabhair ar nós Along came a Spider, The Jester, The Big Bad Wolf, Four Blind Mice, agus Pop goes the Weasel, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur bhain mé taitneamh nár bheag as na leabhair chéanna sin, nó tá stíl leithleach, corraitheach, taitneamhach, ag an údar seo, a chuireann an léitheoir faoi gheasa, ó thús deireadh a scéil. Sea, agus taitníonn leagan amach, agus cur chuige, an údair seo liom freisin. Rinne mé tagairt thuas don leabhar deiridh, a shil ó pheann an údair ildánaigh seo, sé sin, “The Big Bad Wolf”. Leabhar ann fhéin ba ea an leabhar sin. International Bestseller ba ea é, freisin, bhuel, b’in mar a cuireadh é ar chlúdach dea-dheartha an leabhair chéanna sin, agus eachtraí coiriúla an choirpigh, chruálaigh, chiapaigh, sin “The Wolf”, idir chamáin aige, sa leabhar sin, leabhar a chuir an léitheoir faoi gheasa, (spell) go dtí go raibh an deoir deiridh diúgtha aige as an scéal corraitheach, teannasach, inchreidte sin.

The Lake House .

Ag caint ar an leabhair seo, “The Lake House” áfach, scéal eile ar fad atá ann, nó bíodh go bhfuil sé corraitheach, teannasach, ní hé mo thuairim, go bhfuil sé chomh hinchreidte sin, ar fad.

‘Tuige? Adéarfadh duine, b’fhéidir.

Bhuel, ar an gcéad dul síos, ní gnáthdhaoine iad na príomhcharachtair a leagtar os ár gcomhair amach sa scéal seo.

Agus cé’n cineál daoine iad, má sea?

Daoine éanúla! (bird people)

Daoine éanúla? Ag magadh fúm atá tú?

Diabhal mugadh nó magadh atá ar siúl agam sa mhéid sin, ach lomchlár na fírinne. Eolaithe buile a chuaigh i mbun oibre, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, d’éirigh leo ginidín éanúil a mheascadh le pór daonna, i saotharlann, agus ba é toradh a bhí ar an tionscadal sin nó, daoine, a raibh sciatháin orthu, agus a raibh mianach, agus meon, éanúil iontu freisin, agus i ndeireadh na dála, d’éirigh leosan an dá thrá a fhreastal, nó bhí buanna éanúla, agus buanna daonna, ginte i smior na gcnámh iontu. Ach, b’fhéidir go bhfiafrófá díom, arbh fhéidir a leithéid a dhéanamh, bhuel, seo mar a chuireann an t-údar é, i nóta i dtús an leabhair…….

“When I researched it, I interviewed dozens of scientists. All of them said that things like those that happen in The Lake House will happen in our lifetimes. In fact, a scientist in New England claims that he can put wings on humans right now. I’ll bet he can.

So settle in, you believers, and even you Muggles.

Let yourself fly.”

The Mad Doctor .

Ba é an Dochtúir, Ethan Kane, a bhí taobh thiar den obair seo go léir, agus d’éirigh leis, na créatúir aite sin, a choinneáil i gcásanna, (in cages) ar feadh na mblianta. Max, Matthew, Icarus, Ozymandias, Peter agus Wendy, na hainmneacha a bhí ar na daoine éanúla sin, ach i ndeireadh na dála, d’éalaigh siad as a gcásanna, agus d’éirigh le Kit Brennan, lorgaire, agus le Frannie O’Neill, tréidlia, na créatúir sin a thógáil faoina gcoimirce, agus chaith siad uilig roinnt ama sa Lake House úd, a thug a ainm don leabhar, ach níor fágadh an scéal mar sin, nó cuireadh an dlí orthusan, nuair a theastaigh ó thuismitheoirí bitheolaíocha (biological parents) na bpáistí, iad a fháil ar ais dóibh fhéin. I ndeireadh na dála, bhronn na Cúirteanna a n-aisce (request) orthu, ach chuir an Breitheamh Dwyer, aguisín lena bhreith, nuair a dúirt sé,

This is a temporary order. There is a contingency mandated by law that I hold another hearing at a later date. If, as Dr O’Neill posits, this “flock” fails to thrive, I will reverse this ruling. Dr O’Neill, Mr Brennan, please accept my regrets. I’m sorry. I know you love these children like your own.

B’in breith na Cúirte, agus cheapfá ansin, go mairfidís uilig go sona sásta as sin suas. Ach ní mar a shíltear a bhítear, mar ar an gcéad dul síos, ní raibh na páistí fhéin ró-shásta lena margadh, agus chomh maith le sin, bhíothas sa tóir orthu. Ní call a rá, go raibh an Dochtúir, Ethan Kane, taobh thiar den uisce faoi thalamh seo go léir. Bhí fuadar eile faoin nDochtúir buile sin frieisn, nó bhí bealach fionnta aige, le baill bheata na n-óg a nódú (transplant) i seandaoine, agus sa tslí sin, theastaigh uaidh, lucht eolais, agus lucht ceannais, a athnuachan, ar bhealach go bhféadfadh siad leanúint ar aghaidh i mbun a ngraithí, ar feadh na mblianta. Ní call a rá, go raibh a chuid trialacha uilig i gcoinne chuile chineál dlí.

A Good Read .

Bhuel, sin agat anois cnámharlach (skeleton) an scéil seo, agus fágfaidh mé fút fhéin é, a fháil amach, céard a tharla do na páistí éanúla, agus ar éirigh leis an nDochtúir buile teacht slán ó dhlithe a thíre, ach tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh as an scéal seo, a chuirfidh sruthanna teannais síos suas cnámh do dhroma.

Sa scéal seo, d’éirigh leis an údar dul céim eile chun tosaigh, agus é ag iarraidh teorainneacha na scéalaíochta a shíneadh amach tuilleadh, i dtreo íor spéir na hinchreidteachta (The horizon of credibility). Súil agam go mbainfidh tú taitneamh as!!

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

gaGaeilge