M e a r a i t h e

M e a r a i t h e

M e a r a i t h e .

.

Físeanna fuara

Mar mheanaithe géara,

Ag dealgadh, ag polladh

Croí agus coirp.

.

Deireadh mo laethe.

Mar dhrithlíní faitís

Ag ealú os íseal

Suas mo chnámh droma.

.

Filleann go rialta

Na físeanna céanna,

De ló, nó d’oíche,

Gan chuireadh gan iarraidh,

.

Is gan sásamh le fáil,

Ach laethe a ídiú,

Nó seolta a ardú

Fan ród na síoraíochta.

.

.

*********************************

.

.

.

.

.

.

M e a r a i t h e

New Microsoft Word Document

Buntaistí agus Míbhuntáistí Rialtas an Mhionlaigh

(Cineál nua Rialtais)

Peadar Bairéad

(This week we consider some of the achievements, and problems, of our Present Government.)

Bliain sa Diallait!

Nach fada an bhliain í, ó tugadh cumhacht na Dála don Rialtas s’againne? agus ní bréag ar bith é, a rá, gur chosúla le bliain reo-aoise í.

Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Chuile thuige! nó ar an gcéad dul síos, breathnaigh ar an méid ama a thóg sé le Rialtas a roghnú! Táid ann adéarfadh, nár chóir a mhilleán sin a leagan ar na Teachtaí Dála fhéin.

Agus cé air ar chóir é a leagan, murab orthusan é, má sea?

Ar na vótóirí, a thabharfadh siad mar fhreagra ar an gceist sin, nó chuireadar an oiread sin dreamanna éagsúla chun na Dála, nárbh éasca an gnó é rialtas a ghaibhniú as na dreamanna éagsúla sin.

Go réidh anois! Ní hé mo thuairim gur chóir a mhilleán sin a leagan ar na vótóirí, nó chonacthas do mhadraí an bhaile fhéin, go mbeadh sé thar a bheith éasca Rialtas a chur i dtoll a chéile, dá mbeadh na Teachtaí réidh le loighic an toghcháin a chur i gcrích, mar bhí sé thar a bheith éasca móramh na Dála a fháil, dá mbeadh péire de na príomhpháirtithe sásta cur le chéile, ar mhaithe le leas an phobail a dhéanamh, agus toil na vótóirí a chur i gcrích. Ach bíodh sin mar atá, thóg sé spás maith ama leis an ngnó sin a chur i gcrích, ach b’fhéidir nárbh am amú in aon chor é, an moill ama sin, nó i ndeireadh na dála, d’éirigh leo Rialtas de chineál nua ar fad a chur i dtoll a chéile leis an tír seo a rialú go ceann cupla bliain nó trí. Leis an mbeart sin a chur i gcrích, thoiligh Fianna Fáil tacaíocht a thabhairt don Rialtas, ar chúinsí áirithe, agus thoiligh Fine Gael ansin Rialtas a ghaibhniú, as a mbaill fhéin, agus as baill ó mhionpháirtithe agus ó neamhspleáigh éagsúla eile. Níl dabht ar domhan ach go mba shuimiúil an turgnamh polaitíochta é, agus lena chois sin, dá n-éireodh leis an leagan amach seo, is féidir linn a bheith cinnte, go mbainfí úsáid as an bplean céanna sin arís, agus arís eile, sa todhchaí. D’fhéadfadh duine a rá freisin, go mba chiallmhar, agus go mba fhadcheannach, an socrú é, i gcás go mbeadh na Teachtaí toilteanach úsáid chiallmhar a bhaint as, ar mhaithe le leas an phobail, nó thabharfadh an leagan amach seo deis don Dáil úsáid a bhaint as scileanna, agus as tuiscint, bhaill iomlán na Dála ar fad, in ionad bheith ag braith ar bhaill an aon pháirtí amháin, nó ar chomhrialtas ar bith a chumfaí as pairtí amháin a chur sa diallait le vótaí ó pháirtí, nó ó phairtithe eile.

Faoi’n am seo áfach, tá deis againn anois breathnú ar thoradh na trialach seo, ar tugadh deis dó a chumas a léiriú do phobal na tíre seo, nó faoin am seo, tá bliain iomlán caite ag an Rialtas seo sa diallait. Ar éirigh leo leas an phobail a dhéanamh, agus é sin a dhéanamh níos críochnúla ná mar a dhéanfadh Rialtas an mhóraim, nó Rialtas Aonpháirtí. Táid ann adéarfadh, nár dhein, nó go raibh an iomarca laincisí agus buairíní á gcur orthu. le go bhféadfaidís aon dul chun cinn ar fónamh a dhéanamh, nó dá molfadh an Rialtas a leithéid seo, nó a leithéid siúd a dhéanamh, bheadh daoine ansin len iad a ionsaí ar dheis is ar chlé, agus iad réidh, agus ullamh, vótáil i gcoinne cibé a bhí á moladh, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas fís an Rialtais a lot, is a mhilleadh, agus sa tslí sin freisin, cuireadh dris chasáin roimh an Rialtas, chuile bhabhta, rud a fhágann an Rialtas i mbealach a bhasctha, gan ar a chumas feidhmiú mar ba chóir do Rialtas feidhmiú.

Ar an dtaobh eile den scéal, táid ann a déarfadh, gur Rialtas ar dóigh atá againn faoi láthair, agus cibé tá á moilliú faoi láthair, nach bhfuil ann ach nach bhfuil cleachtadh faighte againn fós ar an gcineál seo Rialtais, agus nuair a thiocfaí isteach ar Rialtas an mhionlaigh, go n-oibreoidh sé go seoigh ar fad, ar fad, nó go mbeidh deis ag chuile dhream agus fiú ag an duine aonair fhéin, a ladar a chur sa scéal, agus sa tslí sin, go mbeadh chuile sheans ann, go dtiocfaí ar leagan amach a shásódh móramh na Dála, agus a bheadh inghlactha ag móramh an phobail freisin. I ndáiríre, dá ndéanfaí iarracht ar an gcineál seo Rialtais a oibriú i gceart, chuile sheans go mbeadh sé i bhfad níos daonlathaí ná an cineal Rialtais a bhíodh againn go nuige seo, nuair nach raibh aon deis ag an bhfreasúra a dtionchar a fhí isteach i muabhrat polaitíochta an Stáit s’againne.

  

.

.

.

.

.

.

.

M e a r a i t h e

O í c h e n a g C l a m h s á n

“ O í c h e n a g C l a m h s á n ” .

**************************

.

Bhí mé ag smaoineamh, an lá faoi dheireadh, ar nós a bhí againn, agus muid ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, i ndaichidí, agus i gcaogaidí na haoise seo caite. Bhíodh oíche faoi leith againn, chuile bhliain, lenár gclamhsán a dhéanamh os ard, faoin gColáiste, agus faoi chuile rud a bhain leis freisin. B’iontach cliste an nós é, nó thug sé deis do na mic léinn a racht a ligean amach, ar bhealach nár dhein dochar nó damáiste do dhuine ar bith, nó don Choláiste fhéin fiú, dá ndéarfainn é! Bhíodh slua mór bailithe san Aula Max. an oíche sin, agus fonn cainte, nó fonn clamhsáin ar a laghad, ar a mbunús sin, geallaimse dhuit é.

Anois, ó tharla go mbíonn fonn clamhsáin orm fhéin, minic go leor, tuigeadh dom gur mhaith an tseift í, an tráth seo bliana, colún clamhsán a chur i dtoll a chéile dhaoibh, ag súil, go n-éireodh liom cuid de na rudaí a chuireann as duitse freisin, a dhingeadh isteach, áit eicínt, sa phíosa seo. Mar sin, seo chugaibh é….

Tosóidh mé le píosa faoin bhfógraíocht a leagann an teisifís os ár gcomhair, chuile lá, agus chuile oíche freisin, geall leis, agus go háirithe, le píosa fógraíochta a chuireann le báiní bhuile mé.

Céard é fhéin, an ea?

Bhuel, fógra is ea é, a dhéanann chuile iarracht ar daoine a mhealladh go Málta, an t-oileán álainn, meánmhuirí sin, ar chóir go mbeadh sé éasca go maith daoine a mhealladh chuige, le saoire shámh a chaitheamh ann, ach nuair a chríochnaionn an fógra le……”Céad míle Málta”……is amhlaidh a bhím fhéin le ceangal, geall leis. Céad míle Málta! Ar chuala éinne riamh a leithéid!!! Is dóigh go bhfuiltear ag iarraidh ceangal eicínt a dhéanamh idir an focal…fáilte…agus Málta, ceangal nach bhfuil ann….Ó bhuel, beatha dhuine a thoil, ach ní éiríonn leis an leagan sin tada a dhéanamh domsa, ach mé a chur le báiní. Agus ó tharla ag caint ar fhógraíocht mé, caithfidh mé a admháil dhuit anseo, nach mó ná sásta a bhíonn mé le roinnt mhaith eile fógraí teilifíse, ach oiread. Tá a mbunús mór i bhfad ró-ghlic, ró-mhórluachach, agus iad i nguth uasal le híseal, mar dhea! Cuma sa diabhal céard tá á fhógairt acu, nó á dhíol acu, déanfaidh siad chuile iarracht a chur ina luí ar na dúchasaigh bhochta, gur móide go mór fada a seans, bean a mhealladh, nó a bhréagadh, an truiféis seo atá idir chamáin acu, a ithe, nó a chaitheamh, nó fiú, a bhronnadh. Chuirfeadh a leithéid de chur i gcéill múisc ar mhuc, agus ní beag nó suarach an focal é sin!

Ó, sea! Agus céard faoi na fógraí dí úd, a chuireann buíon d’amadáin scréachacha, gáiriteacha, seafóideacha, os do chomhair amach, dream nach bhfuil ar a gcumas tada a dhéanamh ach bheith ag seitríl gáire, agus ag titim as a seasamh, ag iarraidh tú a mhealladh chun póite? Caithfidh mé a admháil, nach fonn póite a chuirfeadh a leithéid de ghraimisc ormsa, ach fonn múisce!

Cuireann drochphleanáil le báiní freisin mé, go háirithe, nuair a tharlaíonn sé sa Chathair Álainn s’againne anseo i gCill Chainnigh.

Ach, cinnte, níl aon drochphleanáil á dhéanamh anseo sa Chathair Álainn?

Óra, fuist! Is dócha go bhfuil sibh tuirseach de bheith ag éisteacht liom ag clamhsán faoin bpraiseach a deineadh de Friary Street, – im’ thuairimse, dár ndóigh -. Bhuel, ní raibh mé cinnte go dtí seo, ach mé ag ceapadh nach gcuirfeadh sé le maise an limistéir sin.

An raibh tú thíos ansin, ar na mallaibh?

Bhuel, b’fhiú dhuit cuairt a thabhairt ar an tSráid stairiúil chéanna sin, ceann de na laethe seo, agus is é atá i gceist agam anseo, nó dul isteach ansin ar do chois, nó ní féidir le duine tada a fheiceáil i gceart trí fhuinneoga an ghluaisteáin. Níl mé ag fáil locht ar bith ar an bhfoirgneamh fhein, anois, nó déarfainn go mbeadh an foirgneamh céanna go breá ach suíomh oiriúnach a fháil dó, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ní hí Friary Street an t-ionad ceart sin.

Tuige, an ea?

Chuile thuige. Ar an gcéad dul síos, déanann sé prochóg cheart, chríochnaithe, den tsráid sin, nó deineann sé í a chúngú, agus a dhorchú freisin. Spás réaúnta oscailte a theastaigh san ionad sin, agus ní bhfuaireamar sin sa bhforbairt seo.

Níor chóir dom an deis seo a ligean tharam, gan an chloch sa mhainchille a oibriú, uair amháin eile, ar na miontimpeannáin uafásacha sin, a d’fhás, mar fháis aon oíche, timpeall na caathrach seo, le traidhfil de bhlianta anuas. Tá siad chomh mion sin, gur deacair iad a fheiceáil, go háirithe don strainséar, agus dá bharr sin, tá siad thar a bheith contúirteach, agus dá bharr sin, tharla roinnt mhaith timpistí orthu, le cupla bliain anuas. Agus ó tharla ag trácht ar na miontimpealláin chéanna sin mé, ba chóir dom tagairt a dhéanamh freisin, do na bacainní uafásacha sin, a tógadh ar bhóithre agus ar shráideanna, le tamall de bhlianta anuas. D’fhás siad mar a bheadh goiríní cnis, ar chraiceann na cathrach, agus in ionad aon laghdú a theacht orthu, is amhlaidh atá siad ag méadú, i dtoirt, agus in uimhir, in aghaidh na bliana.

Ó, sea, agus ag caint ar bhóithre, agus ar shráideanna, ar thug tú faoi deara, gurb á gcúngú atáthar, in aghaidh na bliana, freisin. Nach ait go deo an nós é, ag ár saineolaithe? Nó de réir mar a thagann fás ar ár dtrácht, is amhlaidh a chúngaíonn na saineolaithe seo na bóithre agus na sráideanna orainn!

Agus ag caint ar shráideanna agus ar bhóithre, cén mhaith é bóithre agus sráideanna den scoth a bheith againn, murar féidir linne, saoránaigh, siúl amach orthu, de ló, nó d’oíche, gan eagla, nó baol mugála, nó robála, ó mhaistíní barbartha, drochbhéasacha, agus ó amhais mhímhúinte, chruálacha, a tógadh agus a oileadh inár measc, mar phobail. Tá sé soiléir do mhadraí an bhaile fhéin, go bhfuil cúrsaí imithe chun an donais ar fad, le tamall de bhlianta anuas. Níl duine ar bith sábháilte amuigh ar bhóthar, nó ar shráid, anois, nó tá daoine amuigh ansin, nach gcuirfeadh sé as puinn dóibh, scian a shá go feirc i nduine eile, agus sin i nduine nach bhfuil aithne nó eolas acu air, ar mhaithe le cupla Euro a ghoid, le toitíní a cheannacht! Níl dabht ar domhan, ach gur bheag an luach a leagann cuid acu sin ar bheatha an daonnaí, na laethe seo. Sea, agus ní rud nádúrtha é sin, ní hea mh’anam, is rud é a mhúintear agus a fhoghlaimítear, agus sin an chuid is uafásaí, agus is scannraithí, den sceal ar fad. Ó! bhuel, b’fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí, an bhliain seo chugainn.

Cuireann salachar le báiní mé freisin, go háirithe, má fheicimse duine ag caitheamh mám bruscair uaidh, amach trí fhuinneog a ghluaisteáin, agus dream eile, atá díreach chomh dona leosasn, nó iad siúd a chaitheann uathu, go fánach, ar shráid, nó ar bhóthar, cibé dramhaíl a thagann trasna orthu, páipéir, boscaí, nó málaí plaisteacha, bíodh nach mbíonn na málaí céanna sin leath chomh flúirseach is a bhíodh. An ionadh ar bith é go labhartar fúinn mar phobal salach? Nach gcuirfeadh sé ionadh ort, conas a éiríonn linn duaiseanna a bhuachan as a ghlaine a choimeádtar an Chathair s’againne? Níl ach freagra amháin ar an gceist sin, agus sin go bhfuil roinnt mhaith daoine amuigh ansin, atá sásta dul timpeall le bruscar lucht salaithe sráideanna a phiocadh suas, agus mo dhearmad! níor chóir dearmad a dhéanamh ar lucht glanta sráideanna na Cathrach seo, nó déanann siadsan éacht, ó cheann ceann na bliana, ag iarraidh an tseanáit seo a choinneáil glan, dár míle ainneoin! B’fhéidir go dtiocfadh an pobal i gcabhair orthu, i rith na bliana seo, 2003.

Caithfidh mé a admháil anseo, sul má chríochnaím an píosa seo, go gcuireann dreamanna áirithe le cuthach mé, agus sin iad na dreamanna a théann amach, ag iarraidh cur ina luí ar an Rialtas, gurb iad ‘béal an phobail’ iad, nuair atá fhios ag madraí an bhaile fhéin nach bhfuil taobh thiar díobh ach dreaimín suarach dá lucht leanta fhéin. Nach cuma cad é an cinneadh a dhéanann an Rialtas, na laethe seo, mar chomh luath is atá an cinneadh sin déanta acu, bí cinnte go mbeidh dream eicínt amuigh ansin lena bhfógraí, agus iad ag áiteamh ar an saol mór, nach bhfuil siadsan sásta le cinneadh úd an Rialtais. Nach gcuirfeadh siad an seanscéal sin i gcuimhne dhuit?

Cén seanscéal, an ea?

Bhuel, bhíodh scéal acu, blianta ó shoin, faoi Éireannach dílis, ar suncáladh an long, a raibh sé ag seoladh uirthi, agus ar caitheadh i dtír é, áit eicínt ar chósta na Síne. Bhuel, bhí sé gan aithne gan urlabhra ar feadh seachtaine, agus ansin, bhí áthas ar chuile dhuine thart air, nuair a tháinig sé chuige fhéin. Sheas na daoine sin go deas, ciúin, béasach, sa timpeall, féachaint céard a déarfadh mo dhuine, ar dhúiseacht dó. Ar deireadh thiar, d’oscail se a bhéal, agus ar seisean..

Where am I? a d’fhiafraigh sé.

You are in China, do fhreagair siadsan.

Is there a “Govermint” here?

Bí cinnte go bhfuil, arsa a lucht éisteachta.

Bhuel! ar seisean, má tá, “I’m agin it.”

Gan dabht ar domhan, tá a lán den ghalar sin ag dul timpeall, na laethe seo, i dtír seo na hÉireann. Má tá Rialtas anseo then “I’m agin it,”

Ó, Bhuel! Is dócha go bhfuil sé in am domsa deireaedh a chur le mo chuid clamhsáin, don bhabhta seo, ach bí cinnte dhe, go bhfuil ualach asail de chlamhsáin eile fágtha fós agam, mar shampla, is fuath liom na hailt fhrithchreidmheacha agus na hailt fhirthnáisiúnta a bhíonn le léamh ar nuachtán áirithe Domhnaigh, seachtain i ndiaidh seachtaine, geall leis, ach fillfidh mé ar na capaill mhaide sin go luath. Idir an dá linn, smaoinigh ar na hábhair a chuireann tusa le báiní, agus geallaimse dhuit é, go bhfuil roinnt mhaith díobh sin ag cur as domsa freisin. Ná coinnigh ina rún feasta iad. Scaoil leo, nó is fearrde thú iad a scaoileadh uait!

Slán……………….

********************

Peadar Bairéad.

********************

  .

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

St. Jude’s,

Bóthar Phort Láirge,

Cill Chainnigh.

19 Feabhra 2003.

.

A Eagarthóir, a chara,

Píosa beag eile chugat! B’fhéidir go bhféadfá leas eicínt a bhaint as cuid de, fiú! Más féidir, Déan.

.

Beir Bua

ó

.

Peadar Bairéad.

M e a r a i t h e

Peadar Bairéad

Súil siar

.

Peadar Bairéad

(This is a piece written in this column some nine years ago and considering the latest utterances about the future of the National Language, I thought it might be of some value to air it again.)

Carraig Seabhac

.

Ag léamh píosa faoi Chath Charriag Seabhac, (nó Carraig Seac, faoi mar a chuireann Amhlaoibh Ó Súilleabháin, dialannaí, é,) a bhí mé, ar na mallaibh, nuair a thánaig mé ar an gcuntas sin faoin ollchruinniú a bhí acu, thart ar an tráth úd, i mBaile Héil,

“ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill”

faoi mar a chuireann an Dialannaí cáiliúil é. Féach mar a scríobh sé, faoi’n dáta,

8ú Iúil, 1832…

“Lá breá. Gealáin is scailíní. Bhíos ag comhthionól Bhaile Héil, láimh le Cnoc an Tóchair agus Carraig Seac. Bhí céad míle fear ann, an chuid is lú de. Bhí fiche míle marcach ann. Bhí fir Chontae Loch Garman agus Chontae Thiobraid Árann ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill agus ag iarraidh pharliament do thabhairt thar ais go Baile Átha Cliath. Labhras i nGaeilge ann.”

Nár chorraithe an tráth é i stair na tíre seo, nó ba ghearr roimhe sin a tharla an marú úd i gcath Charraig Seac.

Óráid i nGaeilge

Féach an iontráil sa Dialann don,

15ú Nollaig 1831…

“Bhí marú mór ar Shliabh Breathnach láimh le Baile Hugúin inné. Deirtear gur maraíodh ocht nduine dhéag de na píléirí noch do bhí i bhfochair an Bhuitléarach ag friothálamh citations go cúirt an easpaig, mar gheall ar dheachú noch atá amuigh ag Hamilton, ministéir Chnoc an Tóchair. Tá dhá dhuine dhéag acu sínte marbh i gCill Mogeanna.”

Sea, rinneadh an cath sin, a tharla céad ochtó is cúig bliana ó shoin, a chomóradh i gCarraig Seac, ar na mallaibh, rud a thug an eachtra, agus an tréimhse staire sin chun cuimhne arís. Ach le filleadh ar an ollchruinniú úd i mBaile Héil, ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orm fhéin nó go ndeireann an Dialannaí, Amhlaoibh Ó Súilleabháin fhéin linn, gur labhair sé leis an ollchruinniú sin i nGaeilge. Cé cheapfadh go raibh an Ghaeilge chomh beo sin sa dúiche sin an tráth úd, sa chaoi go bhféadfadh an Dialannaí cáiliúil fhéin óráid i nGaeilge a thabhairt don slua ollmhór sin i nGaeilge, agus nach féidir linn a bheith cinnte, nach ndéanfadh sé a leithéid, mura mbeadh a fhios go maith aige, go dtuigfeadh bunús na n-éisteoirí é? Sea, agus cuir le sin go raibh daoine i láthair ó cheithre Chontae, ó Chill Chainnigh fhéin, agus ó Thiobraid Árann, ó Loch Garman agus ó Phort Láirge freisin.

Choinnigh an tír an teanga

Chuaigh an teanga i léig i measc daoine sna Contaethe sin, san idirlinn, ach má chuaigh fhéin, ní dhearna na cnoic nó na gleannta; na haibhneacha nó na locha; na páirceanna nó na dúichí; dearmad ar an dteanga as ar ainmníodh iad, le sinsearacht. Níl le déanamh ag duine ach dul i dteangmháil leis an dtaobh tíre ina gcónaíonn sé, le fáil amach, cé chomh Gaelach is atá siad fós. Baineann daoine úsáid as na logainmneacha Gaeilge ina gcomhrá is ina seanchas, lá i ndiaidh lae. Nuair a chloiseann tú duine ag labhairt faoi Bhóthar na Manach, tuigeann tú láithreach, go bhfuil sé ag labhairt faoin mbóthar sin, faoi mar a labhraíodh riamh faoi, sea, agus céard faoin abhainn a sníonn tríd an gCathair álainn fhéin, “An Fheoir”, nach beag difir idir sin agus “The Nore”, faoi mar a thugtar uirthi i mBéarla? Sea, agus an baile ar deineadh tagairt dó thuas, Cnoc an Tóchair, nó i mBéarla Knocktopher, an-chóngarach dá chéile arís. Níl dabht ar domhan, ach go mba uafásach an feall é, ár logainmneacha a bhascadh agus a bhearnadh, faoi mar a deineadh leo, agus arís, nárbh é an feall é, nuair nár deineadh iad a chur i réim arís, tráth raibh an deis ag an dtír a leithéid a dhéanamh?

Leabhar Owen Kelly

Arís, má thógann tú leabhar cosúil le “The Place-Names of County Kilkenny” le Owen Kelly, feicfidh tú ansin, cé mar a coinníodh an teanga fhéin sna logainmneacha. Nach minic a thagann duine thar logainm ina bhfuil focail cosúil le….garraí; gráig clais; bán; bóithrín; gort; poll; goirtín; páirc; droim; tobar; log; doire; rath, sceach, agus tuilleadh dá leithéid, agus ansin, ag gabháil leis na focail sin, le hainm iomlán a bhaisteach ar an áit, gheobhaidh tú focail eile, sa chaoi go ndéanann an péire focal sin carachtar leithleach áite a leagan os ár gcomhair, faoi mar a tharrlaíonn sna hainmneacha seo ….Goirtín na mBó, Poll a’ Chapaill, Gort na Móna, An Gleann Mór, Fíodh Ard, Garraí na Cruaiche, Cill Chiaráin, Gráig na Manach, Bóisín na gCloch, agus tuilleadh. Chuir mé spéis ar leith san ainm, Bóithrín na gCloch, mar nach é a ghlaoitear air, de ghnáth, nó Bóisín na gCloch, agus nach suimiúil mar a dhéantar “s” den “r” caol, sa chomhthéacs sin, Tharlaíonn an rud céanna i gcás an fhocail “Máire”, agus tuilleadh. Déantar an cleas teanga céanna díreach, thíos i gContae Mhaigh Eo, thart ar an áit in a raibh an trioblóid go léir sin idir Iorrasaigh agus Muintir Shell.

Feasta, mar sin, bímis ag éisteacht leis an taobh tíre, agus í ag labhairt linn i nGaeilge agus muid ag gabháil thar bráid, cuirimis cluas orainn fhéin, agus tugaimis aird ar a bhfuil le rá aici, nó is uaithi a shíolraigh muid, is ar tháinig romhainn. Sea, mh’anam, tá an Ghaeilge coinnithe beo fós ag cnoc is ag gleann, ag gort is ag cuimín, ag bóthar is ag bóisín, éistimis leo, agus tugaimis freagra orthu ina dteanga dhúchais fhéin.

      .

.

.

M e a r a i t h e

Ring out wild bells…. (3)

“Athbhliain faoi Mhaise dhaoibh!

.

Peadar Bairéad

.

( This week we consider the dying year and its successor)

.

Clingigi libh a Chloga buile

.

Le tamall anuas anois, bhí de nós agam úsáid a bhaint as línte as an dán corraitheach caointe úd, In Memoriam, a scríobh Alfred Lord Tennyson fhéin, i gcuimhne a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841, mar sa dán sin, tharla go bhfuil línte breátha, ag fágáil slán leis an mbliain a bhí ag imeacht isteach in umar na staire, agus ag fáiltiú roimh an bhliain úr agus le hathrú saoil, ag an am gcéanna. Mar sin, shocraigh mé arís, i mbliana ar úsáid a bhaint as línte Tennyson agus muid ag fágáil slán ag 2015 agus muid ullamh le fáilte a chur roimh an bhliain úr, 2016. Seo chugaibh, mar sin, ceathrú as an dán sin, le hatmosféar oiriúnach a chruthú don ócáid….

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Sea, clingigí libh a chloga caointe, nó tá an bhliain 2015 ar leaba a báis, tá sí ag séathlú i lár na hoíche, clingigí amach, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú.

B’fhéidir anois nárbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sí a bheith níos fearr. Tuige a ndeirim a leithéid, an ea?

Bhuel, cuimhnigh anois ar ar tharla ó Lá Caille 2015 anuas, agus ná bacadh éinne leis an sean-nath sin a bhíodh ag na Rómhánaigh fadó….

…De mortuis nil nisi bonum…

Ach ar dhein sí aon rud as an mbealach, le linn a ré?

Anfa agus tuilte

Bhuel, caithfear a chuimhneamh gurbh í an bhliain seo a thug droch aimsir agus tuilte ar an mórgóir dúinn. B’í a sheol na mílte agus na mílte teifeach agus deoraí thar theorainn na hEorpa isteach chugainn, agus tá’s ag an Lá fhéin go gcruthaíonn sin fadhbanna iomadúla san Aontas Eorpach ar fad.

“Ring out a slowly dying cause,

And ancient forms of party strife,

Ring in the nobler modes of life,

With sweeter manners, purer laws.”

Ná déantar dearmad, ach oiread, ar na hionsaithe danartha a deineadh ar dhaoine áirithe, i dtír na Fraince, agus in áiteacha eile freisin ó cheann ceann na cruinne. Tá freisin, ag feidhmiú, i measc na náisiún, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta atá ullamh, réidh, le gníomhartha barbartha a chur i gcrích, ar mhaithe lena ndearcadh fhéin a chur chun cinn.

Smaoinigh freisin ar na mílte agus na mílte a sciobadh uainn i rith na bliana sin 2015, agus ar na tubaistí uilig sin a chráigh an cine daonna lena linn. Sea, agus guímis freisin go dtuigfidh an bhliain úr go mbeifear ag súil go gcuirfidh sí srian ar na tubaistí, agus ar na huafáis úd uilig a chráigh ár gcine sa bhliain 2015.

Útóipe chugainn?

Tá faitíos orm, nach bhfuil ré na síochána domhanda buailte linn fós, ach ag an am gcéanna, tugann muid faoi deara go bhfuil comharthaí dóchais le léamh againn freisin ar phár ár staire. Tabhair faoi deara, gur tháinig tarraingt ar dhá chéad náisiún le chéile i bPáras i mbliana, agus gur aontaigh siad uilig ar chonradh a shíniú go ndéanfaidís a ndícheall, le críoch a chur leis an mbaol a bhí ann, go ndéanfaí an t-atmosféar a théamh iomarcach, sna blianta atá romhainn amach, rud a dhéanfadh dochar do-leigheasta d’aeráid ár bplainéid, sa todhchaí. Chomh maith le sin, ba chóir dúinn aird a dhíriú ar na pleananna atá ar bun sa tír seo, le hÉiri Amach na Cásca 1916 a chomóradh go cuí, i rith na bliana seo chugainn. Cúis áthais agus ócáid mórtais dár bPoblacht uilig.   

.

Sea, i nDomhnach! déanaimis uilig iarracht ar ghruaim, ar bhuairt, agus ar sheacht gcúramaí an tsléibhe a ruaigeadh as ár saol laethúil feasta, agus ina      n-áit, cuirimis romhainn áthas, gliondar, agus lúcháir an tsaoil mhóir seo, a cheiliúradh, Domhnach agus Dálach. Tá’s ag an saol, nach bhfuil sé éasca a leithéid a dhéanamh, ach cuirimis romhainn é mar rún athbhliana.

.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dár léitheoirí uilig.

.

.

gaGaeilge