le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
A Phádraig, a chara,
N’fheadar ar spéis píosa dá leithéid seo thíos?
Beir Bua agus Beannacht
ó
Peadar Bairéad.
.
.
.
Feilire Achadh a’ Bhiolair
.
Peadar Bairéad
.
Tamall ó shoin, sheol Criostóir Ó Tuama Féilire Pharáiste Achadh a’ Bhiolair chugam, agus caithfidh mé a rá, go dtabharfainn fhéin an chraobh don bhFéilire chéanna sin, nó ní hamháin go dtugann sé míosa agus dátaí na bliana, faoi mar a thugann féilirí eile dúinn, ach chomh maith le sin, tugann sé eolas fairsing, léannta, iomadúil dúinn, faoi shaol, faoi shaothar, faoi chreideamh, agus faoi logainmneacha an Pharáiste sin. Caithfidh mé a admháil, nach bhfaca mé fhéin féilire ar aon dul leis cheana, ar a eagsúlacht, ar a thaighde, ar a leagan amach, agus ar a thíriúlacht. Is mór go deo an chreidiúint do Chriostóir é féilire dá leithéid a chur ar fáil dá phobal, agus is mór atá muid uilig faoi chomaoin aige as an bhFéilire álainn seo a chur ar fáil dúinn. Crochfaidh mé fhéin an Féilire seo in áit a mbeidh deis agam, braon dár n-oidhreacht a ól as go rialta.
Breathnaigh ar an gcéad leathanach de, mar a bhfuil blas agus radharc an Fhéilire le fáil againn. Ag barr an leathanaigh sin tá seo le léamh againn….
2011 CALENDAR
The Christian Community
Of Aghavillar and the adjacent areas
Faoin méid sin, tá pictiúir le feiceáil againn, pictiúir a bhfuil baint acu le creideamh agus le stair phobal na dúiche sin. Tá cupla eaglais le feiceáil againn ar an leathanach sin, agus Maighdean Mhedugorje, maraon le pictiúr d’eaglais Mhedugorje fhéin. Chomh maith le sin, tá pictiúr de Thobar Beannaithe Achadh a’ Bhiolair, agus pictiúr dIosagán Phráig. Tá le léamh ar an leathanach seo an dán cráifeach sin, “A Mhuire na nGrás” agus deirtear faoin dán sin, go raibh de nós ag an Easpag James Mcloughlin, nach maireann, go raibh de nós aige, an dán sin a aithris chuile lá dá shaol. Tá anseo freisin, tagairt dEaglais Bhreanndáin i mBaile Róibín, Eaglais a dúnadh ar Dhomhnach Cásca na bliana 2008.
De réir mar a théann tú ar aghaidh sa bhFéilire ansin, tugtar míreanna eolais duit, ar chuile leathanach. Tá tagairt do Bhreanndán, Éarlamh an Pharáiste, ar an dara leathanach. Faoi chuile mhí ansin, tá míreanna eolais le fáil, faoin teideal, An raibh fhios agat, míreanna eolais faoi chluichí, faoi fhoirne, agus faoi eachtraí a tharla sa Pharáiste. Tá tagairt le fáil iontu faoi Leacht Charraig Seabhac, a tógadh sa bhliain 1926, agus a chosain £21.00 ag an am sin, tagairt freisin do Mhairtírigh Mhanchúin, faoi chuairt an Uachtaráin, Máire Mhac Ghiolla Íosa, ar Bhaile Róibín sa bhliain 1999, tráth ar oscail sí Gairdín an Ghorta go hoifigiúil, agus tá le fáil i measc na míreanna sin freisin, tagairt don ócáid ar thug Micheál Daibhéid óráid uaidh, do shlua ollmhór, ó chéimeanna Theach Chonradh na Talún, i mBaile Hugúin. Sea, agus tá tuilleadh le fáil sna míreanna céanna sin freisin. Ar thaobh chlé chuile leathanach den bhFéilire tá pictiúir spéisiúla feistithe ag an údar, agus ní hé sin amháin é, mar tá grianghrafanna spéisiúla freisin le fáil ag deireadh an Fhéilire faoin dteideal,
Cá h-áit? Cé h-é? Who? Where? When?
Pictiúir spéisiúla a bhfuil baint acu leis an áit, agus pictiúir a gcuirfeadh pobal Achadh a’ Bhiolair spéis faoi leith iontu. Agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, tugann sé liosta logainmneacha, gona míniú, agus gan dabht ar domhan, is díol spéise iad sin do chuile dhuine. Ar an leathanach sin, tá eolas le fáil againn ar sheacht n-áit déag sa Pharáiste, áiteacha ar nós, Aghavillar fhéin, Booleyglass, Doire Lia, Condstown, Stoneyford, Newmarket, agus tuilleadh. Fágfaidh mé fút fhéin iad a léamh, ar do chaothúlacht.
Sea, agus ar chúl an Fhéilire, tugtar liosta de na fir, agus de na mná, ón dúiche seo, a leath an Soiscéal i bhfad agus i ngearr, agus tá grianghrafanna sheachtair déag acusan le fáil ansin freisin.
Fágfaidh mé an chuid eile fút fhéin, ach uair amháin eile, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Criostóir Ó Tuama fhéin, fear déanta agus fear deartha an Fhéilire spéisiúil, neamhghnách seo. Nár laga Dia a lámh.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Fuerteventura 2
.
Peadar Bairéad
Far away Places
.
In alt na seachtaine seo caite, d’inis mé dhaoibh faoi’n deacracht a bhí againn fáil isteach sna hArasáin a bhí curtha in áirithe dúinn ag ár nGníomhaire Saoire, míonna roimhe sin, ach ainneoin sin, bhí orainn fanacht, fad is bhí siad ag cuartú anseo, is ag ransú ansiúd. Ar ball, áfach, tháinig duine eicínt ar chuntas, i leabhar eicínt, go raibh árasáin curtha in áirithe don dhá ghrúpa dínn. Míle buíochas do Dhia, arsa sinne, d’aon ghuth, ach ar an droch uair, ní raibh árasáin ar bith réidh le sinn a shacadh isteach iontu, ag an bpointe sin . An mbeadh muid sásta fanacht cupla uair a chloig, le deis a thabhairt don bhfoireann glanta, árasáin a ghlanadh agus a ullmhú dúinn? Bhuel, bí ag caint ar rogha an dá dhíogha! Nó ní raibh le déanamh againn, ach fanacht an dá uair a chloig, sin nó bóthar a bhualadh, agus árasáin a lorg áit eicínt eile, bíodh go raibh díolta againne as dhá árasán san Ionad sin. Shocraiomar ar fanacht, agus ar ball, insíodh dúinn go raibh ár n-árasáin réidh dúinn agus bronnadh na heochracha orainn!
About time !
Faoin am sin, ba bheag nach raibh muid gan aithne gan urlabhara, ach ar aon nós, tar éis dúinn ár málaí taistil a shocrú sna hárasáin, thugamar an baile mór orainn fhéin, agus muid stiúgtha leis an ocras agus spalptha leis an tart. Anois, is féidir liom a rá nach raibh ganntanas bia nó dí san Ionad Saoire céanna sin Corralejo, nó bhí Proinntithe agus Óstáin den uile chineál le fáil ina múrtha ó cheann ceann an bhaile poirt álainn chéanna sin, agus i ndeireadh na dála, chuireamar cúl ar ár n-ocras agus ruaig ar ár dtart, agus chaitheamar an chuid eile den tráthnóna sin ag guairdeall timpeall, ag baint taitnimh as chuile shórt a bhí le feiceáil agus le cloisteáil i mbaile mór Corralejo.
A time to relax
Bhuel, tríd is tríd, bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaitheamar ar an oileán neamhaí céanna sin. Is dócha gurb é an bua is mó a bhaineann le saoire dá leithéid nó go mbíonn ar dhuine maireachtáil scathamh, gan ghluaisteán, gan fón, gan teilifís agus go mbíonn air freisin, saol simplí a chaitheamh, saol a chuireann iachall air, scaití a chaitheamh ag smaoineamh, agus bíonn air freisin a mharana a dhéanamh ar an gcineál saoil atá á chaitheamh aige sa mbaile. Tugann sin uilig sos iontach ó chúramaí an tsaoil chráite, chéasta seo, don duine. Bhuel, b’in mar a mhothaíomar, ar aon nós, agus ní call dom a rá, gur bhaineamar taitneamh as saol an Oileáin iontaigh, neamhaí sin. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfidh mé a admháil, go raibh an áit beagáinín ró-the domsa, nó déarfainn go raibh cineál brothaill agus tonn teasa ann, le linn dúinne bheith ansin, nó bhí an teocht sna triochaidí, i rith an ama sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, go bhfuil an teocht céanna sin beagáinín ró-the domsa, sea, agus sin gan tagairt ar bith a dhéanamh anseo do na diabhail corrmhíolta, a bhí flúirseach go maith ar an oileán ag an am sin, rud a chuir iachall ar dhaoine, bealadh, nó ungadh, speisialta frithchorrmhíolta a chaitheamh, leis na gadaithe beaga sin a choinneáil fad sciatháin uait!
Ar aon nós, taobh amuigh de sin ar fad, bhaineamar taitneamh as ár dtréimhse ansin, agus thaitin cuma scéirdiúil, feannta, fásúil an oileáin linn, ach, ag an am gcéanna, níor shil mé fhéin deoir ar bith nuair a bhí deireadh leis an saoire sin, agus muid ar ár mbealach ar ais abhaile go hÉirinn iathghlas oileánach, nó nach mbeadh sé deacair áit níos taitneamhaí, níos ilchineálaí, níos áille, ní í, a fháil faoi luí na gréine.
An mbeidh mé ag dul ar ais go Fuerteventura ar saoire arís?
N’fheadar mé, ach tá mé ag ceapadh, go bhféadfainn níos mó taitnimh a bhaint as saoire anseo i measc Bhánchnoic Éireann Ó, agus i measc an chine ar díobh mé, agus téadh an aimsir tigh an diabhail!!!
Céard fútsa?
“An áit úd ’narbh aoibhinn binnghuth éan
Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael;
’Sé mo chás bheith míle míle i gcéin
Ó Bhánchnoic Éireann Ó.”
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Go n-imí an Sioc leo!
Peadar Bairéad
(This week we consider some of the happenings of 2014)
Cruatan is Sásamh
Ní spalpann an ghrian chuile lá, nó ní bhíonn ré ar an spéir chuile oíche, agus dá bharr sin, bíonn orainn cur suas le fuacht agus le dorchadas, ar a seal. Mar a chéile le cúrsai an tsaoil chráite, chorraitheach, seo. Uaireanta bíonn muid ar dhroim na muice, agus amannta eile bíonn muid sáite go dtí na cluasa i gcoraí crua an tsaoil, tríd is tríd áfach, is troime a mheánn an grá ná an ghruaim, agus dá bharr sin, tuigtear dúinn, nach bhfuil tada eile ar an saol chomh tábhachtach dúinn le bua na beatha agus an sásamh a bhaineann muid as an sásamh saolta, a bhronntar orainn mar bhaill altrama de Chlann Dé. Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, ach chuige seo…
Agus muid fós i ngiorracht scread asail do lá sonasmhar na Nollag, agus gan ach fad choiscéim choiligh idir sinn agus an bhliain úr sin 2015, stadfaidh muid tamaillín, mar sin, le súil a chaitheamh siar, agus leis an tsúil eile a chaitheamh ar na laethe atá os ár gcomhair amach. Ní haon ionadh go mothóimid uainn feasta na laethe grianmhara úd, a chaitheamar faoin dtor, i rith na bliana atá ar tí éaló uainn, ach tá an t-am tagtha anois le slán a fhágáil acu, agus lenár mbreith a thabhairt orthu. Slán feasta leis na laethe glórmhara úd a thóg ár gcroí dúinn, agus guímis go mbeidh tuilleadh den chineál céanna sin carnaithe os ár gcomhair amach don bhliain atá ar thob a breithe, agus caithimis súil seabhaic ar na drochrudaí a tharla i rith na bliana atá anois sínte tréith ar leaba a báis.
Drochrudaí
Cad iad na drochrudaí sin atá i gceist agam sa ráiteas sin, an ea?
Bhuel! tá an chogaíocht uafásach sin, a thit amach in áiteacha éagsúla ar fud an domhain i rith na bliana 2014. Tuigeadh dúinn, le tamall de bhlianta anois, go raibh an bharbarthacht sin fágtha inár ndiaidh againn, ach faraoir! bhí breall orainn. Chomh maith le sin, tá freisin, an slad, an foréigean, ag ghoid is an robáil, an mhugáil is an sceanadh, a tharlaíonn go rialta ar ár sráideanna, ar ár mbóithre agus inár mbailte, lá i ndiaidh lae. Nach gcuirfeadh gníomhartha dá leithéid masmas agus múisc ort? nó léiríonn sé dúinn nach mór an dul chun cinn atá á dhéanamh againn, mar chine, i dtreo sochaí shibhialta. Rud eile nach silfear mórán deora ina dhiaidh isea an t-easaontas gontach a chránn saol polaitíochta na tíre seo. Is é atá le tuiscint ó mhangairí an easaontais seo, nó nach bhfuil scileanna rialaithe ag éinne eile ar an saol seo ach acu fhéin amháin, agus diaidh ar ndiaidh, éiríonn leo dallamullóg a chur ar shlám maith den phobal, rud a chuireann tús le tranglam tráchta inár gcumas le sinn fhéin a rialú.
Tá súil agam freisin, nach bhfeicfear arís, aon rud cosúil leis na rudaí a tharla in áiteacha áirithe, i rith na bliana atá ag imeacht uainn, rudaí cosúil leis an bhfuadach a deineadh ar buíonta scoláirí, agus ar mhná freisin, faoi mar ba earraí gan chearta daonna iad, earraí a d’fhéadfaí a dhíol, a mhalartú, nó a úsáid, gan chead, gan iarraidh. Súil agam freisin, nach bhfeicfear aon drochíde a thabhairt feasta ar sheandaoine, nó ar dhaoine a bhfuil éagumas ag baint leo, nó ar pháistí. Tríd is tríd, tá súil agam go gcuirfear deireadh le “Man’s inhumanity to man” sa bhliain bheannaithe atá romhainn amach.
Seanmhallacht
Níl le déanamh againn anois ach na hoilc sin uilig a bhailiú le chéile, agus an tseanmhallacht úd, “Go n-imí an sioc leo uilig” a chur leo! Súil agam mar sin, go bhfuil deireadh na mboc céanna sin feicthe againn, agus nach mbeidh os ár gcomhair amach, i rith na bliana 2015, ach sonas agus sásamh.
Faoi mhaise agus faoi bhláth go raibh an uile dhuine agaibh ón lá seo go dtí deireadh na bliana seo chugainn, bliain seo ár dTiarna, 2015.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
An Ród seo romhainn
.
Leigheas ar Choiriúlacht
Dhírigh mé, sa cholún seo, an tseachtain seo caite, ar dheighleáil le coiriúlacht, agus le mí-iompar, bhaill áirithe dár bpobal. Sea, agus ar an ócáid sin, gheall mé dhaoibh, go bhfillfinn ar an ábhar sin, go luath, le leigheas eicínt ar an nghalar crapallach sin a mholadh. Bhuel, seo chugaibh mé arís, an tseachtain seo, agus mé ag iarraidh an gheallúint sin a choimhlíonadh. Caithfear a admháil anois, nach bhfuil sé éasca, nó simplí, a leithéid a dhéanamh, nó dá mbeadh luibh ag na húdaráis s’againne, bheadh leigheas faighte acu, cheana féin, ach ní haon leithscéal é sin ar fhallsacht, nó ar leisce, sa chás seo. Ach nuair a smaoiníonn tú air, feicfidh tú nach bhfuil an dara rogha againn ach tabhairt faoi fhuascailt ár bhfaidhbe, nó mura n-eiríonn linn sin a dhéanamh, ar an dá luathas, bheadh sé chomh maith againn dul ag feadaíl, nó ní bheidh ar chumas duine ar bith againn buaileadh amach ar ár mbóithre, nó ar ár sráideanna, feasta, nó beidh deireadh le dlí is le reacht, agus ní bheidh ceart ag éinne, mura bhfuil an neart cuí aige, le sin a chur in áirithe dó.
Cúlú ar Chlaonta
Ach céard is féidir linn a dhéanamh, le cumhacht na ndronganna coirpeach, idir óg agus fásta, atá ag iarraidh smacht a fháil ar ár bpobal, a shrianú. Mar thús, caithfear dearcadh an phobail s’againne a athrú ó bhonn, agus chuige sin, caithfidh chuile dhream den bpobal a chion fhéin a dhéanamh, le saol ár linne a dhéanamh níos sibhialta, agus níos sláine. Agus an babhta seo, ní haon mhaith bheith ag iarraidh an t-ualach uilig a fhágáil ar an lucht léinn, trína rá, gur chóir dúinn cúrsaí nua a chur á múineadh sna scoileanna, agus dá ndéanfaí a leithéid, ansin ar ball, go ndéanfadh sin an pobal s’againne a shlánú. Faraoir! tá a fhios againn go maith, nach bhfuil ansin ach brionglóidí breallánta. An turas seo, caithfidh muid tosú leis na daoine fásta, na daoine a bhfuil tuiscint acu ar an saol. Sea, caithfidh colúna ciallmhara an phobail iarracht a dhéanamh ar anáil na beatha a shéideadh i bhfís seo ár slánaithe. Ní féidir linn cead a thabhairt do dhream ar bith fanacht ar an dtaobh amuigh, an turas seo.
Deireadh an Chluiche
Beifear ag brath ar lucht na Dála, agus ar an lucht Dlí, ar ár bhfórsaí Slándála, agus ar ár lucht spóirt, ar mhúinteoirí, ar shiopadóirí, agus ar an gcosmhuintir frí chéile, mar caithfidh siad uilig chuile iarracht a dhéanamh ar a chur ina luí ar ár gcoirpigh, go bhfuil deireadh lena gcluiche feasta. Céard tá i gceist agam, an ea?
Má chruthuítear i gcúirt, gur bhris saoranach eicínt an dlí, bhuel, caithfear glacadh leis, gur dhein sé a chontráil, agus go gcaithfeadh sé íoc as. Sin an cineál ruda atá i gceist agam, nuair adeirim, go gcaithfidh an sochaí s’againne a ndearcadh, agus a n-iompar, a athrú ó bhonn, leis an ngalar crapallach seo atá á gcéasadh, a chur ar gcúl.
Ach céard a tharlódh dá….
Ach, céard a tharlódh, dá mbeadh daoine ann, a déarfadh linn dul ag feadaíl, agus nach raibh fúthusan polasaí “goodie two shoes” dá leithéid a leanúint. Raghaidís a mbealach fhéin, beag beann ar dhearcadh dhaoine eile, díreach faoi mar atá á dhéanamh acu, i láthair na huaire seo. Bhuel! nach bhfuil ualach asail de dhlithe againn, le múineadh a chur ar a leithéidí. Sea! ach i ndiaidh dúinn úsáid a bhaint as na dlithe sin, le fios a mbéas a mhúineadh dóibh, má tharlaíonn, go bhfuil siad meáite fós ar neamhaird a thabhairt ar leas an phobail, céard is féidir linn a dhéanamh ansin? Tabhair seans eile dóibh, agus mura n-athraíonn siad a n-iompar ansin, ba chóir don Stát iad a chur isteach in Institiúd Speisialta Cheartúcháin, gan a thuilleadh moille. Faoi mar adeirtear thall, “Two Strikes and You’re Out!”
Agus an ligfí amach an an Institiúd Speisialta sin arís iad? Ligfí, dá n-éireodh leo a chruthú, go raibh a gceacht foghlamtha acu, agus nach raibh fúthu feasta, feidhmiú i gcoinne leas an phobail.
Due Process, an ea?
Anois, is féidir leat a bheith cinnte, go mbeadh daoine ann, a bheadh glan in aghaidh polasaí dá leithéid. Céard faoina gcearta daonna, agus céard faoi “Due Process” agus chuile shórt dá leithéid, adéarfadh siad, b’fhéidir? Sea, ach céard faoi chearta daonna na ndaoine ar dhein siad dochar dóibh? agus céard faoi leas an phobail i gcoitinne? Mura bhfuil Stát in ann cearta a shaoránach a chosaint, agus leas an phobail, frí chéile, a chur chun cinn, bhuel! tá teipthe air mar Stát, agus tá an “Conradh Sóisialta” briste acu.
Ach, faoi mar a dúirt mé thuas, caithfidh baill uilig an Stáit teacht taobh thiar den pholasaí seo, má theastaíonn uathu an lámh in uachtar a fháil ar na dronganna coirpeach atá teacht i dtír ar shaothar, agus ar dhúshaothar, dhaoine eile. Mar, cosúil lena lán buíonta eile, ní fhéadfaidís teacht i dtír, in aon chor, mura mbeadh tréad ansin lena “due process”, le chuile bhuntáiste a chur ar fáil dóibh lena gcoirpeacht a chleachtadh, faoi mar ba Ghairmeacha Uaisle iad, an robáil, an marú, an t-éigniú, agus an bualadh. Déarfainn go bhfuil sé thar am ag an Stát s’againne seasamh le leas an phobail, feasta.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Oirniú Easpaig
.
Fáilte romhat, a Easpaig
.
Fáiltíonn Osraí romhat, a Easpaig,
Go Suí Chiaráin, cois Feoire glé,
Fáiltíonn do phobal romhat abhaile
Ón Róimh anoir mar Aoire Dé.
.
Bronnadh cumhacht trí leagan lámh ort,
Glacaimidne led mhisean chugainn,
Is guímid rath is séan ort feasta,
Grásta ó Dhia duit is dúinn.
.
Nár laga Dia do mhisneach choíche,
Go neartaí sé do chroí ‘s do lámh,
Go n-éirí leat trí dheonu Chríosta
Teaghlach Chiaráin a sheoladh slán.
.
Failte romhat abhaile
Ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh Séamus Freeman, Easpag nua Osraí, i gcolún na seachtaine seo. Fáiltímis roimhe go croíúil, agus é ag dul i gcomharbacht ar Chiarán Chléire, céad Easpag ar Shuí ársa Osraí. I ndáiríre, ní chuile lá a bhíonn an deis againn anseo fáiltiú roimh Phrealáid chéimiúil dá leithéid inár measc, nó ní raibh sa cholún seo ach bunóc, nuair a chuireamar fáilte abhaile roimh an Easpag de Fuireastal, ar a theacht inár measc mar Easpag Osraí, tarraingt ar sheacht mbliana is fiche ó shoin, anois.
Éist le Cling an Chloig
Dúisíonn ócáid dá leithéid fonn ionainn, dul siar bóithrín na smaointe, agus tamall a chaitheamh sa ghort céanna sin, ag tabhairt glóir na laethe a bhí chun cuimhne arís. Smaoiníonn muid ar an saol mar a bhí, an tráth úd, nuair a thosaigh Ciarán Chléire fhéin ar a thuras go hOsraí, i ndeireadh an cheathrú haois. Is dócha go bhfuil scéal a chloigín cloiste ag chuile dhuine againn, faoin am seo. Dhealródh sé, go ndeachaigh Ciarán ag taisteal roimhe, agus é ina fhear óg. Chuaigh sé chomh fada ó bhaile leis an Róimh, an tráth sin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur baisteadh é, agus ar ball, gur oirníodh ina Easpag é. Thart ar an am seo dá shaol, is cosúil gur casadh Pádraig air, agus thug Pádraig an cloigín coisricthe seo dó, agus dúirt leis, a chill a thógáil, cibé áit a chlingfeadh an cloigín, as a stuaim fhéin. Bhí go maith, is ní raibh go holc. Chuaigh Ciarán ar ais go hÉirinn, go hInis Cléire, is dócha, agus ba ghearr go ndeachaigh sé ar a mhisean, ag craoibhscaoileadh an Chreidimh Chríostaí, roimhe is ina dhiaidh.
Cloigín Phádraig
Tharla, lá, agus é ag taisteal trí Shaighir, san áit a bhfuil Contae Ua Fáighle sa lá atá inniu ann, agus do bharúil? nár chling an cloigín. Stop Ciarán, agus shocraigh sé ar chomhairle Phádraig a ghlacadh, agus cheanncheathrú dá mhisean i measc na nOsraíoch a bhunú san áit sin. D’éirigh go seoigh leis ina chuid oibre, agus d’fhás agus d’fhorbair an creideamh i gcliabhán úd na Críostaíochta, gur leath sé, le himeacht aimsire, ar fud Ríochta ársa Osraí. D’fhan Saighir Chiaráin mar lár-ionad na deoise sin, Osrai, an deoise is sine in Éirinn, go dtí gur aistríodh, ar ball é, go hAchadh Bó, mar a raibh a Mainistir ag Cainneach agus ag Fearghail, agus ar deireadh thiar, sa dara haois déag, aistríodh ceanncheathrú na deoise sin go Cill Chainnigh fhéin, mar a bhfuil sé suite, go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
An Ceathrú Easpag is Nócha
Ach nach fada go deo an an t-achar siar é go ré Chiaráin, agus nach iomaí sin Easpag a tháinig i gcomharbacht air, ón am sin anuas. Trí dhuine is nócha díobh, adeir lucht léinn linn, agus cé chuirfeadh ina gcoinne siúd? agus anois, tá an ceathrú duine is nócha díobh, oirnithe, coisricthe, beannaithe, réidh ullamh le dul i mbun oibre anseo in Achadh Chiaráin, áit a ndéanfaidh sé a dhícheall ar mhisean Chiaráin a choinneáil sa tsiúl. Nár leagadh lámha na nEaspag air, thíos ansin san Ardeaglais, leis an gcumhacht easpagúil a shíneadh anuas chuige? anuas trí shlabhra caol na mblianta, ó Choláiste na nAspal fhéin, nó níl údarás Aspalda ag éinne, taobh amuigh díobh siúd, ar síneadh chucu anuas é, ó dhuine de na hAspail fhéin, trí lámha a leagan orthu.
Coisricthe Feasta
Ní gá dhom a rá anois, gur deineadh ár nEaspag a oirniú, thíos in Ardeaglais Mhuire, anseo sa Chathair Álainn, ar an nDomhnach, an Dara lá de Mhí na Nollag, i mbliain seo ár dTiarna, Dhá Mhíle a seacht.
Níl le déanamh agamsa mar sin, ach fáilte ó chroí a fhearadh roimhe go hOsraí seo na Naomh. Nár laga Dia a lámh, agus Beannacht an Rí fhéin ar a shaothar, anois agus i dtólamh.