It was the best of times, it was the worst of times,

It was the best of times, it was the worst of times,

“Rogha na Réanna

Peadar Bairéad

(This week we take a look at our democracy)

.

It was the best of Times

It was the best of times, it was the worst of times,

it was the age of wisdom, it was the age of foolishness,

it was the epoch of belief, it was the epoch of incredulity.

.

B’in mar a chuir Charles Dickens tús lena úrscéal spreagúil, cáiliúil, A Tale of Two Cities, agus dár le daoine áirithe, d’fheilfeadh an cur síos céanna sin go seoigh mar chur síos ar an ré seo ina bhfuilimid ag maireachtaint i dtír seo na hÉireann, sa lá a inniu ann. Nach deacair a chreidiúint go bhfeilfeadh an ráiteas frithráiteach thuas le ré ar bith, gan trácht in aon chor ar an ré cantalach, crosta, dothuigthe, seo ina bhfuilimidneinnithe anois. Ach, nuair a scrúdaíonn tú an ráiteas faoi mhicreascóp na staire, tuigfidh tú ansin go bhfuil, ar a laghad, síol na fírinne folaithe ann.

Conas a d’fhéadfaí a leithéid a rá, an ea?

Bhuel, breathnaigh ar an saol atá á chaitheamh ag lucht an airgid, agus ag lucht na cumhachta, sa ré iarthíogaireach seo. Tá airgead ina mhúrtha acu, agus chuile shórt a cheannaíonn an t-airgead céanna sin, earraí cosúil le stádas, compord agus sólás. Chomh fada is a bhaineann sé leis an dream sin, nach é an Nollaig ó Shamhain go Samhain acu é! Ach tá taobh eile ar an scéal freisin, agus sé sin, taobh na mbocht, taobh na ndaoine úd nach bhfuil acu ach ón lámh go dtí san béal, gan díon, gan dídean, ag roinnt mhaith acu anois, agus lucht an ghaimbín anuas sa mhullach orthu Luan, Satharn agus Domhnach, ag iarraidh a bhfuil acu a bhaint díobh. I gcás na ndaoine sin, nach é díogha gach séasúir acu é. Sea…..

It is the best of times, it is the worst of times…

Daonlathaigh! An ea?

Agus muidinne ag ligint orainn gur daonlathaigh sinn! Daonlathaigh? adeir tú! Nach é bun agus barr an daonlathais go gcaitear go cothrom macánta le chuile shaoránach, nó mar adeir Forógra na Poblachta s’againne…

To cherish all the children of the nation equally.

Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, dá bhféadfaí sin a dhéanamh, déantar roinnt na caillí ar chúrsaí, nuair a bhíonn buntáistí le bronnadh ar a chúram ag ár ndaonlathas, ach, nuair a bhíonn mí-bhuntáistí le bronnadh, ní hiad lucht an airgid, nó lucht na cumhachta, a bhíonn faoi’n ruball, an babhta seo. Ní hiad muis! ach an dream gan airgead, gan chumhacht, gan stádas, arís, faoi mar a tharrlaíonn chuile bhabhta.

Anois, nílim ag maíomh gurb é sin mo leagan fhéin ar chúrsaí, ach gan dabht ar domhan, táid ann a chreideann gur mar sin atá in Éirinn na linne seo, agus chomh fada is atá, ní bheidh pobal aontaithe, comharsanúil, daonna, againn sa tír seo. Le daonlathas ceart, cóir, cothrom, a chur ar bun anseo, caithfear na míbuntáistí a roinnt go cothrom, macánta, ar chuile shaoránach, chomh fada agus is féidir a leithéid a dhéanamh, sa chaoi go mbeadh chuile dhuine ag iompar a chuid cothrom fhéin den ualach, agus ar an dtaobh eile de’n scéal ansin, go gcaithfí go macánta, cothrom, cóir, leis-sean freisin, i roinnt na mbuntáistí.

An bhfuil a leithéid indéanta? Ar bhealach, nach cuma faoi sin? chomh fada is atá an Stát ar a dhícheall ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach, mar sa chás sin, tuigfidh an saoránach nach bhfuiiltear ag iarraidh leatrom a dhéanamh airsean, ach go háirithe.

Fút fhéin atá sé

Fágfaidh mé an chuid eile de ráiteas Dickens fút fhéin. An n-aontófása leis an ráiteas, gurbh í ré na heagna agus ré na haimidí a bhí ann in aimsir an údair cháiliúil sin? Agus le dul píosa eile leis an scéal, céard faoi’n aois seo ‘gainne?

Sea, agus céard faoi thréimhse an chreidimh agus tréimhse na creidmheachta? An bhfeilfeadh na téarmaí sin d’aois Dickens nó don aois s’againne?

It was the best of times, it was the worst of times,

Lá na Reifreann.

Lá na Reifreann

Peadar Bairéad

Ceist na Reifreann faoi chaibidil

Thíos i dTeach Ósta an Smugairle Róin sea bhíomar bailithe an oíche faoi dheireadh, le ceist na Reifreann atá eagraithe ag an Rialtas s’againne a scrúdú, agus le tuairimí a thabhairt, agus le tábhacht agus dáiríreacht na hócáide a dheimhniú. Bhí,dhá cheist le scaoileadh. Céard faoi’n gcéad cheist, sé sin, ar chóir cead a thabhairt do chathróir ar bith, a bhfuil bliain is fiche sroichte aige, nó aici, bheith ina iarrthóir i dtoghcháin uachtaránachta feasta? Bhí rud eicínt le rá ag roinnt mhaith daoine faoin mholadh seo, ach, tríd is tríd, bhí an cruinniú sásta nár ró-mhaith an ábhar Reifrinn é sin, nó dár leo, bheadh gá le ciall, cleachtadh, agus eagna, ag duine ar bith a chuirfí faoi úim an phoist náisiúnta pholaitíochta sin, agus ní raibh siad sásta glacadh leis an moladh, go bhféadfadh sé comhairleoirí déanta, aibí, a bheith thart air, lena stiúradh fan bhóthar a leasa, ach sa chás sin, tuige nár thoigh na vótóirí na comhairleoirí glice sin mar uachtaráin? Gan dabht ar domhan, d’fhéadfadh duine anseo is ansiúd bheith sách eolgaiseach, agus aibí, ag an aois sin, le gnóthaí an phoist sin a choimhlíonadh go seoigh, ach níor chóir dul sa tseans go mbeadh na cáilíochtaí sin ag chuile dhuine den aois sin, agus dá bharr sin, b’fhearr gan dul sa tseans i gceist chomh tromchúiseach, tábhachtach sin. Ní gá a rá go raibh duine anseo is ansiúd nár aontaigh leis an gcinneadh sin, nó dár leosan, ba shaoránaigh iomlána iad, agus nár chóir go mbeadh muid sásta glacadh leo mar iarrthóirí, agus é a fhágáil faoi na vótóirí iad a thoghadh, nó diúltú dóibh?

Cead Pósta

Ansin thug an cruinniú faoin dara ábhar. Ar chóir ceart pósta a bhronnadh ar chuile shaoránach, cuma ar mhná nó fir iad. Ní chuirfí gnéas sa mheá feasta mar cháilíocht pósta. Dá nglacfaí leis an moladhadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí. sa Reifreann, bheadh cead pósta ag beirt shaoránach ar bith, bíodh siad fireann nó baineann, nó fireann agus baineann. Tá a lán le rá sa Bhunreacht faoi áit an Teaghlaigh, admhaithe ag an Stát, mar “bhuíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde na aon reacht daonna”. Braitheann idir Stát agus Náisiún ar an aonad bunaidh céanna sin le pobal comhdhaonnach a chur ar fáil dóibh agus glactar leis, go mbraitheann sin uilig ar fhoras an phósta. Anois, ní dhéantar aon sainmhíniú ar phósadh sa Bhunreacht céanna sin, ach is amhlaidh a ghlac cúirteanna na tíre, agus an pobal, leis an ngnáth chiall a bhaintí, agus a bhaintear as an bhfocal sin, sé sin, gur conradh idir fhear agus bean a bhí agus atá i gceist sa Bhunreacht.

Athrú ar bhunchiall?

Ar an dtaobh eile den scéal, tuigtear go bhféadfadh an pobal, trí Reifreann, an bhunchiall sin a athrú, ionas go bhféadfadh beirt shaoránach ar bith an conradh sin a dhéanamh, chomh fada is a déantar é taobh istigh de theorainneacha an dlí. Ní dóigh liom, go bhféadfaí a rá, gur glacadh le socrú ar bith, d’aon ghuth, ach, nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, go háirithe aois na gcainteoirí, ní haon ionadh go raibh a lán le rá ag lucht, NÍL, ach ba é tuairim roinnt eile, go raibh gá le tuilleadh ama, leis an gceist seo a chíoradh go cúramach, agus gur chóir freisin, go dtabharfaí cead, agus deis, do chuile shaoránach teacht ar a bhreith fhéin, gan chur isteach, gan mhealltóireacht, gan bhullaíocht, ach go mbeadh deis aige éisteacht a thabhairt don dá thaobh, agus ansin, go mbeadh deis aige teacht ar a shocrú fhéin. Ba chóir don dá thaobh na cleasa cliste, díospóireachta, a leagan ar leataobh agus deis a thabhairt do na vótóirí teacht ar chomhairle, bunaithe ar a dtuiscint fhéin ar an gceist.

Ach, ar chraiceann do chluaise ná dearmad dul chuig an mboth vótála le do ghuth a chaitheamh Lá na Reifreann, – an dara lá fichead de Bhealtaine 2015. – Sin é dualgas an tsaoránaigh.    

It was the best of times, it was the worst of times,

Litriochtaí le Daithí Ó Muirí

Leabhar de chineál eile..

  

Litríochtaí……… le……… Daithí Ó Muirí

.

.

Céadchló…………………..2015………………….€8.00

Peadar Bairéad

.

(This week I attempt to review Dáithí Ó Muirí’s book, Litríochtaí)

Aistí nó Scéalta?

Ní gá dhom an scríbhneoir seo a chur in aithne dár léitheoirí, nó chuile sheans go bhfuil aithne acu air, cheana féin, óna shaothar, nó óna bhaint le cláracha Raidió agus Teilifíse. Rugadh Daithí i gContae Muineacháin, agus faoi láthair tá cónaí air i gCois Fharraige, i gConamara. Roinnt duaiseanna bainte amach ag a shaothar cheana féin. Ach le filleadh ar ‘Litríochtaí.’……………

Leabhar de chineál eile ar fad is ea ‘Litríochtaí’, agus ag an am gcéanna, is deacair a dhearbhú cé air a bhfuil sé dírithe. Mo chuidse de, caithfidh mé a rá, go raibh orm é a léamh cupla babhta le hadhmad ar bith a bhaint as. Ach, is féidir liom, ar deireadh, a rá, gur thaitin an leabhar frí chéile liom. Cheapfadh duine gur aistí níos mó ná gearrscéalta atá sa díolaim seo. Sea, aistí ag cur síos ar iarrachtaí údar eile ar litríocht a chumadh. Cruthaíonn an t-údar sciliúil seo saol atá éagsúil, amach is amuigh, leis an saol a bhfuil cleachtadh faighte againn air i saothar litríochta údar eile, saol ina bhfuil a bhunús bun os cionn, iompaithe droim ar ais, agus do-fheicthe, do-chloiste, do-thuigthe, ach, tríd is tríd, éiríonn leis, an léitheoir a chur faoi gheasa, le draíocht a chumadóireachta, agus le dánacht a ionsaí ar ‘ghurúnna’ na leabhar, gan trácht in aonchor ar a chur chuige leithleach.

Bun os cionn, an ea?

Anois, tá mé ag ceapadh, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh nach é an t-údar amháin a bhfuil an saol iompaithe bun os cionn aige, agus bíodh acu, ach bhain mise taitneamh as ar chruthaigh an t-údar sciliúil seo. Breathnaigh ar chuid de haistí a chum sé sa díolaim Aistí seo. Breathnaigh ar an gcéad phíosa, ar a mbaisteann sé, ‘Folús Úrnua,’ agus ar an chaoi a gcuireann sé tús leis….

“Céard atá ann? Faraor níl tada ann, tada ach báisteach agus gaoth, mála bruscair thall ansin freisin, rudaí, na rudaí lena raibh tú ag rudáil riamh anall ach ní ligfear isteach sa scéal seo iad, scéal de shaghas úrnua a bheas anseo, bréan den bháisteach atá tú ar aon nós, den mhála dubh plaisteach ….bréan de na rudaí uile atá feicthe agat go dtí seo, gach seans…..”

Aghaidh ar aghaidh leis an bhfolús….

Ní gnáth scéal a bhéas sa scéal seo, agus caithfear amach as, gnáththroscán agus gnáthfheisteas na scéalta a léigh tú, go nuige seo.

“Ní bheidh aon rud sa scéal seo, ná duine ach oiread, Aisling, Seán, Criostóir ná Luisne, duine ar bith ná rud de shaghas ar bith………..Ní bheidh ann ach tusa, aghaidh ar aghaidh leis an bhfolús”

Sea, agus féach mar a chuireann sé críoch leis an gcéad scéal sin……

“Seo, scéal nár thúisce léite é ná é imithe uait san fholús.”

B’fhéidir gur leor sin le faobhar a chur ar do ghoile chun an leabhar seo a léamh?

B’fhéidir go mbainfeá triail as. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú idir adhmad

agus taitneamh as.

.

.

.

.

.

.

It was the best of times, it was the worst of times,

N o l l a i g f a o i S h é a n d h a o i b h u i l i 1

.

.

N o l l a i g S h o n a d h a o i b h

Peadar Bairéad

(Seo píosa Nollaigiúil a scríobh mé roinnt blianta ó shoin.)

Nollaig eile chugainn !

Nollaig eile an doras isteach chugainn agus gan aon ullmhúchán ceart déanta againn faoina chomhair fós! Ach ní haon scéal nua againn an Nollaig chéanna a theacht aniar aduaidh orainn. Feiceann muid romhainn amach í, amuigh ar íor na spéire, mar adéarfá, agus tuigtear dúinn go bhfuil sí i bhfad ar shiúl fós, ach i ndáiríre, ní mar a shíltear a bhítear, agus ar deireadh thiar, tagann sí an doras isteach de léim chugainn. Mo chuidse de, deinim iarracht chuile bhliain cupla véarsa a chur i dtoll a chéile, leis bhFéile mhór seo a cheiliúradh, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh dom é, cupla véarsa as na hiarrachtaí sin a leagan os bhur gcomhair amach anseo. Ní in aon bhliain amháin a cumadh na véarsaí seo, ach is amhlaidh a cumadh iad thar na blianta. Ach ní hé seo ach é siúd, b’fhéidir nár dhochar ar bith é, an méid seo as mo bhailiúcháin filíochta a shníomh isteach anseo.

Then and Now

Féach mar a scríobh mé faoi na dánta Nollaigiúla céanna sin in “Duilleoga Fómhair”.

“Mar adúirt mé cheana, tháinig mise ar an saol i bpobal bocht. Ní raibh aon rabairne ag baint linn. Aimsir na Nollag áfach, bhíodh flúirse thart orainn, cácaí Nollag, rísíní, torthaí, feoil, gé, agus corfhéirín, fiú!

Bhíodh paidreacha na Nollag le rá ag an aos óg, trí mhíle Áibhé ó thús Mhí na Nollag go hOíche Nollag. Bhí chuile shórt ceangailte leis an Nollaig. Bhíodh Aonach mór na Nollag; Margadh mór na Nollag; Tine mhór na Nollag; agus mar sin dóibh. Ní haon ionadh mar sin go gcoraíonn Féile Mhór na Nollag mé fós. Fonn orm fós bronntanas beag eicínt a thabhairt chun an Mháinséir liom, le leagan os comhair an Linbh Bheannaithe, Maidin Nollag, bíodh nach mbeadh ann ach dáinín bacach fhéin.”

Ach breathnaímis ar chupla véarsa as mo dháinín do Nollaig na bliana 1987:-

Spréacharnach spéire dom mhealladh

Go Beithil na rún is na scéal.

Cuimhní na mblianta ag plódú

Trí dhoirse m’anama thréith.

.

Íosa is Muire dár gcumhdach

Ar ionsuithe géara an tsaoil.

Teaghlach an Tiarna dár stiúradh,

Um Nollaig, anocht, agus choích’.

B’fhéidir nach mbainfeadh na véarsaí sin Duais Nobel dom, ach nach cuma, ag an am sin, roimh Nollaig na bliana 1987, dhoirt siad spiorad beannaithe na Nollag ar fhásach tur, tirim, m’anama.

Christmas in the Canaries

Smaoiním freisin ar Nollaig álainn a chaith mé i bhfad óm dhúchas i bPlaya gainmheach na nGall. Tháinig ál cuimhní ar chuairt chugam, cuimhní a chuir orm áilleacht taitneamhach Ghran Canaria a chur i gcomparáid le hiargúltacht scoite Iorrais, agus caint bhog na cosmhuintire thiar a chur i gcomparáid le hurlabhra borb na gCanáireach. Féach ar an véarsa seo:-

Ceol rithimeach chugam ‘na chlagar

Ón Óstán geal aerach cois trá,

Roiseanna borba Spáinnis’

Á scaoileadh mar philéir, dom chrá,

Ag réabadh bhrat folaigh mo smaointe

Le briathra lán fuinnimh is croí,

Mar rabhadh, gan rithim, mícheolmhar,

Ag tolladh chroí chráite na hoích’.

Tharraing na smaointe sin siar abhaile mé, go dtí an t-ionad sin, mar a luíonn fód mo dhúchais in Iorras, faoi bhrat geal fáilteach na Nollag, agus é réidh, ullamh, le fáilte a chur romhamsa abhaile, tráth ar bith a bhuailfeadh an fonn sin abhaile mé.

Ó thuaidh, gheobhainn pobal is muintir,

A d’fháilteodh go Ceallach, geal, caoin,

Roimh dhuine dá gcineál ag filleadh,

le siúl ina measc-san arís.

Nollaig Shona dhaoibh uilig.

It was the best of times, it was the worst of times,

Nora Webster

NORA WEBSTER            by COLM TÓIBÍN

Céad-chló sa bhliain 2014…….£13.99

.

Peadar Bairéad

(This week we consider, Nora Webster’, Colm Tóibín’s latest novel)

.

Údar úr

Ní gá a rá, nach é seo an chéad úrscéal a shil ó pheann Choilm, nó tá seacht gcinn d’úrscéalta spéisiúla curtha de aige cheana, leabhair ar nós, The Heather Blazing, The Blackwater Lightship, The Master’, agus Brooklyn’, leabhair ar léigh sibh fúthu cheana sa cholún seo. In Inis Corthaidh, i gContae Loch gCarman, a rugadh an t-údar seo, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin. Tá cónaí air in Áth Cliath. Bhunaigh sé an scéal seo ar chúrsaí a shaoil fhéin nó fuair a athair bás agus é óg agus fágadh beirt mhac agus beirt iníon ina dhiaidh. Chuir an bás sin isteach go mór ar Cholm óg agus labhair sé go stadach ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin. Bhí an saol dian go maith ar mháthair an údair agus í ag dul i ngleic le tógáil clainne in Éirinn na linne sin, ach léiríonn an chaoi ar éirigh le Colm a bhealach a dhéanamh sa saol, léiríonn sé gur éirigh go seoigh lei sa ghnó sin.  Ní gá a rá, go bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an údar seo, agus go raibh roinnt shaothar ainmnithe do dhuaiseannabhachtacha liteartha, agus go raibh duaiseanna móra bainte amach ag ‘The Master’ agus ag ‘Brooklyn’, péire dá chuid úrscéal.

Is í Nora Webster’ príomhcharactar an scéil seo. Maireann sí i seascaidí na haoise seo caite agus í pósta le Maurice’, a céile fir. Tá ceathrar clainne orthu, beirt mhac, Conor agus Dónal, agus beirt iníon, Fiona agus Áine, ach faraoir ar! thit an tóin as an saol orthu nuair a bhásaigh Maurice agus an chlann fós óg. Fágadh gan mórán fáltais iad, ach ní raibh an dara rogha ag Nora ach aghaidh a thabhairt ar chúrsaí, agus chuile dhícheall a dhéanamh teacht i dtír mar ab fhearr a d’fhéadfadh sí. Feiceann muid sa mhéid sin uilig an chosúlacht idir cruachás Nora agus cruachás mháthair an údair. Dhíol Nora a dteach saoire i gCush, rud a d’fhág roinnt pingneacha aici, le billí a íoc, agus le goblach a chur i mbéal na clainne.

Nuair is crua don chailleach…..

Tuigeadh do Nora, nach mbeadh uirthi dul ar ais ag obair arís, ach nuair is crua don chailleach, caithfidh sí rith, agus ba é an scéal céanna ag Nora é, agus i ndeireadh na dála, b’éigean di dul ar ais chuig gnó mhuintir Gibney, lenar chaith sí blianta ag obair sular pósadh í. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, cé bheadh ina saoiste aici ansin ach, bean a raibh faltanas aici do Nora, agus beanr thaitin go ro-mhaith lei sna seanlaethe. Ach, ar bhealach amháin ar bhealach eile, d’éirigh lei sa phost, agus ansin, bhí ar a cumas teacht i dtír air, í fhéin is a clann. Bean ab ea Nora a bhí leithleach agus neamhspleách, agus ní raibh sé éasca di dul amach i measc daoine arís, ach níor lig sí do na tréithe sin laincis ar bith a chur uirthi, agus trí spéis a chur i gceol, agus i gcóir, d’éirigh lei saol nua a chruthú di fhéin agus caradas a shníomh le comharsanna agus le gaolta. Tríd an scéal ar fad, ní féidir leis an léitheoir éaló ó na nótaí dírbheathaisnéise a chloiseann sé go soiléir trí scéal Nora Webster agus a clann, agus tuigtear dó freisin, nach raibh ar chumas an údair, agus nár theastaigh uaidh, éaló ón scéal céanna sin.

Suimiúil agus inchreidte

Tríd is tríd, is breá, suimiúil, corraitheach, cumhach, inchreidte, an scéal a leagann an t-údar os ár gcomhair amach, agus mar a fheileann don ócáid, oireann an stíl don scéal, agus don saol a léirítear tríd, saol tuaithe in Éirinn sa dara leath den bhfichiú haois. Breathnaigh ar thús an scéil…

“ ’You must be fed up of them. Will they never stop coming?’ Tom Connor, her neighbour, stood at his front door and looked at her, waiting for a response.”

B’in iad na comharsanna ag teacht le comhbhrón a dhéanamh le Nora, i dtús an scéil, atá i gceist aige. Stíl lom, simplí, gan aon ornáidíocht, gan aon Aindriú Martins. Stíl an té a bhfuil máistreacht faighte aige ar a cheird.

Is fada linn uainn a chéad úrscéal eile.   

.

gaGaeilge