le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Todhchaí na Gaeilge?
.
Deirtear go bhfuil thart ar 6,000 teanga á labhairt ag daoine, ó cheann ceann na cruinne, ach má tá fhéin, deir na saineolaithe linn, go gcailltear ceann de na teangacha sin chuile choicíos. Anois, ó tharla nach gcumtar teangacha nua, ach go hannamh, tá sé soiléir go bhfuil uimhir na dteangacha ag dul i laghad ó bhliain go bliain. Tuige, adéarfadh duine, a gcailltear na teangacha sin? Bhuel, iompaíonn pobal ó theanga amháin go teanga eile ar chúiseanna áirithe.
Concas
• Uaireannta cuireann tír amháin isteach ar thír eile trína gabháil, agus a chur faoi chois, agus is é an bealach is éifeachtaí le tír a smachtú nó a teanga a bhaint di, agus do theanga fhéin a chur á labhairt ina háit. Nuair a chailleann tír a teanga, cailleann si a córas smaointe agus a bealach le breathnú ar an saol mór amuigh. Cailleann sí freisin, a misneach agus a spiorad, nó faoi mar adeireadh siad fadó….Tír gan teanga, tír gan anam….
Dul chun cinn!
• Uaireannta eile, tar éis blianta fada a bheith caite ag tír faoi shál agus faoi bhráca lucht concais, is amhlaidh a thuigtear do phobal na tíre sin, go bhféadfadh siad dul chun cinn níos mó a dhéanamh trí theanga eile, teanga a máistrí, a úsáid feasta, nó tuigtear dóibh, go bhfuil a dteanga fhéin as dáta, agus iargúlta. “Ní líonfaidh do theanga dhúchais do bholg”, a chloisfeá ó dhaoine dá leithéid.
An Teanga nach bhfuil Láidir…..
• Níl dabht ar bith, ach oireadh, ach go mbíonn tionchar nach beag ag na teangacha móra idirnáisiúnta ar chúlú na dteangacha laga. Níl le déanamh againn ach breathnú timpeall orainn, agus tabharfaidh muid faoi deara, go mbíonn tionchar an-mhór ag teangacha, ar nós, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Eadáilis, i gComhairle an Aontais Eorpaigh, agus cé go n-aithnítear mionteangacha áirithe freisin, tugtar le fios, nach bhfuil iontu ach mionteangacha. Le himeacht na mblianta, tá sé soiléir, go dtiocfaidh laghdú ar uimhir na dteangacha labhartha, má leantar den chleachtadh sin. Más uainn na mionteangacha a shábháil, caithfear úsáid a bhaint as cumas nua-aoiseach cumarsáide, le deis a thabhairt do chuile phobal, an idirphlé a chloisint ina dteanga dhúchais fhéin.
AthEarrach
Is féidir le chuile dhuine a fheiceáil, go bhfuil neart nua le tabhairt faoi deara i gcúrsaí na Gaeilge faoi láthair, agus cuid mhaith dá bhuíochas sin ag dul do Chóras na nGaelscoileanna. Ba iad na tuismitheoirí fhéin a chuir tús leis an gCóras sin, nó chonacthas dóibh, nach dtiocfadh an Ghaeilge slán mura ndéanfadh siadsan a ndícheall, le scoileanna lánGhaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dá bpáistí, an teanga a shealbhú agus a fhoghlaim go nádúrtha, trína labhairt. Ní gá dhomsa a rá, gur éirigh go seoigh leis an bhfiontar sin, agus anois, dá bharr, tá Meánscoileanna lánGhailge á mbunú, le hobair na nGaelscoileanna a tharraingt isteach sa Chóras Meánoideachais, agus ar ball, beidh éileamh ar na hOllscoileanna oideachas iomlán Ollscoile a chur ar fáil trí Ghaeilge, freisin. Nuair a tharlóidh a leithéid, beidh a fhios againn ansin, go bhfuil fás nua, agus forbairt, tagtha faoin dteanga s’againne, agus go bhfuil an dara hEarrach ina rás chugainn, beidh dóchas ansin againn, nach mbeidh sí ar cheann de na teangacha sin a chailltear chuile choicíos. Nára fada uainn an lá sin.
.
Peadar Bairéad
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Do thús na Mílaoise
.
.
Léim an Dá Mhíle……………………………………………..2009
Le
Pádraig Ó Fiannachta……………………………………….€10.00
*********************
Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann acu thall, agus an ceann eile abhus, atá an sagart cráifeach dáiríreach seo, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Feictear dó, dár liomsa, go bhfuil laethe a ré fhéin ag druidim chun chríche, mo dhála fhéin freisin, agus dá bharr sin, caitheann sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil, ar úire agus ar ghlaise an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúchair bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear na Gailíle. Samhlaítear dó, go bhfuil breith agus óige na Críostaíochta buailte isteach ina aigne níos daingne ná mar atá imeachtaí agus tarlúintí a óige fhéin, ina dhúiche fhéin. Micheál de Liostún a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin é, a chéaduair, i ndán leis a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin sin nó…
“Rugadh Íosa in Áth Dara.
Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”
Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe díograiseacha an Iarthair, breis is an deich mbliana is trí scór ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana.
Dhá Mhíle Bliain
Léim an dá mhíle bliain, ón lá atá inniu ann, siar go dtí laethe Chríost, níl ann i ndáiríre ach cupla truslóg, mar adeir an tAthair Pádraig linn.
Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar an tsagairt. Saothar Uí Fhiannachta ar chlé, agus saothar Natalie ar dheis. Breá, taitneamhach an leagan amach é, agus nach breá an socrú é go bhféadfá breathnú ar chonas a rinne Natalie leagnacha cainte áirithe a láimhseail i mBéarla. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.
Turas chun an Tobair
Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, cheana féin, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air, sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh ionnam. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán a bhualadh chun an tobair dho-thaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin, na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?
Ach b’fhéidir gur chóir dom tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.
I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraic ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, eolgaiseacha, agus ní taise don iarracht seo é.
Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.
“Ní os comhair an tsáipéil
A bhí Críost ag caint an lá úd
Ach thiar ag Bun Calaidh
Agus amuigh ar Cheann an Ché….”
Ainmníonn sé na daoine a bhí ar an bhfód don ócáid, daoine ón áit ba ea a bhfurmhór. Bhí Aspail ann freisin, bhí Síomón agus Aindí beag i mbun a mbáid is a líonta. Bhí oíche caite acu ar thóir na scadán, ach ruball scadáin fhéin ní bhfuair siad, agus anois bhí siad tagtha i dtír, suncaithe, sáraithe.
Ba ghearr gur thuig Íosa go bhféadfadh sé labhairt leis an slua, dá dtarlódh amuigh i mbád Shíomóin é.
Seanmóir á thabhairt
D’iarr sé ar Shíomón teacht i gcabhair air sa mhéid sin. Rinne. Agus thug Íosa Seanmóir uaidh as tochta an bháid sin.
Labhair Íosa leo faoi éisc agus faoi iascaireacht, rud a chuir ionadh ar dhaoine, nó nár shiúinéir eisean, mac Iosaef? Nuair a bhí deireadh ráite aige, d’imigh na daoine, ach d’fhan na hiascairí, agus d’iarr Íosa orthu buaileadh amach píosa, “Agus déanaíg cor” ar seisean. Rinne mar adúradh leo, agus ba ghearr go raibh na líonta lán go scóig le héisc. Ghlaoigh Síomón ar Shéamas agus ar Eoin, agus ba é deireadh an scéil é nó go raibh…
“Na báid lán agus na líonta slán.”
Ag an bpointe sin, thuig Íosa go maith, go raibh Síomón gafa aige, agus go ndéanfadh sé iascaire fónta, ar ball, iascaire ar dhaoine.
“Dúirt leis: Tair agus lean mise,
Agus déanfaidh mé iascaire ar dhaoine díot.”
Mac an Duine
Sa chéad chaibidil eile, faigheann muid Íosa agus na hAspail, ag caint faoi Mhac an Duine fhéin. Agus ag breathnú ar Shíomón, labhair sé leis…
“Cé adeir siad is mé?” ar sé leis.
Cuid acu Eoin Baiste, a thuilleadh Éilias,
Nó duine de na fáithe.”
“Cé adeir tusa is mé?”
Is tú Críost Mac Dé Bhí…”
Shuigh an file an beart sin i gCeann Sléibhe. Agus Pheadar roghnaithe ag Íosa, shocraigh sé ar a eaglais a bhunú ar an gCarraig sin.
Ina dhiaidh sin, déantar tagairt do eachtraí áirithe eile ó mhisean an Tiarna.
Cuairt ar na hEasláin
Thug Íosa cuairt ar na heasláin, rud a tharlaíonn go rialta i saol an údair fhéin, nuair a théann sé ar ghlaoch ola, agus nuair a thógann sé an Tiarna chucu siúd a bhíonn ina ghátar.
Bhronn an Tiarna síocháin agus suaimhneas ar na heasláin, agus thug a gheallúint dóibh..
“Is mó áras ata i dtigh mAthar.
Raghadsa agus cuirfead áit i gcóir daoibh.”
Ar ball arís, beannaigh Íosa na créatúir uilig atá curtha i gCill Mhairéad, Reilg an Ghorta.
“Táid anois in aoibhneas na bhFlaitheas.
Is leo Ríocht Dé.”
Nach mar sin a labhraíonn an Tiarna leis an údar fhéin tráth fhéachann seisean ar an Reilg chéanna sin?
An tArán Beo
Déantar tagairt freisin don tSuipéar Deiridh, nuair a thug an Tiarna a chuid fola agus feola dá Aspail, á rá leo, sea, agus dhearbhaigh sé an ráiteas sin, trína rá leo…
“Is mise an t-arán beo
A tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo,
Mairfhidh sé go deo.”
Sea, agus nach cóngarach do chroí an fhile an ráiteas céanna sin, nó nach cuid dá shaol laethúil é, bheith ag glaoch ar an bhfuil agus ar an bhfeoil chéanna sin teacht anuas ó na Flaithis agus tamall a chaitheamh os a chomhair amach, ar lic na haltóra, le linn dó an tAifreann a cheiliúradh.
Leagann an t-údar scéal Lazarus os ár gcomhair freisin, ach suíonn sé ar an nGairtheanaigh é.
“Mise an tAiséirí agus an Bheatha.”
Clabhsúr
Le clabhsúr a chur ar a dhán, críochnaíonn an file an scéal dúinn trí thagairt a dhéanamh don Cháisc, agus don Aiséirí.
“Céad glóir le Dia!” arsa Síomón Peadar,
“Agus canaimis an Hallel.”
B’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le críoch a chur lem’ smaointe fánacha faoi “Léim an Dá Mhíle,” an dán iontach, spreagúil, seo, a chuireann Críost ag taisteal arís inár measc, trínár mbailte, trínár gcuanta, agus trínár ndúichí, faoi mar a chuirimis fhéin an Teaghlach Naofa ar a n-aistear chugainn, Oícheanta Nollag, fadó. Sea, éiríonn leis an bhfile anseo, na sean chuimhní sin a mhúscailt arís inár gcroíthe. Gura fada buan iad inár measc.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
S N I O G A D H M O S C É I L
.
Gheall mé dhaoibh cheana, go bhfillfinn, am eicínt, le críoch a chur leis an scéal seo, scéal mo bheatha, agus nuair a smaoiním air anois, nach fada an turas atá siúlta agam, ó rugadh mé, i lár na bhfichidí, i mbaile na Druime, i bParáiste na Cille Móire, in Iorras Domhnann, i gContae Mhaigh Eo. Mór go deo idir an cineál saoil a bhí i dtreis, thiar againne, an tráth úd, agus an cineál saoil atá ann, sa lá atá inniu ann. Is dócha go bhféadfá a rá, gur thaistil mé fhéin, faoi mar a bheinn i meaisín ama, ó shaol mheánaoiseach go saol taibhseach, taitneamhach, freacnairc, an aonú haois fichead. Thitfeadh na daoine a bhí beo, ag an am sin, as a seasamh, dá ndéarfaí leo, go bhfeicfí riamh na hiontais atá le feiceáil againn, sa lá atá inniu ann.
Saol bocht, gortach, gann, a bhí ag daoine an tráth úd, sé sin, i gcomparáid leis an gcineál saoil atá ag daoine anois, ach an tráth úd, ní raibh cleachtadh ag éinne ar a mhalairt, agus dá bharr sin, bhíodar breá, sásta, lena raibh acu, agus níorbh é sin amháin é, ach bhaineadar sult agus sásamh, toit agus taitneamh, as an saol a bhí i dtreis an tráth sin, faoi mar a bhaineann lucht an lae inniu sásamh as a bhfuil ar fáil acusan, sna laethe seo.
Ré an Ghanntain
Bhí chuile shórt gann an tráth úd. An té a bheadh amuigh cois trá, bhaileodh sé chuile shórt dá bhfaigheadh sé sa mbruth fó thír, giotaí adhmaid, buidéil, cláiríní, nó iasc, fiú, mar ba bhreá a thuig siad, go bhféadfaí leas a bhaint astu sa bhaile. Ní raghadh duine, an tráth úd thar an leithphingin fhéin, gan í a phiocadh suas agus a chur ina phóca, nó dá bhfaigheadh sé ceann eile le cur lei, nach mbeadh pingin aige! Mar an gcéanna le rud ar bith a gheobhadh sé ag dul amú, ar bhóthar, ar shráid, nó ar thrá. Breathnaigh ar chúrsaí sa lá atá inniu ann, agus tabharfaidh tú faoi deara, nach mbacfadh bunús na ndaoine le rudaí fánacha dá leithéid, nó nach bhfuil a ndóthain mhór de na hearraí sin acu, cheana féin.
Ré na Meitheal
Bhí rud eile le tabhairt faoi deara an t-am sin, nach bhfeicfeá ach go hannamh anois, agus b’in go raibh daoine sásta cabhair agus cúnamh a thabhairt dá chéile. Thuigeadar, go binn, brí an tseanfhocail adúirt, gur ar scáth a chéile a mhaireann daoine, agus ba threise, dár leosan, an pobal ná an duine aonair, agus ba é dualgas an phobail chéanna sin, teacht i gcabhair ar an nduine aonair, in am an ghátair. Sea, agus b’in é díreach a dheinidís, agus ba as an dearcadh sin a d’eascair an mheitheal agus comhar na gcomharsan. Sea, agus an rud nach raibh agatsa, dá mbeadh flúirse de ag duine eile, d’fhéadfá a bheith cinnte, nach bhfágfaí ar an ngannchuid thú. Sa tslí sin, roinnfí bainne, uibheacha, im, móin, fataí, agus a leithéid, ar an gcomharsa a bhí dhá n-uireasa.
Ré na Cuartaíochta
Bhí rud eile i gceist freisin, agus sé sin, go bhféadfá na gasúir a ligint amach gan faitíos nó eagla go ndéanfadh comharsa ar bith dochar dóibh, a mhalairt a bhí fíor, nó choinníodh an chomharsa súil ar ghasúir an phobail, agus bhídís sásta freastal orthu, dá dteastódh tada uathu.
B’in an tráth, nuair a théadh daoine ag cuartaíocht i rith shéasúr na cuartaíochta, ó Shamhain go Bealtaine. Bhídís ag scéalaíocht agus ag imirt cártaí, agus ag an am gcéanna, bhíodh na rudaí beaga ag imirt a gcleas siúd freisin, sea, agus b’fhéidir go mbeadh na mná ag cuilteáil, nó ag cleiteáil leo go sásta. Sea, chuile dhuine ag seinim ar a uirlis fhéin. B’in a bhí sa treis, sul ar tháinig an raidió, nó an Teilifís, i gcumhacht i ngach uile chistin agus parlús sa tír. Sea, mh’anam, níorbh olc ar fad an saol é, nó chuir sé iachall ar dhaoine úsáid a bhaint as a dtallanna fhéin, le caitheamh aimsire daonna, ar a leibhéal fhéin, a chur ar fáil dóibh fhéin. Dá dteastódh ó dhuine tuairimí ardnósacha a chloisteáil, cead aige comhluadar an Mháistir, nó an Dochtúra, nó an tSagairt fhéin, bail ó Dhia air, a lorg, ach annamh go maith a dhéanaidís a leithéid, mura mbeadh fonn nuachta nó a leithéid orthu.
Ré an Daonnaí
Sa chineál saoil a chleacht muidinne, agus mise i mo pháiste, ní raibh trácht ar raidió nó ar theilifís, ar irisí nó ar ghreannáin, nó fiú ar nuachtáin, taobh amuigh de na seachtanáin, agus dár ndóigh, ní raibh an fón fhéin, ach ag an bhfíor-chorrdhuine.
Cá bhfaigheadh daoine an nuacht, an tráth úd, má sea?
Sna seachtanáin, agus ó bheith ag comhrá leis na daoine gairmiúla, a raibh fáil acu ar na meáin chumarsáide, nó bí cinnte, go raibh teacht ag na daoine sin ar nuachtáin, ar raidió nuair a tháinig sé ar an bhfód, agus ar an bhfón, freisin.
Agus cérbh iad na daoine gairmiúla, a raibh teacht acu ar na foinsí eolais sin?
Lucht gairme, cosúil leis an sagart, an múinteoir, an dochtúir, agus a leithéidí. Nílimse ach ag maíomh nach raibh fáil ag an gcosmhuintir s’againne ar na foinsí nuachta sin. Istigh i dteach an ghréasaí, nó an chaibléara, nó fiú i gceárta an ghabha dhuibh, ba mhó a bhíodh a dtarraingt siúd, ar thóir nuachta, sea, agus d’fháilteoidís roimh an lucht siúil freisin, nó nach ndeirtí i gcónaí go mbíodh siúlach scéalach.
Litreacha, an ea?
Céard faoi litreacha, mar sin?
B’annamh a gheofaí litir, an tráth úd, sé sin, mura raibh duine muinteartha agat sna Stáit, nó i Sasana, sin nó go mbeadh airgead ag siopadóir eicínt, nó ag an “Land Commission” ort, agus go mbeadh siad ar a thóir! Ceart go leor bhíodh cupla cárta Nollag, ag dul sa timpeall, thart ar an Nollaig, ach taobh amuigh de sin, ba bheag an baol go mbeadh casán rua buailte ag fhear an phoist chun do dhorais.
Cén fáth ar tharraing mé an téad sin chugam le críoch a chur leis an tsraith aistí dírbheathaisnéiseacha seo, an ea?
Toisc gurb iad sin an troscán atá le feiceáil agamsa fós i gcistin mo chuimhní, agus am ar bith a théim siar ar bhóithrín na smaointe, tógaim chugam cnámha na gcuimhní céanna sin, agus caithim seal á gcreimeadh. Agus le himeacht na mblianta, is amhlaidh is soiléire, agus is snasta, a éiríonn na cuimhní sin.
Ach céard faoi na cuimhní atá bailithe agam, i rith na mbianta a d’imigh, ó chuaigh mé amach ar scor?
Gála amháin eile….
Táid sin ann freisin, ach tá faitíos orm, go gcaithfidh mé iad sin a choinneáil siar go dtí an chéad ghála eile, agus geallaimse dhuit anois é, go gcuirfidh an chéad ghála eile sin críoch le mo scéalsa, scéal a thug ó bhaile na Druime go barr Mesa Verde sna Stáit Aontaithe, agus ó Bharúntacht Iorrais go Playa Del Ingles i nGran Canaria, mé, sea agus saol a thug ó smacht na sagartachta go fíon fiáin borb na filíochta, agus ó léamh na salm go ceird chasta na scríbhneoireachta mé, ach ó thús deireadh, ba é mo mhian, chuile lá riamh, casán an chirt agus bealach mo leasa a leanúint, bíodh go bhfuil a fhios agam, nach i gcónaí a d’éirigh liom an mhian sin a réaladh, i gcaitheamh mo laethe.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
E a c h t r a i g h D ú i n n
Caibidil 10
.
Le cupla caibidil anois, bhí an téarma SMA á úsáid agam go rialta, agus i ndáiríre, níor dhein mé aon ró-iarracht ar an téarma sin a mhíniú daoibh, agus tuigtear dom anois, nárbh olc an tseift í, tamall a chaitheamh ag cur síos ar an Eagraíocht Mhiseanach sin, a raibh mé fhéin ag iarraidh fáil isteach inti, an tráth úd. Anois, ní hOrd Crábhaidh atá i gceist againn anseo, ach Cumann Crábhaidh, nó cé nach mbíonn flúirse airgid ag duine ar bith den Chumann céanna sin, go bhfios domsa ach go háirithe, ag an am gcéanna, ní bhíonn orthu Móid Bhochtaineachta a thabhairt. Bíonn orthu Móid Umhlaíochta a thabhairt, ní dá n-easpag, ach dá n-uachtaráin fhéin, agus do cibé duine a chuirfeadh na huachtaráin chéanna sin ina mbun. Chomh fada is bhaineann sé leis an SMA sin, tagann sin ó ainm an Chumainn sa Laidin. “Societas Missionum ad Afros”, a thugtar orthu sa teanga ársa sin, agus b’iad cinnlitreacha na bhfocal sin a d’fhág SMA mar ainm orthu. Bhí ceangal idr an Cúige Éireannach den Chumann sin leis an bhFrainc, dár ndóigh, nó ba Easpag Francach a bhunaigh an Cumann, sa bhliain 1856. Joseph Marion de Bresillac, a bhí ar an easpag sin. B’fhear é, a raibh blianta caite san India aige, agus ó tharla gur éirigh sé as a chuid oibre ansin, nuair a tháinig sé ar ais chun na Fraince, theastaigh uaidh misean chun na hAifrice a bhunú. Thug sé cuairt ar an Vatacáin, le cead chuige sin a lorg, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur thug an Pápa an cead sin dó, agus thug “Sierra Leone” mar Chríoch Mhisineach dó. Bhailigh sé na pingneacha, agus cheannaigh teach i Lyons na Fraince, agus i gcionn cupla bliain, bhí triúr sagart agus beirt bhráithre, maraon leis an Easpag fhéin, amuigh i Sierra Leone, i mbun oibre, ach ar an drochuair, bhí an Fiabhras Buí ag réabadh roimhe sa tír sin, ag an am, agus taobh istigh d’achar gearr, cailleadh chuile dhuine den Chumann a bhí i Sierra Leone ag an am. Ní raibh fágtha ansin, i gceanncheathrú na Misean, i Lyons, ach Pere Planque, a fágadh i mbun cúrsaí ansin, agus beirt shagart, beirt bhráithre agus ceathrar ábhar sagairt. Thug an tAthair Planque aghaidh ar an Róimh, agus leag a chás os comhair an Phápa fhéin, agus dúirt leis, gur mhaith leis leanúint le fís an Easpaig de Bresillac a chur i gcrích. Thug an Pápa a bheannacht fhéin dó, agus mhol dó casán an easpaig a leanacht. Ba dhian an misean é, ag an am sin, nó ba é ainm a bhí ar an gcríoch mhiseanach sin acusan, ag an am, nó Reilg na bhFhear Geal, agus cúis mhaith chuige sin, nó ní mhaireadh na fir gheala chéanna ann, ar an meán, ach thart ar dhá bhliain. Caithfidh go raibh creideamh thar na bearta ag na misinéirí sin!
Bheannaigh Dia a saothar, nó taobh istigh de dheich mbliana, bhí triocha sagart den Chumann ag saothrú leo sa mhisean sin, agus faoin mbliain 1907 bhí breis agus dhá chéad misinéir amuigh ansin san Aifric acu. Bí ag caint ar fhás aon oíche!
Ach caithfimid dul siar beagáinín, go dtí seachtóidí an naoú haois déag, nuair a tharla go raibh dhá chríoch mhiseanacha thábhachtacha ag an SMA ina raibh Béarla á úsáid go hoifigiúil iontu, agus b’in iad an Nigéir, ar choilíneacht Sasanach í, ón mbliain 1862, agus An Aifric Theas, mar a raibh Béarla riachtanach do na misineirí. Mar sin, theastaigh misinéirí le Béarla go géar uathu, agus b’in a tharraing a n-aird ar Éirinn, a chéaduair. Sa bhliain 1876, d’oscail an SMA misean san Airfic Theas, agus tharla gur chuir siad aithne ar shagart Éireannach, dárb ainm James O Haire sa Chríoch sin, agus b’eisean a mhol dóibh dul go hÉirinn, le misinéirí a earcú ansin, le teacht i gcabhair orthu. Ba é deireadh an scéil sin é, no gur chuireadar an tAthair O Haire fhéin go hÉirinn thar a gceann. Thug sé a aghaidh ar Chorcaigh na Long, agus fuair cead ó Easpag Chorcaí dá thionscadal. An bhliain dár gcionn, chuir sé cearthrar mac léinn ó Chorcaigh go dtí an Chliarscoil i Lyons na Fraince, le dul i mbun staidéir don tsagartacht ansin. Níor fhan an tAthair O Haire i bhfad i gCorcaigh, nó níor bhall den SMA riamh é, agus chuaigh sé arais chun na hAfraice Theas arís, chomh luath agus a d’fhéadfadh sé. Cuireadh sagart Francach, “Pere Francois Devoucoux” go hÉirinn, sa bhliain 1878, lena áit a líonadh ansin. Tháinig Sasanach saibhir, a d’iompaigh ina Chaitliceach tamall roimhe sin, i gcabhair ar an sagart Francach sin, agus trína chabhair siúd, cheannaigh sé sealúchas breá ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh, agus ba ar an suíomh sin a tógadh scoil sa bhliain 1880, agus séipéal, an bhliain dár gcionn, agus is ar an suíomh sin atá croí agus ceanncheathrú an SMA sa tír seo, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ba é a theastaigh ó na Francaigh áfach, nó an scoil sin a úsáid, le mic léinn a ullmhú dá gCliarscoil fhéin i Lyons, ach ar an gcéad dul síos, ní raibh an oiread sin mic léinn á n-earcú acu, agus níos measa fós, d’éirigh roinnt mhaith díobh sin as an staidéar, sular oirníodh ina sagairt thall iad. Ansin, tuigeadh dóibh, sa bhFrainc, go mba mhaith an smaoineamh é, úsáid a bhaint as an scoil sin i gCorcaigh, le deis a thabhairt do mhic léinn Francacha, seal a chaitheamh ansin ag foghlaim Béarla.
Sa mbliain 1883, cuireadh ball eile den Chumann go hÉirinn, in áit “Phere Devoucoux”. Eilbhéiseach ba ea an tAthair Joseph Zimmerman, agus chaith seisean ocht mbliana is fiche i gCorcaigh, agus b’eisean, thar éinne eile, a mhúnlaigh an Cúige Éireannach den SMA. D’éirigh leis an sagart iontach seo dul i gcionn ar easpaig, ar shagairt agus ar thuataí Éireann, agus fuair cabhair agus cúnamh fial flaithiúil uathu. Ach ba chóir a lua anseo, go ndeachaigh sé i gcionn, ar bhealach speisialta, ar Llewellyn Blake, ball de cheann de na clanna caitliceacha ba cháiliúla san Iarthar ó tháinig muintir De Burgo chun na dúiche sin, sa dara haois déag, agus ba in ómós dá shinsir Bhreatnacha a baisteadh Llewellyn air. B’iarshaighdiúir é, a chaith seal ag saighdiúireacht san India, mar bhall de na Connaught Rangers, mar ar bhain sé céim Leifteanantchornéal amach dó fhéin. B’fhear saibhir é, a raibh teach breá mór aige i Cloughballymore, láimh le Cill Cholgain, i gContae na Gaillimhe. Bhuel, ba é deireadh an scéil é, gur bhronn sé an teach sin ar an SMA, ach mhair sé fhéin sa teach sin in éindigh leo, go deireadh a laethe. Ar ball, fuair sé teach mór a athar, Ballinafad House, le hoidhreacht óna athair, agus bhfuil fhios agat céard a rinne sé leis an teach sin freisin? Sea, thug sé an teach sin freisin don SMA, sa bhliain 1908, agus b’in an áit a raibh Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, mar ar chaith mé fhéin dhá bhliain, ag freastal air, i dtús na ndachaidí. Níorbh é amháin gur bhronn Llewellyn an dá áras álainn sin ar an SMA, ach bhí dhá eastát fhairsinge ag gabháil leis na hárais chéanna sin, agus bronnadh iadsan freisin orthu, agus chomh maith leo sin uilig, thug sé airgead dóibh go fial fairsing freisin, sa chaoi gur ghearr go raibh an tAthair Zimmerman ag iarraidh Cúige neamhspleách de Chumann an SMA a bhunú anseo in Éirinn, nó cheana féin, sa bhlain 1888, d’éirigh leo sealúchas breá fairsing eile a cheannacht i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí áit ar tógadh Coláiste Sheosaimh, agus sa bhliain 1897, thóg an tAthair Zimmerman séipéal breá ansin, i Wilton. Tá an séipéal ansin go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus bheadh fhios agat láithreach, go raibh baint eicínt ag an seipéal sin leis an Eilbhéis, nó tá crochadh an dín níos géire i bhfad ná mar a gheofá, coitianta, sa tír seo.
Pé’r bith scéal é, d’éirigh leis an Athair Zimmerman an comhar a íoc le Llewellyn nuair a d’éirigh leis, a chur ina luí ar an bPápa, an teideal, Cunta, a bhronnadh air sa bhliain 1907, agus chomh maith le sin, deineadh ball onórach den SMA de. Níor bheag sin, lena meas air, agus lena n-urraim dó, a léiriú.
Fad is a bhí na rudaí sin uilig ag tarlú, bhí an sagart Eilbhéiseach sin, ar a mhíle dhícheall, ag iarraidh Cúige Éireannach den SMA a bhunú anseo, nó, go dtí an pointe sin, ní raibh acu anseo in Éirinn ach cuid den Mhisean Francach, gan Ionad Fealsúnachta nó Cliarascoil dá gcuid fhéin acu, le misinéirí Éireannacha a ullmhú don tsagartacht iontu, ach ní raibh na Francaigh sásta géilleadh puinn don Athair Zimmerman, nó dá lucht tacaíochta, agus bhí ina chogadh neamhaí eatarthu. I ndáiríre, rinne siad a míle dícheall le féachaint chuige, nach dtarlódh a leithéid, ach i ndeireadh na dála, bhí an brú ón Eilbhéiseach, agus ó Easpaig Éireannacha sách láidir, le cur ina luí ar an Vatacáin, gur chóir dóibhsean géilleadh, agus sa bhliain 1909, tugadh an cead pápúil do na hÉireannaigh, le scoil Fealsúnachta, agus Diagachta, dá gcuid fhéin, a bhunú ina gceanncheathrú, ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh. Osclaíodh na hionaid sin, ar an 20 Meán Fómhair, 1909, agus b’in an chéad Mhór-Chliarscoil, dírithe ar na misin choigríocha amháin, a osclaíodh riamh sa tír seo.
Bhí ceataí sa scéal áfach, nó ag an bpointe seo, dhearbhaigh na Francaigh don Vatacáin, go mbeadh siad sásta Cúige Éireannach den SMA a cheadú, ar choinníoll go ndéanfaí an tAthair Zimmerman a aisghairm chun na Fraince, agus an tAthair Stephen Kyne a chur go hÉirinn ina áit. Glacadh leis an gcomhghéilleadh sin sa Róimh, bíodh nach raibh na hEaspaig abhus, nó an Cunta Blake, sásta leis an socrú sin, olc, maith, nó dona, agus bíodh go ndearna siad chuile dhícheall a chur ina luí ar an Vatacáin nár chóir an tAthair Zimmerman a aisghairm, níor tugadh orthu áfach, ach an chluas bhodhar. D’imigh an sagart sin ar ais chun na Fraince, agus sa bhliain 1910 seoladh chun na Stát Aontaithe é, agus bíodh gur chaill roinnt mhaith de na hEaspaig agus de na tuataí Éireannacha, suim sa Chumann dá bharr, ag an am gcéanna, fuair na misinéirí Éireannacha cead a gCúige neamhspleách fhéin a bhunú, sa bhliain 1912. Go gairid ina dhiaidh sin, sa bhliain 1916, dhírigh na hEaspaig Éireannacha a ndúthracht ar Mhisean Mhá Nuat chun na Síne, agus ar ball arís, sa bhliain 1932, bunaíodh buíon eile, The Kiltegan Fathers, le dúil na nEaspag sna misin a léiriú, dúil a dhúisigh an tAthair Zimmerman iontu, blianta fada roimhe sin. Ag an am gcéanna, agus tráthúil go leor, bhí an-dul chun cinn déanta ag an SMA Éireannach, agus bhí an tAthair Stephen Kyne chomh díograiseach sin, gur éirigh leo, ní amháin teacht i dtír, ach d’éirigh leo fás agus forbairt, sa tslí go raibh an Cúige Éireannach den Chumann neamhspleách ar fad ar an Máthair-Chumann sa bhFrainc. Ach, chaithfeadh duine smaoineamh gur mhór an trua é, gur tharla an t-easaontas sin idir an Athair Zimmerman agus an Mháthair-Chumann céanna sin sa bhFrainc, nó níl dabht ar domhan, ach gur bhain an t-easaontas céanna sin siar go mór as a ndul chun cinn, agus as an tacaíocht, agus as an gcúnamh, a bhí curtha ar fáil dóibh, roimhe sin, ag Easpaig, ag sagairt, agus ag tuataí Éireann. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo!
Faoin mbliain 1922, bhí trí scór misinéir ag saothrú leo, ar na misin choigríocha, ag Cúige Éireann den SMA, agus ag an am gcéanna, bhí céad triocha ábhar sagairt á n-ullmhú don tsagartacht acu ina gcúig Choláiste, anseo i dtír na hÉireann. Osclaíodh Cliarscoil bhrea, nua, fairsing, don Chumann, in ”Dromantine”, i gContae an Dúin, sa bhliain 1926, nuair a d’éirigh leis an gCumann “Dromantine House” a cheannach, rud a tuigeadh a bheith dodhéanta sa taobh sin tíre, ag an am.. Ach beidh tuilleadh le rá agam faoi Cloughballymore House agus faoi Dromantine House, amach anseo.
D’imigh sin áfach, agus tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, tá an Cumann céanna sin beo beathaíoch fós, agus faoin am seo, tá naoi gCúige den Chumann ann, agus ceanncheathrú acu sa Róimh fhéin. Tá breis mhaith is míle sagart acu ar mhisin, ó cheann ceann na cruinne, agus ní gá a rá, gurb é an Cúige Éireannach, an Cúige is mó orthu uilig, nó tá thart ar cheithre chéad sagart acusan ar na misin. Tá tarraingt ar chéad milliún daoine ina gcónaí sna críocha a ndéanann siad freastal orthu, áit a bhfuil thart ar 4%, nó 5%, díobh ina gCaitlicigh.
Bhuel, sin agat anois roinnt éigin eolais faoin “outfit” a raibh mé fhéin bainteach leo, ar feadh breis is naoi mbliana, nó bhí mé i ngiorracht bhliain go leith do bheith oirnithe, nuair a d’fhág mé Cliarscoil Dromantine, sa bhliain 1950. Ach, b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam faoin SMA, an babhta seo, ach tuigeadh dom, nach bhféadfaí mo scéal a thuiscint i gceart, mura líonfainn isteach cuid den mhioneolas céanna sin.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad,
(This week we review ÉALÚ by Áine Uí Fhoghlú)
Céadchló sa bhliain 2013…..….. €8.00
.
Leabhar Spéisiúil
Anois, bíodh gur foilsÍodh an leabhar seo sa bhliain 2013, caithfidh mé a admháil, nár léigh mé fhéin é go dtí le déanaí, agus cé nach bhfuil sa leabhar ar fad ach thart ar chéad leathanach ó thús deireadh, caithfidh mé a rá leat anseo, gur bhain mé an-taitneamh as. D’éirigh leis an údar réimse leathan de mhothúcháin an duine daonna a chur ag comhcheol go ceolmhar sa scéal seo. Tá grá, fuath, caradas, díoltas, agus uisce faoi thalamh, fite fuaite go healaíonta tríd an scéal seo. Ní haon ionadh, gur bhuaigh an leabhar seo duais Chló- Iarchonnacht sa bhliain 2013, agus ní gá, ach oiread, a rá, nach é seo an chéad leabhar a shil ó pheann líofa an údair sciliúil seo, nó is scríbhneoir déanta próis í, agus file aitheanta foilsithe í freisin as Rinn Bhile i gContae Phort Láirge.
Ach ag tagairt don leabhar seo, is féidir a rá, gurb í, Magda, an príomhcharachtar sa scéal nó fítear an scéal ar fad, d’fhéadfá a rá, thart uirthi.
Scéal Mhagda
Bean óg Pholannach is ea Magda, a tháinig ar imirce go hÉirinn ar thóir oibre, agus í ag súil le saol sona sásta, ar dhroim na muice, a chaitheamh anseo, ach ní mar a shíltear a bítear, go minic, agus níorbh aon eisceacht é scéal Mhagda, ach oiread. D’éirigh lei obair a fháil mar bhean ghlantacháin. Caithfidh sé go mba chailín dathúil í Magda, agus ba ghearr gur leag Matt, fear saibhir gnó, súil uirthi, agus bíodh go raibh Magda ar bheagán Béarla, níorbh aon chonstaic é sin do chúrsaí a gcaradais, nó bhí Polainnis den scoth ag Matt. Lean cúrsaí ar aghaidh go seoigh, agus i ngearraimsir bhí an péire ceangailte faoi chuing an phósta, agus cónaí orthu i dteach galánta ar imeall na cathrach, ach níor chathair mar a tuairisc é an Matt céanna seo, nó in ionad a bheith grámhar cineálta, is amhlaidh a bhí sé éadmhar gránna. Ba ghearr go bhfacthas do Mhagda nár chéile a bhí ag teastáil ó Mhatt ach sclábhaí, a choinneodh teach glan néata dó, agus a chuirfeadh saol compórdach, sómhar ar fáil dó fhéin. Theastaigh uaidh go gcoinneodh sí an teach glan agus go réiteodh sí béilí blasta den scoth dó, agus chomh maith le sin, go gcoinneodh sí chuile shórt sa teach ina áit cheart fhéin. Ba ghearr go bhfuair Magda amach freisin, go mba mhaistín de bhullaí é Matt, a rinne í a bhualadh agus a bhatráil cupla babhta. Ní raibh Magda sásta cur suas le saol dá leithéid, agus thosaigh sí ag ullmhú don lá nuair a gheobhadh sí deis éalaithe. D’fhoghlaim sí Béarla, i ngan fhios do Mhatt, agus thosaigh sí ag pleanáil, agus ag ullmhú, don lá mór sin.
Ar éirigh lei éalú? nó an raibh Matt ábalta cosc a chur lena pleananna?
An-léamh
Anois, níl fúmsa an scéal ar fad a mhilleadh ortsa, ach má theastaíonn uaitse fios fátha gach scéil a fháil amach duit fhéin, níl le déanamh agat ach an leabhar seo a fháil, agus a léamh, agus geallaimse dhuit é, nach mbeidh a chathú ort, nó is deas, spéisiúil, teannasach, an scéal é, ar deacair é a chur uait, agus cuir le sin, gur féidir leat an leabhar a cheannach ar €8.00. Sladmhargadh, gan aon dabht, ar leabhar chomh corraitheach, sásúil, leis. Bhí orm fhéin é a athléamh, le toit agus taitneamh iomlán a bhaint as!
.
.