le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Memories!
Bíodh go bhfuil an Nollaig imithe faoi seo, agus gur fada linn uainn í anois, ní hionann sin is a rá nach bhfilleann cuimhní an tSeasúir Bheannaithe sin orainn go rialta. Agus ó tharla nár éirigh liom mo smaointe a chur in bhur láthair roimh an Nollaig fhéin, tuigeadh dom, nárbh olc an smaoineamh é cuid de na cuimhní sin a bhreacadh síos daoibh, in Alt na seachtaine seo.
Mar sin, a chairde, tagaigí liom siar bóithrin na smaointe, le spléachadh a fháil ar na Nollaigí a chaitheamar, fadó.
Caithfidh mé a rá, nach ró-shoiléir atá na cuimhní céanna sin anois, bíodh go bhfuil siad ransaithe agam, minic go leor, leis na scórtha blian anuas. Ach an t-am sin d’aithneofá ar chuile shórt, ó thús Mhí na Nollag, go raibh an Nollaig chugat. Thosaíodh muide, páistí, ar an gcúig mhíle “Áibhé” a rá idir an chéad lá de Mhí na Nollag, agus Oíche Nollag, nó ba é a chreideamarna, ag an am, nó dá gcríochnófá an cúig mhíle sin, go bhfaighfeá do mhian, mian ar bith a shantaigh do chroí istigh, ach í a lorg ag an Aifreann, Maidin Lae Nollag.
Shopping
Ba shéasúr na siopadóireaachta é freisin. Ní hé anois go mbíodh na Mamanna agus na Daideanna ag dul ar eitleáin go Nua Eabhrac, ag ceannacht na Nollag, nó ag ceannacht earraí go tiubh ar an idirlíon, agus iad ag stócáil don Séasúr a bhí rompu amach. Níorbh ea muis, nó ní raibh fáil ar eitleáin, nó ar idirlíon, ag an am. Ba earraí iadsan, a bhí folaithe fós ó radharc daoine, i scamall tiubh an todhchaí. Ach mura raibh deis acu dul ag siopadóireacht, faoi mar a dhéanann Mamanna agus Daideanna an lae inniu, bí cinnte go mbíodh súil in airde acu ar Mhargadh Mór na Nollag, a thionóltaí i mBéal an Mhuirthead, ar an Satharn roimh Nollaig, chuile bhliain. Ag an Margadh Mór sin, bhíodh fáil ar chuile shórt a bheadh riachtanach do chomóradh na Féile. Agus cá bhfágfá Aonach Mór na Nollag, a bhíodh ar siúl sa mbaile céanna sin, ar an gCúigiú Lá Déag de Mhí na Nollag, nó ba ag an Margadh agus ar an Aonach sin a dhéantaí díol agus ceannacht na Nollag. Bhíodh fear an tí ag iarraidh, b’fhéidir, earra eicínt a dhíol ar an Aonach sin, le pingneacha a shaothrú, ionas go mbeadh a dóthain airgid ag bean an tí leis an Nollaig a cheannacht, Bhíodh gé mhór, phlucach, na Nollag, roghnaithe cheana féin, agus a fhios ag ‘cuile dhuine sa timpeall cén ghé a bhí daortha, ach amháin ag an ngé bhocht fhéin!
The Special Spirit
Ní i bhfeabhas a bhíodh an aimsir ag dul, an tráth sin bliana, ach leis an chaoi a raibh chuile dhuine ag súil leis an Nollaig, ba bheag am a bhí acu le díriú ar an aimsir, ach mar sin fhéin, bheadh a fhios ag madraí an bhaile fiú, go raibh goimh san aimsir chéanna sin, agus go raibh sioc agus sneachta á dtuar do na laethe a bhí rompu amach.
Ach ba é tús na Nollag i ndáiríre nó Oíche Nollag. B’in an tráth a thabharfadh duine ar bith faoi deara, go raibh an feitheamh fada i ndáil le bheith thart, agus go raibh muid ar thairseach na Féile Móire fhéin. Thabharfá an fustar agus an brostú faoi deara gach áit sa timpeall. Bhíodh maisiúcháin á gcur suas, coinnle á gceannacht, sea, agus nach mbíodh an corr-shlam péinte, agus aol-datha, á chur ar dhoirse, ar fhuinneoga, agus ar bhallaí.
Final Preparations
Ach, más fada fhéin an tráthnóna, tagann an oíche, agus ba é an dála céanna ag Oíche Nollag é. Tráthnóna cruógach, gnóthach, draíochta, ba ea an tráthnona sin. Cácaí milse á bhfuineadh agus á mbácáil, gaineamh a scaipeadh ar an urlúr le gile a leathadh sa teach, coinle á lasadh, agus á gcur sna fuinneoga, béile na hoíche a ghléasadh, stocaí á gcrochadh, gan focal as na páistí, ach iad ag súil le féiríní ina stocaí Maidin Lae Nollag. Agus bíodh go mbainfí taitneamh as béile na hoíche sin, gona cáca milis, níor dhada é, i gcomparáid leis an smaoineamh go mbeadh Daidí na Nollag fhéin ag teacht chucu i lár na hoíche sin. Anois, ba chóir a rá, nach mórán a d’fhágadh sé ag páistí an bhaile s’againne, ach nach mbíonn blas ar an mbeagán i gcónaí, bhuel! bhíodh sna seanlaethe, ar aon nós!
Excitement!
Léadh chuile shagart trí hAifreann maidin Lae Nollag, agus théimis chuig an chéad cheann, ar a hocht a chlog ar maidin. Lampaí fearraibín ag scaoileadh solais bhuí uathu timpeall an tséipéil. An Altóir faoi bhrat choinnle lasta. An Beithilín socraithe ansin, taobh istigh de na Ráillí, agus páistí an pharáiste sa timpeall, iad ag baint na sál dá chéile ag iarraidh radharc a fháil ar Iosagán fhéin ina luí ar an tuí sa mháinséar. Ar ball, nuair a thagadh an Sagart Paráiste amach ar an altóir, is beag nach mothófá to raibh an Chúirt Neamhaí fhéin ina suí inár measc, agus an naofacht ar an bhfód, le chuile Chríostaí sa tséipéal a bhá ina taoide.
Ite Missa Est!
Sruth Laidine ón sagart naofa. Coinnle agus lampaí ag caochadh súl ar an bpobal. An Chomaoin Naofa á dáileadh. “Ite Missa est!” Scaoileadh an pobal saor. Abhaile leo, agus chuile dhuine acu ag smaoineamah ar an dinnéar a bheadh ar bord aige ar ball. Gé bhruite, gabáiste bog, bán, agus prátaí geala, plúracha, leata ar bord rompu amach ina bhféasta. Bia ríoga d’óg is d’aosta.
Ar ball, théadh muidinne, gasúir, amach ar thóir an dreoilín, nó nach mbeadh muid ag dul sa Dreoilín an lá dár gcionn, Lá ‘le Stiofán na gcloch.
Leor sin don bhabhta seo.
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
Údar ildánach
Peadar Bairéad
Mutiny on the Bounty………………………………………..
by
John Boyne……………………………………………..£11.99
.
Leabhar breá eile anseo againn ó pheann an údair ildánaigh cháiliúil, Éireannach sin, John Boyne. Tá mé cinnte go bhfuil cuimhne againn uilig fós ar an leabhar corraitheach, tochtmhar, eile sin a shil óna pheann, “The Boy in the Striped Pyjamas” leabhar mór-ráchairte idirnáisiúnta, atá i gceist agam anseo, nó sin leabhar nach bhféadfá dearmad a dhéanamh air go luath, agus leabhar freisin a bhfuil thart ar chúig mhilliún cóip de díolta cheana féin, ach tá mé ag ceapadh go bhfuil a shárú de leabhar curtha ar fáil aige anois, sa leabhar seo, Mutiny on the Bounty. Ní call dom tagairt a dhéanamh don úrscéal is déanaí óna pheann, The Absolutist. Sea, agus lena chois sin, tá fáil ar a chuid úrscéalta i dtrí theanga agus dhá scór, go nuige seo!
Ach cé hé an t-údar sciliúil, scéaltach, seo, a bhfuil na leabhair sin i measc na leabhar iontacha atá curtha ar fáil aige dúinn, cheana féin?
Éireannach isea John, a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1971. Tá cúig úrscéal curtha ar fáil aige, cheana féin, duaiseanna tábhachtacha gnóite aige, agus é ainmnithe do dhuaiseanna gradamacha eile, gan trácht in aon chor, ar an gcáil idirnáisiúnta atá saothraithe aige lena chuid scríobhnóireachta.
Staidéar agus Taighde
Ach le filleadh ar an leabhar corraitheach seo, Mutiny on the Bounty, thóg an t-údar scéal a bhí go mór i mbéal an phobail, cheana féin, agus chuaigh sé siar ar chúrsaí an scéil agus rinne sé staidéar, agus taighde, ar ábhar agus ar fhíricí an scéil, agus ansin, rinne iarracht ar an scéal ar fad a shníomh ina úrscéal spéisiúil, corraitheach. Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é an déagóir, John Jacob Turnstile, an príomhcharachtar sa scéal, agus is trína bhéal siúd a insíonn an t-údar an scéal. Gadaí óg, sciliúil, gairmiúil, ba ea an déagóir seo, agus é i mbun a cheirde ar shráideanna Phortsmouth Shasana, agus é i mbun na hoibre sin faoi stiúir an choirpigh déanta sin, Mr. Lewis. Tharla, lá amháin, agus é ag cleachtadh a cheirde, gur rugadh air ag goid uaireadóra ó dhuine uasal ón bhFrainc, arbh ainm dó, Mr. Zela. Tháinig na póilíní. Cuireadh an dlí ar John Jacob. Agus ba é deireadh an scéil é, nó gur daoradh chun bhlian príosúntachta é. Bhuel, d’éirigh le Mr. Zela, teacht i gcabhair air, agus, dá mbeadh John Jacob sásta dul ar bord an Bounty, le bheith ina sheirbhíseach ag an gCaiptín Bligh, ní bheadh air fiú, lá amháin a chaitheamh sa phríosún. Ní call dom a rá, go raibh an gasúr óg sásta go maith le tairiscint an duine uasail, agus le sin, tógadh ar bord an Bhounty é, agus ba ghearr go raibh siad ag seoladh leo amach ó chóstaí na Breataine, agus Oileán Tahiti mar cheann scríbe acu.
Bhí go maith! D’éirigh leis an ngasúr sin, a chuid oibre a dhéanamh go críochnúil, paiteanta, don Chaiptín Bligh, agus d’fhás snaidhm caradais idir é fhéin agus an Caiptín. Cuirtear síos go mion ar na deacrachtaí a bhain le seoltóireacht trí fharraigí fiáine i lár an Gheimhridh, agus cuirtear síos freisin, ar an smacht a bhíodh ag caiptíní ar mhairnéalaigh, an tráth úd. I ndeireadh na dála áfach, shroicheadar Tahiti agus chuadar i mbun an ghnó a bhí le déanamh acu ar an oileán sin. Thóg sin roinnt mhaith ama, agus nuair a bhí a ngnó ansin curtha i gcrích acu, agus nuair a bhí chuile shórt réidh, d’ordaigh an Caiptín Bligh dá mhairnéalaigh an t-oileán a thréigint.
Ceannairc ar an mBounty
Bhuel, bhí blas faighte ag na mairnéalaigh ar an saol breá, bog, a bhí le fáil acu ar an oileán, agus theastaigh ó roinnt acu fanacht ansin, nó bhí aithne curtha ag roinnt mhaith acu ar mhná an oileáin, mná a roinn leo go fial, flaithiúil, i rith an ama a chaitheadar ina gcomhluadar. Nuair a bhí siad amuigh ar an ndomhain, shocraigh roinnt de na mairnéalaigh dul chun ceannairce, faoi cheannas an ghaige, Fletcher Christian. D’éirigh leo an Caiptin Bligh a ruaigeadh as an mBounty, agus é ar intinn acu ansin filleadh ar Tahiti, nó ar cheann eile de na hoileáin iomadúla a bhí sa chomharsanacht. Tugadh bád oscailte dóibh siúd a d’fhan dílis don Chaiptín, ocht nduine dhéag ar fad acu, agus ligeadh le sruth agus le gaoth iad. Ba bheag bia nó tada dá leithéid a bhí acu, ach d’éirigh leo, ar éigean, tar éis dóibh ocht lá is dhá scór a chaitheamh ag seoladh leo, faoi stiúir an Chaiptín Bligh, agus tar éis dóibh deachrachtaí iomadúla a shárú, d’éirigh leo Timor a bhaint amach, áit ar tugadh togha na haire dhóibh…
Anois, céard a tharla ina dhiaidh sin? nó céard a tharla ar an dturas achrannach, céasta, cráite, sin, i mbád oscailte, ar feadh na laethe fada, fuara, fánacha, a chaitheadar ag rámhaíocht leo trí na farraigí fiáine? Níl fúmsa an chuid sin den scéal a insint dhuit anseo, nó mhillfeadh sin an scéal corraitheach sin ortsa. Ach le fios fátha chuile scéil a fháil, mholfainn dhuit cóip den leabhar seo a fháil, agus a léamh, ar do shócúlacht.
An-scéal, leagtha os ár gcomhair ag máistir seo na scéalaíochta. Bainfidh tú taitneamh as ‘Ceannairc ar an mBounty’, cuirfidh mé geall…..
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
.
.
Saorántacht agus Saoirse
Sparán Teann
Nuair a bhí mise ag fás aníos, thiar in Iorras na nIontas, i gContae Mhaigh Eo, ba bheag smaoineamh a bhí ag éinne a mhair an tráth úd, go bhfeicfí an lá choíche, nuair a bheadh daoine ina dtuile ag déanamh ar chóstaí ár dtírín, ag iarraidh bheith istigh a fháil inár measc.
Tuige sin, an ea?
Bhuel, an tráth úd, ba sa tslí chontráilte a bhí an tuile daonna ag sní amach uainn, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana. Ní chloisfeá ón gcosmhuintir an tráth sin ach gearán agus casaoid faoi bhochtaineacht na tíre seo ’gainne. Bhí an port céanna ag chuile dhuine, iad uilig ag maíomh go raibh an tír s’againne imithe i mbealach a basctha. Sea, mh’anam! agus smaoinigh freisin, go raibh an deilín céanna ag boic mhóra na meán cumarsáide, i bhfad níos déanaí na sin, iad ag dearbhú, lá i ndiaidh lae, go raibh an tír seo ‘gainne “banjaxed”, agus í imithe le sruth, síos poll an leithris, chun na mara móire.
An Imirce
Bhí ár gcóras oideachais fiú, dírithe ar phostanna a fháil dár ndaoine óga i dtíortha thar sáile, muid ag oiliúint dochtúirí, banaltraí, sagairt, múinteoirí, agus tuilleadh, agus gan seans ag roinnt mhaith acu post d’fháil riamh sa tír seo.
“ Á, Muise! diabhal tada ar domhan le fáil acu sa tírin bocht seo, caithfidh siad aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch, áit a mbeidh siad in ann greim a mbéil a shaothrú, na créatúir. Sea, mh’anam! is maith ann iad na tíortha eachtrannacha céanna sin, mar nuair is crua don chailleach, caithfidh sí rith.”
D’éirigh go maith leo siúd a chuaigh ar an imirce, ach dár ndóigh, níor chóir ligint i ndearmad riamh, an éagóir a deineadh orthu, nuair nach raibh muid, mar phobal, ábalta riar dóibh abhus, ina dtír dhúchais fhéin. B’fhéidir gur éirigh leo slí bheatha maith a bhaint amach dóibh fhéin thall, ach ag an am gcéanna, is cinnte freisin gur mhinic a shil siad deora goirte na deoraíochta.
Litir ó Mheiriceá
Ná déanaimis dearmad ach oiread ar na puint, is ar na dollair, a sheol siad abhaile chugainne, nuair a bhí géarghá abhus lena leithéid. Ba bheag athrú a tháinig ar chúrsaí agus mise ag saothrú mo choda abhus anseo. Muid ag streachailt leis an saol mór, ó bhliain go cheile, agus an saol mór ag streachailt linne. Chuaigh mé amach ar scor in am tráth, agus diaidh ar ndiaidh, thosaigh cúrsaí ag athrú. De réir a chéile, bhí sé ag dul i gcionn orainn, nach raibh Conchubhar Mór sa Chúinne againn a thuilleadh. Bhí daoine óga ag dul ar saoire chuig áiteacha imchiana an domhain. Bhí gluaisteáin ag daoine nár chleacht riamh ach Neidí bocht na gceithre crúb is na gcluas fada. Bhí daoine ag dul amach chuig tithe ósta, agus chuig proinntithe, le béilí a chaitheamh iontu. Agus chomh maith le sin, bhí daoine gléasta go galánta, Domhnach is Dálach. Sea, mh’anam! bhí cuma, blas, agus boladh an airgid, le fáil, thíos agus thuas, abhus agus thall, ó cheann ceann na tíre. Ní chloisfeá daoine ag rá feasta, ar Raidió, nó ar Theilifís go raibh an tírín s’againne “banjaxed”, nó bhí na daoine a bhíodh ag canadh an phoirt sin ina suí go te anois, agus carn airgid á shaothrú acu in aghaidh na bliana, as sparán an Stáitín “bhanjaxed” chéanna sin.
Na Leanaí Gorma
Le scéal gairid a dhéanamh de, ba ghearr go raibh ainm an airgid amuigh orainn, ó cheann ceann na cruinne.
Ní raibh ach toradh amháin ar cháil sin an airgid, agus b’in gur tháinig daoine ag déanamh ar chóstaí na tíre seo, ag súil go roinnfí go fial leo anseo. Tháinig na daoine sin, ina nduine agus ina nduine i dtosach, ansin ina mionghrúpaí, agus ar ball, tháinig siad ina dtuile tréan, do-stoptha. I dtosach báire, níor chaith muid chomh fial, flaithiúil, sin leis na strainséirí úd a tháinig inár measc, nó ní raibh aon chleachtadh againn ar a leithéid, ach le himeacht aimsire, b’éigean dúinn glacadh leis, go raibh dualgas orainn feasta, deighleáil leo, le dínit agus le meas. Nár chaitheamar blianta fada sa tír seo ag tiomsú pingneacha do na “Leanaí Gorma”, ach nuair a d’fhás na Leanaí céanna sin suas, agus nuair a tháinig siad ag iarraidh bheith istigh a fháil uainn, bhuel! ba scéal eile ar fad é, ach diaidh ar ndiaidh, cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh an dara rogha againn ach tearmann a thabhairt, nuair a bhí a leithéid dlite dóibh, agus chomh maith le sin, d’fháiltíomar roimh oibrithe riachtanacha a sheol chugainn ina gcaise thréan, dóchasach, do-stoptha, agus ní haon ionadh gur fháiltíomar rompu, nó chuidíodar linn an Tíogar gortach, Ceilteach, s’againne, a bheathú agus a ramhrú. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ba chóir duinn fáilte is fiche a fhearadh roimh na daoine dáiríreacha sin a thangann chugainn, ar thóir tearmainn, nó oibre, agus ba chóir go mbeadh muid sásta freisin saorántacht ár dtíre a bhronnadh orthu, dá dtuillfeadh siad a leithéid.
Anois, níorbh iad na “Leanaí Gorma” amháin a tháinig chun an dorais chugainn, nó chomh luath is a scaip an scéal, go raibh obair agus saothrú den scoth le fáil abhus, thosaigh daoine ó chiníocha éagsúla ag ardú a seolta, lena mbealach a dhéanamh chun na tíre seo.
Fáilte roimh Chách……….
Bhí go maith, is ní raibh go holc, ach ar ball, tuigeadh dúinn uilig, go raibh ceataí sa scéal, nó cuid de na daoine seo a sheol isteach chugainn, ag lorg bheith istigh a fháil inár measc, ba choirpigh déanta a bhí iontu, agus ba ghearr go raibh sé soiléir don saol mór, nár le bheith ina manaigh a tháinig siad chugainne! Nílim ag rá anois, nach raibh ár mórdhóthain coirpigh dhúchasacha againn anseo cheana, nó bhí, agus farrasbarr, ach cuid de na coirpigh a sheol isteach chugainn, ba den díogha iad, agus ba ghearr go raibh siad sáite go dtí na cluasa, i ndíol drugaí, i ngoid agus i robáil, i mugáil, i bhfuadach, agus i marú fiú, agus tuilleadh coirpeachta, ar an dtéad céanna sin. Ach céard is féidir linn a dhéanamh le coirpigh dá leithéid a shrianú? Sílim nach bhfuil ach leigheas amháin ar an scéal sin.
Bata agus Bóthar
Agus cén leigheas atá agat, ar an olc sin?
Leigheas amháin, agus sin bata agus bóthar a thabhairt dóibh amach as an tír seo arís.
Ach nach bhfuil sin sách dian ar na créatúir?
Ní dóigh liom go bhfuil, nó tháinig siad chugainn ag iarraidh bheith istigh a fháil, iad ag maoímh go raibh tearmann uathu, sin nó gur theastaigh uathu cónaí agus saothrú inár measc anseo, mar a dhéanfadh saoránaigh dhílse. Bhuel! tá go maith, ach mura bhfuil siad sásta cur lena bhfocal agus sin a dhéanamh, ansin níl saorántacht tuillte acu, nó níl “bheith istigh” dlite dóibh, ach oiread. Agus mar adeireadh an fear fadó, ní saoirse go saorántacht.
Ó, sea! agus rud amháin eile, níor chóir ligint dóibh tiomáint ar ár mbóithre gan teastas tiomána oiriúnach, inghlactha, a bheith ina seilbh acu, díreach cosúil le saoránaigh na tíre seo, sin agus árachas cuí a bheith tógtha amach ar a bhfeithicil acu.
Anois nó Riamh !
Tá “make up your mind time” buailte linn. Caithfear beart cuí a dhéanamh anois, nó mura ndéanfar, bheadh sé chomh maith againn dul ag feadaíl feasta! nó tá an baol ann, go ndéanfadh na himircigh áirithe seo chuile iarracht ar thuilleadh mhodhanna coirpeachta a fhorbairt dóibh fhéin anseo, agus dá dtarlódh a leithéid, téadh saoránaigh na tíre seo tigh an diabhail! Ó, sea, agus bheadh cabhair chuige sin le fáil acu, ó bhuíon liom leat dár saoránaigh fhéin, buíon a bheadh réidh, ullamh, dul amach ag léirsiú leo agus ag éileamh saoirse agus saorántacht dár n-imircigh isteach. Ní gá a rá, nach mbíonn daoine dá leithéid sásta, na laethe seo, cead rialaithe a thabhairt dár Rialtas tofa, daonlathach, fhéin, sé sin, mura n-aontaíonn siad lena dtuairimí fhéin!
Sea, mh’anam, seo uair na cinniúna, nó “make up your mind time” dúinn uilig, gan aon agó.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I m B é a l a n P h o b a i l
.
Áilleacht an tSaoil seo 2
Peadar Bairéad
.
Nuair a chuir mé romham, caint a thabhairt faoin bPiarsach agus a shaothar, ag seisiún
de Dhaonscoil Osraí, in Óstán an Newpark, i gCill Chainnigh, i nDeireah Fómhair na bhliain úd, 1979, bhí na trioblóidí ag réabadh leo, ina loscadh sléibhe, i dTuaisceart Éireann fós, agus dá bharr sin, bhí cineál eagla orm, ag an am, an Piarsach a mholadh, nó a mhóradh, ar eagla, faoi mar adúirt an Yeatsach fadó, ar eagla go seolfadh mo chuid cainte-se ógánach eicínt chun gleo, i gcoinne Gall. Ach tar éis chuile shórt a chur san áireamh, tuigeadh dom, gur chóir dom tabhairt faoin ngnó sin, ó tharla cuimhne céad an Phiarsaigh a bheith á chomóradh, sa bhliain sin, ’79. Bhí roinnt oibre déanta agam, roimhe sin, ar an ábhar céanna sin, nó bhí sraith altanna uaim foilsithe sa nuachtán Gaeilge úd “Inniu”. Mar sin, bhí fonn orm cur leis an méid a bhí déanta agam cheana, agus thosaigh orm ag ullmhú don ócáid.
The wise men have not spoken !
Nuair a thosaigh mé ag iarraidh teacht ar bhealach oiriúnach le léacht dá leithéid a thosú, smaoinigh mé, i dtosach, ar fhocail an Phiarsaigh fhéin, nuair a scríobh sé….
“Since the wise men have not spoken
I speak who am only a fool…..”
Níor den díogha é, ach oiread, mar thús, dar liomsa.
Ach ansin, céard faoi chuntas gearr a thabhairt ar an chaoi ar chuala mé fhéin faoin bPiarsach, a chéaduair, agus tar éis dom mo mharana a dhéanamh, shocraigh mé ar ghlacadh leis an dara bealach sin mar rogha. Chun oibre, má sea.
Rugadh agus tógadh mise i bpobal saor, in Iorras ársa, thiar, mar a dtéann an ghrian i bhfarraige, ag deireadh gach lae. Ba phobal é a bhí eagraithe, agus tógtha, díreach mar a bhí, sna meánaoiseanna, agus díreach cosúil leis an bpobal ar dhein an Piarsach teangmháil leis, i dtús an chéid, thiar i gConamara. B’in an tIorras ar thit J.M. Synge i ngrá leis, agus ar úsáid sé mar shuíomh dá dhráma cáiliúil “The Playboy of the Western World”. Ba dhuine mé, de na gasúir shona sin, a rith cosnochta trí óige shásta,
The Master had spoken!
Bíodh gur mhinic ganntanas earraí saolta ag cur as dúinn, níor chuir ganntanas grá isteach riamh orainn. Níor leag mé fhéin spag taobh istigh de dhoras scoile go raibh mo sheachtú bliain slánaithe agam. Ba sa scoil chéanna sin a chéadchuala mé trácht ar An bPiarsach, ar Mhac Donnchadha, agus ar an gCléireach, agus ar a gcomhleacaithe uilig, a thug sráideanna naofa Átha Cliath orthu fhéin, um Cháisc 1916, le tabhairt faoi shaoirse na tíre seo a bhaint amach. Las an máistir solas a nglóire, agus a gcalmacht, sa chroí istigh ionainn an lá sin, ach ansin, nár bheag a thuig muidinne faoi na cúrsaí sin, sinne nár chuala urchar á scaoileadh i bhfeirg riamh, agus bhí ar an máistir a dhícheall a dhéanamh ag iarraidh aithris a dhéanamh dúinn ar na fuaimeanna céanna sin, agus é ag iarraidh an difir a bhí idir shianaíl na sliogán, fead ghéar, agus tuairt, na bpiléar, agus rat-at-at na meaisínghunnaí. Chomh fada is a bhain sé linne, ní raibh iontu sin uilig ach fuaimeanna, fuaimeanna nach ndéanfadh dochar do dhuine ar bith, ach ar ball, rinneamar ceangal eatarthu sin agus bailéid ar nós, “The bold Fenian Men”, “The Foggy Dew”, “The Three Flowers”, “The Dying Rebel”, agus fiú, “Óró ’sé Do Bheatha Abhaile” an Phiarsaigh fhéin. Agus b’in mar a d’éalaigh an Piarsach isteach i gcroíthe ár n-óige. Sea, agus chuir sé sin an pictiúr de, a bhíodh le fáil go flúirseach sna leabhair scoile, ag an am, pictiúr d’fhear óg, a raibh cuma na soineannantachta, agus na macántachta air, agus tuigfidh tú, mar a chuaigh sé i gcionn orainne gasúir. Chomh fada is a bhain sé linne, ni raibh fuath, nó binib, nó mailís, ag roinnt leis, agus mhúscail an máistir spéis ionainne, sa bhfear fhéin agus ina scríbhinní, freisin.
A Different Era!
Ní call dom a rá, gur mhór againne an leabhrán sin Iosagán agus Scéalta eile, leabhar a bhí lomlán le scéalta agus le hatmosféar an Iarthair.
D’fhéadfá a rá, mar sin, gur tháinig muidinne isteach ag an deireadh, nuair a bhí críoch le heachtraí agus le himeachtaí an Phiarsaigh, ach mar sin fhéin, mhuscail a scéal suim ina shaothar ionamsa, suim a mhair ionam anuas trí chaitheamh na mblianta, go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Sea, agus ag caint ar a dhán, bhí earra amháin in easnamh, an t-am sin, nó ní bhfuarthas óráid deiridh an Phiarsaigh, nó a “Speech from the Dock”, mar adéarfá, nó ní raibh fáil air fiú, agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, i dtriochaidí an ocrais, ach tuigeadh dá lán, go gcaithfeadh a leithéid a bheith ann, nó bhíothas cinnte, go mbeadh óráid ag an bPiarsach don ócáid sin, dá dtabharfaí deis chuige dó, sea, agus bí cinnte freisin, go mbeadh óráid dá leithéid, snasta, sciomartha, snoite, aige, agus é cleachtaithe aige, roimh ré.
Childhood Promises.
Ar deireadh thiar, tar éis dó triocha bliain a chaitheamh ar deoraiocht , ní dócha go bhféadfadh éinne a rá, go raibh aon rud nua in óráid deiridh úd an Phiarsaigh, nó dhearbhaigh sé arís ann, go sollúnta, gur mhionnaigh sé, in aois a dheich mbliana, go gcaithfeadh sé a shaol ag iarraidh a thír a shaoradh.
Caithfidh muid a thabhairt faoi deara anseo an difir mhór atá idir dhearcadh na laethe úd, agus dearcadh an lae inniu, ach smaoinigh freisin, go bhfuil beagnach céad blian imithe faoi dhroichead an ama, san idirlinn.
Seo mar a chuir sé é, i ngearrinsint dá óráid deiridh…
“When I was a child of ten I went down on my bare knees by my bedside one night and promised God that I would devote my life to an effort to free my country. I kept that promise. First among all earthly things, as a boy, and as a man, I have worked for Irish freedom. I have helped to organise, to arm, to train, and to discipline my fellow countryman to the same end, that when the
time came, they might fight for Irish freedom.”
An dara lá de Bhealtaine, 1916, an dáta atá ar an láimhscríbhinn sin.
“The Triumph of Failure”
Ní raibh aiféala ar bith air, go ndearna sé a leithéid, i ndáiríre, bhí áthas air gur dhein, Ní raibh an cluiche caillte fós, ach dár leis, dá ndiúltóidís cath a chur, ansin bheadh an cluiche caillte acu. Ionann troid agus bua, sa chás áirithe seo dár leis, nó níor loic siad ar na glúnta a d’imigh rompu. Má bhriseann sibh orainn anois, éireoimid arís leis an gcath a athchur.
Rinne mé athlua ar fhocail an Phiarsaigh, thuas, lena dháiríreacht iomlán dá chúis a léiriú, agus níl dabht ar bith agam, ach gur dhein sé mar adúirt sé, agus ansin, gur chuir sé roimhe, é fhéin a chur in oiriúint don ród aonarach a bhí le taisteal aige. Féach mar a dúirt sé ag uaigh Uí Dhonabháin Rosa, agus an óráid cháiliúil sin á thabhairt aige..
Splendid and holy causes are served by men who are themselves splendid and holy.
Sea, chuir an Piarsach roimhe, mar aidhm, bheith ullamh dá ghairm, mar a chonachtas dósan é. Breathnaigh ar an taifead, mar adéarfá. Níor ól sé. Níor chaith sé tobac. Choinnigh sé smacht daingean ar a chuid chainte, agus níor nós leis caint gháirsiúil, nó tada dá leithéid, a chleachtadh riamh, agus i gcás na mban, b’eiseamláir é ar uaisleacht, ar dhílseacht, agus ar dháiríreacht, ina iompar, ina chuid cainte, agus ina dhearcadh.
Shiúl an bás cois ar chois leis, fan chasán a bheatha, rud a thug sollúntacht neamhghnách dá laethe, agus a scal sin trí chuile shórt dár dhein sé. Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh leis a smaointe ar réabhlóideachas a scagadh, agus a athscagadh, chun iad a chur in oiriúint d’eitic na Críostaíochta, faoi mar a chonacthas dósan é. Theastaigh uaidh chuile ghné den saol a thabhairt faoi anáil an réabhlóideachais chéanna sin, agus chuige sin, chuir sé roimhe, a smaointe a chur i mbéal an phobail, trí dhrámaí, trí dhánta, agus trí scéalta a scríobh, agus chomh maith le sin, theastaigh uaidh dul i gcionn ar ár gcóras oideachais, trí scoil dá chuid fhéin a bhunú. Sea, agus ar deireadh thiar, chuaigh sé le saighdiúireacht, nó is dócha gur tuigeadh dó go mbeadh gá leis an scil sin, dá dteipfeadh ar chuile shórt eile. D’fhág sé ina dhiaidh, mar oidhreacht, scríbhinní a spreagfadh na glúnta a thiocfadh ina dhiaidh, sa chaoi, dá dteipfeadh air fhéin ina chúis, go dtiocfadh glún eile ina dhiaidh, leis an ngnó sin a chur i gcrích.
B’fhéidir gur leor sin, do thuras na huaire seo, agus b’fhéidir nár dhochar ar bith é, breathnú siar ar a raibh le rá agam, sa chéad ghála sin, den tsraith seo. Caithfear scíríbhinní, agus caint, an Phiarsaigh, a thuiscint, mar mhacalla ar smaointe agus ar dhearcadh roinnt mhaith de cheannairí Éirí Amach, a Sé Déag. Thuig sé, agus thuig na daoine thart air, nach dtiocfadh athrú ar bith ar an leagan amach sin, go La Pilib a’ Chleite, ach bhí breall orthu, nó diaidh ar ndiaidh, chreim luchóga na mblianta, agus leamhain an réadachais, na putóga as teoiirc an réabhlóideachais, mar a tuigeadh dóibhsean é, sa chaoi, nach bhfuil an oiread sin daoine suas anois, a chreideann, gurbh fhiú an braon fola é. Tuige ar tharla a leithéid, a d’fhiafródh duine b’fhéidir?
Bhuel, níl dabht ar domhan ach gur éirigh leis an teilifís, agus leis an raidió, sciar maith den románsachas a bhaint as cúrsaí cogaíochta. Bhí toradh na mbuillí, agus rian na bpiléar, le feiceáil go soiléir ag daoine ar scáileán a dteilifíseán, ina dtithe fhéin istigh.
Táid ann freisin, adéarfadh, gur éirigh leis an mBreatain, trí bholscaireacht, dearcadh na nÉireannach, ar chúrsaí dá leithéid, a athrú. Ar aon nós, caithfear glacadh leis, gur tháinig athrú bunúsach ar dhearcadh na cosmhuintire, san idirlinn, agus dá bhri sin, níl an oiread sin daoine sa timpeall, a thiocfadh le fealsúnacht an Éirí Amach, sa lá atá inniu ann. Ní haon ionadh mar sin, go mothaímid, cineál neirbhíseach, fiú, agus smaointe an Phiarsaigh á láimhseail againn. Eagla orainn, faoi mar a bhí ar an Yeatsach mór fhéin, b’féidir, nuair a labhair sé faoin bhfaitíos a bhí air …..
……That some words of his sent out young men the British shot……
Bíodh sin uilig mar atá áfach, caithfear a admháil nár dhrochdhuine é an Piarsach, ach go mba dhea-dhuine é, a thuig ina chroí istigh, go raibh leas a mhuintire á dhéanamh aige, agus go raibh sé réidh le báire na fola a imirt, thar a gceann.
Ar an dtaobh eile den scéal ansin, caithfimid cur san áireamh, an meas atá ag tíortha, cosúil leis na Stáit Aontaithe, agus an Fhrainc, ar na laochra a throid ar mhaithe le saoirse a bhuachan dóibhsean.
Mar bhuille scoir, sa phíosa seo, is dócha nár chóir dearmad a dhéanamh ar naoi a haondhéag, ar “nine eleven”, mar a thugann na Puncáin air, nó d’éirigh le himeachtaí an lae cinniúnaigh úd cúrsaí an tsaoil mhóir a athrú, go bunúsach, chomh fada is a bhain sé le ceannairc agus le héirí amach. Sa lá atá inniu ann, tá sé an-deacair an difir idir sceimhlitheoirí agus saighdiúirí na saoirse, a thabhairt faoi deara. Nach féidir linn uilig an t-athrú a tharla i gcás cás na bPailistíneach. Roimh naoi a haondhéag, ba throdairí ar son na saoirse iad, dár le roinnt mhaith daoine, ach i ndiaidh an lae chinniúnaigh úd, tuigeadh do roinnt mhaith daoine eile go mba sceimhlitheoirí ba ea iad, agus is dócha, gur éirigh le daoine áirithe iad a chur san aon abairt leis na daoine úd a rinne na heitleáin a thuairteáil isteach i dTrádthúir an Domhain, i gcathair ollmhóir Nua Eabhrac.
Tá muidinne inár gcónaí i ré athraithe ó bhun go barr, agus sin cúis eile, gur chóir dúinn breathnú siar, agus breith chóir a thabhairt ar na laochra a d’imigh romhainn, ach sa mbreith sin, caithfear an bhreith a bhunú ar na rialacha agus ar na dlithe a bhí i bhfeidhm, ina lá siúd. Sin a bhfuil ar siúl agam sa tsraith seo, agus sin an fáth freisin, go mbíonn orm, gach re sea, mo smaointe, sa lá atá inniu ann, a chur isteach i gcló iodálach, go háirithe, nuair a fheictear dom, an difir mhór atá idir dhearcadh an lae inniu, agus an dearcadh a bhí sa treis, nuair a scríobhadh an léacht, sa bhliain 1979. Súil agam, go spreagfaidh na haltanna seo thú, agus, cosúil leis an Yeatsach freisin, tá súil agam, nach gcuirfeadh aon fhocal dem chuid aon fhear óg isteach i mbearna an bhaoil.
Go dtí an chéad bhabhta eile………………..Slán…
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
A n D a o n l a t h a s i m B a o l
Democracy in Danger?
Dár ndóigh, ní haon rud nua é sin, mar bhí an Daonlathas céanna faoi bhagairt, ó thús, agus ag amannta áirithe, tuigeadh do bhunús na ndaoine, go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin, agus nach raibh an dara rogha acu, ach iompú ar chóras éifeachtach eicínt eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, gan cur isteach ó éinne. Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Domhanda, nuair a thaobhaigh thiortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas go bhfacthas do dhaoine áirithe, agus do ghrúpaí áirithe, sna tíortha sin, go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.
L’Etat c’est Moi !
Ní gá a rá go raibh córas dá leithéid i bhfeidhm i Ré na Ríthe Lánchumhachta freisin, tráth a d’fhéadfadh Rí na Fraince a dhearbhú, gurbh eisean an Stát ..”l’Etat c’est moi”… I gcás dá leithéid, ní bhíodh de chead ag éinne cur isteach ar chinneadh an Rí, nó bhí a chumhacht seisean bunaithe ar an bprionsabal, gurbh ó Dhia na Glóire fhéin a fuair na Ríthe céanna sin a gcumhacht, agus dá bhrí sin, bhí de dhualgas ar an saoránach glacadh le reacht an Rí, ar an dtuiscint, gurbh ‘in toil Dé.
Changed Times .
D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, dheamhan mórán ríthe lánchumhachtacha fágtha ar an saol seo, agus is é an Daonlathas an córas rialaithe atá i mbéal gach éinne, na laethe seo. Ní fhágann sin go bhfuil an córas céanna sin gan locht, nó thar mholadh beirte, mar, nuair a thagann crua air, bíonn air srianadh a dhéanamh ar shaoirse na saoránach, agus dlithe dragánta (draconian) a reachtú, le smacht iomlán a fháil ar an ndaonra. Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann sé chuile dheis do choirpigh, agus d’antoiscigh de chuile chineál, a gceirdeanna frithshóisialta a chleachtadh, faoi shúile an Stáit fhéin, mar adéarfá, agus tagann sé dian go maith ar an gcóras sin deighleáil leo, nó caithfidh siad feidhmiú de réir dlí, fhad is atá chuile chead ag na dreamanna eile úd, feidhmiú gan aird dá laghad a thabhairt ar na dlithe céanna sin, ach ag an am gcéanna, déanann siad chuile iarracht, féachaint chuige, nach mbriseann an Stát na dlithe céanna sin, a bhfuilidsean beag beann orthu. Ach i ndáiríre, ní chuige sin atá mé, an tseachtain seo, in aon chor, ach chuige seo..
The Madrid Bombs .
Chualamar go léir na scéalta a tháinig chugainn ón Spáinn, ar na mallaibh, faoi na haintoiscigh sin, a shuigh buamaí ar na traenacha úd a bhí ar a mbealach isteach go cathair mhór Mhadrid, agus na mílte daoine ar bord chuile thraein acu. Ní gá a rá, gur maríodh dhá chéad, san ionsaí barbartha sin, agus gur gortaíodh líon ollmhór daoine freisin. Caithfidh muid uilig ár gcomhbhrón a chur in iúl don Spáinn, agus do ghaolta na ndaoine úd a maríodh, agus a gortaíodh, san ionsaí céanna sin. Daoine neamhchiontacha ba ea chuile dhuine acu sin, ach deineadh sléacht orthu, toisc gur theastaigh ó dhaoine áirithe, in áit áirithe, le tuiscint áirthe ar an saol, go n-éireodh leosan a gcuspóir a bhaint amach, trí lear mór daoine neamhchiontacha dá leithéid, a mharú, agus a ghortú, sa mbealach sin. Caithfidh muid a dhearbhú ar dtús anseo, nár cheart daoine neamhchiontacha a mharú, le cuspóir ar bith faoin spéir a bhaint amach, Cuma cé chomh huasal, nó cé comh híseal, is atá an chuspóir chéanna sin.
Elected to Rule .
Ní call a rá, gurb é an chéad dualgas atá ar Stát ar bith nó a dhaonra a chosaint ar ionsaí, Cuma cé tá freagrach as, ach más daonlathas atá i gceist, caithfidh Rialtas an Stáit sin feidhmiú de réir rialacha, agus dlithe, áirithe. Ó, sea, agus caithfidh an pobal rialú na tíre a fhágáil faoin Rialtas sin, a thoigh siadsan san olltoghchán deiridh, agus ba cheart dóibh déanamh de réir mar a chinneann an Rialtas sin. Is dócha gur chóir a rá anseo, gurbh í cuspóir na buamála sin nó cur isteach ar dhaonlathas na Spáinne, trína pobal a iompú i gcoinne an Rialtais.
Public Perception .
Ba é an chéad rud a rinne Rialtas na Spáinne nó an milleán a leagan ar ETA, rud a bhí nádúrtha go leor, nó ba mhinic cheana, a rinne an eagraíocht chéanna sin buamaí a scaoileadh ar thalamh na Spáinne, ach sa chás áirithe seo, ba ghearr gur thosaigh rudaí áirithe ag tabhairt le fios, go raibh seans maith ann, nárbh iad ETA ba chúis leis an mbuamáil áirithe seo, ach go raibh seans maith ann, gur Mhuslamaigh antoisceacha ba chúis leis. Níor ghéill an Rialtas, gur mar sin a bhí, ach lean orthu ag dearbhú, gurbh iad ETA a bhí ciontach sa mbeart seo. Anois, d’fhéadfaí a dhearbhú, b’fhéidir, gur d’aon ghnó a rinne an Rialtas amhlaidh, toisc gur theastaigh uathu teacht i ngan fhios ar na Muslamaigh chéanna sin, ach cibé faoi sin, tuigeadh don phobal, frí chéile, gur ar mhaithe leo fhéin a bhí an Rialtas ag feidhmiú, toisc nár theastaigh uathu, go mbuafaí orthu san olltoghchán, agus dá gceapfadh an pobal gurbh iad na Muslamaigh a bhí ciontach, d’iompódh siad i gcoinne an Rialtais, toisc go ndeachaigh siad isteach ar thaobh Mheiriceá, i gcogadh na hIaráice, gan toil na ndaoine a chur san áireamh, agus gur mar dhíoltas ar sin, a rinneadh an bhuamáil ar thraenacha Mhadrid.
Voted Out of Office .
Níor chreid an pobal a Rialtas. Chuir sin fearg an domhain orthu, agus vótáil siad an Rialtas as oifig, sa toghchán sin. Anois, sin laige eile a bhaineann leis an ndaonlathas, sé sin, gur féidir le hantoiscigh, Rialtas, a dteastaíonn uathusan a dhíbirt as oifig, gur féidir leo, Rialtas dá leithéid a bhriseadh, trí bheart dá leithéid a dhéanamh, tamall gearr roimh lá an toghcháin, agus sin díreach mar a tharla sa Spáinn. Dona go leor, adéarfadh duine, b’fhéidir, ach féach mar a tharla, chomh luath is a bhí an Ceannaire nua tofa. Gheall seisean, go ndéanfaí na saighdiúirí Spáinneacha a aistarraingt as an Iaráic, faoi lár na bliana seo, mura gcoimhlíonfaí cúinsí áirithe, faoin am sin. Arís, tá an cuma ar an scéal seo, gur labhair sé ró-luath, agus gur chinn sé ar an bpolasaí sin, gan idirbheartaíocht ar bith lena comhghuallaithe san Iaráic, agus taobh amuigh de sin ar fad, nach ionann a ráiteas ar an ócáid áirithe seo, agus a dhearbhú os comhair an tsaoil mhóir, gur féidir le hantoiscigh laigí an daonlathais a úsáid, le hiachall a chur orthu géilleadh dá gcumhachtsan.
Eternal Vigilance .
Mura bhfuil na pobail daonlathacha sásta a gcóras rialaithe, agus a modh beatha fhéin, a chosaint, bhuel, ansin ní mhairfidh an córas céanna sin ró-fhada san aonú haois fichead seo.
Caithfear a rá anseo, go bhfuil moladh tuillte anseo ag an dTaoiseach s’againne, sa chás áirithe seo, nó ba é an chéad rud a rinne seisean, mar Cheannaire An Aontais Eorpaigh, nó gur chuir sé roimhe, cruinniú d’Airi Dli agus Cirt an Aontais a thionól, ar an dá luathas, le slándáil an Aontais a chosaint ar ionsaithe dá leithéid, sa todhchaí. Tá súil agam, go mbeidh toradh fónta ar a shaothar, sa bhfiontar tráthúil, seo.
.
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
.
.