Reachtoir no reabthoir.

Reachtoir no reabthoir.

Reachtóir nó Réabóir?

Peadar Bairéad

(Law-maker or Law-breaker?)

Dualgaisí le coimhlíonadh

Caitheann an-chuid daoine roinnt áirithe ama ag smaoineamh ar obair agus ar dhualgaisí ár dTeachtaí Dála, nó is den tábhacht é go gcoimhlíonfadh na Teachtaí céanna sin na dualgaisí a leagann Bunreacht Éireann orthu. Níl dabht ar domhan ach go bhfuil daoine ann, agus teachtaí áirithe ina measc, a cheapann go mbeifear ag súil go bhfeidhmeodh siad mar thaoisigh freisin. B’fhéidir gur chóir cur ar a súile dóibh siúd, go bhfuil an-difir idir Theachta agus Taoiseach. Anois, munar thaoisigh iad, cén fheidhm atá le coimhlíonadh acu i rialú ár bpoblachta? Ní ceist acadúil amháin í seo, ach ceist a bhfuil tábhacht thar na bearta ag baint leis, más uainn toradh fónta a bhaint as an gcraobh seo dár gcóras rialaithe.

Ghlac an pobal s’againne le Bunreacht Éireann mar bhunchloch dlithiúil dár bPoblacht Daonlathach, sa bhliain 1937, Poblacht a tháinig i gcomharbacht ar Shaorstát Éireann, agus Poblacht a fógraiodh don tsaol mór, roinnt blianta ina dhiaidh sin, agus sa Bhunreacht sin, leagadh amach dualgaisí agus cúramaí na dTeachtaí.

Ionadaíocht chionmhar

Go bunúsach, toghtar Teachta mar ionadaí ó Dháilcheantar áirithe, agus go bunúsach freisin, tá dhá dhualgas le coimhlíonhadh aige. Ar an gcéad dul síos toghtar é mar ionadaí, le dearcadh agus le deacrachtaí a Dhailcheantair a leagan os comhair na Dála, sa chaoi go dtabharfaí aird orthu, agus ar an dara dul síos, toghtar iad le cúnamh a thabhairt i ndréachtadh dlíthe nua don Phoblacht s’againne, agus le cúnamh a thabhairt, i leasú, agus i gcealú, seandlíthe. Uaireanta freisin, iarrtar ar dhuine acu bheith páirteach i gceann de na Coistí Dála, le ceisteanna tábhachtacha sóisialta, eacnamaíochta, nó dlíthiúla, a scrúdú, a iniúchadh, agus a mheas, thar cheann na Dála. Sin mar a oibríonn ár nDaonlathas, nó ní bheadh sé indéanta ag an bpobal ar fad teacht os comhair na Dála lena mianta agus lena ndearcadh a leagan os a gcomhair. Toghtar ionadaithe, leis an ngnó sin a dhéanamh thar a gceann. Níl dabht ar domnhan, ach go mba dhualgaisí troma, tábhachtacha, iad siúd a leagtar ar ár dTeachtaí, agus ní haon ionadh go mbímid breá sásta tuarastal maith a thabhairt dóibh leis an ngnó sin a dhéanamh thar ár gceann, agus a chonách sin orthu.

Tá sin uilig go breá, ach le roinnt blianta anuas, tugadh faoi deara, go raibh Teachtaí ann, a thuig, cheapfá, go mba chuid dá ngnó é daoine a mhealladh, agus a eagrú, le cur i gcoinne chinneadh daonlathach na Dála. Sea, agus dhealródh sé, go bhfuil siad cinnte gur dhaonlathaí iad fhéin ná na Teachtaí a ghlacann le breith daonlathach mhóramh na Dála, cé go bhfeictear do roinnt mhaith daoine, nach bhfuil ann ach beart frithdhaonlathach, ach dá dtabharfaí cead do chuile Theachta sa Dáil a leithéid céanna a dhéanamh, ní bheadh againn ansin ach cíorthuathail in áit cinnteachta agus tranglam in áit tráchta.?

Cearta an Teachta

Ach, fan ort neomat amháin anois, céard faoi Fhreasúracht dílis choinsiasach? Nár chóir go mbeadh cead ag Teachta cur i gcoinne chinneadh an Rialtais dá bhfeictí dó go raibh dul amú orthu sa chinneadh céanna sin?

Cinnte gealltar an cead sin do chuile Theachta, ach nár chóir dó an fhreasúracht sin a fheidhmiú sula socraítear an cheist trí vóta an mhóraimh sa Dáil. Má shocraíonn Teachta na cosa a chur uaidh, taobh amuigh den Dáil, agus iarracht a dhéanamh ar phobal a iompú i gcoinne an Rialtais, bhuel, nach bhfuil sé soiléir, do dhuine ar bith, gur beart frithdhaonlathach é sin.

Sea, ach céard is féidir a dhéanamh i gcás dá leithéid? D’fhéadfadh an Rialtas dlí a rith le srian a chur le hiompar dá leithéid, ach céard faoi chearta an Teachta, faoi mar atá geallta dó i mBunreacht Éireann?

faitíos orm go bhfuil an cheist seo ag éirí ró-chasta domsa, ag an bpointe seo. Céard fútsa? An bhféadfá teacht i gcabhair orm agus fuascailt na faidhbe sin a mholadh dúinn?

.

.

.

.

Reachtoir no reabthoir.

Rúscadh na mblian.

.

Rúscadh na mblian.

                                        

.

Mhair mé i laethe mo ré

Ag baslú mo sheoch mar chách,

I ngleic le coraí an tsaoil,

Gan aird ar an saol úd thall.

.

D’fhás mé ó óg go críon,

Ag bailiú cruinn-eolais go dian,

Ag fás is ag aipiú go tréan

Faoi ghrian gheal órga na mblian.

.

Trí fhás is trí shaothar mo ré,

Mealladh chun suain mo chiall,

Is maolaíodh ar ghéire mo shúil

Ar mhire is ar ghiorra an tsaoil.

.

Ar deireadh, i ngan fhios don lá,

Thit fachailí na súl díom anuas,

Is chonac go dalltach glinn

Mo dhán is mo chríoch gan dua.

.

.

Bhí mé fágtha ansin liom fhéin,

Im Oisín ar Thrá gheal na bhFiann,

Is cúrsaí an tsaoil bun os cionn,

Gan fhios cár chailleas mo shlí.

.

Bhí cluiche na beatha ó rath,

Níor thuig mise rúscadh na mblian,

Gan aithne agam feasta orm fhéin,

Is mo ghéarchúis imithe le gaoith.

.

Ní dheargann daoine níos mó.

Tá náire is aiféala faoin bhfód.

An gcaillfear sinn abhfus agus thall,

Is muid beagnach tagtha chun róid?

.

.

****************************

Reachtoir no reabthoir.

Saoire gan stró 1

Saoire gan Stró 1

Peadar Bairéad

.

Coraí Crua an tSaoil

Mhothaigh mé le scathamh anuas, go raibh coraí crua an tsaoil ag luí go trom ar mo ghuaille, agus ó tharla gur mar sin a bhí, tuigeadh dom, go ndéanfadh athrú aeir maitheas an domhain dom. Tar éis tamall a chaitheamh ar mo mharana, shocraigh mé ar Ríocht ársa Chiarraí a thabhairt orm fhéin, ar feadh scathaimh.

‘Leat fhéin a d’imigh tú, mar sin, an ea?’

‘Níorbh ea muis! nó shocraigh ceathrar againn dul i bhfochair a chéile,’ mar sa tslí sin d’fhéadfaimis toit a bhaint as na laethe a chaithimis faoin dtor, thíos i Ríocht úd na gréine.

‘Cén ceathrar, an ea?’

‘Bhí mé fhéin is mo bhean, i dtosach báire, agus in éineacht linn, agus iad i mbun tiomána, bhí ár n-iníon agus a céile siúd. B’in an ceathrar a bhí le scaoileadh saor ar saoire i gCorca Dhuibhne.’

Níor thóg sé i bhfad orm mo chip is mo mheanaithe fhéin a locadh, agus a phacáil, tráthnóna Déardaoine, rud a d’fhág go raibh ar ár gcumas bóthar a bhuaileadh go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ár gcliamhain a bheadh i mbun tiomána, agus shroich sé fhéin is a bhean an teach s’againne go breá luath ar maidin, rud a d’fhág go rabhamar ar ár slí go Ciarraí roimh a deich, maidin Dé hAoine, agus ba ghearr amuigh ar bhóithre na Banban sinn, gur tuigeadh dom, gur fhág an Tíogar Ceilteach bóithre den chéadscoth le huacht againn, bóithre a bhí díreach chomh maith leis na bóithre a gheofá i dtír ar bith eile, na laethe seo.

Amuigh ar na Bóithre Fada Bána

Trí Chalainn an Chlampair linn gan stró ar bith, agus an mhaidin bhreá ag cur sciatháin áthais faoinár gcroí. Trí Chathair ársa Dhún Iascaigh, gona foirgnimh stairiúla, gona dínit, gona blas ársa. Ar ball, thaistil muid thrí shráideanna Bhaile Thiobraid Árainn, agus nach iad a bhí ag breathnú go péacach, bíogúil, an mhaidin bhreá gréine sin. Mhothaíomar go mba bhaile ar dóigh é an baile céanna sin, baile a bhí leata amach go héasca, socair, ar thailte méithe Thiobraid Árann. Chun tosaigh linn ansin ar bhóithre nua-aoiseacha, bóithre a d’iompair sinn ar luas go Ríocht stairiúil Chiarraí, tríd an gCaisleán Nua agus Oileán Chiarraí linn. Sos gearr i mbaile mór Thrá Lí, agus ansin, as go brách linn fan bhóthar an Daingin, chomh fada leis an gCom, nó Camp, faoi mar a thugtar air i mBéarla. Isteach linn ar chlé ansin, agus muid ag fáil isteach faoi scáth na sléibhte is na gcnoc. Ar chlé, d’éirigh Cathair Chonraí in airde ar a cosa deiridh, le fáilte ó chroí a chur romhainn, nó is seanchairde sinn, faoin am seo. Bhí cuma na háilleachta orthu uilig, agus caipín ceoch á chaitheamh go péacach ag Sliabh Mis na scéalta.

Nár bhreá an faoiseamh é, na sean chnámha a shíneadh ar tholg, tar éis an méid ama a bhí caite againn cuachta suas i seasanna an ghluaisteáin. Tar éis dúinn cupán tae a chaitheamh, ar ár suaimhneas, ní raibh clóic ar bith orainn, ach muid ag teacht chugainn fhéin ar ár sáimhín só. Tamall ag suí, tamall ag caint is ag seanchas, tamall ag miognarach, agus ansin tamall ag cur bail eicínt orainn fhéin sára raghaimis amach ar fud na bhfud. Ansin, tar éis dúinn sinn fhéin a ghléasadh chun ár sástachta, bhuaileamar bóthar arís.

An South Pole Inn

An South Pole Inn an sprioc a chuireamar romhainn an tráthnóna sin, nó bhí beartaithe againn béile an tráthnóna a chaitheamh san Óstán cáiliúil céanna sin. Shroicheamar an “Inn”, in am tráth, tar éis dúinn taitneamh a bhaint as an radharcra a bhí leata os ár gcomhair amach, fan na slí. Ba é an radharc ab aite a chonaiceamar an tráthnóna sin nó tréad bó, den phór ait úd, na “Belted Galloways. Ba chosúla iad le caoirigh ná le ba, ar bhealach eicínt, agus an crios leathan dubh sin thart ar bholg chuile mhac a pheata díobh. An-radharc ar thaobh cnoic tráthnóna gréine. Tar éis dúinn an gluaisteán a pháirceáil, chuamar isteach san Inn. Bhuaileamar fúinn. Fágadh biachlár os ár gcomhair amach, agus fágadh muid ansin lenár rogha bia a phiocadh dár mbéile. Ach, b’fhéidir gur chóir dom stopadh anseo, agus an dara gála den scéal a insint an chéad bhabhta eile.

.

                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                           

Reachtoir no reabthoir.

Sceanadh, Mugáil, agus Marú 2.

Sceanadh, Mugáil, agus Marú 2

Peadar Bairéad

.

(This week we continue our consideration of Street Violence.)

.

Níl le déanamh agat ach breathnú ar nuachtán ar bith, na laethe seo, agus feicfidh tú, gur beag oíche, nó lá, a théann thart, nach ndéantar duine eicínt a sceanadh nó a robáil anseo; a mhugáil nó a bhatráil ansiúd; nó faraoir, a bhascadh agus a mharú; fiú, san áit úd eile. In ainm Chroim! Cén cineál sochaí atá á tógáil againn anseo? Nach gceapfá nach mbeadh tada dá leithéid ag tarlú anseo, toisc go bhfuil an tír s’againne chomh beag sin, agus toisc go bhfuil aithne ag chuile dhuine againn ar a chéile, geall leis.

B’fhéidir go gceapfá sin, ach dá gceapfá, bheadh breall ort, nó nuair a éiríonn idir chairde, sin an áit a mbíonn an feannadh, agus nach minic, na laethe seo, a léann muid faoi chairde a chaith an oíche ar an drabhlás, le chéile, agus ansin, ar a mbealach abhaile, toisc, b’fhéidir go sciorrfadh focal ó dhuine acu, go mbeadh an lasair sa bharrach láithreach bonn, agus diabhal stopadh a bheadh orthu go mbeadh duine acu sínte tréith ar lár. Anois, tá sin dona go leor, ach i gcás dá leithéid, ní raibh cloch sa mhainchille ag duine ar bith de na cairde céanna sin dá chéile, nó ní raibh aon drochfhuil eatarthu. Cad is féidir linn a rá faoi chás dá leithéid, ach nár chóir go dtarlódh sé, olc, maith, nó dona, agus arís, is dócha go bhféadfadh duine a rá, gur toisc go raibh an iomarca óil ar bord ag na cairde céanna sin, a tharla an scliúchas marfach sin eatarthu.

Ruifíní sráide

Scéal eile ar fad é, nuair a théann dream ruifíní amach ar ar sráideanna, agus gan d’aidhm acu, ach teacht ar dhuine neamhurchóideach eicínt, d’fhonn léasadh maith a bhuaileadh air. De ghnáth, ní bhíonn aithne ná eolas ar bith faoin spéir acu ar an nduine bocht sin. Is amhlaidh a mheallann siad chucu é, trí chipín solais, nó toitín, a iarraidh air, agus ansin, nuair atá sé ina gcóngar, iompaíonn siad air, agus ionsaíonn é, le buidéal, b’fhéidir, nó le scian, nó le ciceanna fiú, go dtí nach mbíonn fágtha ann ach an dé, agus ansin, ritheann siad leo, mar a dhéanfadh cladhairí, gan iarracht ar bith a dhéanamh ar chóir leighis a chur ar fáil dó, nó cúnamh dá laghadh a thabhairt dó. Nach deacair cur suas le hiompar dá leithéid? Agus dá gcuirfeá ceist orm, an raibh leigheas ar bith le fáil ar an gcineál sin barbarthachta, is dócha go mbeadh orm a rá, rbh aon mhaith é cupla seachtain príosúntachta a ghearradh orthu dá bharr, nó thiocfaidís amach, ar ball, agus dhéanfaidís a leithéid céanna arís, ach dá ngearrfaí seal fada príosúntachta orthu, ansin bheadh seans ann go bhfoghlaimeodh siad fios a mbéas, don todhchaí, agus nach ndéanfadh siad a leithéid arís, agus chomh maith le sin, mhúinfeadh sin ceacht do mhaistíní óga eile, gan iompar dá leithéid a chleachtadh amuigh ar ár sráideanna, ar eagla go ndéanfaí an rud céanna dóibhsean.

Timpeallacht a fheabhsú

Ar an dtaobh eile den scéal, is dócha go gcaithfidh an tsochaí s’againne, chuile iarracht a dhéanamh ar thimpeallacht an phhobail a fheabhsú, sa chaoi nach mbeidh fonn ar ógánaigh, feasta, daoine a ionsaí, nó a bhualadh, in aon chor. Tharla cogaí iomadúla ó cheann ceann na cruinne, agus tá’s ag an lá go gcothaíonn cogaí foréigean, agus fíoch fola, i measc daoine. Íslíonn siad freisin, an luach a leagann daoine ar bheatha an daonnaí.

Trí leathadh chumhacht na meán, d’éirigh le fórsaí áirithe dul i gcionn ar an bpobal, agus chuir ar a súile dóibh, gur rud ionmholta é, tuilleadh agus tuilleadh saoirse fós, a thabhairt don duine Agus cé gur maith an rud é saoirse a bheith ag duine, ag an am gcéanna, mura bhfuil sé sásta bheith freagrach as a ghníomhartha fhéin, agus géilleadh do chearta a chomhdhaoine, bhuel, ansin millfidh an tsaoirse sin cumas tháithe an phobail, sa chaoi go loitfí, agus go millfí é, ón dtaobh istigh.

Tá’s ag an lá, go bhfuil i bhfad Éireann níos mó airgid i bpócaí na ndaoine óga, sa lá atá inniu ann, thar mar a bhíodh, Féach freisin, mar a ghlóirtear gnéas, foréigean, agus póit, ar na meáin, sa lá atá inniu ann, go háirithe ar an teilifís, agus nach músclaíonn na scannáin agus na físeáin sin fiosracht na hóige, sa chaoi go mbíonn fonn orthu aithris a dhéanamh ar laochra na scannán.

Is dócha, gur leor sin do thuras na huaire seo.

Reachtoir no reabthoir.

SEO SLÁINTE NA mBÓ – 3

SEO SLÁINTE NA BÓ 3

Peadar Bairéad.

(In this series, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the last century)

Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit. B’fhéidir nár ró-olc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as. –

‘Go tóin, a dhiabhail !’

Pisreoigín macánta, bídeach, amháin eile, sára dtosaítí ar an maistriú a bhualadh…glaicín salainn a chraitheadh ar chlár na cuinneoige. Bhí slánú sa salann, chuile lá riamh.

Chun oibre linn uilig ansin.

Síos, suas, síos suas. Go tóin! a dhiabhail! go tóin adeirim.

Anois a Mhártain. Ní hamhlaidh a mheasfá éaló amach agus tú ag stealladh toite uait, cosúil leis an gcapall iarainn fhéin. Ar ais leat ansin, agus caith do sheal ag maistriú, nó an amhlaidh a mheasfá an t-im a ghoid uainn?

Sin mar a bhíodh, seal ar sheal, nó go bhfeictí frídiní beaga ime ag teacht ar chlár na cuinneoige.

Go mall anois! Go réidh! Tabhair seans don im. Ba ghearr go mbíodh Mam ag tógáil ime as an gcuinneog leis na spáid ime, agus chuirfeadh sí salann tríd.

Cnapóga a gcumadh ansin ag Mam leis na spáid sin, lán an phláta díobh. Chuirtí an fuíollach isteach i bpróca an ime. Mholtaí an maistriú. Muga bláthaí do chuile dhuine againn.

Seo sláinte na bó!

Fosaíocht moch déanach…

Bhíodh orainne gasúir feasta, bia blasta a chur ar fáil don bhó sin. Bhíodh muid amuigh roimh bhricfeasta ag fosaíocht lei, á seoladh chun beadaíochta, áit ar bith a mbíodh féar bog milis ag fás go buacach, ar cheann fearainn, nó idir iomairí, nó fiú, ar chasáin sna goirt fhéin. Bhíodh an gnó céanna le déanamh againn arís sa tráthnóna, i ndiaidh na scoile.

Dála an scéil, cuireannn sin rud eile i gcuimhne dhom, i. go mbíodh orainne, gasúir, bheith i bhfeighil na mbó maidin is tráthnóna. Bhímis leo, luath is mall, agus sa tslí sin, chuireamar an-aithne orthu. Sa tslí sin freisin, d’fhás snaidhm daingean ceana eadrainn, i dtreo is gur thuigeamar iad. Síceolaí bó a bhí i ngach uile dhuine againn. B’iomaí uair, sa Samhradh, a chuireamar le báiní iad trí aithris a dhéanamh ar dhordán an chreabhair chapaill. Rithfeadh na ba leo, rubaill in airde, abhaile ar a ndícheall. Ligtí isteach sna stáblaí, ón teas, iad, rud a d’fhágfadh scathamh saoire againne, le caitheamh ag neadóireacht, nó ag seilg coiníní, nó ag déanamh spraoi éigin eile dhúinn fhéin.

‘Bualadh saighead

B’olc ar fad an seans é, dá mbeadh tinneas nó galar ar bith ar bhó, mar bhíodh ár seasamh orthu, ach ba rud é a tharlaíodh, corr uair. Ní bhíodh tréidlia ar bith sa taobh tíre sin, an uair úd, idir Bhéal an Átha agus an Fód Dubh. Sea, mh’anam, tréidlia, nó dlíodóir, ní raibh ann. mar sin, churtí fios ar sheanduine éigin, a raibh scil aige sna cúrsaí sin. Thagadh seisean go déanach sa tráthnóna. Go hiondúil, scrúdaíodh seisean an beithíoch bocht. Thochraisíodh a cheann.

Shiúladh anonn is anall, agus go hiondúil ansin, deireadh se, Bualadh saighead, gan dabht ar domhan. Bhfuil dairteacha ar bith sa bhaile seo? Níl! Ó bheul! gheobhaidh mé fhéin iad anocht. Ba é a bhí sna dairteacha céanna sin nó, clocha a chaitheadh lucht na sí leis na ba, sár a dtógfaidís leo isteach sa lios iad!

Ba é an leigheas a bhí ar an ngeis seo, nó, na clocha beaga sin a chur i mála beag, agus iad a bhruith i bpota uisce, agus ansin, deoch den uisce sin a thabhairt don bhó. Uaireanta, thiocfadh biseach ar an mbó, agus mholfaí an fear feasa. Uaireanta eile ní thiocfadh, agus déarfaí go raibh sé ró-dhéanach, nó leagfaí an milleán ar an bhfear thuas!

.

.

,

gaGaeilge