le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
Eachtraigh Duinn
Caibidil 22.
Déarfainn go raibh bunús mo ranga ansin san Ollscoil in éad liom, ag an am, nó bhí deis agamsa pingneacha a shaothrú, tráth raibh mé ag cleachtadh mo cheirde, amuigh ansin sa Chlochán. Ach má bhí fhéin, ní raibh dabht ar bith ormsa, ach gur oibrigh mé fhéin go dian, dícheallach, leis na pingneacha céanna sin a shaothrú, nó bhí orm ullmhúchán a dhéanamh chuile oíche, don obair a bheadh idir chamáin agam sna ranganna an lá dár gcionn, chomh maith le sin, bhíodh ualach asail de chleachtaí le ceartú agam freisin, chuile oíche, agus nuair a chuireann tú le sin, go raibh orm bunús an ama a chaitheamh ag caint, nó ag scríobh ar an gclár dubh, leis an gcailc deannachúil, diabhalta sin, a bhíodh mar mhaide croise ag múinteoirí an tráth úd, geallaimse dhuit é, go mbíodh sé éasca go maith dul chun cainte liomsa am codlata! Mór idir inné is inniu, nó an tráth úd, ní bhíodh d’áiseanna ag múinteoirí, ar an mórgóir, ach an chaint is an chailc, nó mar adeiridís i mBéarla….The challk and talk method of teaching….
Ach cé go mbínn tuirseach go maith tar éis na hoibre, ag an am gcéanna, ní bhínn go huile is go hiomlán, gan chaitheamh aimsire. Minic a théinn fhéin is beirt nó triúr eile amach i measc na gcnoc, ag siúlóid, ag deireadh na seachtaine. Sea, agus deireadh seachtaine eile, théinn amach, ag fiach an mhada rua, le muintir a bhaile, nó bhídís an-tugtha don spórt sin sa Chlochán, ag an am. Ná ceap anois, go mbínn im dhuine uasailín, agus mé ag marcaíocht liom thar chlaíocha, thar dhíoga, agus thar bhallaí, ó cheann ceann na dúiche, agus chuile “Tally Ho!” asam. Lean ort ag brionglóidigh, a mhac! Ní raibh capall, nó fiú asal fhéin, faoi dhuine ar bith den lucht seilge s’againne. Ní bhíodh mh’anam! Cosmhuintir a bhí ionainne, agus chuile dhuine againn ag fiach de shiúl cos. Minic a cheap mé, go mbíodh níos mó spóirt ag an mada rua fhéin, ná mar a bhíodh againne, nó mhealladh sé sinn, tríd an gcuid ba ghairbhe, agus ab achrannaí den dúthaigh, agus ar deireadh thiar, i gcónaí gcónaí, d’éiríodh leis dul i bpoll, nuair a bhíodh a dhóthain spraoi bainte aige asainne. Bíodh sin mar atá, áfach, caithfidh mé a rá, go mbainimis-ne spórt agus spraoi, sea agus cuideachta freisin, as na céapair chéanna sin,
Ba amuigh sa Chlochán freisin, a thosaigh mé ag dul chuig damhsaí, a chéaduair. Cuimhnigh anois, go raibh mé ag tarraingt ar chúig bliana fichead, ag an am, agus tuigeadh dom, go raibh a lán le foghlaim agam, faoi chúrsaí an tsaoil, fós, ach má sea, tuigeadh dom freisin, go raibh sé chomh maith agam tús a chur leis an bhfoghlaim chéanna sin láithreach, nó ní in óige a bheinn ag dul, feasta! Thosaigh mé ag cur spéise sa ghnéas eile, nó sa chineál eile, mar adeireadh Mártan a’ Tairbh, fadó, sea, agus ba ghearr go raibh mé ag iarraidh chur i gcéill, go raibh blianta fada caite ar an mbóthar sin agam! Tuigeadh dom i dtosach, nach dtiocfainn isteach go deo ar an ealaíon chéanna sin, ach i ndáiríre, ní raibh i gceist ach bheith deas, séimh, nádúrtha, le daoine, agus ba ghearr go raibh ar mo chumas dul chuig damhsaí, chomh maith leis an bhfear eile, sea, agus meascadh le cailíní, chomh maith le duine. Is maith is cuimhin liom fós, oíche a chaitheamar, mé fhéin is mo chara, ag damhsa, amuigh i mbaile beag tuaithe, cois Caolaire, i lár Chonamara, agus ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn ormsa an oíche chéanna sin nó go raibh sagart an phobail ar an bhfód, agus chuile uair a d’fheiceadh sé daimhseoirí ag dul ró-chóngarach dá chéile, théadh sé ar a dtóir, agus chuireadh d’iachall orthu druidim siar óna chéile! Sea, agus níos iontaí fós, dhéantaí rud air, freisin! Sea, mh’anam, mór idir inné agus inniu!
Ní bheadh gá agamsa feasta leis na ceachtanna modhúlachta sin, ar chaith mé thart ar naoi mbliana á bhfoghlaim. “Coinnigh do lámha agat fhéin!” “Ná breathnaigh san aghaidh ar chailín ar bith!” “Ná bí riamh id aonair i gcomhluadar mná!” “Coinnigh smacht dian ar na súile!” Sea, a stór! agus na scórtha fainicí eile, sea agus fainicí na bhfainicí sin uilig freisin, a cuireadh orainne, ábhair sagairt, ar eagla go meallfadh bean eicínt, ó chasán céasta, casta, na fíréantachta sinn.
Sea, bíodh go raibh mé chomh graitheach le beach, amuigh ansin sa Chlochán, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil anois, gur fhoghlaim mé a lán, agus mé ag saothrú liom go dian, amuigh sa dúiche álainn, scoite, fhiáin do-bhuailte sin. Nuair a d’fhill mé ar an Ollscoil, ar ball, mhothaigh mé go raibh sé i bhfad Éireann níos éasca luí isteach ar shaol na hOllscoile, agus ar shaol sóisialta an mhic léinn, freisin. Fanann cuimhní an Chlocháin go glas, glé, glinn, liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, bíodh go bhfuil breis is leathchéad bliain imithe isteach trí shúil dhroichead an ama, san idirlinn. Bím ag rá liom fhéin, go gcaithfidh mé athchuairt a thabhairt ar an mbaile álainn sin, bliain de na blianta seo, ach go dtí seo, níor chuir mé le mo mhian. An bhliain seo, b’fhéidir!
Ar ais arís san Ollscoil, bhí an t-am ag sleamhnú leis le luas lasrach, agus carn oibre ar mo phláta agamsa. Luigh mé isteach ar a raibh le déanamh, nó ní chuireadh staidéar aon ró-stró ormsa riamh, agus ba é deireadh an scéil é, nuair a tháinig deireadh na bliana, agus na scrúduithe, nár bhain siad stangadh ar bith asamsa, agus d’éirigh liom Onóracha a shaothrú óm Ollamh fial, flaithiúil, ó Pheat lách Larkin.
Bhí mé sásta go maith liom fhéin, nó taobh istigh d’achar réasúnta gearr, bhí mé tar éis saol na Cliarscoile a thréigint, agus luí isteach ar shaol an tuataigh a chleachtadh, fad is a bhí mé dom ullmhú fhéin le bheith im mhúinteoir. Bhí sin curtha i gcrích agam faoi Shamhradh na bliana 1951. Sea, agus nach raibh mé ag éirí cleachtach freisin ar an saol mór amuigh, an saol mallaithe sin, ar dhein mise mo dhícheall ar feadh naoi mbliana, nó mar sin, éaló go brách uaidh! Sea, mh’anam! ní mar a shíltear a bhítear, go minic, ach mar a chinntítear! Bhí mo cháilíocht mar mheánmhúinteoir bainte amach agam, agus ní raibh le déanamh ansin, ach post oiriúnach a fháil dom fhéin, le dul i gcionn an tsaoil mhoir.
Sea, agus bíodh nár éirigh liom cur le mo mhian agus mo shaol a chaitheamh mar mhisinéir chun na hAifrice, ag an am gcéanna, bhí mé réidh, ullamh, anois, le hiomaire eile a rómhar dom fhéin. Agus cé aige a bhfuil a fhios, nárbh é sin dán a bhí leagtha amach ag Dia fhéin dhom, ó thús?
Ar aon chuma, déarfainn go mbeadh sé deacair, áit níos feiliúnaí a fháil, le líne a tharraingt sa ghaineamh, agus a rá, go raibh críoch curtha agam le ré amháin dem shaol, agus go raibh mé ullamh agus cáilithe le tabhairt faoi ré nua, agus aghaidh á thabhairt agam ar an ród a shín romham amach, isteach i ríocht na bhféidireachtaí.
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
Hiems Transiit.
.
Laethe feasta ag dul chun síneadh,
Is greim an Gheimhridh ar tí a scaoilte
I meaisín draíochta na séasúr órga,
Giorra is caoine ag teacht san oíche.
.
Coiscéim choiligh ag teacht sna laethe,
Binneas feasta i gcantain éanaigh,
Bachlóg bhog ar thoir gan duille,
Ag gealladh fás is toradh céadach.
.
Lusa is blatha ina mílte ag slógadh
Ag fógairt áir ar fhuacht is ar ghaoth
Plúiríní bána cromtha go híseal
Réidh chun troda le droch-shíon
.
.
Féar ag dúiseacht as a thromshuan,
Crainn ag ullmhú don Earrrach úr,
Éin ag neadú is ag roghnú céile,
Nó tá an saol ag bíogadh athuair.
.
Scaoileann spideog a dúshlan cróga,
Ag labhairt gan scáth ar chlaí is ar fál,
Gealbhan plucach ag tiomsú ábhair
Le leaba bhog a chóiriú dá ál..
.
Dúisíonn an daonnaí as scíth an Geimhridh,
Músclaíonn misneach is dóchas ina chroí,
Léann ceacht as Leabhar na Cruinne,
Is buaileann bóthar fan ród an tsaoil.
********************************
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
Saolaíodh Áilleacht Uafar
Peadar Bairéad
Mar a chonacthas dúinne é
Nuair a bhí mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, i bhfichidí agus i dtriochaidí an ocrais, bhí cuimhne fós ag daoine ar Sheachtain na Cásca a Sé Déag, agus ar spriocanna, agus ar mheon, lucht stiúrtha an Éirí Amach céanna sin, ach faoi mar a tharla i gcás chuimhní na cosmhuintire ar eachtraí Chogadh na Saoirse, níor roinn na daoine fásta a smaointe fhéin linne, páistí, faoi na cúrsaí sin, Níor thug siad dúinne ach cuid Pháidín den mheacan, an rubaillín caol! Ach, ag an am gcéanna, bhí bealaí eile againn le teacht ar scéal sin an Éirí Amach. Bhí na meáin ann, cinnte, dóibh siúd a raibh teacht acu ar na foinsí eolais sin, ach inár gcás-na, ba ar éigean a bhí baint ar bith ag na meáin chéanna lenár saol laethúil. Ní raibh teilifís, nó raidió againn, agus i gcás na nuachtán, bhuel! ní raibh ach aithne súl againne orthu, nó ní raibh trácht ar na páipéir laethúla inár measc, agus fágadh muid ag brath ar na seachtaináin. Cinnte, léadh cuid de na daoine iad, rud a d’fhág an t-aos óg ag brath, beagnach go hiomlán, ar na scoileanna, le síol na saoirse a chur agus a leasú ina gcroíthe óga. Is cuimhin liom fós an Máistir Ó Cróinín, i Scoil Chill Mhór Iorrais, agus é ag insint scéal an Éirí Amach dúinne, é corraithe, aithris á dhéanamh aige ar thorann na ngunnaí éagsúla, agus ar mháirseáil na nÓglach trí shráideanna Átha Cliath. Rinne sé cur síos ar cheannairí an Éirí Amach freisin, agus chomh fada is a bhain sé leis-sean, agus linne freisin, ba naoimh ar thalamh iad na fir uaisle chéanna sin. Diaidh ar ndiaidh, ina dhiaidh sin, leath an scéal i measc na cosmhuintire. Ní gá a rá, gur chuir an lucht polaitíochta le craoibhscaoileadh an scéil chéanna sin freisin, go dtí go raibh an scéal i mbéal an phobail, ó cheann ceann na tíre. Bhí tráth ann, nuair a tugadh ómós dóibh siúd a sheas in Ard Oifig an Phoist, le linn an Éirí Amach, agus ar ball arís, tugadh an t-ómós céanna sin, geall leis, dá sliocht.
Ag dul le Sagartóireacht
Ar ball, chuaigh mé fhéin le sagartóireacht, agus fiú sna Cliarscoileanna, ar dhein mé fhéin freastal orthu, bhí síolta na saoirse ag péacadh freisin, agus ba ghnáth rud é go mbeadh Cumann Gaelach faoi lán tseol iontu, agus meas dá réir ar an dteanga, agus ar an náisiúntacht. ach mhair an meas a bhí agam ar aidhmeanna lucht an Éirí Amach, agus caithfidh mé a rá, go mbeidh suim, agus dhá shuim, agam sna cuimhneacháin a eagrófar le tine úd na saoirse a fhadú inár measc arís, nó caithfear a admháil, go bhfuil an tine chéanna sin beagnach imithe as, i láthair na huaire seo, ach nach deacair tine dá leithéid a choinneáil faoi lán tseol, thar thréimhse fhada?
Mhair díograis sin na hóige ar feadh tamaill, ach ansin, de réir a chéile, d’athraigh cúrsaí, agus ansin, tosaíodh ag cur na ceiste sin….’Arbh fhiú an braon fola’? Agus céard faoi aidhmeanna an Éirí Amach? Arbh aidhmeanna inbhainte-amach iad? Ceart go leor, bhí saoirse bainte amach ag cuid den tír, ach céard faoin gcuid eile den bhfís a samhlaíodh dóibh? Céard faoi athaontú na tíre? agus céard faoi athbheochan na teanga? Ba í athbheochan na teanga an lúb ba laige i slabhra na físe sin, agus bíodh gur cuireadh an Ghaeilge á teagasc i scoileanna an náisiúin i bhfichidí na haoise seo caite, níor tharla an mhíorúilt a chuirfeadh an teanga sin á labhairt ó cheann ceann na tíre arís. Diaidh ar ndiaidh, chaill na daoine a gcreideamh in athheochan na teanga, agus nuair a lagaíodh an lúb sin, lagaíodh an shalbhra ar fad. Mar sin, nach tráthúil gur eagraigh an tír na cuimhneacháin seo uilig don bhliain seo, nuair atáthar ag ceiliúradh chuimhne chéid an Éirí Amach.
Tuilleadh le teacht……………..
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
Foclóir
an t-eiteachas, refusal; Ag ligint orainn, pretending; Teach na Scoile, the schoolhouse; sna preaba tintrí, like lightning; bhí se fánach aige, he failed; trácht, traffic; fianaise, evidence; tranglam tráchta, traffic tangle; i ndeireadh na dála, at long last; fóinín póca, mobile phone; déanta na fírinne, to tell the truth.
.
Ceist
Tharla go raibh tú i láthair nuair a tharla timpiste bóthair. Déan cur síos ar a bhfaca tú ar an ócáid sin. Sa bhfreagairt duit dean cur sios ar ait na timpiste, ce ba chuis leis, agus cen toradh a bhi ar an eachtra sin?
.
.
Timpiste a chonaic mé
.
.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo na ndeor ar an dtimpiste a chonaic mé, agus mé ar mo bhealach abhaile ó Scoil na mBráithre anseo i gCill Áirne, tráthnóna inné. Thíos ag Coirnéal an Bhúistéara, cóngarach do Theach na Scoile a bhí mé, nuair a tharla sé. Chonaic mé fhéin gluaisteán mór dubh ag gluaiseacht sna preaba tintrí amach Bóthar an Phiarsaigh, ach má chonaic, ní fhaca an Máire Ní Riain nó a comrádaí é, nó bhí an péire acu ag siúl leo go socair sásta trasna an bhóthair, díreach ag an am gcéanna sin.
Nuair a bhí sé ró-dhéanach, chonaic tiománaí an Jaguar mór dubh iad. Luigh sé ar na coscáin, ach bhí sé fánach aige, nó bhí sé ró-chóngarach do na girseacha ag an am. Phléasc scréach na hadhairce, agus sianaíl chaointeach na gcoscán, ciúnas marbhánta na maidine, agus d’éirigh scamall toite ó ruibéar dóite na mbonn. Chuala mé fhéin scread scannraithe, chluas-phléascach, na gcailíní, agus ag an nóiméad céanna beagnach, chonaic mé an péire acu á gcaitheamh in airde san aer, faoi mar ba bhréagáin éadaigh iad.
Stop an gluaisteán i ndeireadh na dála. Bhailigh slua daoine timpeall. Stopadh an trácht. Bhí fóinín póca ag duine den slua, agus cuireadh fios láithreach ar na gardaí agus ar an otharchárr. Ba ghearr go raibh carr na ngardaí ar an bhfód, agus ní raibh moill ar bith orthusan dul i mbun a gcuid oibre. Triúr acu a bhí ann. Chuaigh duine acu le haire a thabhairt don bheirt a gortaíodh, agus thosaigh an bheirt eile ag tógáil toisí ansin ar an mbóthar, agus ag bailiú fianaise ón lucht féachana.
Ag an bpointe sin, chualamar sianaíl ghéar, léanmhar, an otharchairr, ag teacht in ár dtreo le luas lasrach. Stop siad san áit a raibh an garda i mbun na ndaoine gortaithe. Beirt a bhí ar an otharcharr, agus geallaimse dhuit é, nár chuir siad aon am amú, ach iad ag brostú leo ar a míle dhícheall. Scrúdaigh siad an bheirt a bhí sínte, lag, ar thaobh an bhóthair, thug siad instealladh an duine dóibh, lena bpian a mhaolú, agus ba ghearr go raibh an bheirt chéanna sin ar bord an othair cháirr, agus iad ag gluaiseacht sna preaba, ar a mbealach go dtí Ospidéal an Chontae, i dTra Li, , sea, agus garda ar ghluaisrothar os a gcomhair amach, ag déanamh slí dóibh trí thranglam trachta an tráthnóna.
Cuireadh an Jaguar mór dubh isteach ar thaobh an bhóthair, agus nuair a bhí chuile shórt ag ionad na tionóisce socruithe ag na gardaí, thógadar tiománaí an ghluaisteáin duibh leo, i gcarr na ngardaí. Bhí ráfla ag dul sa timpeall, go raibh tiománaí an chairr dhuibh dallta le hól, agus imithe as a mheabhair le drugaí, ag an am gcéanna bhi ráfla eile adúirt nár leis an Jaguar in aon chor, ach gurbh amhlaidh a ghoid sé é i gcarrchlos lárchathrach, agus má bhí aon fhírinne sna ráflaí sin, chuile sheans nach mbeidh seisean ag tiomáint aon chairr go ceann tamaill mhaith arís, nó seans go gcaithfidh sé cupla bliain ag déanamh málaí poist don Stát, agus é faoi ghlas istigh i bpríosún Luimní.
Chuala mé, an tráthnóna sin, go dtiocfaidh na girseacha as, agus cé go raibh cosa duine acu briste, agus cé go raibh easnacha an chailín eile brúite, tuigeadh ag an am gcéanna, nach mbeidh clóic orthu, amach anseo, cé go mbeidh orthu tamall maith a chaitheamh sínte in Ospidéal an Chontae.
Mo chuidse de, tá súil agam, nach bhfeicfidh mé tionóise dá leithéid arís go deo na ndeor, nó déanata na fírinne, níl mé tagtha chugam fhéin fós, ach d’fheadfadh cursai a bheith i bhfad nios measa. Buíochas mór le Dia nach bhfuair éinne bás ar an ócáid, mar “níl luibh nó leigheas in aghaidh an bháis.”
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/09 | Gan Chatagóir
Buntaistí agus Míbhuntáistí Rialtas an Mhionlaigh
(Cineál nua Rialtais)
(This week we consider some of the achievements, and problems, of our Present Government.)
Bliain sa Diallait!
Nach fada an bhliain í, ó tugadh cumhacht na Dála don Rialtas s’againne? agus ní bréag ar bith é, a rá, gur chosúla le bliain reo-aoise í.
Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.
Chuile thuige! nó ar an gcéad dul síos, breathnaigh ar an méid ama a thóg sé le Rialtas a roghnú! Táid ann adéarfadh, nár chóir a mhilleán sin a leagan ar na Teachtaí Dála fhéin.
Agus cé air ar chóir é a leagan, murab orthusan é, má sea?
Ar na vótóirí, a thabharfadh siad mar fhreagra ar an gceist sin, nó chuireadar an oiread sin dreamanna polaitíochta chun na Dála, nárbh éasca an gnó é rialtas a ghaibhniú as na dreamanna éagsúla sin.
Milleán á leagan
Go réidh anois! Ní hé mo thuairim gur chóir a mhilleán sin a leagan ar na vótóirí, nó chonacthas do mhadraí an bhaile fhéin, go mbeadh sé thar a bheith éasca Rialtas a chur i dtoll a chéile, dá mbeadh na Teachtaí réidh le loighic an toghcháin a chur i gcrích, mar bhí sé thar a bheith éasca móramh na Dála a fháil, dá mbeadh péire de na príomhpháirtithe sásta cur le chéile, ar mhaithe le leas an phobail a dhéanamh, agus toil na vótóirí a chur i gcrích, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leo Rialtas de chineál nua ar fad a chur i dtoll a chéile leis an tír seo a rialú go ceann cupla bliain nó trí. Leis an mbeart sin a chur i gcrích, thoiligh Fianna Fáil tacaíocht a thabhairt don Rialtas FineGaelach, ar chúinsí áirithe, agus thoiligh Fine Gael ansin Rialtas a ghaibhniú, as a mbaill fhéin, agus as baill ó mhionpháirtithe agus ó neamhspleáigh éagsúla eile.
Ciallmhar agus fadcheannach
D’fhéadfadh duine a rá freisin, go mba chiallmhar, agus go mba fhadcheannach, an socrú é sin, i gcás go mbeadh na Teachtaí toilteanach úsáid chiallmhar a bhaint as, ar mhaithe le leas an phobail, nó thabharfadh an leagan amach seo deis don Dáil úsáid a bhaint as scileanna, agus as tuiscint, bhaill iomlán na Dála, in ionad bheith ag brath ar bhaill an aon pháirtí amháin, nó ar bhaill Chomhrialtais. Faoi’n am seo áfach, tá deis againn anois breathnú ar thoradh na trialach seo, ar tugadh deis dó a chumas a léiriú do phobal na tíre seo, nó faoi’n am seo, tá bliain iomlán caite ag an Rialtas seo sa diallait. Ar éirigh leo leas an phobail a dhéanamh, agus é sin a dhéanamh níos críochnúla ná mar a dhéanfadh Rialtas an mhóraimh, nó Rialtas Aonpháirtí. Táid ann adéarfadh, nár dhein, nó go raibh an iomarca laincisí agus buairíní á gcur orthu. le go bhféadfaidís aon dul chun cinn ar fónamh a dhéanamh, nó dá molfadh an Rialtas a leithéid seo, nó a leithéid siúd a dhéanamh, bheadh daoine ansin len iad a ionsaí ar dheis is ar chlé, agus iad réidh, agus ullamh, vótáil i gcoinne cibé a bhí á moladh, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas fís an Rialtais a lot, is a mhilleadh, agus sa tslí sin freisin, cuireadh dris chasáin roimh an Rialtas, chuile bhabhta, rud a fhágann an Rialtas i mbealach a bhasctha, gan ar a chumas feidhmiú mar ba chóir do Rialtas feidhmiú.
Rialtas ar dóigh
Ar an dtaobh eile den scéal, táid ann a déarfadh, gur Rialtas ar dóigh atá againn faoi láthair, agus cibé tá á moilliú faoi láthair, nach bhfuil ann ach nach bhfuil cleachtadh faighte againn fós ar an gcineál seo Rialtais, agus nuair a thiocfaí isteach ar Rialtas an mhionlaigh, go n-oibreoidh sé go seoigh ar fad, ar fad, nó go mbeidh deis ag chuile dhream agus fiú ag an duine aonair fhéin, a ladar a chur sa scéal, agus sa tslí sin, go mbeadh chuile sheans ann, go dtiocfaí ar leagan amach a shásódh móramh na Dála, agus a bheadh inghlactha ag móramh an phobail freisin. I ndáiríre, dá ndéanfaí iarracht ar an gcineál seo Rialtais a oibriú i gceart, chuile sheans go mbeadh sé i bhfad níos daonlathaí ná an cineal Rialtais a bhíodh againn go nuige seo, nuair nach raibh aon deis ag an bhfreasúra a dtionchar a fhí isteach i muabhrat polaitíochta an Stáit s’againne.
Céard a cheapann tú fhéin faon na socruithe sin?
.
.
.
.
.
.
.