I  m B é a l   a n   P h o b a i l.rtf The Family on Paradise Pier

I m B é a l a n P h o b a i l.rtf The Family on Paradise Pier

T a i p é i s l e a t h a n n a S t a i r e

The Family on Paradise Pier

by

Dermot Bolger

.

.

Úrscéalaí Ildánach

Ní hé seo an chéad úrscéal ó pheann ildánach an údair chumasaigh seo, agus ní hé seo an chéad uair agamsa scríobh faoi leabhair leis, ach, déarfainn gurb é an ceann seo mo rogha astu uilig. Is dócha gur cuimhin libh, The Valparaiso Voyage, agus The Journey Home, gan ach tagairt a dhéanamh do phéire acu. Is údar é Dermot Bolger a leagann rian a láimhe ar shaothar ar bith a shileann óna pheann, agus ní hé sin amháin é, ach bíonn rian an taighde, agus blas na scoláireachta, ar a shaothar freisin.

Ní fás aon oíche atá sa leabhar seo, nó d’iompair an t-údar cnámha an scéil seo leis, i mbroinn a chuimhne, ar feadh na mblianta, sular shéid sé anáil na beatha iontu, le húrscéal déanta, inchreidte, a chur ina sheasamh ina steilibheatha os ár gcomhair amach.

Casadh Sheila Fitzgerald air, a chéaduair, sa bhliain 1977 agus caithfidh go ndeachaigh a scéal i bhfeidhm go mór air, ach roinnt blianta ina dhiaidh sin, sa bhliain 1992, casadh ar a chéile arís iad, agus an babhta seo, d’éirigh leis an údar roinnt dá comhráite a thaifeadadh, agus bíodh go raibh Síle ag tarraingt ar nócha bliain d’aois, ag an am, bhí cumas scéalaíochta fós inti. Phléigh siad an scéal agus rinne siad a oiriúnacht mar ábhar leabhair a mheá, ach ba í tuairim Shíle nó gurbh fhearr a shásódh sé sise, dá bhféadfaí eachtraí éagsúla an scéil a shníomh ina mbrat úr ina mbeadh ainmneacha agus fíricí folaithe faoi ghúna na cumadóireachta. D’éirigh leis an údar mian Shíle a chur i gcrích, agus cuireadh cló ar thoradh a shaothair sa bhliain 2005.

Caithfidh an léitheoir súil ghéar a choinneáil ar na dátaí, faoi mar a liostálann an t-údar iad tríd an leabhair, agus coinneoidh sin ar chasán casta an scéil é, agus chomh maith le sin, cuirfidh sé ar a chumas, eachtraí na gcaractar a leanúint, de réir mar a théann siad “ó fhás go haois”, agus “ó aois go bás” ar a n-oilithreacht dian, i nGleann seo na nDeor.

Muintir Goold Verschoyles

Is iad muintir Goold Verschoyle na príomhcharactair sa scéal neamhghnách seo, an t-athair, an mháthair, agus a gcúram, beirt iníon, Maud agus Eva, agus triúr mac, Art, Thomas, agus Brendan. Bhí cónaí ar an gclann seo i nDún na nGall, i dteach réasúnta mór, i Manor House, nó ba bhaill dEaglais na hÉireann iad, a raibh baint níos mó acu leis an uasaicme na leis an gcosmhuintir. Bhí clann eile ina gcónaí sa limistéar céanna sin, na Frinnsigh, le “F” mór agus “f” beag….na “Ffrenches”, mar a thugaidís orthu fhéin. Fíonn an t-údar a scéal thart ar an dá chlann sin, agus an chaoi ar éirigh leo teacht i dtír, trí thréimhse chinniúnach na tíre seo, ó 1915, trí chogadh na Saoirse, go dtí deireadh an Dara Chogadh Domhanda.

Ba í Eva a bhaist “Paradise Pier” ar an gCé áitiúil, nó tuigeadh di, go mba oiriúnach an t-ainm é d’áit chomh neamhaí álainn.

I mBrollach an Leabhair scríobhann an t-údar faoi chúrsaí na bhliana 1941. Féach mar a thosaíonn sé….

“A parched twilight began to close in around the unlit prisoner train. For over a week the zeks in Brendan Goold Verschoyle’s wagon had jolted across a landscape they raredly glimpsed, crushed together in putrid darkness. Only those crammed against the wooden slats ever saw the small worms of daylight flicker in through the slight cracks….”

Bhí an Cumannachas i bhfeidhm sa Rúis ag an am, agus Seosamh Stalin fhéin i mbun cúrsaí, sa tír ollmhór sin. Bhíothas ag iarraidh naimhde an Stáit a dhíbirt agus a chriogadh, agus in éineacht leo sin, measadh gur chóir freisin, an íde chéanna a thabhairt do dhaoine a raibh baint acu, fiú, le naimhde an Stáit. Príosúnaigh dá leithéid a bhí ar bord na traenach seo agus iad ar a mbealach chuig Gulag eicínt, agus zeks a baisteadh ar phríosúnaigh dá leithéid.

“Bhí Uncle Joe gan locht!

“Uncle Joe”, b’in an t-ainm ceana a bhíodh ag Cumannaigh ar Stalin, an tráth úd fadó.

Luaigh mé na Ffrenches cheana, bhuel, chuaigh fear an tí sin chun na Rúise, go bhfeicfeadh sé conas a bhí ag éirí leis an tír sin córas cumannach a bhunú ansin. Chuaigh a bhfaca sé thall i bhfeidhm go mór air, agus tháinig sé ar ais anseo, agus é sásta a laethe a chaitheamh ag iarraidh teachtaireacht, nó soiscéal an Chumannachas a leathadh san Iarthar. Bhuel, chuaigh a dhearcadh i bhfeidhm go mór ar Art Goold Verschoyle, agus ar a dheartháir Brendan, freisin. Chuaigh Art chun na Rúise, agus bíodh nár caitheadh go ró-mhaith leis ansin, ní fhaca sé locht ar bith ar Stalin fhéin, nó ar an gCóras nua. Chuaigh a dheartháir ó,g Brendan, chun na Rúise freisin, agus ba é deireadh an scéil é, nó go ndeachaigh an córas sin i bhfeidhm airsean freisin, agus tar éis dó seal a chaitheamh ag troid ar son na gCumannach, i gCogadh Cathartha na Spáinne, cibé rud a rinne sé ansin, gabhadh é, agus seoladh ar ais chun na Rúise é ina phríosúnach, nó ina Zek, faoi mar a thugtaí sa Rúis ar phríosúnaidh dá leithéid. D’ionsaigh eitleán Gearmáineach an Traein úd a luaigh mé thuas, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, níor chualathas tada faoi Bhrendan ina dhiaidh sin.

Deireadh Ré

Chaith Art a shaolsan ag iarraidh soiscéal an Chumannachais a leathadh freisin, agus ba é críoch an scéil sin, nó gur gabhadh anseo é, agus gur cuireadh isteach i gCampa Géibhinn an Churraigh é, agus é gar do bheith imithe le buile. Phós Eva Protastúnach as Contae Mhaigh Eo, Freddie Fitzgerald, agus chuaigh siad chun cónaithe i nGlanmire House, sa Chontae sin. Níor éirigh go ro-gheal leis an bpósadh sin, bíodh go raibh beirt clainne orthu, Hazel agus Francis. Caithfidh mé a rá, go ndeachaigh an scéal seo i bhfeidhm go mór orm, nó deintear iarracht sa leabhar seo, scéal na Goold

Verschoyle agus scéal na bhFrinseach a ríomh trí thréimhse chinniúnach i stair na tíre seo, ó laethe an Éiri Amach, go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Deineann an t-údar spléachadh a thabhairt dúinn ar an gcaoi ar éirigh leis na Protastúnaigh, agus lucht Eaglais na hÉireann, teacht i dtír san Éirinn nua, a tháinig ar an saol sa tréimhse réabhlóideach sin. N’fheadar an bhfaca siadsan “terrible beauty” an Yeatsaigh, sa phobal aiséirithe? Is spéisiúil mar a choinníonn an t-údar súil ar an saol comhaimseartha agus scéal na bpríomhcharachtar á ríomh aige. Sea, agus fanann sé cóngarach go maith do stair na ré sin, agus an scéal á chur i dtoll a chéile aige.

An-leabhar, an-léamh, a choinníonn an léitheoir faoi gheasa go ndiúgann sé an deoir dheiridh.

.

Peadar Bairéad

.

I  m B é a l   a n   P h o b a i l.rtf The Family on Paradise Pier

I m B é a l a n P h o b a i l.rtf Toghchain

Toghchán Chugainn

Peadar Bairéad

Déarfainn go bhfuil a fhios ag madraí, agus ag cait an bhaile, freisin, faoin am seo, go bhfuil toghchán chugainn. Tá fuadar an domhain faoi pholaiteoirí na laethe seo, iad ag brostú anseo, agus ag deifriú chuig an áit úd eile. Tá scéalta móra sna nuachtáin faoi thoghlaigh iomadúla na tíre seo, agus “saineolaithe” ag caitheamh tuairimí faoi cé a bhuafaidh an suíochán seo, nó cé chaillfidh an suíochán eile. An mbeidh ar chumas an Pháirtí seo Comhrialtas a chur sa tsiúl le cabhair ón bPáirtí úd eile, nó an dtarlóidh sé, go mbeidh gá le trí Pháirtí, le Rialtas Tuarcheathach a bhunú agus a chur i mbun gnó i dTeach Laighean, i gcionn ráithe eile. Ag Dia amháin atá a fhios ag an bpointe seo, cé bhuafaidh nó cé chaillfidh, sa toghchán céanna sin, ach ar chuala tú gur dhiúltaigh páipéar do dhúch riamh? Nach mór an gar ó Dhia é ag lucht na meán, ábhar dá leithéid a bheith leagtha ar phláta os a gcomhair amach dóibh, agus iad stiúctha le hocras, ceal nuachta, an tráth seo bliana?

Ach, conas a bheadh a fhios ag duine go bhfuil toghchán chugainn? adéarfadh duine b’fhéidir.

Geallúintí Toghchánaíochta

Bhuel, nuair a thosaíonn Páirtithe Polaitíochta ag maíomh go ndéanfadh siad seo, nó siúd, don phobal, dá dtoghfaí iad. Geallann siadhh seo, agus geallann siad siúd, ach mar is eol don duine is dúire amuigh, ní fiú an deich triuf é geallúint toghchánaíochta, nó, an chuid is mó den am, is iad na Páirtithe is lú sa Dáil a dhéanann na geallúintí is mealltaí ar fad, mar is maith atá a fhios acu, nach mbeidh orthu cur lena mbriathar.

Tuige a ndeirim nach mbeidh orthu cur lena mbriathar, an ea?

Bhuel, fiú mar tharlaíonn go mbeidh siad páirteach i gComhrialtas, ní bheidh iontu ach mionlach an-bheag sa Rialtas céanna sin, mar nach bhfuil a fhios ag gach éinne nach bhfuil a ndóthain tacaíochta acu, i measc an phobail, le tromlach na suíochán a ghnóthú dóibh fhéin, agus dá thoradh sin, is féidir leo a rá leis an bpobal, nach bhfuil deis acu a bpolasaí iomlán a chur i gcrích ag an am seo, nó chuige sin, níor mhór do na vótóirí tromlach na suíochán a bhronnadh ar bhaill a bPáirtí, ach go dtí go dtarlóidh sin, déanfaidh siad a ndícheall mór, iachall a chur ar an Rialtas glacadh le roinnt áirithe dá bpolasaí, más uathusan a ndílseacht a chur in áirithe don gComhrialtas, sa tréimhse idir sin agus an chéad toghchán eile. Mar sin, nuair a fheiceann tú na polaiteoirí, agus na Páirtithe Polaitíochta, ag gealladh seo, agus ag gealladh siúd, don bpobal, bí cinnte go bhfuil Toghchán an-ghar dúinn, mar nuair nach mbíonn gá le toghchán, ansin, is annamh a chloistear scéalta dá leithéid ó Pholaiteoirí, nó ó Pháirtithe Polaitíochta, agus nuair a chloistear, ní geallúintí, ach bagairtí nó béal bán, a radann siad chugainn.

Ceant na n-Amadán

Cheana féin, tá geallúintí faighte againn ó thrí cinn de na Páirtithe sin, iad ag cur in iúl dúinn, go n-ísleofar cánacha, agus go n-ardófar pinsin, má chuirtear iadsan i gcumhacht, ach níor chóir dúinn laethe saoire thar sáile a chur in áirthe dúinn fhéin ar mhuin na ngeallúintí céanna sin, agus nach féidir leis an vótóir freisin, a bheith cinnte fiú, má choimhlíontar na geallúintí céanna sin, go mbeidh plean rúnda eile ag duine eicínt, áit eicínt, leis na geallúintí sin a mhaoiniú trí cánacha do-fheicthe a ghearradh ar na créatúir chéanna sin, a ngealltar na buntáistí sin dóibh. Ó! nach éasca an t-amadán agus a chuid airgid a scaradh óna chéile! Deirimse ceant leat!

Ná síltear anois gurb é mo thuairimse, nach bhfuil polaiteoirí, frí chéile, le trust, nó ní hé sin atá á rá agam, in aon chor, nó chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is dream faoi leith iad na polaiteoirí céanna sin, dream nach féidir déanamh dá n-uireasa. Ar an mórgcóir, is daoine iad a shocraíonn i dtús a mblianta, go gcaithfeadh siad a laethe ag saothrú dá bpobal. Má bhreathnaíonn tú ar bhunús na bpolaiteoirí s’againne, feicfidh tú go gcaitheann siad fiú, roinnt ama, chuile sheachtain, ag freastal ar a muintir, faoi mar ba shagart, nó dochtúir i gclinic, a bheadh iontu, agus gur féidir le vótóir ar bith bualadh isteach chucu, lena chás a phlé leo, agus ansin, bíonn an polaiteoir sásta chuile iarracht a dhéanamh, lena chás a réiteach, trí fheidhmiú thar a cheann, nó tuigeann siadsan conas rothaí na cumhachta a chasadh, ar mhaithe lena muintir.

Le gráinnín salainn!

Ach, bíodh go mbíonn bunús na bpolaiteoirí chomh macánta le breitheamh, ag an am gcéanna, tuigtear dóibh, nach féidir leo an ghairm a roghnaigh siad a chleachtadh, sé sin dlithe córa a reachtáil dá muintir, agus ag an am gcéanna, chuile chúnamh a chur ar fáil dá bpobal, mura n-éiríonn leo vótaí a mhealladh uathu, lá an toghcháin, agus sin an fáth, go n-éiríonn cuid acu chomh cleasach le sionnach, agus iad ag iarraidh fáil ar ais arís go Dáil Éireann mar Theachta dá bpobal. Mar sin, caithfhid muid maitheamh dóibh, má éiríonn cuid acu chomh lúbach le heascú, agus iad ag iarraidh a suíochán fhéin a ghnóthú i dtosach, agus ansin, suíocháin a bPáirtí, a chur in áirithe don chéad Dáil eile. Smaoinigh mar sin, ar inchreidteacht na ngeallúintí toghchánaíochta, a leagfar os bhur gcomhair, sna laethe idir seo agus an chéad toghchán eile, a dhéanfar a reachtáil taobh istigh de ráithe! agus ná déan dearmad rúinne salainn a bheith taobh leat, le caitheamh in éineacht leo!

I  m B é a l   a n   P h o b a i l.rtf The Family on Paradise Pier

I m B é a l a n P h o b a i l.rtfBrian D_Arcy

.

I m B é a l a n P h o b a i l

Peadar Bairéad

.

“a Different journey”   by    Brian D’Arcy

.

You go your way…….

Mar adeir an t-údar fhéin linn, ní GnáthDhírbheathaisnéis atá anseo againn, is cóngaraí, i ndáiríre, do Chuimhní Cinn é. De thaisme a tháinig mé ar an leabhar seo, nó, cé go raibh mé ag tnúth lena fháil, le tamall, nuair a tháinig mé air, thíos i Leabharlann an Locha Bhuí, anseo i gCill Chainnigh, shocraigh mé láithreach ar é a thabhairt liom, nó is leabhar é atá i mbéal an phobail, le scathamh anois, bíodh nár cuireadh cló air go dtí an bhliain seo caite. Ní dóigh liom go bhfuil gá ar bith agam leis an údar cáiliúil seo a chur in aithne dhaoibh, nó déarfainn gur beag duine sa tír nach bhfuil aithne, agus aithne mhaith, aige ar an údar céanna seo, nó is fear é, a bhfuil colún rialta i gcló uaidh, ar an Sunday World, le thart ar thriocha bliain anois, agus is dócha go bhfuil muid ag breathnú ar a aghaidh ghealgháireach, ar ár scáileáin leis an achar céanna, geall leis. Is duine é, a bhfuil a dhearcadh fhéin aige ar chuile fhadhb a chránn ár bpobal, agus cé gur Eaglaiseach gradamach den scoth é, ní i gcónaí a bhuaileann sé an casán ceartchreidmheach, ach é sásta, chuile bhabhta, fuascailt na bhfadhbanna sin a mholadh, de réir mar a fheictear dósan iad. Ba chóir a lua anseo, nach guth aonair sa bhfásach é sa dhearcadh seo, ach oiread.

Tuaisceartach é an tAthair Brian, a rugadh i mbaile beag i gContae Fhear Manach. Féach mar a chuireann sé tús lena scéal, ar leathanach a 17.

“My family is an ordinary working-class family. We lived in the village of Bellanaleck (which means ‘the town of the flagstones’) about five miles from Enniskillen in County Fermanagh. I lived there with my father, Hugh, my mother, Ellie, my sisters, Marie and Joan, and my only brother, Gaby, in a nice cosy little house. Our house was beside the road and everybody who walked up and down dropped in.”

One of Us

Duine dínn fhéin isea an sagart seo, duine den chosmhuintir, ach ag an am gcéanna, is duine neamhghnách, amach is amuigh é, an Brian céanna seo, fear ildánach; eaglaiseach cumasach; iriseoir déanta; aithriseoir nádúrtha; agus críostaí nach bhfuil aon rian den Tadhg-an-dá-Thaobhachas ag baint leis. Sea, fear a dhéanfadh a chion fhéin, cuma céard a déarfaí faoi. Féach mar a scríobh sé i Sunday World an 11ú Márta 2007, agus é ag tagairt don sagart úd, Kieran Creagh, a scaoileadh san Aifric Theas, ar na mallaibh, deir sé go bhfuil an baol ann, go gceapfadh sagairt nach bhfuil gá leo i saol achrannach an lae inniu….

“It’s easy to wonder late at night if we make a difference at all.

Well, people like Kieran Creagh do…..

Good priests who are different, will always make a difference.

Chuaigh Brian le sagartacht agus é ina dhéagoir, agus dár ndóigh, níor roghnaigh sé aon ribín réidh dó fhéin nuair a chinn sé ar dhul isteach sna Paiseadóirí, Comhthionól Crábhaidh, a chleachtaíonn riail dian an mhanachais, ach ag an am gcéanna, d’éirigh leis, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, a bheith páirteach i saol an iriseora, agus i saol lucht na seóbhannaí; i saol na n-aisteoirí agus i saol na n-amhránaithe, nó glacadh leis mar shéiplíneach ag lucht Amharclainne agus Ceoil, mar ar éirigh leis éacht oibre a dhéanamh, agus ag an am gcéanna, ceirdeanna a bhí gar dá chroí fhéin a chleachtadh agus a thuiscint.

A Chaplain Extraordinary

Chomh maith le sin, d’éirigh leis aithne a chur ar aisteoirí an tsaoil mhóir, agus ar Sheó-bhannaí, ar amhránaithe, agus ar cheoltóirí, ó chuile cheard, agus ag an am gcéanna, bhí ar a chumas, dualgaisí a shagartachta a choimhlíonadh. Ní bréag ar bith a rá, go raibh ar chumas an údair ildánaigh seo, beara iomadúla a choinneáil sa ghríosach, ag an am gcéanna, agus úsáid a bhaint as na beara céanna sin, ar a seal. Chuir an teilifís ar a chumas freisin fáil isteach i gcistineacha agus i bparlúis na tíre seo, ó Thigh Mhóire go Donncha Dí, nó mhair sé i ré na sagart, tráth a raibh meas ag an bpobal ar an té a bhí i bhfeisteas an tsagairt, agus ómós, nach raibh tuillte, uaireanta, ag dul dóibh freisin. Tá’s ag an saol, go raibh sé fhéin agus an tAthair Michael Cleary an-mhór lena chéile, thar na blianta, agus chuir scéal an tsagairt sin an-díomá, amach is amuigh air, agus ba dheacair dó muinín a bheith aige as duine ar bith uaidh sin amach, no nior lig Micheal, nó a leannán Phyllis tada orthu thar thréimhse fhada, ach iad ag cur ar a shúile do Bhrian nach raibh tada míchuíosach ag tarlú eatarthu. Níor chabhraigh Dermot Morgan leis, ach oiread, nuair a bhaist sé, Father Brian Trendy, ar charachtar eaglasta, a bhí á chruthú aige, le mugadh magadh a dhéanamh den chléir, charachtar ar deineadh Fr.Ted de, i ndeireadh na dála. Ar bhealach, deineadh staicín áiféise den Athair Brian, tríd an gcarachtar céanna sin. Ach le filleadh ar Fr. Michael Cleary, nuair a tuigeadh don údar, iar bhás dn Athar Michael, go raibh saol an fhir phósta a chaitheamh aige, agus nuair a cuireadh scéal an Easpaig Uí Chathasaigh taobh le taobh leis an scéal sin, tuigeadh do dhaoine áirithe, agus an tAth Brian ina measc, gur chóir deireadh a chur leis an aontumhacht, mar ghné riachtanach den tsagartacht, bíodh nach bhfuil ár bPápa Benedict XVI, sásta dul síos an bóthar sin, de réir an ráiteas is déanaí uaidh.

In the public eye

Tá píosa breá spéisiúil le léamh freisin, faoi fhuadach John O’ Grady ag Dessie O’Hare, agus an pháirt a d’imir Brian san eachtra uafásach, scanrúil, sin.

D’fhéadfá a rá go raibh tionchar an-mhór ag daoine áirithe air, agus é ar thuras a oilithreachta, trí choraí crua an tsaoil, agus b’in iad, “Poor old Charlie” faoi mar a thugadh Father Charles of Mount Argus air fhéin, an fear úd atá le fhógairt ina naomh, amach anseo. Sea, agus duine eile a bhfuil a thionchar le tabhairt faoi deara ag dul tríd an scéal seo, ó thús deireadh, faoi mar ba shnáith i mbraisléad brád é, agus sin an scríbhneoir cáiliúil, ildánach, Trapach, úd, Thomas Merton.

A special Journey

Sea, is spreagúil, spéisiúil, suimiúil, an leahar é, “a Different journey”, sé sin, turas Bhriain. Ní thiocfainn leis i ngach a ndeir sé sa leabhar seo, ach, ag an am gcéanna, chuirfeadh sé duine ag smaoineamh, agus nach breá an phaidir a úsáideann sé, le críoch a chur lena scéal anseo, paidir le Thomas Merton….

I will not fear, for You are ever with me,

and You will never leave me to face my perils alone.

Tá súil agam, go n-éistfidh Dia leis an bpaidir chéanna sin i gcás chuile dhuine againn.

An-leabhar, an-scéal, an-fhear, léitheoireacht éigeantach do chuile dhuine a bhfuil spéis aige i stair chomhaimseartha na tíre seo. Bain taitneamh agus toit as!

I  m B é a l   a n   P h o b a i l.rtf The Family on Paradise Pier

A r n a M i s i n 3 .

A r n a M i s i n . 3 .

.

**************************

.

ón Luan, an 11ú, go dtí an Domhnach, an 17ú, Lúnasa 2003.

Faoin am seo, bhíomar ag treabhadh linn tríd an dara seachtain de na laethe saoire Calafóirneacha seo, agus an moilliú diabhalta scairde sin curtha dínn againn, d’fhéadfá a rá, ach fós, ní raibh muid tagtha isteach ar an mbrothall loiscneach i bhí dár róstadh anseo in Encinitas. Deir na dúchasaigh thart anseo linn, nach bhfaca siadsan a leithéid d’aimsir sna bólaí seo riamh cheana. Deir na daoine atá sciliúil sna cúrsaí seo linn, gurb amhlaidh atá ruball de mhonsún tar éis a bhealach a dhéanamh anios, fan an chósta chugainn, ó Bhaja Chalafóirnia, agus go bhfuil teas agus taise neamhghnách á scaipeadh aige, sa dúiche seo. Droch rath air! Ach tar éis dúinn scathamh a chaitheamh ag comhrá, ar an bhfón, lenár muintir in Éirinn, tuigeadh dúinn gur bheag difir a bhí idir an cineál aimsire a bhí againne in Encinitas, agus an cineál aimsire a bhí i dtreis i Ríocht Osraí, ag an am gcéanna sin. Dhealródh sé, gurbh ón dteas go dtí an fuacht againne é, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí aimsire! Ach, bhí de shólás againn, go raibh socraithe againn ár seolta a chrochadh, i gcionn roinnt laethanta, agus an bóthar a bhualadh ó thuaidh, suas fan chósta thiar Chalafóirnia, áit a mbeadh sé níos fionnuaire, dár linne, nó bhí an diabhal dearg ar an áit ina rabhamar, le taise, le róstadh agus teas, le roinnt laethanta anuas. Bhainfeadh an aimsir sin allas as dealbh cloiche fhéin!

Chaitheamar roinnt laethe ansin ar ár sáimhín só, i dtigh mo mhic, i gCardiff by the Sea, agus ní call dom a rá, gur dheas an áit í. Bhí an fharraige in aice láimhe, le deis a thabhairt dúinn sinn fhéin a fhuaradh, is a fhliuchadh, de réir mar a bhuail an fonn sinn, agus chomh maith le sin, bhí mám maith “Mall”anna Siopadóireachta sa chomharsanacht, áit a d’fhéadfadh duine seal a chaitheamh, ar a sháimhín só, ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht, ag baint sult as an lá, ag ól caifé, b’fhéidir, i mbialann chompórdach aer-oiriúnaithe. Sea, mh’anam, d’fhéadfadh duine bheith in áit níos measa ná ansin i gCardiff cois cuain, ar chósta thiar Chalafóirnia, na laethe brothallacha sin. Ní call dom a rá gur thugamar corr chuairt ar Bhialann 101, in Encinitas, le lón taitneamhach, blasta, a chaitheamh ansin, nó bhí blas faighte againn ar a gcuid bia-san, trath raibh muid ar chuairt ansin cheana, bliain na mílaoise.

Tar éis dúinn an lá a chaitheamh go deas sómhar, bhí de nós againn breathnú ar scannán, san oíche. Bhaineamar taitneamh as scannáin cosúil le, “The Road to Perdition”, agus scéal an Uasail Schmidt, chomh maith leis an ngreannscannán taobh-phléascach sin le Bill Cosby. Ba bhreá an bealach é le “Windeáil anuas” mar adéarfá sa dara teanga oifigiúil, i ndiaidh strus agus tuirse an lae!

Dá mbeadh tuirse ar dhuine i lár an lae, d’fhéadfadh sé an nós Spáinneach a leanacht, agus “siesta” a ghlacadh, agus mura mbeadh, bhuel, ansin ba bhreá an bealach é le brothall an lae a lingint tharat, seal a chaitheamh sa linn snámha brea, fairsing, fionnuar, a bhí ansin in aice an tí againn.

Cloisim duine eicínt ag rá ansin, gurbh fhada ó linnte snámha a rugadh agus a tógadh Bairéadaigh na Druime, agus dár ndóigh, ní fhéadfainn an té sin a bhréagnú, agus níl le rá agam mar chosaint, ach, “an t-áth a mholadh mar a gheobhair”, agus mhol mise é, mar a bhfuair.

Faoin am seo, bhíomar ag teacht isteach ar rithim na beatha i gCalafóirnia, agus muid ag treabhadh linn, ar ár socracht, agus ar ár sástacht. Ar an nDomhnach, an 17ú de Lúnasa, d’éisteamar Aifreann arís i Halla St Margaret, in Oceanside, agus ní call a rá, gur bhaineamar taitneamh as an ócáid, agus gur thaitin an searmanas uilig ansin linn, ach i ndiaidh an Aifrinn, in áit dul ag siopadóireacht, nó ag guairdeall timpeall, thugamar cuairt ar chairde mo mhic, ansin in Oceanside. Bhí sin go breá ar fad, nó thug sé spléachadh dúinn ar shaol an ghnáthdhuine, taobh amuigh ar fad den chóras turasóireachta, sa dúiche sin. Thugamar faoi deara chomh fial flaithiuil is a bhí na daoine seo, agus iad ag deighleáil, i ndáiríre, le daoine nach dtiocfadh an bealach sin go deo arís, b’fhéidir. Chaitheadar linn, faoi mar ba bhaill dá gclann fhéin muid, agus caithfidh mé a admháil, gur bhraith muid go raibh muid i measc cairde, rud a d’fhágfadh nach mbeadh deifir ar bith abhaile ort! Sa chomhrá dúinn, deineadh trácht ar scannán a bhí ar teaspáint i bpictiúrlann, i gCardiff cois cuain, agus ó tharla go raibh am le diomailt againn an tráthnóna sin, shocraíomar ar dhul ag breathnú ar an scannán céanna sin, agus caithfidh mé a admháil, nach raibh aiféala ar bith orainn go ndeachaigh muid. Anois, b’fhéidir go bhfaca tú fhéin an scannán seo, ach chuaigh sé i gcionn chomh mór sin ormsa, go gcaithfidh mé tagairt a dhéanamh dó anseo, agus mura bhfaca tú cheana é, bhuel, má fhaigheann tú an deis chuige, bí cinnte go rachaidh tú chuige. “The Whale Rider”, an t-ainm a bhí ar an scannán sin, agus caithfidh mé a rá leat, gur fada an ló ó chonaic mé a chomh-mhaith de scannán. Suítear an scannán i measc dhúchasaigh na hAstráile, agus léirítear an gaol atá acusan leis an ndúlra timpeall orthu, agus go háirithe, i gcás an dreama seo, leis na míolta móra mara. Tá ann freisin, an choimhlint síoraí idir thraidisiún an chine agus an fonn athraithe, a bhíonn le tabhairt faoi deara i measc na n-óg. Sa scannán seo, leagtar an-bhéim ar fad ar an bhfrith-fheiminicheas a bhí fréamhaithe go doimhin i gcultúr agus in oidhreacht na ndúchasach sin, agus an tsíor-throid a deineadh, i gcoinne an dearcaidh sin, i saol laethúil chailín áirithe, ina coimhlint i gcoinne thaoiseach na treibhe, mar adéarfá. Ach fágfaidh mé an chuid eile fút fhéin, agus má fhaigheann tú an deis chuige, b’fhiú dhuit dul chuige, nó tá mé cinnte, go mbainfeá taitneamh as.

Dúirt mé cheana, go ndeachaigh muid timpeall na háite, ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht, agus ag caitheamh aimsire, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, agus fad is a bhí na cúrsaí sin idir chamáin againn, bhuailimis go minic le muintir na háite sin, agus ó tharla go raibh cúrsaí polaitíochta go mór i mbéal na ndaoine, ag an am, d’éirigh linn tuairimí coitianta áirithe a thabhairt faoi deara. Ar an gcéad dul síos, bhí beagnach gach éinne ag caint faoi iarrachtaí Arnold Schwartzeneggar Gobharnóireacht Chalafóirnia a bhaint amach dó fhéin, agus tríd is tríd, bhí sé éasca a thabhairt faoi deara, nach raibh fonn ar thromlach na ndaoine Arnold a fheiceáil sa phost sin. Bhí, dár leo, an iomarca rudaí ina choinne, le post dá leithéid a bhuachan, i dtoghchán. Chomh maith le sin, níor thaitin sé le mórán díobh, go dtiocfadh sé i gcumhacht, toisc gan chleachtadh ar bith a bheith aige i gcúrsaí bainistíochta, nó riaracháin. An tráth sin, ní raibh aon pholasaí cruinn, cinnte, oibrithe amach aige fhéin, nó ag a lucht stiúrtha, agus dá bharr sin, bhí de nós aige, corr-bhotún a dhéanamh, ceal cleachtaidh, faoi mar a dhein sé, nuair a mhaoigh sé, go ngearrfadh sé tuilleadh cánach ar mhaoin agus ar shealúchas. Níor thaitin a leithéid le muintir Chalafóirnia, nó tá socrú acusan, gan thar ardú áirithe a ghearradh ar mhaoin, nó ar shealúchas, in aghaidh na bliana, agus luíonn a leithéid le réasún, i Stát a bhfuil luach na dtithe chomh hard sin, agus iad ag ardú tuilleadh, in aghaidh na bliana. Mar sin, an tráth sin, ach go háirithe, ní rabhthas ag súil go n-éireodh le Arnold post an Ghobharnóra a bhaint amach, an babhta sin, ach go háirithe. Anois, tá’s againn go léir, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus gur athraigh cúrsaí chomh mór sin, san idirlinn, go mba é deireadh na mbeart é, nó gur toghadh Arnold s’againne ina Ghobharnóir ar Stát saibhir sin Chalafóirnia!

Ní gá a rá, go raibh ábhar eile a bhí go mór chun tosaigh freisin, i mbéal gach éinne, na laethe sin, agus b’in Cogadh na hIaráice agus a thoradh sin ar mhuintir Mheiriceá frí chéile. Cé go dtabharfá faoi deara, go raibh bunús na ndaoine i gcás idir dhá chomhairle faoin scéal, nó bhí le feiceáil go soiléir, go bhfuil an tírghrá, an bhratach, agus dílseacht dá nUachtarán, gafa chomh fada le smior na gcnámh sa chuid ba mhó díobh, bhí sé soiléir, ag an am gcéanna, nár aontaigh ach an corr-dhuine acu le fearadh chogadh sin na hIaráice.

Céard ‘tá á dhéanamh againn sa tír uafar, iargúlta sin? Agus cén fáth a bhfuiltear ag coinneáil ár saighdiúirí ar dualgas ansin fós, nuair atá an troid críochnaithe, agus an bua bainte?

Níl freagraí na gceisteanna sin le fáil acu, go foill, ar aon nós, ach tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh trioblóid sa tír sin fós, nuair a thosófar ar fhreagraí a éileamh ar na ceisteanna céanna sin.

Agus ag caint ar Chogadh na hIaráice, agus ar dhílseacht na saighdiúirí, a throid, agus a throideann fós, sa tír sin, níl dabht ar domhan ach go bhfuil na saighdiúirí céanna sin ina ndéithe beaga ag a muintir sa bhaile, agus dá chruthú sin, tá bratacha agus maisiúcháin crochta in airde i ngach baile, geall leis, ag móradh gníomhartha agus gaisce na saighdiúirí s’acusan, a throid sa chogadh sin, agus chomh maith le sin, thugamar faoi deara, go raibh liostaí de bhaill dá bpobal a bhí sna fórsaí míleaata thar lear, le léamh, in áit na honóra, sna séipéil chaitliceacha, ar thugamar fhéin cuairt orthu, le linn dúinn bheith thall. Gan dabht ar domhan, is í seo an fhadhb is crua le réiteach ag Meiriceánaigh, sea, agus an gad is giorra dá scornach freisin, ach tá súil agam, go mbeifear ábalta teacht ar fhuascailt chóir, chothrom, ar an ngné seo den Chogadh seo, atá á fhearadh ar Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta.

Ach b’fhéidir gur leor sin don turas seo. Bí liom an chéad bhabhta eile, nuair a bheidh muid ar ár mbealach go Santa Barbara, ar thóir Mhisean Santa Barbara.

Go dtí sin…… Slán…

.

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

I  m B é a l   a n   P h o b a i l.rtf The Family on Paradise Pier

A r n a M i s i n

A r n a M i s i n .

Réamhrá. 1 .

**********************

.

Tá mé cinnte gur léigh sibh uilig na píosaí a scríobh mé, ar na mallaibh, faoi chúrsaí mo shaoil fhéin, agus faoi’n chaoi a raibh socruithe agam bheith im Mhisinéir chun na hAfraice. Léigh sibh freisin, faoi na blianta fada tuirsiúla, cruógacha, staidéir, a chaith mé dom’ ullmhú fhéin don ghairm uasal chéanna sin, ach tá’s agaibh uilig, nárbh é toil Dé é, go raghainn ag saothrú i ngort úd an Tiarna, ach mar sin fhéin, fanann na misin mar chineál maighnéid sa chroí istigh ionnam fós, agus chuile áit a fheicim tagairt do na mhisin, nó do mhisinéirí, músclaionn an tagairt chéanna sin tart eicínt ionnam, agus seoltar láithreach mé, ag lorg eolais eicínt faoi na misin chéanna sin, agus sin freisin an fáth ar bhaist mé “Ar na Misin”, ar an tsraith altanna seo. Bhuel, mar is eol daoibh uilig freisin, chaith mé seal, ar na mallaibh, ag taisteal trí dhúiche Chalafóirnia, agus ní féidir le duine ar bith aon achar a chaitheamh sa tír cheanna sin, gan teacht ar cheann eicínt de na Misin Chalafóirneacha úd. Bhuel, an babhta seo, chaith mé fhéin is mo bhean roinnt mhaith laethanta, ar thóir na Misean sin, agus muid ag iarraidh teacht orthu, agus a scéal a thuiscint. Mar sin, is é téama na sraithe seo aistí, nó scéal na Misean Calafóirneach úd. Ach b’fhéidir gurbh fhearr dom dul siar go dtí an tús, agus an scéal seo a shuíomh ina ionad ceart fhéin i dtosach.

.

Is fada an lá ó chuala mé trácht, a chéaduair, ar na Misin Chalafóirneacha chéanna sin, nó cosúil le chuile dhuine eile dem chomhaois, chualamar trácht, le linn ár n-óige, ar na Misin sin, san amhrán úd, a bhíodh i mbéal gach éinne, an tráth sin…

And the Mission Bells told me

That I mustn’t stray,

South of the Border,

Down Mexico way.

Ó! sea, agus chomh maith le sin, nárbh iomaí sin tagairt a dheintí do na Misin sin, sna seanscannáin úd faoi Bhuachaillí Bó, agus a leithéid, a gcuirimis uilig an dá spéis iontu, fadó. Dá bharr sin, agus ar chúiseanna eile freisin, chuir mé fhéin spéis iontu ó thús, agus theastaigh uaim a fháil amach, cén fáth ar baisteadh “Misin” a chéaduair, orthu? Cé bhunaigh iad? agus cén fáth ar tógadh iad sna hionaid áirithe ina bhfuil fáil orthu, sa lá atá inniu fhéin ann? Déanfaidh mé iarracht, ar chuid áirithe den eolas sin a leagan os bhur gcomhair amach, sa Réamhrá seo…Thug mé cuairt ar roinnt áirithe de na Misin sin, roinnt mhaith blianta ó shoin, tráth raibh mé ar saoire i gCalafóirnia, agus ní call dom a rá, go raibh cuntas ar na hócáidí céanna sin le léamh agaibh anseo i mBéal an Phobail, ag an am. Mhúscail na cuairteanna sin mo spéis fhéin sna Misin sin, agus fanann an tart sin gan sásamh iomlán liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

.

Thosaigh scéal na Misean, ar an 9ú lá d’Eanair, sa bhliain 1769, nuair a sheol an long seoil Spáinneach, San Carlos, as cuan La Paz, i mBaja Chalafóirnia, amach, ar a bealach ó thuaidh go Cuan uchtleathan Shan Diego, agus é de chuspóir aice, bunáit Spáinneach a bhunú san ionad oiriúnach sin, agus ag an am gcéanna, bhí socruithe acu, Misean a bhunú ansin freisin. Sheol dhá long eile, ina diaidh, ar ball, ach chuaigh ceann acu sin go tóin poill. Ag an am gcéanna, d’fhág sluaíocht mhíleata, faoi cheannas Gaspar de Portolá, an dúiche chéanna sin thart ar La Paz, lena mbealach a dhéanamh ó thuaidh, ar thalamh, sa tslí go mbuailfeadh an dá dhream um a chéile ag San Diego, agus go raghaidís i gcomhar le chéile i mbunú na bunáite sin. Anois in éineacht leis an sluaíocht mhíleata sin, thaisteal an Proinsiascánach cáiliúil sin, Junipero Serra, a ngairtear Aspal Chalafóirnia air, maraon le roinnt eile sagart, agus é d’aidhm aige an Chríostaíocht a chraoibhscaoileadh i measc na nIndiach úd, a mhair fan chósta thiar Chalafóirnia. In am tráth, fuair na dreamanna sin; an dream mairnéalach, an dream míleata, agus an dream sagart; fuair siad ceannas ar chósta thiar Chalafóirnia, ceannas a mhair breis is leathchéad bliain. Ach nár chóir ceist a chur anseo faoi ionradh úd na Spáinneach ar Chalafóirnia, ag an am áirithe sin? Tuige ar theastaigh uathu an ceannas sin a fháil, ag an am áirithe sin?

Bhuel, ba í chúis a bhí leis an ionradh sin ó thuaidh, nó gur chuala Rí Carlos, a Trí, na Spáinne, faoin chaoi ar dhein na Rúisigh ionradh dána ar Chósta thuaidh Chalafóirnia, agus faoin chaoi ar bhunaigh siad Fort Ross, ar an gcósta céanna sin, ó thuaidh, agus ba le stop a chur le hionradh sin na Rúiseach, a thug na Spáinnigh a n-aghaidh ó thuaidh, ó Bhaja Chalafóirnia. Bhí ar an sluaíocht Spáinneach sin, bia agus uisce a iompar leo, nó ní raibh sa tír trínar ghabhadar, ag an am sin, ach fásach fiáin, folamh.

Ba í aidhm a bhí ag an bhfeachtas Spáinneach seo, nó ceannas a fháil ar chósta Chalafóirnia, le cosc a chur le hionradh úd na Rúiseach, agus leis an gceannas sin a bhuanú, theastaigh uathu freisin, pobal dúchasach a bhaisteach, agus Críostaithe a dhéanamh díobh, Críostaithe a bheadh dílis do Ríocht Críostaí na Spáinne, agus ag an am gcéanna, theastaigh uathu iad a thabhairt chun sibhialtachta. Mhúinfí dóibh conas an saol Spáinneach a chaitheamh, agus faoi cheannas na Spáinneach, mhúinfí dóibh, conas foirgnimh a thógáil, agus chomh maith le sin, mhúinfí talmhaíocht, táilliúracht, fíodóireacht, gaibhneacht, agus siúinéireacht dóibh.

.

Ach ag caint ar na longa seoil úd, a sheol amach as Baja Chalafóirnia, ar an 9ú Eanair, sa bhliain 1769, agus é d’aidhm acu, bunáiteanna a ghabháil, agus a bhunú, i San Diego agus i Monterey, bhuel, shroich péire de na longa seoil úd San Diego, ar deireadh thiar, agus nuair a tháinig an sluaíocht mhíleata chomh fada leis an mbaile sin, fuair siad amach, gur bhuail an galar carrach na foirne, agus gur cailleadh 38 mairnéalach dá bharr. Ní raibh d’fhoireann fágtha ar an San Antonio ach ochtar, agus socraíodh ar í sin a chur ar ais arís go San Blas, i mBaja Chalafóirnia, le soláthairtí úra a bhailiú, agus freisin, le foirne a earcú, don dá long a bhí fágtha. Deineadh an cleas céanna leis na saighdiúirí, an dá scór acu, cuireadh iadsan ar ais go Baja Chalafóirnia, le soláthairtí, agus earcaigh nua a fháil ansin, agus bíodh gur ionsaigh Indiaigh iad, fan na slí, tháinig siad slán, cé gur maraíodh roinnt Indiach sa scliúchas sin.

D’éirigh leis an dá dhream, a mbunáit i mBaja Chalafóirnia a shroichint, agus d’éirigh leo freisin, soláthairtí úra, agus earcaigh, a fháil ansin, le tabhairt ó thuaidh leo, go San Diego. Ar ball, d’fhill idir mhairnéalaigh agus shaighdiúirí, maraon leis na sagairt, agus chuir Junipero Serra chun oibre, le Misean a thógáil i San Diego.

Sea, agus ba ansin i San Diego, a bunaíodh, in am tráth, an chéad Mhisean, den Mhisean is fiche a bhunódh na Proinsiascánaigh, fan chósta thiar Chalafóirnia sna blianta a bhí rompu amach. Ar an 16ú lá d’Iúil na bliana 1769 bhunaigh an tAthair Junipero Serra Misean San Diego de Alcala, ansin i San Diego, agus nil dabht ar domhan ach gur tógadh croí an mhisinéara dhiaganta dhilis sin nuair a bhi an chead cheim sin in aistear a shaoil, mar mhisinéir, tógtha aige, sa tír aduain iargúlta sin.

Ach b’fhéidir gur chóir dom stopadh ansin, don tseachtain seo, ach bí cinnte, go mbeidh tuilleadh le rá agam, faoi na Misin sin, sna seachtainí atá romhainn amach.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

.

.

A r na Misin .

R é a m h r á . 2 .

.

*********************

.

Ach ag caint ar na Spáinnigh, idir mhairnéalaigh, shaighdiúirí, agus sagairt, a d’fhill ar San Diego, faoi mar a mhinigh mé daoibh, sa ghála deiridh. B’iomaí sin rud a chuaigh ina gcoinne, sa bhfiontar sin, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leo Misean San Diego de Alcala a bhunú, agus a thógáil. Sea, bhí tús curtha acu leis an bhfeachtas iontach samhailteach úd, de chuid Rí, agus Ríocht, na Spáinne, feachtas misineach na Spáinne i Meiriceá Thiar, feachtas miseanach a d’fhéadfadh stair an domhain a athrú, dá n-éireodh leis a chuspóir samhlaíoch, aislingeach a chur i gcrích, go huile is go hiomlán, ach bhí síol a mhillte fréamhaithe i smior na gcnámh sa bhfís sin, ó thús, rud a chriog é, i ndeireadh na dála. Ach fágfaidh mé an scéal sin go fóill beag, agus fillimis ar na Misin.

.

Cén chiall atá leis an bhfocal, Misean, sa chomhthéacs seo?

Is é ciall atá leis nó séipéal breá, fairsing, ar an modh Spáinneach, agus chomh maith le sin, bhíodh na ceardlanna agus na saotharlanna éagsúla, seomraí na sagart, maraon le háiteanna cónaithe na nIndiach. Thóg na Spáinnigh Ceardaithe agus Tógáluithe oilte leo ó Mheicsiceo, nó ba leis an Spáinn Ríocht Mheicsiceo, ag an am, agus le cabhair ó na hIndiaigh, d’éirigh leo na foirgnimh bhreátha, ornáideacha, maisiúla sin, a thógáil agus a mhaisiú, foirgnimh atá ar an bhfód go dtí an lá atá inniu fhéin ann, lenár gcroíthe fhéin a thógáil lena n-áilleacht, lena neart, agus lena n-inspioraid.

Ba é a chuir na Spáinnigh rompu, a chéaduair, nó sraith de Mhisin a thógáil, fan chósta Chalafóirnia, ag síneadh ó San Diego, ó dheas, go dtí San Francisco, ó thuaidh, sa chaoi nach mbeadh na Misean sin níos fuide óna chéile ná turas lae. Bheadh sé d’aidhm ag chuile Mhisean acu sin, pobal baiste Indiach a bhunú, agus a thraenáil, i scileanna nua-aimseartha na Spáinneach, sa chaoi go mbeadh chuile cheann de na Misin sin féinchothaíoch, agus beag beann ar an saol mór amuigh. B’in é gnó na sagart, na bProinsiascánach, i ndáiríre, agus chuireadar chuige le flosc agus le fonn.

Ba é deireadh an scéil sin é, nó tar éis dóibh uilig San Diego a bhaint amach, chuir Junipero Serra roimhe Misean a bhunú ansin, an chéad Mhisean i gCalafóirnia.

Cén polasaí a bhí ag na Spáinnigh, chomh fada is a bhain sé le craoibhscaoileadh an Chreidimh, an ea?

Bhuel, níor baisteadh na hIndiaigh Chalafóirneacha úd dá n-ainneoin Tugadh múineadh agus teagasc dóibh sa Chríostaíocht, ach fágadh fúthu fhéin é, an chéim deiridh a thabhairt i dtreo an Chreidimh, ach chomh luath is a baisteadh iad, bhí orthu ansin, cur fúthu taobh istigh de thailte na Misean, agus géilleadh dá rialacha. Ar thailte chuile Mhisean acu freisin, bhí buíon saighdiúirí, mar adúirt mé cheana, iad gléasta i seircíní leathair, “soldatos de cuera” a thugtai orthu sa Spáinnis, toisc na seircíní leathair chéanna sin, agus ba é a ndualgas siúd. nó na Misin, gona sagairt agus gona gCríostaithe, a chosaint ar chuile namhaid. Agus ag caint ar na seircíní leathair úd, ba é a bhí iontu siúd nó seircíní déanta as sé, nó seacht, de shraitheanna leathair, le cosaint iomlán a thabhairt dóibh i gcoinne saighde na nIndiach, agus sin i dtír a róstfadh an diabhal fhéin, dá bhfanfadh sé amuigh faoi ghrian scalltach, bhruithneach, na tíre gile sin! D’iompair siad freisin, mar airm, sciath déanta as dhá shraith de chraiceann úr tairbh. Níor fágadh ag brath ar na hairm sin amháin iad, nó chomh maith leo sin, bhí siad oilte, sciliúil, in úsáid na sleá, an chlaímh agus an raidhfil, ar chuid dá n-airm freisin iad. Ba shaidhdiúirí ar dóigh iad na “soldatos de cuera” céanna sin, iad láidir, umhal, scafánta, agus iad ar na marcaithe ab fhearr ar domhan, ag an am. Seisear díobh a bhí ar dualgas ag chuile mhisin, agus ba leor an méid sin leis an Misean a chosaint ar ionsaithe na nIndiach, nó ar ionsaithe éinne eile, a mbeadh fonn air tabhairt fúthu. Feasta, ba chuid de Ríocht cumhachtach na Spáinne iad na hIndiaigh bhaiste sin. I gcás na saighdiúirí Spáinneacha úd, chuireadarsan fúthu i mbearaic speisialta, cóngarach don Mhisean, Presidió, a thugtaí ar an mbearaic chéanna sin. Bhíodh na saighdiúirí ar dualgas ansin, de ló is d’oíche, sa chaoi go bhféadfaí cosaint leanúnach a chur ar fáil do na Misin.

Anois, lean na Spáinnigh i mbun a bpolasaí i leith Chalafóirnia. Ghabh siad na tailte, bhunaigh siad Misin, tógadh Presidiónna, ó cheann ceann Chalafóirnia.

Ach i dtosach, bhí orduithe acu ó Rí na Spáinne, Rey Carlos a Trí, San Diego agus Monterey a ghabháil. Dá bhrí sin, nuair a bhí an chéad Mhisean bunaithe ag Junipero Serra i San Diego, chuir sé fhéin agus Gaspar de Portolá rompu, dul ó thuaidh, i dtreo Mhonterey. Mar sin, ar an 16 lá d’Aibreán na bliana 1770, sheol an tAthair Junipero ó thuaidh, sa long seoil Spáinneach, an San Antonio. Ar bord na loinge sin, thógadar leo chuile shaghas earra, a bheadh ag teastáil uathu, leis an dara Misean a bhunú, thart ar Mhorterey. Ag an am gcéanna, ghluais de Portolá roimhe ó thuaidh, freisin. Thóg sé leis, roinnt saighdiúirí, maraon le seachtar soldatos de cuera, agus roinnt oibrithe Indiacha freisin. Shroicheadar Monterey, seachtain sular ghabh an San Antonio cuan agus calafort, sa dúiche chéanna sin. Ar an 3u lá de Mheitheamh na bliana sin, d’ardaíodar an Chros Chéasta, agus chan an Veni Creator Spiritus, le beannacht Dé a ghuí ar an Misean nua, a bhí le bunú acu san ionad sin. Baisteadh San Carlos Borromeo de Monterey ar an Misean sin, agus ba ghearr go raibh roinnt botháin tógtha acu don Mhisean, agus do Phresidió na Soldatos, ach fuarthas amach, nach raibh an t-ionad sin ag Monterey oiriúnach do Mhisean, agus tar éis roinnt ama a chaitheamh ag cuardach, roghnaigh an tAthair Serra ionad oiriúnach don Mhisean sin, díreach ó dheas dhen bhaile Carmel, agus b’in an fáth ar deineadh an Misean sin a aistriú, agus a athbhaisteadh, mar Mhisean San Carlos Borromeo de Carmel, agus níor thóg sé ach sé mhí orthu séipéal, ionad cónaithe, stórais, cistin, agus falla cosanta, a thógáil. I gcás an Mhisin atá le feiceáil againn, sa lá atá inniu ann, níor tógadh an foirgneamh sin go dtí an bhliain 1791, agus ba é Lausén, comharba Junipero Serra a bhí i gceannas an Mhisin sin, ag an am, nó fuair Junipero bás sa bhliain 1784, agus chuir seisean roimhe Misean ar dóigh a thógáil ar an suíomh sin, agus chuige sin, chuir sé fios ar Mhanuel Ruiz, saor oilte Meicsiceach, leis an bhfoirgneamh a dhearadh. Bhí a shliocht air, nó bheadh sé deacair Misean níos áille ná Misean San Carlos Borromeo de Carmel, a fháil, ó cheann ceann Chalafóirnia, sa lá atá inniu fhéin ann, ná an Misean álainn úd a dhear agus a thóg an saor oilte céanna sin Manuel Ruiz. B’é an Misean céanna sin rogha Aspal Chalafóirnia fhéin, an tAthair Junipero Serra. Ach b’fhéidir gur leor sin don tseachtain seo. Bi cinnte go mbeidh mé chugaibh arís, an tseachtain seo chugainn, leis an Réamhrá seo a chríochnú, agus ina dhiaidh sin, tosóidh mé ag cur síos ar m’eachtraí agus ar m’imeachtaí, i dtír úd na gréine, i gCalafóirnia na gile. Bí liom ansin, agus siúlfaimid an tír sin, cois ar chois.

.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

.

.

A r n a M i s i n .

.

R é a m h r á …… 3 .

Ach, le filleadh ar scéal na Misean Calafóirneach, nuair a chríochnaigh mé gála na seachtaine seo caite, bhí dhá Mhisin bunaithe ag an Athair Junipero Serra agus ag a chomhleacaithe, an chéad cheann i San Diego, agus an dara ceann taobh le Carmel, agus cóngarach go maith do Chuan Mhonterey, faoi mar a bhí ordaithe ag Rí Fernando a Trí, na Spáinne.

Bhuel, bhí tús maith curtha acu leis an obair, agus iad ag iarraidh polasaí a Rí a chur i gcrích. Bhí Misin á dtógáil acu, agus Indiaigh á dteagasc, agus á n-oiliúint acu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó lean siad leo ar a míle dhícheall, agus iad ag obair gan sos gan staonadh. Sa bhliain 1771, chuaigh siad i mbun oibre arís, agus Misean eile á thógáil acu, i ngiorracht trí mhíle is fiche do King City. San Antonio de Padua a bhaisteadh mar ainm ar an dtríú Misean seo, agus ba é Junipero Serra, arís, a bhí i mbun an ghnó, san ionad nua seo. Ar ball, d’imigh Serra, ach má dhein, d’fhág sé beirt shagart ina dhiaidh, le haire a thabhairt do chraoibhscaoileadh an chreidimh sa dúiche sin.

An bhliain chéanna sin, tógadh Misean nua eile, i San Gabriel, deich míle soir ó Downtown Los Angeles. B’as Cordoba na Spáinne an sagart a thóg an Misean seo, agus fear a raibh a chroí sáite in Ardeaglais Chordoba, ar Mhosc Múrach é ó thús, agus ní shásódh aon rud é, ach aithris ar ailtireacht na hArdeaglaise sin a shníomh isteach i dtaipéis Mhisin San Gabriel Arcángel. An bhliain dár gcionn, bhí fiontar nua idir chamáin acu, i San Luis Obispo, nuair a chuaigh siad i mbun oibre leis an gcúigiú Misean a thógáil. Díon tuí a bhí acu ar an Misean sin, a chéaduair, ach nuair a tháinig buíon Indiach namhadach aniar aduaidh orthu, tuigeadh dóibh, nárbh fhál go haer é laige na tuí mar dhíon, nó chuireadar rompu láithreach ar tíleanna rua, tinedhíonacha, na Spáinne a oibriú ar an toirt, agus nuiar a chuireadar díon nua tíleanna ar an Misean sin i SLO, mar a thugtar go minic ar San Luis Obispo, níor bhaol dóibh feasta saigheada lasánta na nIndiach.

Nuair a thángthas, i ndáiríre, ar chuan Shan Francisco, socraíoch ar dhá Mhisean agus Presidió, a bhunú sa dúiche sin. Cé gur ainmníodh an chéad Mhisean ansin in onóir do Phroinsiais fhéin, ach toisc gur thángthas ar ionad an Mhisin sin, ar Lá Fhéile Mhuire na nDólás, baisteadh, Dolores, de ghnáth, mar ainm ar an Misean sin. Sa bhliain 1776, a tógadh an Misean sin. Tógadh Misean ollmhór eile an bhliain chéanna sin, agus b’in Misean San Juan Capistrano. Ach ó tharla gur scríobh mé alt anseo, i mBéal an Phobail, faoin Misean sin, roinnt blianta ó shoin, ní bhacfaidh mé le tuilleadh a rá faoi anseo, ach amháin a rá, gur glé, glas, a fhanann cuimhne an lae úd a chaith mé sa Mhisean sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus faoin spéis sna Misin a mhúscail mo sheanchara ó Vista, Gearóid Mac Amhlaoibh, ionam, an lá céanna sin, nó b’eisean a bhí mar threoraí againn an lá álainn úd, i Meán Fómhair na bliana sin, 1988.. Ach, fillimis ar an scéal…..

Leanadh leis an obair tógála, agus teagaisc, agus traenála, uaireannta, go mall réidh, agus amannta eile, faoi mar a bheadh Dia á rá leo. Tógadh Misin ar baisteadh na hainmneacha áille Spáinneacha sin uilig orthu, fan chósta thiar Chalafóirnia, ó San Diego go San Francisco, fan an 650 míle sin, a shíneann idir an dá chathair áille sin, agus fan an Bhealaigh Mhóir úd, an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, a cheanglann an dá chathair sin dá chéile. Ach breathnaigh ar na hainmneacha áille Spáinneacha sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag…Santa Clara de Asis; San Jose; San Buenaventura; Santa Barbara; La Purissima Concepcion; Santa Cruz; Nuestra Senora de la Soledad; San Juan Bautista; San Miguel Arcángel; San Fernando Rey de Espana; San Luis Rey de Francia; Santa Inez; San Rafael Arcangel; agus San Francisco de Solano.

Ar deireadh thiar, sa bhliain 1823, tar éis dóibh breis is leathchéad bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, bhí Misean is fiche tógtha acu, fan chósta Chalafóirnia, agus gach Misean acu i ngiorracht turas lae don Mhisean ba neasa dó, sea, agus an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, ag freastal orthu uilig, geall leis.

B’iontach go deo mar a d’éirigh leis na Misin chéanna sin aidhmeanna an Rí, Fernando a Trí, a chur i gcrích, agus taobh istigh de leathchéad bliain, d’fhéadfá a rá go raibh Iarthar Chalafóirnia uilig tagtha faoi anáil agus faoi chumhacht na Spáinne. Ní hamháin go raibh na Proinsiascánaigh tar éis na Misin uilig sin a thógáil, agus go raibh na mílte agus na mílte Indiach á dteagasc, agus á mbaisteadh acu, ach ag an am gcéanna, bhí na Misin chéanna sin ag éirí saibhir, ó bhliain go chéile, nó bhí olltréada bó agus caorach, maraon le hainmhithe agus le heallach eile feirme, á dtógáil as éadan acu, ar na rainsí móra talún a bronnadh orthu, agus chomh maith le sin arís, bhí an talamh mhéith á saothrú go sciliúil ealaíonta, acu, sa tslí go raibh barraí de chuile chineál á gcur, agus á mbaint, acu, bliain i ndiaidh bliana. Ní gá a rá, gur thóg na Spáinnigh scileanna nua-aoiseacha feirmeoireachta isteach sa limistéar sin leo, agus gur múineadh na scileanna sin do na hIndiaigh, ach thar aon rud eile, thógadar isteach leo na bealaí ab éifeachtaí, le talamh a uisciú, agus b’in an rud ba mhó a bhí ag teastáil ó thailte Chalafóirnia, le fásaigh na dúiche sin a chur faoi bhláth. Agus sin, gan tagairt a dhéanamh, in aon chor, don méid a bhí á dhéanamh, agus á tháirgeadh, ag na hoibrithe Indiacha sna saotharlanna, agus sna ceardlanna, a bhí ag obair faoi lán tseol, i ngach Misean acu! Ach céard faoin saibhreas uilig sin?

Anois, bhí móid bochtaineachta ag na Proinsiascánaigh, agus dá bhrí sin, ní fhéadfaidís-sean aon úsáid phearsanta a bhaint as an saibhreas uilig sin, a bhí a chnuasach ach sna Misin, ach, mar ab’ eol do chách, ba é a gcuspóir, nó únéireacht na Misean a bhronnadh ar na hIndiaigh, nuair a bheidís-sean oilte i gceart acu chuige sin. Bhuel, bhí pobal Indiach lonnaithe thart ar chuile Mhisean, iad baiste agus ag cleachtadh na Críostaíochta, ar an modh Spáinneach. Bhíodar breá síochánta, tríd is tríd, ach caitheadh leo, faoi mar ba pháistí, no nóibhísigh! iad. Níor tugadh deis dóibh bheith freagrach ina ngníomhartha fhéin, nó tuigeadh do na Padres, nach raibh an t-am chuige sin tagtha fós. B’in an laige ba mhó a bhí i gcóras na Misean Spáinneach úd áfach, agus b’in é ba chúis lena dtreascairt, i ndeireadh na dála. Shroich na Misin buaic a réime, thart ar an mbliain 1810, agus faoin mbliain 1820, bhí siad tosaithe, cheana féin, ar bheith ag dul i léig. Ach b’in é díreach an tráth ar thosaigh na Meicsicigh ag troid i gcoinne na Spáinne, iad ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach dóibh fhéin, agus an ruaig a chur ar na Spáinnigh. Bhain na Meicsicigh a neamhspleáchas amach, sa bhliain 1821, agus ón bpointe sin amach, fágadh Calafóirnia Spáinneach ar an mblár folamh, gan súil ar bith acu feasta leis na longa Spáinneacha, a thagadh chucu go rialta, roimhe sin, ó San Blas, i Ríocht Mheicsiceo, agus nuair a chuireann tú le sin, nach raibh aon réamhullmhúchán déanta ag na Spáinnigh, le Ríocht, nó Cumhacht, Indiach, a bhunú fan chósta Chalafóirnia, ní thógfadh sé Aireasteatal fhéin, le tuairim a chaitheamh, nach fada go dtiocfadh na Meicsicigh isteach sa mhullach orthu.

Dá dtabharfaí ceannas, de réir a chéile, fiú, do na hIndiaigh, ó thús an naoú haois déag, chuile sheans, go n-éireodh leo teacht saor, ach ba é a tharla, nó go ndearna Meicsiceo na Misin uilig a dhíeaglaisiú, sa bhliain 1833. Cuireadh an ruaig ar na Proinsiascánaigh ina dhiaidh sin, agus fágadh na hIndiaigh bhochta gan cheannairí, nó ní raibh siad ullmhaithe chuige sin, ag na sagairt, ní raibh scileanna an neamhspleáchais foghlamtha acu, agus cuireadh scaipeadh na mionéan orthu, sa chaoi gur bheag toradh a bhí ar shaothar ollmhór na bProinsiascánach, i meach na nIndiach Calafóirneach úd, idir na blianta 1769 agus 1833. Ach ag an am gcéanna, fanann a bhfís, agus a bhfoirgneamh, linn, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá na Misin áille sin, deisithe, athnuaite, agus athchóirithe, ag Caitlicigh, agus ag údaráis sibhialta, an fichiú haois, agus ní beag nó suarach an toradh agus an oidhreacht é sin, ó ré órga na Misean, i dtír úd na gréine gile.

B’fhéidir gurb é sin an ceacht a mhúineann oidhe na Misean Calafóirneach dEaglais an lae inniu.

Cén ceacht, an ea?

Go gcaithfear freagracht i bhfás agus i bhforbairt na hEaglaise sin a thabhairt do na tuataí, chomh luath géar is a chuirtear faoi láimh an Easpaig iad. Níor chóir fanacht riamh go mbeadh siad chomh hoilte le Diagairí. Má dhéanann, beidh an cluiche caillte, sul má thosaíonn sé.

Is dócha nár chóir dom aon chosúlacht a fheiceáil idir scéal na Misean Calafóirneach úd, agus scéal na hEaglaise Caitlicí, anseo i dtír seo na Naomh is na nOllamh, ach b’fhéidir go bhféadfadh duine a rá, gur coinníodh a liathróid ró-fhada sa chlibirt, anseo san Eaglais s’againne, agus nár tosaíodh ar roinnt na cumhachta sách luath, inár measc, agus b’fhéidir go bhfuil muid ag íoc go daor as an bhfaillí sin, i láthair na huaire seo. Agus más uainn ceacht ar bith a fhoghlaim as scéal na Misean úd, b’fhéidir gur chóir dúinn díriú anois fhéin, ag an nóimead deiridh, ar tuilleadh, agus tuilleadh fós, freagrachta, a thabhairt dár dtuataí.

Le críoch a chur le scéal na Misean, is dócha gur chóir a lua, gur ghabh na Stáit Aontaithe Calafóirnia, sa bhliain 1848, agus le himeacht na mblianta, thoiligh na Stáit sin, na Misin a thabhairt ar ais dá bpobail, agus diaidh ar ndiaidh, deineadh iad a atógáil, agus a athchóiriú, sa chaoi go bhfuil siad inniu, chomh hálainn is a bhí siad ó thús, geall leis, agus ní hé sin amháin é, ach úsáideann na pobail chéanna sin iad, mar thithe pobail, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Gura fada a leanfaidh cúrsaí amhlaidh.

Bhuel, is dócha gur leor sin mar Réamhrá don tsraith aistí seo, faoin tréimhse sin a chaith mé, ar na mallaibh, ar fán i measc Mhisean Chalafóirnia, agus mé ag iarraidh scil eicínt a bhaint as a stair, agus as a scéal, i bhfás agus i bhforbairt na tíre saibhre sin. Ach níor chóir an milleán uilig a leagan ar na Spáinnigh, nó is dócha go rabhthas ag súil leis an iomarca ó Indiaigh Chósta Thiar Mheiriceá, ag an am sin. Bhíothas ag súil go bhféadfadh siad a gcultúr, a n-oidhreacht, a gcreideamh, agus a stíl bheatha, a athrú, ó bhonn, taobh istigh d’achar gearr, agus go bhféadfaidís iompú ina Spáinnigh oilte, sciliúla, san achar gearr, inar tháinig siad faoi anáil na Spáinneach céanna sin, agus b’fhéidir nár deineadh aon ró-iarracht, ar an gcreideamh nua Críostaí a nódú ar spioradáltacht dúchasach a muintire. An chéad bhabhta eile, tá mé ag ceapadh, go mbeadh sé spéisiúil, a fháil amach, cé mhéad den tionchar Spáinneach, agus de thionchar na Criostaiochta, a fuair siad mar oidhreacht ó na glúnta a d’imigh rompu, a mhaireann fós i measc na gciníocha Indiacha céanna sin? San idirlinn, caithfidh muid bheith sásta leis an méid sin.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

       .

.

gaGaeilge