Athru  Saolta

Athru Saolta

Athrú Saolta

.

Peadar Bairéad

Ceirtlín na mBlianta

“Ní chuile lá a bhíonn Dónall ag pósadh, nó caoi aige chuige”, faoi mar adeireadh an seandream fadó, agus iad ag cur síos ar rud eicínt nach dtiteadh amach ach go hannamh. Bhuel, is é an dála céanna agamsa é, nó is féidir liomsa tochrais anois ar cheirtlín, nach mbíodh fonn orm tochrais air, siar thar na blianta.

Agus cén ceirtlín é fhéin, adeir tusa?

Ceirtlín na mblianta, atá i gceist agam, sa phíosa seo.

Le linn na mblianta atá caite, ba mhinic a chuala mé daoine aosta ag cur síos ar na laethe a bhí, iad ag éagaoin a n-óige caillte, iad ina nOisín i ndiaidh na Féinne, iad ag rá, nach mar seo, nó mar siúd, a bhíodh cúrsaí, le linn dóibhsean bheith i mbarr a maitheasa.

Ach nach mar sin a bhíonn i gcónaí ag seandaoine?

Is dócha é, ach tá difir mhór sa scéal anois, chomh fada is a bhaineann sé liomsa.

Agus cén difir mhór atá i gceist agat?

Bhuel, táimse anois im sheanóir, agus dá bharr sin, tá de phribhléid agamsa, bheith ag éagaoin na ré atá imithe lei thrí shúil dhroichead na mblianta.

Agus céard iad na difríochtaí móra a thugann tú fhéin faoi deara a bheith tagtha ar an saol, le linn do ré fhéin?

Glacadh le hÚdarás, an tráth úd

Is dócha, i ndáirire, go dtuigtear dom anois, go bhfuil an saol, mar a bhí, iompaithe bun os cionn, agus í ag ullmhú do ré nua, ré a bheidh difriúil ar fad leis an ré atá thart. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, tuigeadh dom go raibh ord agus eagar ar chúrsaí an tsaoil seo. Bhí údarás ag daoine áirithe, agus bhí daoine eile sásta glacadh leis an údarás céanna sin, nó tuigeadh dóibh, gur chun a leasa é, a leithéid a dhéanamh.

Ach céard iad na húdaráis atá i gceist agat ansin?

An Eaglais

Bhail! ar an gcéad dul síos, bhí na daoine úd a bhain leas as údarás na hEaglaise, agus gan dabht ar domhan, bhí cumhacht thar na bearta acusan. Bhí lán-mhuinín ag daoine astu, agus dhéanaidís rud orthu. Ach, faraoir géar! ní mar sin atá cúrsaí, sa lá atá inniu ann. Is dócha gur tuigeadh dúinn, go mba eagraíocht osdaonna a bhí san Eaglais chéanna sin, agus go mba iad na heaglaisigh a bhí ag bronnadh na beatha síoraí orainn, agus rud ba mheasa fós, seans gur cheap cuid áirithe den chléir gur mar sin a bhí. Bhuel, tugadh le fios dúinn, sna laethe deireannacha seo, nach mar sin a bhí, agus scaoileadh muid uilig, idir chléir agus phobal, isteach i bhfásach an amhrais arís, nó ní hí seo an chéad uair arbh éigean don Eaglais a bealach a fháil amach as an bhfásach céanna sin, agus mura gcailltear dóchas, níl dabht ar domhan, ach go dtiocfaidh an dara Earrach, amach anseo.

An Stát

Bhí údarás freisin ag na fórsaí cosanta, ach má sea, tugadh le fios dúinn, ar na mallaibh, go mba dhaonnaithe freisin baill na bhfórsaí sin, agus nach raibh aon chumhacht osnádúrtha acusan, len iad a chosaint ar dhul amú, agus arís, léiríodh dúinn, le déanaí, go mba dhaoine mar chách iad, agus go raibh roinnt áirithe díobh ann, a raibh ar a gcumas dearmad a dhéanamh, agus a n-údarás a úsáid ar mhaith leo fhéin. Agus arís, níl le déanamh againn, mar phobal, ach a thuiscint gur mar sin atá, agus go gcaithfear a bheith níos cúramaí fós, i roghnú, i dtraenáil, agus i mbainsitiú na mball áirithe sin.

Na Scoileanna

Agus céard faoi chúrsaí oideachais? Nach raibh an-mhuinín go deo againn as an lucht múinte? Bhí gan amhras, ach arís, is dócha go raibh ró-mhuinín againn astu, agus bíodh nár theip an chuid ba mhó acu orainn, ag an am gcéanna, bhí roinnt áirithe a chuaigh thar fóir i láimhseáil a n-údaráis, agus arís, ní fál go haer é, nó nuair a bheidh fiacha a mí-úsáid siúd glanta, beidh ar ár gcumas, bóthar a bhualadh arís, agus ceacht tábhachtach foghlamtha againn do na laethe atá romhainn amach.

Tá daoine ann freisin, adéarfadh nár tháinig an dream ba mhó chumhacht ar fad slán ar fad as an gcoimheascar nua-aimseartha seo.

Agus cé hiad fhéin, an ea?

An Chlann fhéin, fiú

Na tuismitheoirí fhéin a lucht gaoil, nó nach iadsan na cosantóirí nádúrtha a bhronnann an nádúr fhéin ar an óige, an dream ar a bhfágtar dualgas cosanta, oideachais, agus riar a gcáis, a sholáthar dóibh. Faraoir géar! arís, ach tá faitíos orm nach i gcónaí a choimhlíon siadsan na dualgaisí sin, a leagann an nádúr orthu. Ar ámharaí an tsaoil seo, ní go ró-mhinic a tharlaíonn a leithéid, ach nuair a tharlaíonn, is coscrach go deo an toradh a bhíonn air, nó ní bheadh a fhios ag na páistí, i gcás dá leithéid, cá bhfaighidís furtacht.

An bhféadfadh a leitheid a tharlú anois? Is dócha nach bhféadfadh duine a rá nach bhféadfadh, ach is féidir linn a rá, go mbeadh sé i bhfad níos deacra sa lá atá inniu ann, nó tá tuiscint i bhfad níos fearr ag an óige fhéin, ar chúrsaí, sa lá atá inniu ann, agus lena chois sin, tá ar a gcumas glaoch ar eagraíochtaí áirithe a bunaíodh go speisialta, le teacht i gcabhair ar ghasúir dá leithéid, in am an ghátair.

AthEarrach chugainn

Mar sin, bíodh go bhfuil ceachtanna crua foghlamtha againn le cupla deichniúr anuas, ag an am gcéanna, tuigtear dúinn go bhfuil ar ár gcumas, na deacrachtaí sin uilig a shárú, sna laethe atá romhainn amach, agus go mbeidh muid in ann bóthar nua a fháil amach as fásach úd an amhrais, agus chuile sheans, nuair a bheidh íoctha againn go hiomlán as ár gcoireanna, ansin seans go mbeidh deis againn bóthar ár n-oilithreachta a bhuaileadh arís, agus b’fhéidir, an babhta seo, nach gcaillfidh muid ár slí chomh héasca sin ar fad, sna laethe atá romhainn amach.

.

********************************************

.

.

Athru  Saolta

Bliain na Comhdhala Eochairiste

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

(I mBéal an Phobail this week recalls the Eucharistic Congress Year of 1932.)

Náisiún ag éirí as a shuan

Tá cuimhne mhaith agam fós ar an mbliain 1932. Bhí an Stát s’againne fós ina óige. Bhí corraíl draíochta san aer, agus borradh úr ag teacht in anam, agus in aigne, an náisiúin. Bhí cónaí orm fhéin in Iorras na nIontas, thiar i gContae Mhaigh Eo, ag an am, agus thabharfadh duine ar bith faoi deara, go raibh meisce na saoirse fós ag coipeadh i bhfuil agus i bhfeoil na cosmhuintire. Ná ceap anois, go raibh saol an mhadaidh bháin fós curtha in áirithe dár ndaoine. B’fhada uainn an saol Útóipeach sin fós, nó ní raibh acu ach ón láimh go dtí an béal, agus Conchúr Mór sa chúinne ag a mbunús fós. Ach bhí dóchas ina gcroí istigh acu go raibh an Geimhreadh thart.

Filleann orm freisin, cuimhní ar thoghchán na bliana cinniúnaí céanna sin. Nár mhór an spórt a bhí againne, gasúir, agus muid ag éisteacht le hóráidíocht na n-iarrthóirí, taobh amuigh de Shéipéal an Gheata Mhóir, chuile Dhomhnach, agus muid ag druidim i dtreo Olltoghcháin na bliana sin. Is cuimhin liom freisin an corr-ghluaisteán, maisithe le balúin ildaite, ag déanamh a shlí thar dhrochbhóithre Iorrais, ag an am, agus iad ag scaipeadh billeoga daite fan Bhóithre Iorrais . Sea, gan dabht ar domhan, ba chorraitheach an tráth é don té a bhí óg, agus nár thuig doimhneas, nó deacracht na bhfadhbanna, a raibh an tír seo ag iomrascáil leo, i dtús thriochaidí an ocrais, ach nár chuma linne, gasúir, a raibh spraoi agus cleasaíocht ar ár n-aire againn, na laethe úd.

Ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta

Ar scoil dúinn, rinne ar múinteoir, Iníon Ní Choinn, chuile iarracht ar sholúntacht na hócáide a chur i dtuiscint dúinn. Sea, agus thugadh sí sinn ar thurasanna chuig Teach Phobail an Gheata Mhóir, agus mhíníodh sí dúinn, tábhacht an cheiliúrtha a bhí ar siúl i dtír seo na hÉireann, ag an am. Mhínigh sí, go raibh muid ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta chun na tíre seo, cúig chéad déag bliain roimhe sin, nó nár tháinig Pádraig Mac Calprainn fhéin chugainn, leis an gCríostaíocht a chraoibhscaoileadh anseo in ár measc, sa bhliain 432 AD. Thuig sí, nach mbeadh a chomhmhaith de cheiliúradh againn sa tír seo arís go dtí an bhliain 2032, agus chuile sheans, dár lei, nach mbeadh sise, nó sinne, páirteach sa cheiliúradh sin.

Bratacha ar foluain

Is cuimhin liom freisin, gur mhol an sagart paráiste dá phobal, gur chóir dóibh bratacha Náisiúnta agus bratacha an Phápa a fháil agus a chur in airde ar shimnéithe a dtithe, leis an ócáid stairiúil sin a cheiliúradh. Sea, agus rinneadar rud air freisin, agus geallaimse dhuit é gur ghalánta, chorraitheach, an radharc é, breathnú ar na bhratach sin, ar foluain le gaoith, os cionn shimnéithe na dtithe aoldaite, seascaire, ceanntuí, a sheol go bródúil ó cheann ceann an bhaile, faoi mar ba chabhlach mara iad. Sin iad na cuimhní a rith liom, an lá cheana, nuair a chuala mé go rabhthas le Comhdháil Eochairisteach a thionól i dtír seo na hÉireann arís, sa bhliain 2012, le cuimhne cheithre scór bliain Chomhdháil 1932, a chomóradh. Ba ansin a tuigeadh dom, go raibh breall ar Iníon Ní Choinn, agus nach mbeadh orainn fanacht céad bliain don chéad cheiliúradh eile.

.

Athru  Saolta

Cainneach Achadh Bó

Cainneach Achadh Bó

Peadar Bairéad

Cathair Álainn Chainnigh

.

The next, the stubborne Newre, whose waters gray

By faire Kilkenny and Rossponte boord,”

…..Spencer…..

Ní haon ionadh in aon chor é, go bhfuil muintir na cathrach seo bródúil as a       n-ionadnaithe anseo cois Feoire, nó bheadh sé deacair áit chomh hálainn leis a fháil sa bhith críoch. Sea, agus oireann áilleacht na háite do shéimhe, agus do chineáltas, a muintire. Ní haon ionadh mar sin, gur mheall an áilleacht chéanna sin uimhir do-áirithe deoraithe chuici thar na céadta bliain. Níor Osraíoch críochnaithe é Cainneach fhéin, fear a shéid isteach anseo ó Dhoire, b’fhéidir, bíodh go ndeirtear go mba Osraíoch déanta í a mháthair, Mál, a raibh cáil na naofachta bronnta ag daoine uirthi sa dúiche seo. File oilte taistil ba ea a athair Lughadh a chuir faoi i nDoire, file a raibh cáil tuillte aige i bhfad agus i ngearr.

Rugadh Cainneach s‘gainne i gContae Dhoire, thart ar bhliain ár dTiarna, 515, agus cailleadh é sa bhliain 600, rud a d’fhág go raibh bunaois mhaith aige tráth bhásaigh sé. Chaith sé seal ag déanamh léinn i Mainistir Chluain Ioraird, áit ar casadh Naomh Colmcille air. Ar ball, i lár chaogaidí an séú haois sin, thug sé cuairt ar an Róimh, le beannacht an Phápa a fháil ar a chuid misinéireachta ina thír dhúchais fhéin. Chomh luath is a d’fhill sé ar Éirinn, chuaigh sé i mbun oibre, ag bunú cealla in áiteacha éagsúla. Thug sé cuairt ar a sheanchara ó Chluain Ioraird, ar Cholmcille, a bhí ag leathadh an deascéil óna phríomh ionad misinéireachta ar Oileán Í. Ba ghearr go raibh sé ag saothrú leis thall ansin, áit ar bhunaigh sé roinnt ceall, do chum glóire Dé.

Ar Chuairt na bhFilí

Is cuimhin liom fhéin, tráth raibh mé in Albain, ar Chuairt na bhFilí, roinnt blianta ó shoin, gur thugamar cuairt ar oileán beag ar chósta thiar na tíre sin, arb ainm dó, ‘Tíríodh (Tiree) agus le linn ár gcuairte, thugamar cuairt ar scoil ansin, a raibh sruth lánGhaelice inti, agus nuair a mhínigh mé fhéin dóibh gurbh as Chill Chainnigh dom, dúradar go raibh fothrach sheanmhainistreach ar chósta an oileáin sin, ar a dtugtaí, Kil Chainnech. Tuigeadh domsa ag an am, go mba Chainneach eile a bhí i gceist sa mhainistir sin, ach tá mé den tuairim anois, go mba é Cainneach s’againne fhéin a thóg cill san ionad iargúlta sin, tarraingt ar mhíle go leith bliain ó shoin anois. Bhuel! nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, an lá céanna sin.

Achadh Bó

Níor chaith Cainneach an chuid eile dá shaol ar Oileán Í áfach, nó ar Oileán Thíríodh ach oiread, nó tuigeadh dó, go raibh lena cnamh i dr seo na hÉireann freisin, agus chuige sin, bhrostaigh sé anall. Chaith sé roinnt mhaith ama ag leathadh an deascéil i Ríocht na Mí agus in Osraí freisin, ach, ba in Achadh Bó, i gContae Laoise, a thug Rí na dúiche sin ionad Mainistreach dó. Ba san ionad sin, a bhí Suí Chainnigh ar feadh roinnt mhaith blianta, agus ba ón ionad céanna sin a rialaíodh Fairche Osraí, anuas go dtAn ‘Sudetenland’í an dara haois déag, b’fhféidir, nuair a aistríodh lárionad na fairche sin go Cill Chainnigh fhéin . Ach chuir Diarmaid leathshúileach Mac Giolla Phádraig críoch lena Shuí ansin, nuair a dhóigh sé baile Achadh Bó, agus nuair a mhill sé scrín agus taisí an Naoimh san ionsaí sin, i lár an cheathrú haois déag.

id ann adeir, gurbh é Cainneach s’againne a chuir críoch le réim na nDraoithe sa tír seo, nuair a fuair sé bua ar an Ard-draoi fhéin agus a lucht leanúna anseo i gCill Chainnigh. B’fhéidir gurbh ‘in an chúis gur roghnaigh sé an t-ionad seo le cill a thógáil ann, thart ar an áit a bhfuil Ardeaglais Chainnigh sa lá atá inniu ann, mar a bhfuil a dúshraith sin fós i dteangmháil le cré stairiúil Chill úd Chainnigh, a foirgneamh ina sheasamh ar fhothracha na Cille sin, agus mar a bhfuil a Túr Cruinn ag síneadh méire i dtreo na síoraíochta atá mar sprioc ag an duine daonna.   

.

.

Athru  Saolta

Céide…..I R I S Ó N I M E A L L….2.

IRIS ón IMEALL 2

.

(This week we continue our review of what was written here, about the above Magazine, in 2001.)

.

Céide

( Leanaimid linn ag cur síos ar ábhar an ailt úd le Kevin Hegarty.)

.

Déanann sé, (Kevin Hegagrty), tagairt do Dhiagaire cáiliúil eile, do Hans Kung, fear a bhfuil a lán le rá aige faoin eaglais i saol an lae inniu. Ach críochnóidh mé an tagairt seo don chéad alt san eagrán seo de Chéide, le athlua beag eile, as an alt suimiúil seo le Kevin Hegarty, ina ndéanann sé tagairt don chineál eaglaise a theastódh uainn uilig sa todhchaí.…

This is a programme worth fighting for. Perhaps the Irish Church might with profit concentrate less on the veneration of the relics of a great Continental Saint and more on reflection on the ideas of a great Continental theologian.

Anois b’fhéidir nach n-aontóinn fhéin le chuile rud san alt sin, agus ní aontóinn, ach, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil go ndeachaigh an t-alt céanna sin i bhfeidhm go mór orm, nó chuir sé iachall orm, athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí, agus dearcadh an scríbhneora mhisniúil seo a chur sa mheá, le mo thuairimí a athscrúdú.

Corrbhíog

Agus caithfear a admháil, go mbaineann an iris seo an chorrbhíog sin asainn. Cinnte, déanfaidh sé maitheas dúinn, bíodh nach n-aontódh muid le chuile rud atá ann. Ná ceaptar anois, nach bhfuil san iris seo, ó thús deireadh, ach alt sin Kevin Hegarty, nó tá an iris chéanna sin lomlán le haltanna eile den scoth, arbh fhiú do dhuine iad a léamh, ceann ar cheann. Ach níor chóir dom gan tagairt a dhéanamh do chuid de na hailt eile atá le fáil taobh istigh de chlúdaigh na         hirise ealaíonta seo

Tá alt spéisiúil ón iriseoir, John Cooney, faoi’n gCairdinéal agus Celia Larkin, ina ndéanann sé iniúchadh ar thionchar, agus ar thodhchaí, na faidhbe a cruthaíodh le cuirí a seoladh chuig na haíonna a bhí le tioinól, le bronnadh an hata dheirg ar an gConnailleach a cheiliúradh. Mar is gnách, ní bheifeá ag súil go mbeadh an t-iriseoir seo go huile is go hiomlán ar thaobh an Chairdinéil!

Tá píosa breá ó pheann Richard Douthwaite, ar an gcaoi a éiríonn le Kerala an lámh in uachtar a fháil ar chóras eacnamaíochta na haoise seo. Ansin, tá píosa suimiúil, spreagúil, ag Joe O Toole, ag cur síos ar an gcaoi a chuireann pobail an lae inniu i gcoinne an oiread sin rudaí…Féach mar a chuireann sé fhéin é…

Posters say NO

GRAIGUE SAYS “NO” TO MASS.

Yes, there it was on a large billboard on the way into the town. I suppose, I thought, in our increasingly intolerant society it was only a matter of time before the bigots took over. You would have thought that they would have left the Mass alone, but the roads of Ireland are now littered with big “NO” posters. They will range over Dumps, Incinerators, Powerlines, Communications Masts, Houses, Water charges, Bin charges, Interpretative Centres, Concerts, Social Housing, Sheltered Accommodation, Immigrants, Travellers, etc., etc.

.Ní gá dhom a rá, go bhfuil an scríbhneoir céanna sin ábalta craiceann a chur ar a scéal,30/06/2001

agus é ar a chumas freisin, a thaighde a dhéanamh go críochnúil, éifeachtach.

Alt spreagúil ag Donncha O Connell ar Abbeylara, ina scrúdaíonn sé bun agus barr scéal chasta sin Abbeylara. Tá ann freisin, cupla píosa faoin ngás a fionnadh amuigh ón gcósta thiar, i dtoibreacha gáis na Coirbe.

Tá léirmheas ar dhráma Chonor McPherson ann, alt ar chúrsaí ealaíne, agus ní fhágtar an fhilíocht as an áireamh, ach oiread, san iris spreagúil seo.

Fáiltíonn Enda McDonagh roimh iris nua, “REA. – A Journal of Religion, Education and the Arts-.

Agus le fírinne an tsean ráitis -faoin bhfíon ab’ fhearr a choinneáil go dtí an deireadh,- a chruthú, tá cupla alt spéisiúil, in eireaball na hirise thiar, ceann leis an “Ridire”, agus an ceann eile le Brendan Hoban, fear a ndéanaim trácht ar a chuid scríbhneoireachta, go rialta. Altanna breátha spéisiúla, arbh fhiú do dhuine ar bith iad a léamh. Mar sin, ní gá a rá go molfainn an iris seo.. Ceannaigh, léigh, agus coinnigh í. Bainfidh tú taitneamh agus adhmad aisti inniu, amárach, agus lá is fuide anonn freisin.

Ach, cár imigh an sioc?

Athru  Saolta

Cloch ar a charn

Dear Tom, After a number of searches for “I mBéal an Phobabil” in this week’s edition of the Kilkenny People, I failed to find it, and I am now sending on a new piece for the next edition. The first piece will keep for a later week, as it is a book review.

However, might I ask you to give the Irish Article a definite visibility on the page, so that, at a glance, I, or the reader, would recognise instantly that this is the Irish Article, otherwise, many of my readers will miss spotting its presence on the page. Just as it is easy to spot the Religious Article, or Gerry Moran’s column, or other such columns, I’m sure that one of your team could lay out a simple heading for the Irish column, giving the name…..I mBéal an Phobail……and showing the byline, two things that would make it also easily recognisable.

Sincerely

Peter.

.

.

cloch ar a charn, place a stone on his cairn; méaróg, pebble; snas, shine; gaibhniú, forging; is é a fhad is a leithead é, the long and the short of it is; ceannródaithe, pioneers; lia os a leacht, a memorial stone on a burial mound.

.

I m B é a l a n P h o b a i l

Cloch ar a charn

Peadar Bairéad.

Ar bhás Mhicheál Davitt

Tráth raibh mé fhéin im ghasúr ag fás suas in Iorras na scéalta, i dtriochaidí na haoise seo caite, bhí de nós againn cloch a chaitheamh ar charn, chuile bhabhta a ghabhaimis thairis, ar ár mbealach dúinn chun na scoile, nó ag filleadh ar ais uaithe tráthnóna, agus ba é a bhí sa charn céanna nó carn cloch, a d’fhás suas go nádúrtha, ar fhód báis dhuine eicínt, go háirithe dá mba dhuine é a maraíoch ag an ionad, nó duine a bhásaigh go hobann, ar an láthair sin. Ba i gcuimhne Luke Lyons a tógadh an carn atá i gceist agam anseo, deartháir, is dócha, don Déan Lyons, a bhí ina shagart paráiste ar Pharáiste na Cille Móire in Iorras, blianta fada sular tháinig muidinne ar an bhfód lenár méaróga a chur ar an gcarn céanna sin, maidin is tráthnóna. D’fhan mé dílis don nós sin le linn m’óige, agus anois fiú, tar éis imeacht na mblianta, imríonn an nós sin a dhraíocht doilfe orm fós, agus nuair a fhaigheann cara, nó gaol, ceannaire, nó file, dár gcine, bás obann, buaileann an fonn mé láithreach úsáid a bhaint as mo pheann, nó mo ríomhaire, le méaróg fhoclach a chumadh, le caitheamh ar charn an t-é atá imithe uainn ar Shlí na Fírinne. Nach bhfuil a fhios ag fia is ag fiolar anois, gur sciob an bás obann curadh cáiliúil eile dár gcine uainn, nuair a fuair an file ildánach sin, Michael Davitt, bás obann, ar an 20 Meitheamh 2005, in aois a chuig bliana déag is dhá scór. Nuair a smaoiníonn tú air, nárbh é dhein an saothar mór i ngearraimsir.

A Pháirt i nGluaiseacht na Gaeilge

Corcaíoch ba ea an Daibhídeach agus é bródúil i gcónaí as a dhúchas. Tugadh grá don Ghaeilge dó, tráth raibh sé ag freastal ar an Mainistir Thuaidh, agus d’éirigh leis snas a chur ar a chuid Gaeilge, trí thréimhsí a chaitheamh i nGaeltacht Mhúscraí agus i gCorca Dhuibhne. Ba ghearr go raibh páirt ghníomhach á ghlacadh aige i ngluaiseacht na Gaeilge, agus na gcearta sibhialta. Ar ball, d’éirigh leis dul le cumarsáid, go háirithe, mar láithreoir teilifíse

Ghlac sé páirt mhór i ngaibhniú ghluaiseacht filíochta a bunaíodh timpeall ar an Iris “Innti”, nó is dócha go raibh cumas cinnireachta agus eagraíochta i smior na gcnámh ann.

Is é a fhad is a ghiorracht, go raibh Michael Davitt ar cheann de cheannródaithe ghluaiseacht na Gaeilge, thar bhlianta fada, agus ag an am gcéanna, thuigfeá nach raibh aon chur i gcéill ina dhúthracht, ach go raibh sé lom dáiríre ag saothrú na filíochta is na teanga dhó. Chomh maith le sin uilig, chaith sé seal ag obair le Gael Linn, agus d’dhág a rian fhéin ar Shlógadh. B’fhear é freisin, a d’fhoghlaim ceird chasta na teilifíse, agus ba léiritheoir den scoth é. Sea, agus cuir le sin, go raibh cumas ceoil ar an ngiotár ann, agus go mba amhránaí binn é freisin. Gan dabht ar domhan, mothóimid uainn é sna blianta atá romhainn amach, nó ní raibh an fear seo ach ar bhruach a fhoirfeachta nuair a tháinig gadaí na speile caime len é a tharlú uainn, ach b’fhéidir go raibh gá acu leis, ar an dtaobh eile, lena gcroí a thógáil lena scileanna, lena ghreann, lena dháiríreacht agus lena shoineantacht.

Bhí breacaithne agam fhéin air

An raibh aithne agam fhéin air, an ea?

Ar éigean é, ach tharla gur casadh ar a cháile sinn, anseo sa chathair álainn, thíos Tigh Bhollard, scathamh de bhlianta ó shoin, nuair a tháinig Michael chugainn, le cuid dá dhánta a léamh dúinn. Níl dabht ar domhan, ach go ndeachaigh sé i gcionn go mór ar a lucht éisteachta, an oíche sin, lena scileanna scéalaíochta agus filíochta. B’fhear é go raibh an greann de shíor ag fiuchadh ann, ar ócáid dá leithéid, nó b’aisteoir den scoth é agus é ag cur a phearsa fhéin i láthair a lucht éisteachta.

Tá leabhar dá chuid filíochta os mo chomhair amach, anois díreach, agus an píosa seo á scríobh agam. Sea, agus ar an gclúdach tosaigh, tá pictiúr den bhfile, gona ghruaig chatach, gona spéaclaí airgeadfhonnsaithe, gona shúile glinne, dáiríreacha, gona mhionghaire leochaileach, neirbhíseach, agus scríofa ar an gclúdach tosaigh céanna sin tá:-

SELECTED POEMS

1968 – 1984

ROGHA DÁNTA

le MICHAEL DAVITT

Ach sé an rud is luachmhaire a bhaineann leis an leabhar céanna sin anois, dár liomsa, nó go bhfuil, scríofa ar an gcéad leathanach, i scríbhinn an fhile ildánaigh fhéin:-

Do Pheadar

le dea-mhéin

Bollards

3/2/88.

Níl dabht ar domhan ach gur scríobh sé an rud céanna ar leabhair eile a ceannaíodh ansin Tigh Bhollard, an oíche chéanna sin, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, teachtaireacht ón bhfile fhéin chugam atá sa scríbhinn chéanna sin anois, sea agus tabhair faoi deara, gur tharla an eachtra sin breis is seacht mbliana déag ó shoin anois, tráth nach raibh an dá scór fhéin sroichte ag an bhfile.

Lia os a leacht

Chuir mé spéis ar leith i ndán a scríobh sé faoi Mháirtín Ó Direáin, file, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, athlua a dhéanamh air anseo, nó sílim go n’oirfeadh na véarsaí céanna do Mhicheál Davitt fhéin.

.

Crannlaoch

do Mháirtín Ó Direáin

.

Coigil do bhrí

A fhir an dáin

Coigil faoi thrí,

Bí i do chrann.

.

Sheas ar leac an tinteáin

Duilliúrdhánta ina láimh

Glór mar cheol toirní

Súil dharach an chrannlaoich.

.

Dearcán solais dár thuirling

De ruachraobh anuas

Phréamhaigh i ndán ar lár

Ar lomghoirtín is d’fhás.

.

B’fhéidir nárbh olc an dán sin mar lia os a leacht. Solas na soilse, agus síocháin síoraí, dá anam uasal Gaelach.

.

.

gaGaeilge