le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Athbhliain faoi mhaise dhaoibh
Peadar Bairéad
Nollaig eile imithe uainn isteach trí shúil dhroichead an ama. Agus bíodh gur tráth ceiliúrtha agus spraoi é, tá súil agam, ag an am gcéanna, gur chaith sibh súil uaibh siar thar na blianta atá caite againn, go nuige seo, ag taisteal linn ar oilithreacht mhór achrannach na beatha. Is tráth freisin é le cuimhneamh ar na cairde a cailleadh, fan na slí. Ach, ní chuige sin amháin atá mé, an babhta seo, ach mo shúil romham agam ar an mbliain atá ag síneadh romhainn amach anois, agus í ag fanacht ar thairseach an tí, réidh le bualadh isteach chugainn, agus guím an tseanghuí arís oraibh, uair amháin eile. “Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine againn, bliain ó inniu.” Anois, agus muid ag seasamh ar bhruach na hathbhliana, nár chóir dúinn, i dtosach báire, slán a fhágáil leis an tseanbhliain agus í anois ag saothrú an bháis, lei fhéin, agus í ag snámhaíl lei, ar a ceithre bhonn, isteach i leabhair na staire. Céard is féidir linn a rá fúithi, sul a n-imí sí uainn? Ní féidir linn dul thar fóir á moladh, ach bíodh nárbh í an bhliain ab fhearr a casadh inár líon, ag an am gcéanna, níorbh í ba mheasa! Is fíor nach raibh cúrsaí eacnamaíochta anseeo thar mholadh beirte le linn saolré na bliana atá ar leaba a báis anois, ach ag an am gcéanna nár chóir dúinn a bheith buíoch, beannachach, go bhfuil muid beo fós, agus muid ag treabhadh linn go rábach i ngort guaireach na beatha.
Rúin Athbhliana
Bhíodh sé de nós agamsa, thar na blianta atá caite, rúin athbhliana a dhéanamh, thart ar an am seo, chuile bhliain, agus mé ag ligint orm, go raibh fúm bheith im naomh ar thalamh san athbhliain! Ar éirigh liom beart de réir mo bhriathair a dhéanamh? Ag rámhaillí atá tú! Níor éirigh muis! nó bhíodh na rúin chéanna briste basctha agam gan mórán achair. Nílim ag moladh anois go gcuirfí deireadh le déanamh na rún céanna sin, nó is maith ann iad, do dhaoine áirithe, sé sin, do dhaoine a dteastaíonn uathu siúl feasta i dtreo eile ar fad, agus sa chás sin, go hiondúil, éiríonn le fear déanta na rún sin a leas a dhéanamh. Agus arís, nílimse ag maíomh nach bhfuil fúm fhéin cúrsaí ar bith a athrú, teacht na hathbhliana seo. Níl, muis! Mar, déanta na fírinne, tá socraithe agam in intinn leanúint liom ag scríobh na bpíosaí seo, don Kilkenny People, chomh fada is atá Eagarthóir oilte an tsárnuachtáin seo sásta spás a chur ar fáil dom, agus cuir le sin, go bhfuil mé meáite anois ar labhairt amach níos dána agus níos fórsúla ná mar a dhein mé, go nuige seo. Tá socraithe agam freisin, súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí na teanga, agus ar chúrsaí polaitíochta, frí chéile, sa bhliain atá romhainn amach.
Cuimhní ar fán
Ní call dom a rá, go dtéann mo chuimhní ag fánaíocht leo, siar thar na blianta atá imithe uainn isteach trí shúil dhroichead an ama, an tráth seo bliana, siar freisin, ar na nósanna a bhíodh againn le linn domsa bheith ag éirí aníos in Iorras na nIontas, sea agus cuimhním freisin, ar na daoine a raibh aithne agam orthu agus atá anois imithe leo ar Shlí na Fírinne. Leaba i measc na Naomh go raibh acu go léir. Agus ó tharla gur chaith mo Dhaid agus a chompánaigh seal ag sclábhaíocht leo in Albain, thugadar leo abhaile go hÉirinn nósanna Albanacha ar nós na “First Footers”, faoi mar a thugtaí ar an gcéad duine a thiocfadh thar do thairseach isteach, Lá Coille. Sea, agus scéalta an “Haggis” freisin. Minic a shiúl mé leo, ina scéalta, trí shráideanna na “Gorabals” faoi mar a thugaidís ar an dúthaigh cathrach sin i gcathair Ghlascú. Ach leor sin don turas seo. Níl le déanamh agamsa anois ach, Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Hi! Mary,
I notice that the Irish Column is not in the Kilkenny People this week, so I wonder if you got my last offering? But, just in case, I’ll forward a copy right away. Pity it missed this weeks edition. So, here goes……….
Regards,
Peter Barrett.
.
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Cairde caillte.
Denis Philpott
Ar na mallaibh a chuala mé an scéal, drochscéal gan choinne, chomh fada is a bhain sé liom fhéin, nó bíodh go raibh aithne agam ar Denis thar bhlianta fada, ón tráth ar tháinig sé go Cill Chainnigh a chéaduair, i dtús na seachtóidí, mar nach raibh muid beirt i mbun múinteoireachta i gColáiste Chiaráin anseo sa Chathair Álainn feadh cuid mhaith den am sin, ach mar sin fhéin, ba bheag an teangmháil a bhí eadrainn ó d’éirigh mé fhéin as an múinteoireacht, roinnt blianta ó shoin. Ach ní hionann sin is a rá, nár áirigh mé Denis ar dhuine dem chairde, agus dem chomhleacaithe, duine a raibh meas, agus dhá mheas, agam air, mar dhuine agus mar mhúinteoir díograiseach, dúthrachtach, dáiríreach. Ach, céard is féidir liom a rá faoin laoch seo anois, agus mé ag iarraidh cloch a chur ina leacht? Mar tuigtear dom, go bhfuil a leithéid tuillte aige, agus mar sin, seo chuige mé….
Fear breá eile sciobtha uainn ag an mbás bradach. Caithfidh mé a admháil dhuit nach raibh mé ag súil lena bhás, nó b’fhear breá, scafánta, óigeanta ab ea Denis, fear ar chaith mé blianta fada i mbun oibre in éindigh leis, agus fear a d’fhéadfá bheith ag brath ar a chúnamh, agus a chomhoibriú, chuile lá riamh, nó ba dhuine uasal, díograiseach, macánta, é, agus Gael dílis, ionraic, den chéad scoth. Ba mhór é a spéis i gcluichí agus i gcultúr an Ghaeil, agus ba mhúinteoir é a bhí réidh agus sásta, i gcónaí, a dhúthracht a chaitheamh ar mhaithe lena dhaltaí. Sea, ní chuile lá a chasfadh a leithéid ort, nó faoi mar adúirt, an tú adúirt, seans nach mbeidh a leithéid arís ann. Méala mór a bhás dá bhean, Catherine, agus dá chlann, agus is mór linn uilig a mbris.
Solas na Soilse, agus ionad i measc na Naomh Éireannach, go raibh aige anois agus i dtólamh.
Slán le Denis….
.
A Dhonncha gealgháireach mothóimid uainn thú,
Do chomhairle gaoise, is do chúnamh caoin, Do neart, do dhearcadh, is do chluas le héisteacht,
Bheith ’na n-éaghmais feasta, is buille dian.
.
Dáileadh an chré leat i Mí na Marbh,
Is fágadh do mhuintir i mbuairt ‘s i mbrón ,
Ach duitse, a chara, guím solas na soilse
I dTeaghlach an Rí, anois is go deo.
.
Mothóimid uainn thú, anois is feasta,
Agus sinn i sáinn nó i bhfadhb gan bhrí,
Ach beidh do chuimhne mar mhéar an eolais
Dár stiúradh fós trí bhuairt an tsaoil.
.
Codladh sámh dhuit i dteaghlach Chiaráin,
I bhfad ód’ dhúthaigh ar bhruach na Laoi,
Mar tá d’áit in áirithe ag Bord an Tiarna,
Is fáilteofar romhatsa i measc na Naomh.
.
**********************************************************
.
.
Laoch eile ar lár
John Glynn
Dáileadh an chré le laoch eile, anseo sa Chathair Álainn, ar na mallaibh freisin. Deoraí eile atá i gceist agam anseo, agus fear mór spóirt freisin, nó ba Ghaillimheach é, a d’imir ar Fhoireann Sinsear Peile na Gaillimhe, ina lá, agus fear a chaith blianta fada freisin, mar ghalfóir díograiseach, anseo i gClub Ghailf Chill Chainnigh.
Cé tá i gceist agam, an ea?
Cé eile, ach an duine uasal sin, John Glynn. Fear macánta, díograiseach, dúthrachtach, ab ea John, agus bíodh go raibh sé imithe anonn sna blianta, nuair a chuir mé fhéin aithne air, a chéaduair, ag an am gcéanna, bhí ar a chumas cluiche breá gailf a imirt, agus geallaimse dhuit é, nach go héasca a gheofaí an lámh in uachtar air, sa chluiche céanna sin. Thuigfeá láithreach, go raibh tú ag imirt le curadh, a chaith a dhúthracht le linn a óige, ag imirt peile ag an leibhéal ab airde, lena Chontae, i nGaillimh thiar.
Bhí aithne mhaith freisin ag pobal Eaglais Fhiachra ar John, anseo sa Chathair Álainn, agus ba é an scéal céanna é ag John, bíodh sé san Eaglais, nó amuigh ar pháirc na himeartha, ní dhéanadh sé riamh dhá leath dá dhícheall. B’éasca a thuiscint uaidh, go mba fhear creidimh, amach is amuigh é. Mothóimid uainn thú, a Sheáin na gile, ach guímis solas na soilse, agus áit ag Bord an Tiarna, go raibh agat anocht agus i dtólamh.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
***********
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Cnuasach Gearrscéalta
.
Íbíotsa……………le……………Labhrás Ó Finneadha
Céadfhoilsthe………………2015…….………..€10.00
.
Scéilíní fánacha
I nóta poiblíochta ar chlúdach cúil an leabhair seo, – an chéad leabhar ficsin le Labhrás Ó Finneadha – , deirtear linn, gurb é atá ar fáil againn sa chnuasach seo nó, “scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.” Ach le filleadh ar an leabhar fhéin… D’fhéadfá a rá, go bhfuil éagsúlacht taitneamhach le fáil in ábhar na scéalta. Breathnaigh nóiméad ar an gcéad scéal sa leabhar, ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhaist an t-údar ar an scéal taitneamhach seo. Triúr cailín a théann ar saoire chuig Íbíotsa, le deireadh na hArdteistiméireachta a ceiliúradh. Eilís a bhí ar an gcailín ba chúthaile, agus rinne a máthair chuile iarracht ar chiall a mhúineadh di, sa chaoi go dtógfadh sí saoire anseo in Éirinn b’fhéidir, ach cinnte, gur chóir di an t-ionadh mí-oiriúnach, frithchríostaí sin a sheachaint. Ba bheag aird a thug Eilís ar a comhairle, agus in am tráth, shroich sí fhéin agus a beirt compánach an t-oileán grianmhar, Meánmhuirí sin. Níor chuir an tsaoire sin aon stró ar a compánaigh, ar Mhonice, nó ar Bhláthnaid, agus i ndeireadh na dála, bhí an triúr acu ag baint taitnimh an tsaoil as a saoire in Íbíotsa. Laethe fada cois trá, seal ag snámh agus seal á ngrianadh fhéin, agus seal eile fós ag breathnú ar fhir agus ar ógánaigh! Níor staon siad ó chupla deoch nó dioscó san oíche, ach choinnigh siad súil seabhaic ar a chéile, agus sa tslí sin, níor bhaol dóibh. Ní dhearna siad tada as an mbealach, luath nó mall.
Iall tosaigh briste
Ansin, lá amháin, agus Eilís ag snámh di fhéin, tháinig sí ar ais chucu agus í an-trína-chéile. Mhínigh sí dóibh go raibh iall tosaigh a bicíní briste. Moladh an leigheas seo agus moladh di an leigheas siúd, ach i ndeireadh na dalá, bhain si an gléas sin di, agus shiúl lei i dtreo a n-árasán, agus í cíochnocht, bródúil, banúil, gan chíochbheart ar bith, agus ba ansin a rinne an bheirt eile an beart céanna. Bláthnaid ba thúisce a thuig tábhacht na hócáide. ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhí ann, dár lei. Sea, casadh an dá chultúr ar a chéile, agus chonaic na cailíní nár thug na daoine thart orthu aon aird faoi leith ar a ndánacht, agus bhíodar sásta go mbeadh cuimhne acu fhéin ar saoire sin a bhfuascailte in Íbíotsa lá is fuide anonn. Sea, d’imigh siad leo agus cíochbheart thar a gualainn ag chuile dhuine acu, agus iad lán de chuimhní na hócáide, cuimhní a chuirfidís i dtaisce i gcuisneoir na cuimhne, cuimhní a thógfadh a gcroí le linn geimhrí préachta a laethe, amach anseo.
“Díomá a bhí uirthi, áfach, nuair a thug sí faoi deara, nach raibh aon duine ag breathnú anois orthu, nó ag cur blas suntais san ala suaithinseach seo.”
Sea, rinne an t-údar an-obair anseo, sa chaoi ina gcuireann sé an scéal seo le chéile, agus mar ar éirigh leis stíl dheas, éasca, seolta, a úsáid, leis an scéal a chur inár láthair.
Scéal eile
Tá scéal suimiúil le fáil againn freisin faoin teideal, ‘An Mhaidhm’. Séimí ina shuí ar a bhalcóin, ‘Cafe con leche’ ordaithe aige, bosca toitín leagtha ar bhord, taobh leis, feaig ina láimh chlé, agus é ag breathnú amach ar an bhfarraige. Tugann sé chuile cheo faoi deara. “Tá rud éigin amuigh ansin nach
deachomhartha ó Dhia é, agus más i dtír a thiocfaidh, tagadh!
Thug Séimí na comharthaí uilig faoi deara, de réir a chéile, ach thuig sé an scéal go seoigh, tsúnamí, gan dabht, ach níor chorraigh Séimí na leisce, ach d’fhan mar a raibh aige, agus é faoi dhraíocht ag an maidhm mhór mhara, agus féach mar a chríochnaíonn an scéal agus an mhaidhm ag múchadh toitín Shéimí dó, agus ag an bpointe sin críochnaíonn an scéal. Cuirtín anuas, mar adéarfá.
An-scéal, an-insint, an-chur-chuige. sea, draíocht amach is amuigh.
Sea, agus d’fhéadfainn chuile scéal den naoi scéal sa leabhar seo a mholadh go hard, as a stíl, as a leagan amach, agus as an ruainne sin den draíocht a fhíonn an t-údar isteach trí abhras chuile scéal acu.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week ‘I mBéal an Phobail’ wishes all our readers a very happy Christmas)
.
Cuimhní na Nollag
Cuimhní na Nollag ’na rás chugainn,
Is coinneall mhór dhearg ina chaor,
Gaineamh geal leata ar urláir
In onóir do Mhac Dé an Naí.
.
Cácaí na Nollag á mbácáil
Is a mboladh mar thúis gan locht.
Gé ramhar pioctha ’gus bearrtha,
Feistithe don oigheann ina nocht.
.
Páistí ar rotha le gliondar
is a súile ag drithliú mar réalt’
Ag smaoineamh ar “Santy” is Rudolf
Chucu thar Bhealach na Néal.
.
Tá ár gcistin ghlan maisithe go glégeal,
Eidhean is cuileann go fras,
Is croíthe ‘na lasair mar choinnle
Ag fáiltiú roimh Íosa is a Mham.
.
Maidin amárach, más beo sinn,
Éireoimid le solas na ré,
Is raghaimid go hAifreann na Gine
Ag comóradh bhreithlá Mhac Dé.
.
Nollaig Shona dhaoibh uilig
Tá an tráth sin bliana tagtha arís, an tráth sin a thugann deis dúinn beannachtaí na Féile a ghuí ar ár gcairde uilig, idir Ghael agus Ghall; idir óg agus shean; idir shaibhir agus daibhir. Seo an t-am a chuireann siar ar bhóithrín na smaointe, sinne a bhfuil measarthacht blianta carnaithe ar an gclog againn, ar thóir na gcuimhní úd atá curtha i dtaisce againn, i gcomhad na cuimhne, le haghaidh ócáidí dá leithéid seo. Smaoiníonn muid ar laethe órga na hoige, nuair ba neamh ar thalamh dúinn fiú smaoineamh fhéin ar Fhéile na Nollag. Don chuid is mó againn, chuile sheans go dtagann smaointe ar Sheanfhear na Féasóige Léithe fhéin chugainn isteach ar thonn na cuimhne, sea, agus cuimhní freisin ar na cairde móra a bhí againn le linn na tréimhse céanna sin. Cuimhní ar throscán na Féile, dóibh siúd a mhair ar an dtaobh cheart den bhóthar iarainn! crann mór na Nollag, gona shoilse, agus na féiríní cuachta ag a bhun, le croíthe na n-óg, ach go háirithe, a thógáil Maidin Lae Nollag.
Mo chuidse de áfach, mar dhuine a mhair ar an dtaobh contráilte den bhóthar iarainn, tagann taoide cuimhní ar ais chugam faoi’n saol a bhí againne, thiar in Iorras na nIontas, an tráth seo bliana. Chuile urlár scuabtha, sciúrtha. Gaineamh geal leata go fairsing ar urlár chuile chistine. Maisiúcháin pháipéir ildaite, ceannaithe ón lucht taistil, agus craobha síorghlasa, crochta thart ar na fallaí, coinneal mhór daite na Nollag feistithe sa bhfuinneog, agus an teach fhéin aoldaite, istigh, agus amuigh. Ullmhúcháin ar dóigh ar siúl ag Mamanna na dúiche. Cácaí Nollag á bhfuineadh agus á mbácáil, gé mhór reamhar na Nollag á phiocadh, agus á bhearradh, do dhinnéar mór na Nollag. Páistí na tíre ar chipiní ag fanacht ar chuairt Dhaidí na Nollag fhéin.
Na Lampaí Pairifín
Maidin Lae Nollag fhéin bhíoidh an líon tí uilig ina suí le glaoch an choilig, agus iad á ngléasadh fhéin d’Aifreann luath na maidine sin. Siúl chun an tséipéil, roimh éirí gréine. Soilse lasta i ngach teach fan an bhóthair go dtí séipéal an Gheata Mhóir. Comharsanna ag beannú dá chéile. “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhuit.” Agus “An bhail chéanna ort fhein is ar do chúram” mar fhreagra ar an mbeannacht sin. An Séipéal go breá geal ag solas geal-bhuí na lampaí pairifín. Beannachtaí na Nollag a ghuí ar Phobal Dé ag an Sagart Paráiste.
I ndiaidh an Aifrinn, theimis-ne gasúir amach ar fud na bhfud ar thóir an dreoilín, nó dúinne, bhí tábhacht leis an searmanas céanna sin, nó bheifí ag súil go mbeadh dreoilín linn agus muid ag dul amach ar fud na mbailte an lá dár gcionn, Lá an Dreoilín, agus muid ag dul ó theach go teach ag lorg pingneacha leis an dreoilín a adhlacadh!
Up with the Kettle!
Suas leis an gciteal, agus síos leis an “Pan”,
Is tabhair dúinn do dheirc, i gcuimhne an “Wran”.
Cuairt á thabhairt ar thithe na gcomharsan. Amhráin á gcanadh. Dánta scoile á n-aithris, agus steipeanna rince á gcaitheamh ar urláir chré. Ó! a chara na gcarad, nárbh ’in iad na laethe? Nárbh aoibhinn bheith beo, agus óg, na laethe úd? Geallaimse dhuit é, nach raibh aon trácht na laethe úd ar “chúlú eacnamaíochta” nó ar thada dá shórt. Bhíomar uilig bocht, agus muid uilig sa mbád ceanna. Ach, nach raibh ár muintir fhéin linn, agus nach raibh pobal carthannach, cineálta, cairdiúil, thart orainn, agus nár leor sin dúinne gasúir an tráth úd.
Le críoch a chur le píosa seo Sheachtain na Nollag, ba mhaith liom “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís. Sea, agus gura seacht fearr a bheas chuile mhac a’ pheata dinn faoin am sin……………..
.