le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I m B é a l a n P h o b a i l .
*****************************
The August Holiday .
Ó tharla go dtiteann chomóradh lá mo phósta i rith na saoire céanna seo, tá de nós againn, sé sin, mé fhéin is mo bhean, scuabadh linn an tráth seo chuile bhliain, le roinnt laethe a chaitheamh linn fhéin, áit eicínt álainn, suimiúil, i dtír seo na hÉireann, agus i mbliana, shocraigh muid ar na laethe sin a chaitheamh thíos i Ríocht ársa Chiarraí. Anois, tá’s ag an lá, go bhfuil an oiread sin áiteacha áille, suimiúla, thíos sa taobh sin tíre, nach raibh sé éasca, in aon chor, teacht ar ionad a d’oiriúnfadh don bhliain áirithe seo. Bhuel, tar éis roinnt mhaith ama a chaitheamh ar ár marana, ba é a shocraigh muid, i ndeire na feide, nó aghaidh a thabhairt ar an gCom, i leithinis Chorca Dhuibhne
In time for the Match !
Bhuaileamar bóthar luath go leor ar an Satharn an 31u d’Iúil, agus mar is eol do chách, bhí bóthar fada, tuirsiúil, anacair, os ár gcomhair amach, ach faoi mar tharla, níor mhothaíomar an t-am ag sleamhnú tharainn, agus shroicheamar an Com luath go leor le bheith in ann breathnú ar an gCluiche iománaíochta idir Chill Chainnigh agus Port Láirge. Ní gá dhom a rá, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, ar an ócáid áirithe sin! Ar ais linn ansin go dtí ár dteach lóistín, teach lóistín Bhearnard agus Fionuala Mhic Gearailt, “Suan na Mara”, atá suite tamall gearr amach ón gCom, ar Bhóthar Chaisleán Ghriaire. Ní call dom an teach céanna sin a mholadh, nó tá sé molta agus mise i mo thost. Leor a rá, gur thaitin sé thar barr linne, agus tá socraithe againn athchuairt a thabhairt air, an chéad bhabhta eile a bheidh muid sna bólaí céanna sin.
Agus muid ag cur fúinn sa taobh sin tíre, bhí cóngar trá agus sléibhe againn, agus mura raibh radharcra den chéad scoth againn ó mhaidin go hoíche, ní lá fós é! An tráthnóna sin, agus idir ocras agus tart orainn, thugamar aghaidh ar Phroinnteach an Aghasaigh, i lár an Choim. Chomh luath is a chuamar thar tairseach isteach, bhí a fhios againn go raibh an rogha ceart déanta againn, nó bhí an áit ag cur thar maoil le daoine, rud a d’inis dúinne, go raibh tarraingt na dúiche ar an bProinnteach céanna sin, ar fheabhas agus ar bhlastacht na mbéilí a dháiltear ar a cuid aíonna. Cuireadh an fhírinne chéanna sin ar ár súile dúinn, nuair a leagadh dinnéar ríoga os ár gcomhair amach. Ní bréag a rá, go sásódh na béilí ceanna sin goile fathaigh, gan trácht in aon chor ar an nduine daonna fhéin. Ní call a rá, gur chodlaíomar go sámh an oíche sin, ár gcéad oíche riamh ar an gCom.
The Trip to Dingle .
Ar an nDomhnach, tar éis Aifreann a éisteacht i séipeal álainn an bhaile, thugamar aghaidh ar an nDaingean, ach in áit dhul amach ar Bhóthar an Daingin, is amhlaidh a chuamar amach thar na sléibhte arda úd a dtugtar Sliabh Mis orthu. Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go breá i dtosach, ach de réir mar a chuamar chun tosaigh, is ea ba mhó a chuaigh sé i bhfeidhm orainn, nárbh aon “Freeway”, nó “Motorway” ach oiread, a bhí sa bhóithrín caol, anacair, casta, a roghnaíomar. Scaití, bheadh fonn ar dhuine casadh ar ais, ach cá bhfaigheadh sé an spás lena ghluaisteán a chasadh ar bhóithrín chom caol sin? Ní raibh ach rud amháin le déanamh agat, agus b’in treabhadh leat chun cinn, ag súil go sroichfeá áit eicínt, i ndeireadh na dála! Chuamar thar an nDún ársa úd, Cathair Con Rí, agus go gearr ina dhiaidh sin, shroicheamar an pointe is airde ar an mbóthar céanna sin, agus go gearr ina dhiaidh sin, fuaireamar an radharc ab iontaí dá bhfaca mé fhéin le mo shúile cinn, riamh, nó i bhfad, i bhfad, thíos fúinn, agus os ár gcomhair amach díreach, bhí radharc álainn le fáil againn ar Bhá an Daingin. B’éigean dúinn an gluaisteán a stopadh tamall, leis an radharcra céanna sin a ól isteach, agus a chur i dtaisce i measc na radharcanna áille a bhí stórailte againn i gcóifrín na cuimhne, ionas go mbeadh fáil againn orthu, amach anseo, nuair a bheadh gruamacht agus gráice an Gheimhridh dár gcrá. Ar deireadh, shroicheamar an cósta, cóngarach do baile “Aughils Bridge”. Ar dheis linn ansin, agus leanamar linn ar aghaidh trí Abhainn na Scáil, Lios Póil, agus ar deireadh thiar, shroicheamar baile dosháraithe an Daingin fhéin. Smaoinigh mé ansin ar Pheig bhocht Sayers, agus í ag cur síos ar thithe móra, arda, an bhaile sin, agus ar lá an aonaigh, nuair a bhí na sráideanna dubh le daoine. Céard déarfadh an créatúr dá mbeadh radharc le fáil aice anois ar na sráideanna céanna sin, arsa mise liom fhéin, nó níor bhréag ar bith a rá, go raibh na sráideanna sin plódaithe le daoine, ach bhí difir mhór idir na sluaite a bhí ag siúl leo, fan na sráideanna sin anois, agus na sluaite a bhí le feiceáil ag Peig ina lá fhéin. Ciarraígh uilig, d’fhéadfá a rá, a bhí le feiceáil ag Peig, ach na sluaite a bhí le feiceáil agamsa an lá álainn sin, bhíodar ann ó cheithre hairde an tsaoil mhóir, agus a scéal fhéin, sea mh’anam, agus a theanga fhéin freisin, ag chuile dhuine acu.
On Board the Jeannie Johnston .
Ar deireadh, thugamar faoi deara go raibh an-bhrú daoine thíos bealach na cé. Céard a bhí á dtarraingt uilig sa treo sin? adúramar linn fhéin. Ba gherar go raibh freagra na ceiste sin le fáil againn, nó thíos ansin, feistithe agus ar ancaire, bhí an “Jeannie Johnston”, macasamhail na loinge úd a d’iompar na mílte thar tonnta na Farraige Móire, siar go Meiriceá agus go Ceanada, thart ar aimsir an Ghora Mhóir, sea, agus bhí na céadta ina scuaine mhór, fhada, ruballach, ansin, ag síneadh siar ón long sin, agus iad ag fanacht, ar a seal, le dul ar bord, go bhfeicfidís an cineál loinge a d’iompar na mílte sin uilig, agus iad ar a dteicheadh ón nGorta céanna sin, agus iad ag súil le saol níos fearr a chur in áirithe dóibh fhéin, agus dá síol, thall. Shocraíomar fhéin gur mhaith linn dul ar bord, agus leis an scéal a dhéanamh níos éasca dúinn, tharla beirt orainn, nach raibh an t-am acu fanacht ar a seal fhéin le dul ar bord, ach bhí ticéid acu, agus thugadar dúinne iad, saor in aisce.
Bhuel, chuamar isteach ag deireadh na scuaine sin, agus d’fhanamar ar ár seal. Chuamar ar bord ansin, agus caithfidh mé a admháil, gur bheag nár bhain an radharc istigh deoir asainn. Chonaiceamar an chúinge agus an doircheacht inar mhaireadar, na himircigh bhochta sin, ar feadh breis is sé seachtaine, ar a dturas chun an domhain úir, sea, agus gan mórán acu, i bhfoirm bia nó dí, fan an aistir fhada chéanna sin. Ach, thuigeamar, ag an am gcéanna, nárbh aon “Coffin Ship” í an Jeannie Johnston céanna sin, nó níor cailleadh duine ar bith ar bord na loinge céanna sin, i rith a turasanna fada ó Chiarraí go dtí an domhan úr, i rith bhlianta uafásacha úd an Ghorta Mhóir. Chonaiceamar na leapacha loinge agus daoine bréige iontu, agus a scéal á ríomh dúinn ag gleas taifeadta ar bord. Caithfidh me a admhail go ndeachaigh an chuairt ud ar an Jeannie Johnston i bhfeidhm go mor orainn, agus ni doigh liom go ndeanfaimid dearmad uirthi go luath. Ar ball, chuamar abhaile, agus ní gá a rá gur chaitheamar seal an oíche sin ag cur scéal an Jeannie Johnston trí chéile, agus má fhaigheann tú fhéin an deis cuairt a thabhairt ar an long chéanna sin, bí cinnte go dtapóidh do dheis chuige sin, nó tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh as.
.
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Scéal Corraitheach
.
Change of Heart……………………..£16.99
by
Jodi Picoult….……………céad chló… 2008
.
Ní hé seo an chéad uair ag Jodi Picoult peann a leagan ar phár, nó is scríbhneoir aithnidiúil í, a bhfuil thart ar cheithre húrscéal déag leagtha aici os ár gcomhair, cheana féin. Bean í a bhfuil a rian leagtha uirthi ag Princeton agus Harvard, nó ba sna hIonaid cháiliúla Léinn sin, a chuir sí faobhar ar lann a cumas cruthaíochta. Tá cónaí uirthi fhéin, a céile, agus a dtriúr clainne, i New Hampshire, sna Stáit Aontaithe, faoi láthair.
Leabhar den scoth atá anseo againn, agus caithfidh mé a admháil, gur leabhar é, a chuaigh i gcionn go mór orm fhéin. Corruair, tríd an leabhar, cheap mé go raibh sé ag dul chun leadráin, ach, go gairid ina dhiaidh sin, bhainfeadh an t-údar casadh as an scéal a mhusclódh mo shuim agus m’ fhiosracht, athuair, agus ansin, de réir mar a bhí an scéal ag druidim chun chríche, is amhlaidh a méadaíodh ar thionchar, ar theannas, agus ar dhaonnacht amh na hinste, sa chaoi go raibh fonn orm, anois is arís, sa chuid deiridh sin den scéal, an leabhar a leagan ar leataobh, nó bhí corraitheacht agus teannas an scéil ag dul go smior na gcnámh ionnam. Ach, le filleadh ar an teideal…
Teideal Oiriúnach
Change of Heart, a bhaist an t-údar ar an úrscéal seo, agus is é is cúis leis an ainm sin nó go bhfuil Nódú Croí de dhlúth is d’inneach, sa scéal neamhghnách, corraitheach, seo.
Shay Bourne an t-ainm atá ar an bpríomhcharactar sa scéal seo. Dúnmharfóir, a bhfuarthas ciontach e, i marú athair agus a iníon, agus a bhfuil aon bhliain déag caite anois aige i gcillín an bháis, fad is a bhí an lucht Dlí ag baint úsáide as chuile chleas dá gcuid, ag iarraidh é a shaoradh ón ndán cinniúnach a bhi ag smeideadh air, faoin am sin.
Póilí ba ea Kurt Nealon a léirigh a dhaonnacht, agus a charthannacht, trí shúil a choinneáil ar June, tar éis di a céad chéile a chailliúint i dtimpiste bóthair. Ba é deireadh an scéil sin, nó gur phós an bheirt sin. Ar ball, d’fhostaigh siad fear oibre, le graithí beaga a dhéanamh dóibh timpeall an tí. D’éirigh go maith leis an socrú sin, ar feadh tréimhse, ach thit an tóin as domhan June, nuair a mharaigh Shay a fear céile agus a hiníon, d’aon iarracht amháin, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, a gus nios truamhéilí fós, bhí June ag iompar, ag an am.
Gabháil agus Triail
Gabhadh Shay, agus cuireadh ar a thriail é, agus ba deireadh an scéil sin, nó go bhfuarthas ciontach i ndúnmharú na beirte é, agus daoradh chun bháis é. Tharla sin thart ar aon bhliain déag roimh am an scéil, agus anois, bhí an té a bhí á iompar aice, nuair a maraíodh a céile fir, bhí sí anois ag fás aníos, ach, ar an ndrochuair, bhí galar croí ag cur as di, agus gan slánú i ndán di, mura bhfaigheadh sí croí nua.
Nuair a chuala Shay an scéal sin faoi Claire, iníon June, agus an chaoi a raibh nódú croí ag teastáil go géar uaithi, shocraigh sé ina intinn, go mbronnfadh seisean a chroí fhéin uirthi, tar éis don Stát é a chur chun bháis, nó ní bheadh gá aige fhéin leis feasta. Bhí go maith is ní raibh go holc, ach chuige sin, bhí lán a’ mhála d’fhadhbanna le sárú ag a chairde. Ní gá dhom a rá, gur éirigh leo na fadhbanna céanna sin a shárú, ach níor gan dua é, agus san idirlinn, d’inis Shay do chomhairleoir dá chuid, gurbh é an fáth ar mharaigh sé Kurt, nó gur tháinig sé air, agus é ag baint mí-úsáid as a leasiníon. Ní inseodh sé sin do na húdaráis áfach, nó chuirfeadh sin isteach an iomarca ar June agus ar Claire.
Críoch gan rath
Brónach go leor atá críoch an scéil, agus is beag nach mbainfeadh sé deoir as croí cloiche fhéin, ach gan dabht ar domhan, is suimiúil an scéal é, tógtha ar chreatlach lom, míthrócaireach, na dlí. Thaitin an bealach a roghnaigh an t-údar, leis an scéal a leagan os ár gcomhair. Is amhlaidh a bhaineann sí úsáid as na carachtair éagsúla, a bhfuil baint faoi leith acu leis an ndúnmharfóir, agus cuireann siadsan a mbreith fhéin air, inár láthair, éiríonn leosan freisin Shay a cheistiú, agus sa tslí sin, is féidir leis an údar carachtar Shay a líonadh, a leathnú, agus a fhorbairt, ó chaibidil go caibidil.
Carachtair an scéil
Is iad na carachtair a dtugtar an deis sin dóibh, nó June, an bhaintreach, agus máthair Claire; Michael, an sagart caitliceach, a dhéanann iarracht ar chomhairle a leasa a chur ar Shay, bíodh go bhfásann driseacha áirithe ar an gcasán céanna sin, lena ghnó a dhéanamh níos deacra; Lucius, príosúnach a bhí ag cur faoi, ag an am sin, i gcillín bhéal dorais Shay; Maggie, an dlíodóir, nár dhein aon dá leath dá dícheall, agus í ag iarraidh chuile chabhair a chur ar fáil do Shay, le linn dó bheith ina phríosúnach, i gcillín an bháis; Agus leis an scéal a chríochnú, tagann Claire fhéin isteach le Epilogue an scéil a leagan os ár gcomhair.
Tríd is tríd, mar sin, is scéal den scoth é an scéal seo. B’fhéidir go bhfuil a clár fhéin ag Jodi Picault, lena dearcadh ar phionós an bháis a leagan os comhair an phobail, ach má tá fhéin, éiríonn lei é a dhéanamh go formhothaithe, d’fhéadfá a rá.
An-scéal, an-chur-chuige, an-stíl, agus bealach taitneamhach, réidh, éasca, inste scéil, á chleachtadh agus á fhorbairt ag an údar ildánach, clúiteach, cáiliúil, seo.
B’fhéidir gur mhaith leat fhéin triail a bhaint as!
.
.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Séimí agus na Meáin
Peadar Bairéad
(This week we sketch a meeting with our old friend, Séimí a’ Droichid)
Ar ais arís
Cnag rúnda ar an ndoras tosaigh, agus fead chaol, éilitheach, trí pholl na litreach, an dá chomhartha a thug le fios dom go raibh mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, ar ais abhaile arís. D’inis mé dhaoibh, tamall ó shoin, go raibh ár seanchara, Séimí, go dona tinn, go raibh sé tar éis dul faoi scian an mhainlia agus go raibh seans ann nach bhfillfeadh sé ar a bhaile go deo arís, an fear bocht, ach caithfidh mé a rá, gur tuigeadh dom fhéin, chuile lá riamh, nach ngéillfeadh mo Shéimí breá do ghalar ar bith go ró-éasca, agus bhí mé ag ceapadh gur ghearr go mbeadh sé ar ais ar a sheanléim arís.
Ba ghearr an mhoill orm mo sheanchara a ligint isteach agus fáilte fial a chur roimhe.
“Aon scéal nua agat, tar éis do chuid taistil agus do chuid eachtraí, dá bhféadfainn a leithéid a bhaisteadh orthu?” arsa mé fhéin leis, chomh luath is a bhí sé suite cois tine agus gloine ina lámh aige.
“Óra fuist! a chara, inseoidh mé dhuit faoi m’eachtraí, am eicínt eile, ach ag caint ar scéal nua! Diabhal scéal no scuan atá agam ach an seanscéal ar bhuail mé diallait air sa cholún seo go minic cheana.”
“Agus cén scéal é fhéin” arsa mise, agus mé ar mo dhícheall ag iarraidh scéal eicínt a mhealladh uaidh.
“Bheul! Tharla go raibh mo dhóthain ama agam, le tamall anuas anois, le bheith ag breathnú ar an teilifís, agus ag éisteacht leis an raidió, agus dá bharr sin, bhí deis agam tionchar na meán úd a thabhairt faoi deara.”
“ Agus, a Shéimí, an é do mheas anois, go bhfuil na meáin Éireannacha díreach chomh maith, nó níos fear b’fhéidir, ná meáin thíortha eile?”
“Cinnte, bhí am agam leis an gcomparáid sin a dhéanamh, agus dár liomsa, ní bhainfeadh na meáin Éireannacha craobh i gcomórtas ar bith dá leithéid.”
“Agus tuige sin, a Shéimí? Nár cheap mé fhéin go mbeadh sé deacair na meáin s’againne a bhualadh.”
“An as do mheabhair atá tú? nó d’fheicfeadh duine ar bith nach bhfuil i roinnt de na cláracha a chraolann siad ach dearg aimidí agus nach bhfuil bun nó barr ar roinnt eile acu, agus i dtaobh roinnt eile fós, táid ann adéarfadh, nár chraith siad lámh riamh le moráltacht, nó le ciall.”
“Ach, níor cheap mé fhéin riamh go raibh cláracha dá leithéid á gcraoladh ag na stáisiúin s’againne.”
Pluid thar a cheann!
“Bhí fear tuaithe sa leaba taobh liom fhéin, san ospidéal, agus dá gcloisfeá seisean ag cur síos ar na cláracha céanna sin, thuigfeá céard tá i gceist agam.”
“Ach cén cineál cláracha atá idir chamáin agat, a Shéimí?”
“Ar bhreathnaigh tú riamh ar chláracha ar nós Tallafornia, Love/Hate. nó na cláracha úd a thugann leideanna faoi chúrsaí gnéis don aos óg? Agus is dócha gur chuala tú an fógra úd a mhaíonn go mbeidh buíon fear ag teacht chugainn, gan mhoill, dream a thiocfadh os comhair an tslua gan snáithe orthu! Go bhfóire Dia fhéin orainn! Arbh fhiú an trioblóid go léir le go mbeadh na deiseanna sin curtha ar fáil dúinn? Bhuel, tharraingíodh mo dhuine an phluid thar a cheann nuair a bhíodh a leithéid ar an scáileán, nó le clos ar an raidió, fiú! Anois, bhreathnaigh mé fhéin ar chupla ceann de na cláracha sin, ach ní d’dhonn pléisiúr a bhaint astu, an dtuigeann tú? ach le go mbeadh deis agam mo chairde a chur ar an eolas, agus ar a n-aire, i dtaobh na gcláracha baolacha céanna sin.”
“Ach, a Shéimí, ní do dhaoine aosta, cosúil linne, a cumadh na cláracha céanna sin, ach do dhaoine óga, fuinniúla, folaíocta, a mbíonn goile dhoshásta acu do chláracha dá leithéid.”
“Is dócha go bhfuil cuid den cheart agat sa mhéid sin, ach minic go leor d’fhéadfá roinnt daoine aosta a tharraingt chuig cláracha dá leithéid ar shúgán sneachta! Ach breathnaigh ar an gclog úd thall! Tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, nó beidh Naipí s’againne ar chipíní ag fanacht liom. Slán go fóill.”
agus le sin ghlan sé an doras amach uaim, faoi mar ba chat scólta é. Bhuel, beidh tuilleadh agam daoibh an chéad bhabhta eile. Bígí liom ansin…….
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week I mBeal an Phobail bids farewell to 2011, and looks forward to the incoming year, 2012.)
Slán go deo!
“Ring out wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights;
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die.”
Sin mar a chuirim tús le píosa seo na hathbhliana, bliain i ndiaidh bliana, agus tuigeadh dom anois, nár chóir dom an nós sin a bhriseadh i mbliana, ach oiread. Sea, agus mar sin, molaim do na cloig chéanna sin, cloig Tennyson, bás na bliana 2011 a chaoineadh, agus a chomóradh, agus súil againn nach bhfillfidh a leithéid de bhliain orainn go brách arís. Anois, níorbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, níorbh í an bhliain ab fhearr í, ach oiread, nó ba í an bhliain í a thug cruatan, anró, agus céasadh dár muintir í, an bhliain a d’fheistigh úim lucht an airgid, agus na cumhachta, go daingean thart ar ár nguaille. An bhliain inar chailleamar ár neamhspleáchas eacnamaíochta trí na hiasachtaí a ghlacamar ón ECB, ón IMF, agus ón AE, ach, nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin nach gan choinníollacha a tugadh na hiasachtaí sin dúinn. Ach sin uilig ráite, agus admhaithe, caithfear a rá freisin, gurbh í an bhliain í a d’fhorbair, agus a neartaigh, spiorad an chomhaontaithe, agus na comharsanúlachta, i bpobal na tíre seo, bliain a d’aontaigh, agus a dhlúthaigh spiorad an phobail inár measc, an bhliain a thug Rialtas nua dúinn, agus bliain inar deineadh roinnt iarrachtaí ar shrian a chur ar theacht isteach scannallach na mboc mór, agus a chuir críoch le caranna stáit a chur ar fáil do dhaoine áirithe, daoine a bhí ag déanamh go maith as sparán an stáit, cheana féin. Ba í an bhliain freisin í, a thug Uachtarán nua dúinn, agus an bhliain inar thug Banríon Shasana, agus Uachtarán Mheiriceá, cuairt orainn agus a chuir ainm na tíre seo i mbéal phobail an domhain.
Bás Bliana
Sea, clingigí libh, a chloga caointe, nó tá an bhliain seo, 2011, ar leaba a báis, tá sí ag séathlú lei i lár na hoíche, clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú, agus ná bímis ró-dhian uirthi, nó ní bhíonn saoi gan locht, agus breathnaigh mar a chuir an tseandream é, fadó, ‘Ná mol, is ná dí-mhol daoi, nó ní bhíonn saoi gan locht’. Sea, agus féach mar a chuireadh na Rómhánaigh fadó é:-
De mortuis nil nisi bonum…
Mar sin, ná bímis ag sciolladóireacht uirthi feasta, ach chun bóthair linn arís le misneach agus le croí maith mór…..
“Ring out a slowly dying cause,
And ancient forms of party strife,
Ring in the nobler modes of life,
With sweeter manners, purer laws.”
Nach breá mar a chuireann an file é? Tá deis againn anois slán a fhágáil lenár lochta, agus leis an saol lochtach a chruthaigh muid, agus tá seans againn sibhialtacht úr, útóipeach, a thógáil ina háit. Seans agaibh anois, a chloga, fáiltiú roimh an saol béasach, uasal, nua, seo. Sea, clingigí libh a chloga, agus comóraigí an t-athrú iontach sin.
“Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.”
Síocháin Feasta agus go deo
A chloga, déanaigí bhur ndícheall críoch a chur leis na galraí uafásacha úd a chránn agus a chéasann an daonnaí, agus glanaigí as a chroí amach, an t-ampla agus an dúil mhallaithe atá aige in ór agus i saibhreas an tsaoil seo. Sea, agus molaigí dó críoch a chur le cogaí agus le troid, agus ina n-áit, clingigí chugainn ré uasal, beannaithe, na síochána, an ré úd a chonaic Ísáia, fáidh, i bhfís fadó. Féach mar a chuir seisean síos ar an ré neamhaí chéanna sin :-
Agus buailfidh siad a gclaimhthe amach ina soic chéachta,
Agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile feasta,
Nó ní chleachtóidh siad cogadh níos mó.
Nach álainn go deo an fhís í sin, fís a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche chéasta na staire daonna. Sin í mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímis arís an tseanghuí….
Glóir do Dhia sna hArda,
agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte…..
.
Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 1
.
Peadar Bairéad
.
(This week we take a look at “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030” – a seoladh in eireaball na bliana 2010, le beannacht traspháirtíoch, agus le gártha buabhaill. – as we recall what was written then, in this column, concerning same.)
Dea-scéal ó Dhia chugainn!
“Dea-scéal ó Dhia chugainn, faoi mar adeireadh an tseandream fadó. B’in iad na focail a rith liom, tráth chuala mé faoi Straitéis nua seo an Rialtais s’againne. Is fearr go deireanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, nó bíodh go bhfuil na Rialtais s’againne ag útamáil le cúrsaí na hathbheochana le tarraingt ar cheithre scór bliain anois, ní fhéadfadh duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith acu deireadh a chur le cúlú na teanga i rith an achair chéanna sin. Is fíor freisin, gur tuigeadh, blianta fada roimhe sin, go raibh an Ghaeilge i mbaol a báis, agus go raibh gá le holliarracht ón náisiún seo leis an mbaol sin a mhaolú. Nach iomaí iarracht a deineadh, nach iomaí coimisiún a cuireadh i mbun taighde, agus nach iomaí páipéar bán agus páipéar glas a foilsíodh, d’fhonn an gnó sin a chur i gcrích, ach bheadh sé deacair ag duine ar bith a mhaíomh, gur éirigh le hiarracht ar bith dár deineadh, talamh slán a dhéanamh de shlánú na teanga s’againne, go nuige seo.
.
Nach mithid?
Tuigeadh dúinn áfach, go raibh an Rialtas meáite, le tamall anuas, ar iarracht amháin eile a dhéanamh leis an dteanga a shlánú, agus uimhir na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú ó thart ar 83,000, faoi mar atá i láthair na huaire seo,( i 2010) go 250,000, ag deireadh thréimhse fiche bliain (i 2030). Is fearr déanach ná go deo, adéarfadh duine b’fhéidir, agus más maith fhéin, nach míle mithid? Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin, an bláthú as cuimse a tháinig, ar litríocht na Gaeilge, agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge, le tamall de bhlianta anuas.”
.
Aon dul chun cinn déanta san idirlinn?
Bhuel! tá geall le cúig bliana caite anois ó seoladh an “Straitéis Fiche Bliain” úd, agus nach bhfuil sé tar am againn anois, breathnú ar chúrsaí, féachaint an bhfuil aon dul chun cinn déanta againn i réalú pholasaí na Straitéise céanna sin. Bheadh duine ag súil anois go mbeadh fonn ar an Rialtas a ndul chun cinn sna cúrsaí céanna sin a fhógairt os ard, le gártha buabhaill, fiú, dá mbeadh aon cheo suntasach curtha i gcrích acu san idirlinn. Bheadh duine ag súil freisin, go mbeadh fonn ar na hEagraíochtaí Gaeilge, maraon leis na hIrisí Gaeilge, aon dul chun cinn, nó a mhalairt, a deineadh, a chur i mbéal an phobail, leis an bpobal a mhisniú le dul i gcionn mhisin na Straitéise le fonn agus le flosc sna blianta atá fágtha fós den bhfiche bliain úd a luaitear sa Straitéis Fiche Bliain.
.
Ar an Méar Fhada?
“B’fhéidir go bhfuil corrdhuine inár measc adéarfadh gur trua nár shocraigh siad (sé sin an Rialtas a bhí i gcumhacht sa bhliain úd 2010) ar an Straitéis chéanna sin blianta ó shoin, nuair a bheadh deis eicínt acu an Straitéis sin a chur i gcrích go hoifigiúil, in ionad é a dhéanamh anois, nuair nach bhfuil fágtha acu sa diallait ach thart ar mhí amháin? Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, nuair atá príomhailtirí an Rialtais nua meáite ar ábhar deonach a dhéanamh den Ghaeilge san Ard Teistiméireacht, feasta! Cuir le sin ar fad, an scéal a chuala mé, ar na mallaibh, go raibh socruithe déanta ag an Rialtas gearradh siar ar an méid airgid a chuirfí ar fáil d’obair na Gaeilge feasta, agus tuigfidh tú an fáth a bhfuil lagmhisneach orm i dtaobh na Straitéise Fiche Bliain seo.”
.
…..Tuilleadh le teacht, an tseachtain seo chugainn…..
.