Saoire Lunasa. 2

Saoire Lunasa. 2

.

I m B é a l a n P h o b a i l .

****************************

.

The August Holiday . 2

Ar Lá Saoire Lúnasa, shocraíomar ar gheábh a thabhairt siar go Dún Chaoin, le go bhfeicfimis arís, áilleacht agus éagsúlacht na dúiche sin. An babhta seo áfach, is amhlaidh a thugamar an bóthar trí Abhainn na Scáil orainn fhéin, agus tar éis dúinn tamall a chaitheamh sa Daingean, ag tabhairt chuile shórt faoi deara, leanamar orainn i dtreo Fhionn Trá, agus uaidh sin arís i dtreo Cheann Sléibhe, mar a raibh an Fharraige Mhór ar thaobh na ciotóige, agus Sliabh scanraitheach an Fhiolair ar thaobh na láimhe deise againn. Nach deacair dul thar radharcra chomh corraitheach sin gan lán na súl a bhaint as, anois is arís, fiú. Ach, sa lá atá inniu ann, agus an oiread sin tráchta sin ar bhóithre dá leithéid seo, ní bhíonn an dara rogha ag duine, ach na súile a choinneáil dírithe ar an ród a shníonn, go hanacair, casta, roimhe amach.

Slea Head .

Nach álainn an tír sin a shíneann ó Cheann Sléibhe go Dún Chaoin? An féidir na radharcanna mara is sléibhe sin a shárú, áit ar bith ar domhan? Ach ba é an ceann scríbe a bhí socraithe againn don lá áirithe sin nó “Ionad an Bhlascaoid Mhóir”, atá suite cóngarach do bhaile Dhún Chaoin fhéin. Níorbh í seo an chéad uair againn cuairt a thabhairt ar an Ionad céanna seo, ach caithfidh mé a admháil, go n-éiríonn leis mé fhéin a chur faoi gheasa, agus mé a mhealladh ar ais chuige, chuile uair a tharlaíonn sna bólaí céanna sin mé.

The Great Blasket Centre .

Ar deireadh, shroicheamar an tIonad. Pháirceáil muid an gluaisteán in ionad páirceála an Ionaid, agus ar aghaidh linn isteach. Bhí togha na Gaeilge blasta le fáil istigh, ag an té ar theastaigh a leithéid uaidh, sea agus flúirse di freisin. Caithfidh mé a admháil, gur thaitin sin go mór liom. Fuaireamar ár dticéid, agus isteach linn san Ionad álainn dea-thógtha, dea-fheistithe, sin.

Bhí daoine óga linn, agus bhí ceisteanna acusan le cur orainn, agus thug sin deis dúinne, scéal an oileáin agus a phobail a mhíniú dóibh, chomh fada is a d’fhéadfaimis é sin a dhéanamh, agus chuamar ar thuras leo, ó sheomra go seomra, le scéal uilig an oileáin a léamh, agus a fheiceáil sna pictiúir iomadúla a bhí crochta chomh cliste sin ar fhallaí na seomraí céanna sin. I lár na hoibre sin go léir, tugadh leid dúinn, go raibh an Scannán Faisnéise faoi’n mBlascaod ar tí tosú san Amharclann álainn atá acu san Ionad Mínithe sin. Thugamar cluas don leid chéanna sin, agus thugamar aghaidh ar an Amharclann. Ní bréag ar bith a rá, gur thaitin an seó sin thar barr linne. Fuaireamar an-tuiscint ann, ar phobal an oileáin, agus ar a slí bheatha agus maireachtála, sular chuir eacnamaíocht an fichiú haois críoch lena ré mar oileanáigh, agus mar iascairí a bhí sásta dul i ngleic le cumhacht agus le fíochmhaireacht na Farraige Móire. B’fhearr, agus ba shoiléire ár dtuiscint, ar shaol agus ar shaothar mhuintir an Bhlascaoid, tar éis dúinn an scannán úd a fheiceáil. Chuamar isteach ansin i seoimrín eile, agus istigh ansin, bhí mionsamhail an oileáin fhéin, leata os ár gcomhair amach, ar bhord. B’éasca dúinn ansin, cósta, cé, tithe, páircíní, bóithre, agus eile, a thabhairt faoi deara ansin, agus arís, chuir an mhionsamhail sin lenár dtuiscint ar an timpeallacht inar mhair oileanáigh cháiliúla úd an Bhlascaoid. In áit eile fós, bhí scéal agus pictiúir na n-oileánach úd a thug an tOileán Úr orthu fhéin, tráth raibh ré a n-oileáin fhéin thart. Bhainfeadh na pictiúir chéanna sin deoir asat, ach nach ‘in an saol agat a mhiceo!

Beautiful Dún Chaoin .

Ní call dom a rá, nach bhfuil ansin ach roinnt an-bheag den mhéid a bhí le feiceáil againn in Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid Mhóir, Ionad álainn a tógadh ansin i nDún Chaoin, agus é ag breathnú amach ar an mBlascaod Mór agus ar an ál oileán atá scaipthe thart air, amuigh ansin i ngiorracht fad urchar méaróige don tír mhór, faoi mar a cheapfá. Chhomh luath is a d’fhágamar Dún Chaoin, ar ár mbealach arais, d’ísligh dlúthchheo draíochta anuas ar muir is ar tír, ionas nach raibh radharc le fáil againn a thuilleadh, ar oileán álainn an Bhlascaoid, nó ar na hoileáin eile a mhaireann faoina scáth. Ach, nár chuma linne, nach raibh ár ndóthair feicthe againn don lá áirithe sin, agus nach mbeidís uilig ansin, nuair a d’fhillfeadh muid, an chéad bhabhta eile.

Ar ár mbealach ar ais ar an gCom, bhuaileamar isteach tigh Phaudí Uí Shé, i bhFionn Trá, agus chaitheamar lón ann, lón a chuir cúl ar ár dtart agus ar ár n-ocras, go ceann scathaimh mhaith, ach go háirithe. Thugamar cuairt ar Sháipéal Chaitlíona atá in aice láimhe, agus chuir áilleacht agus atmosféar ciúin, síochánta, an tSaipéil cheanna faoi gheasa sinn.

The Son of the Virgin Lives !

Chuireamar an-spéis go deo sa phictiúr atá deartha go healaíonta taobh thiar den altóir, sa tSáipéal céanna sin. Cén pictiúr, an ea? Coileach, ina sheasamh ar imeall phota, agus é ag glaoch….. “Mac na hÓighe Slán.” Ní call dom a rá, gur smaoinigh mé láithreach ar Pheig Sayers, agus ar an scéal atá le léamh ag duine, sa leabhar sin “Peig”, faoin aiséirí.

I ndiaidh an tsosa sin i bhFionn Trá, thugamar aghaidh arís ar an gCom, agus ní haithristear scéala ar bith orainn gur bhaineamar ceann ár scríbe amach. Agus le sin, cuirfidh mé críoch le scéala ár saoire ar an gCom, i Lúnasa na bliana seo, 2004.

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

Saoire Lunasa. 2

Sceanadh, Mugail, agus maru…1

Sceanadh, Mugáil, agus Marú…. 1

Peadar Bairéad

(This week we take a look at violent behaviour)

Éigean agus Slad!

Is dócha gur thug tú faoi deara, ar na mallaibh, go bhfuil an focal “éigean” i mbéal gach éinne i bhfad Éireann níos minicí ná mar a bhíodh. Ní hionann sin is a rá, nach raibh an t-earra céanna sin ar fáil roimhe seo, nó bhí, ach is dócha nach bréag ar bith é a rá, go bhfuil an foréigean céanna sin imithe chun an donais ar fad, le mám blianta anuas. Tá daoine ann adeir, gurb iad na drugaí agus an t-ól is cúis leis, agus is dócha go bhfuil sláimín den cheart acu sa mhéid sin, ach, i ndáiríre, níor chóir dúinn glacadh le leithscéal dá leithéid, nó má dhéanann, is ionann sin is a rá, nach mbeadh duine ar bith freagrach, as a ghníomhartha i gcás dá leithéid feasta, toisc gur féidir leis an milleán a leagan ar chúis eicínt taobh amuigh dá bheith fhéin. Bhíodh leithscéalta dá leithéid á dtabhairt sna cúirteanna, i gcás an óil, tamall de bhlianta ó shoin, ach ar deireadh, is dócha gur shocraigh na breithiúna, nár chóir glacadh lena leithéid feasta, nó tuigeadh dóibh, go raibh an meisceoir ciontach ina mheisce, ar an gcéad dul síos, agus dá bharr sin, go raibh sé ciontach freisin sna gníomharatha a rinne sé le linn a mheisce. B’fhéidir go ndéarfadh duine, go bhfuil an-difear idir bheith ar meisce agus a bheith mearaithe, dí-aignithe, ag cumhacht na ndrugaí, ach ag an am gcéanna, nach é an dá mhar a chéile é, nó i ngach cás acu, tá cumas an duine guaim a choinneáil air fhéin, bearnaithe nó millte. Ach an ionann sin is a rá, nach bhfuil duine ciontach sna gníomharatha a rinne sé i gcás dá leithéid? Ní dóigh liom gurb ea, nó dá ndéarfaí a leithéid, ansin, is dócha go mbeadh sé de dhualgas ar na húdaráis an té sin a choinneáil i ngéibheann go dtí go bhféadfaí a rá arís nár bhaol don phobal é

Uisce na bhFataí

Bhí mé ag caint faoi na cúrsaí sin le Mártan an Tairbh, seanchara linn, an lá cheana, agus bhfuil fhios agat céard adúirt seisean liom?

Bhuel! ar seisean liom, nach ionann intinn an duine agus inneall cumhachtach, dea-dheartha, deadhéanta, foirfe. Agus ar seisean ansin, an mbeifeása sásta uisce na bhfataí a chur isteach ann, in áit díosail, nó peitril? agus tú ansin ag súil, i ndiaidh an iomláin, go mbeadh a rith agus a léim aige ina dhiaidh sin? Ní dóigh liom go ndéanfá, arsa mo chara, agus é ag scaoileadh gáilleog den stuif crua siar le fána! Ó, bhuel! beatha dhuine a thoil, arsa mise liom fhéin. Tar éis na cainte sin go léir, caithfear a admháil, is dócha, go bhfuil tionchar do-áirithe ag drugaí ar fhás an foréigin sráide sin, a thugtar faoi deara, ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha, le roinnt blianta anuas.

Ach an bhfuil leigheas ar an scéal, má sea?

Bí cinnte nach bhfuil ‘leigheas ar an toirt’ le fáil ar fhadhb chasta dá leithéid, a bhfuil an domhan mór cráite, céasta, aici, le cupla scór bliain anuas, nó dá mbeadh a leithéid de leigheas ar fáil, bí cinnte go mbeadh úsáid bainte as, ag na tíortha móra saibhre, a bhfuil na milliúin á gcaitheamh acu in aghaidh na bliana, ag iarraidh srian a choinneáil ar dhéanamh, ar úsáid, ar dhíol agus ar leathadh, na ndrugaí díobhálacha céanna sin.

Ach, fágaimis an fhadhb sin ar leataobh, go fóill, agus tugaimis aghaidh arís ar an bhforéigean sráide sin, atá i mbéal gach éinne, na laethe seo.

Nach cuimhin le chuile dhuine againn an nath úd a bhíodh ar bhéala daoine, roinnt blianta ó shoin, nó ní bhíodh i mbéal an uile dhuine, an tráth sin ach “Zero Tolerance”. Is dócha gurbh iad na Puncáin a chuir tús leis an téarma céanna sin, agus ba é ciall a bhí, agus atá, leis, nó nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith, dá mbrisfeadh sé dlí nó riail ar bith, cuma cén cineál dlí a bheadh i gceist, marú duine, nó ag caitheamh bun toitín ar an tsráid, chuirfí an dlí i bhfeidhm, go huile is go hiomlán, i ngach uile chás. Rinneadh iarracht ar sin a dhéanamh ar shráideanna Nua Eabhraic, agus deirtear gur tháinig an-fheabhas ar chúrsaí ansin dá bharr. Ba ghearr go raibh an mana céanna á úsáid anseo i dTír na hÉireann freisin, ach ní dóigh liom, go raibh toradh céadach air anseo, faoi mar a bhí thall!

(Tuilleadh an tseachtain seo chugainn.)

.

.

.

.

Saoire Lunasa. 2

SEO SLÁINTE NA mBÓ – 4

SEO SLÁINTE NA BÓ….. 4

(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the youth of the last century.)

Seo anois ‘Cuid a Ceathair’ den tsraith aisti seo. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as.

Leigheasanna nua-aimseartha.

B’annamh a thagadh fear feasa ar chuairt chugainne. Bhí Daid s’againne ró-‘with it’ mar adéarfá. Ach mar sin fhéin, chuirfeadh sé fios ar dheartháir a chéile le graithí áirithe a dhéanamh

Coilleadh, mar shampla. Bhíodh trua an domhain againne, gasúir, don bhullán nua-dhéanta. Obráid simplí go leor a bhí i gceist.
Rásúr, gearradh, coilleadh, glanadh, agus boladh láidir díghalraitheach an ‘Jeyes Fluid’, agus b’in sin. Bhí an gnó déanta, agus mh’anamsa nár dhair bullán acu sin aon bhó riamh.
Is fearr rith maith ná…………….
Nach orainne gasúir a bhíodh an faitíos, nuair a deireadh m’uncail, tar éis na hobráide… “Déarfainn go bhfuil sé in am againn jab a déamamh ar na gasúir seo, ó tharla go bhfuil na rópaí agus an rásúr anseo anois againn”
“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat, a Sheáin, ach nár chóir breathnú orthu i dtosach?”
“Ó, Muise! tá an ceart ar fad agat. Gabh isteach anseo……”
Bhuel, a dhuine mo chroí, ni fhanaimis lena thuilleadh a chlos. Thugaimis do na bonnaibh é, agus srian ní tharraingíodh muid go mbíodh cupla míle slí eadrainn fhéin agus diabhal úd an rásúir!
Ag briseadh a gcroí ag gáire fúinn a bhíodh na cleasaithe. Ach sin scéal eile ar fad do uair éigin eile….

Bhíodh súil againn ar na bulláin choillte sin ar feadh míosa ina dhiaidh sin, go dtí go mbíodh siad cochall-chneasaithe arís. Gnó eile a dhéanadh an fear céanna sin, nó gairleog, agus púdar dubh air, a chur isteach i ngualainn ghamhna. obráid shimplí go leor a bhí anseo. Bheadh an ghamhain sa stábla, agus ghearrtaí an craiceann sa ghualainn, agus dhéantaí póca beag faoin gcraiceann, agus isteach sa pháca sin chuirtí píosaí beaga gairleoige. An díghalrán céanna arís, ansin, dhúntaí an gearradh le tearra te, leáite, faoi mar a chuirfeá ar churrach. Cosaint ba ea é seo ar an ngalar crúb is béil. Obráid bheag amháin eile, agus beidh mé críochnaithe le m’uncail, le fear an rásúir. Uaireannta d’fheicfeá bó agus í bacach. Loscadh buaile ba chúis le sin. Ní raibh leigheas ar bith ar an loscadh céanna sin ach é a ghearradh le rópa a tharraingt idir ladhracha na bó , arís, dheallródh sé go raibh Daid sásta le toradh oibre agus scile fhear an rásúir.

Scileanna eile

Bhí cupla scil eile ag Daid nó ba bheag duine sa pharáiste a bhí inchurtha leis ag tógáil bó as díog, agus geallaimse dhuit é, go mba riachtanach, amach is amuigh , an scil chéanna sin im bhaile-se, an uair úd, mar bhí poill phortaigh, agus díoga doimhne, ró-fhlúirseach ar fad ann. Nuair a raghadh bó i ndíog, chuirtí fios ar chabhair. Thógadh Daid spád agus rópa leis. Ansin dhéanaidis an díog a leathnú, agus dhéanaidís an rópa a oibriú isteach faoi bholg na bó. Agus ansin théidís ag obair, agus fear na bó fhéin faoin eireaball! agus ba ghearr go mbíodh an bhó bhocht ardaithe acu as an ndíog, nó as an bpoll portaigh ina raibh sí sáinnithe.

Thógaidís an bhó amach agus í ina líbín fliuch, báite. Áthas ar gach éinne. An bhó á tiomáint abhaile. Ní fhaca mé cás riamh nár éirigh leo an bhó a ardú amach as an bpoll, cé go mbíodh sé dian go maith orthu, uaireannta

Mh’anamsa, ach go raibh scil níos fearr i bhfad ná an scil sin ag Daid, sé sin, dá raghadh bó dá tachtadh, trí thurnap, nó fata, a shlogadh, arís chuirtí fios ar chabhair. Raghadh Daid chomh maith le duine. Ní thógfadh sé leis an tursas seo ach giúirléid amháin, sé sin, an sean tlú. Chuirfeadh sé an tlú isteach i mbéal na bó, agus cheanglaíodh sé le sreang é, ansin, agus beirt nó triúr i ngreim i gceann na bó, ropfadh sé a lámh tríd an tlú agus isteach i gcraos na bó. Bhéarfadh sé greim ar an bhfata, agus b’in sin. Tharraingíodh sé aníos an fata. Uaireanta, bhíodh an fata imithe ró-fhada siar ar fad, agus sa chás sin, siar a chuirfeadh sé an fata, agus b’in bó eile sábháilte, agus scéal beag eile ríofa isteach i mbéaloideas an bhaile.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Saoire Lunasa. 2

Spiorad a n S p ó i r t

Spiorad an Spóirt.

Nach iontach go deo é an sport, mar chaitheamh aimsire, mar thógáil anama, agus mar leigheas ar an ngalar dubhach. Nuair atá duine gafa i líon an spóirt, cuirtear a anam faoi gheasa, agus a chorp faoi dhraíocht, agus saortar a spiorad, ó bhuarthaí greamaitheacha an tsaoil anróitigh seo. Nach cuma, i ndáiríre, cén cineál cluiche atá idir chamáin againn, cluichí aonair nó cluichí foirne, chomh fada is a ghlacann an duine daonna fhéin páirt in imirt an chluiche sin, mar imreoir, nó mar dhuine den lucht féachana. Ní hé mo thuairim go mbíonn an tionchar céanna ag cluichí cartaí nó ag cluichí boird orainn, is a bhíonn ag na cluichí ina nglacann daoine daonna fhéin páirt iontu. B’fhéidir go gcuirfeá spéis i gcluiche cúig fichead, nó i gcluiche táiplise, ach ní chuirfeadh sé faoi gheasa thú, faoi mar a dhéanfadh cluiche iománaíochta, nó cluiche peile. I ndáiríre, is iad na cluichí foirne is mó a imríonn a ndraíocht orainn, go háirithe, ár gcluichí náisiúnta fhéin, nó labhrann siadsan le smior na gcnámh istigh ionainn, toisc gur chuid inmheánach, doscartha, dár n-anam iad. Mo chuidse de, bhain mé taitneamh nár bheag as cluichí a imirt le linn m’óige, bíodh anois nárbh aon saineolaí sna cúrsaí sin mé, ag an am gcéanna, níorbh aon iománaí ar an gclaí mé, ach oiread.

Mo Chuidse de .

Mar a d’inis mé dhaoibh go minic cheana, ba léann an tsagairt a cuireadh ormsa, agus dá bhrí sin, bhaintí úsáid as na cluichí le smacht a fháil ar ár gclaonta míchuibheasacha, agus le Cothrom na Féinne a chleachtadh, ar bhealach nádúrtha. Anois, bíodh nach i gcónaí a chuirfhinn na prionsabail úd, a d’fhoghlaim mé sa Chliarscoil, i bhfeidhm, ag an am gcéanna, sin iad na prionsabail a mbainim fhéin úsáid astu, mar shlat tomhais, agus mé ag iarraidh breith a thabhairt ar lucht spóirt an lae inniu. Ná síltear anois nach mbainim taitneamh agus spraoi as bheith ag breathnú ar chluichí á n-imirt, go háirithe na cluichí foirne, bíodh go mbíonn mo chroí sáite freisin i nGalf agus i Leadóg, cluichí a bhraitheann ar an nduine aonair, tríd is tríd.

Ach, b’fhéidir anois, go gcuirfeá ceist orm faoi chluichí an lae inniu, An mbainimse taitneamh astu? nó an gceapaim go ndéantar iad a imirt ar mhodh spóirtiúil, fearúil, nó banúil, de réir mar a oireann? An dtugtar Cothrom na Féinne d’imreoirí na gcluichí céanna sin?

Spórt faoi Láthair ?

Mar adeireadh an tseandream fadó, is fusa go mór ceist a chur ná ceist a fhreagairt, agus nach deacair an seanfhocal céanna a shárú? Ach má sea fhéin, caithfear tabhairt faoi na ceisteanna sin a fhreagairt go díreach, macánta.

Leis an gceist a fhreagairt i gceart, is dócha go mbeadh ar dhuine a rá, go bhfuil difir mhór idir na cluichí gairmiúla agus na cluichí amaitéaracha, nó glactar le caighdeán faoi leith sna cluichí gairmiúla, toisc nach ar son an spóirt amháin a imrítear na cluichí céanna sin. Is é bun agus barr na himeartha sin nó buachaint, ar ais, nó ar éigean. Sea, agus mura bhfuil bealach spóirtiúil le scór a stopadh, ansin glactar leis, go coitianta, go bhfuil sé ceadmhach, feall gairmiúil, mar a thugtar air, a dhéanamh. Má fheiceann an Réiteoir an feall sin, gearrfaidh sé pionós, de shaghas amháin, nó de shaghas eile, ar fhear déanta na coire, agus sin sin. Anois, sna cluichí Náisiúnta, amaitéaracha, toisc gur ar son an spóirt a imríonn na himreoirí, bítear ag súil le cineál eile caighdeáin ar fad iontusan, agus i gcás imreora a bhfuil fuadar scórála air, ní ghlactar leis go bhfuil sé ceadmhac feall gairmiúil a dhéanamh air. Ionann sin is a rá, mura bhfuil ar chumas an chosantóra, an t-imreoir sin a stopadh, de réir rialacha an spóirt, ansin, ba chóir dó scaoileadh leis, nó bhí bua imeartha faighte aige ar an gcosantóir sin. Sea, mh’anam, agus má stoptar an t-imreoir sin, go fealltach, ionann sin is a rá nár tugadh Cothrom na Féinne dó, agus murar tugadh, briseadh rialacha an spóirt, go hoscailte, agus go náireach, freisin.

Tá sin go breá, ach an mar sin a imrítear na cluichí amaitéaracha ar ár bpáirceanna imeartha, lá i ndiaidh lae, agus seachtain i ndiaidh seachtaine? Bíodh trí splaideog céille agat, a mhac! Nó cá raibh tú aimsir na súl? Nach bhfeiceann tú na buillí fill a thugtar don té a fhaigheann scór, mar fholáireamh dó, gan a leithéid a dhéanamh arís, agus nach bhfeiceann tú freisin, faoi mar a bhuailtear an t-imreoir maith, len é a cheansú, agus a smachtú. N’fheadar ar fhoghlaim ár n-imreoirí an iomarca ón bPeil Astráileach, agus ó iompar agus ó bhullaíocht na n-imreoirí céanna sin, ach arís, caithfear a thabhairt faoi deara, gur imreoirí gairmiúla iad an peileadóirí Astráileacha céanna sin.

Agus Tuige ?

Agus tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir, tuige a tharlaíonn a leithéid?

Chuile thuige, nó imrítear na cluichí amaitéaracha anois faoi mar ba cluichí gairmiúla iad. Déantar diantraenáil ar na himreoirí amaitéaracha, sa lá atá inniu ann, agus bíonn siad cíocrach, díocasach, teanntaithe suas, le bua a bhreith ar a gcéilí imeartha ar an lá, ar ais, nó ar éigean. Breathnaigh ar na himreoirí seo sul má chaitear an chaid, nó an sliotar chucu isteach in aon chor, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim. Tá siad ansin sna píobáin ag a chéile, iad ag soncáil a chéile, ag imirt faltanais ar a chéile, ag brú, ag priocadh, ag bulaíocht, agus chuile chleas eile faoi luí na gréine á n-imirt acu, le léiriú dá gcéile imeartha, go bhfuil siad níos láidre, níos contúirtí, níos dainséirí, mar dhuine, ná eisean, cuma sa tsioc faoina mháistreacht ar scileanna an chluiche. Agus ní he sin amháin é, ach leanann an cineál sin iompair tríd an gcluiche ar fad, chuile iarracht á dhéanamh le bua a bhreith ar an bhfear eile, ní hamháin trí mháistreacht i scileanna na himeartha, ach trí bhealach ar bith eile, taobh istigh, nó taobh amuigh den mháistreacht chéanna sin, sea, agus nach beag an drugall a bhíonn ar imreoirí áirithe buille fill a bhualadh, amannta. Breathnaigh freisin ar iompar na mbuaiteoirí, i ndeireadh na himeartha thiar. Nach minic a chaitheann siad a ndúthracht ag déanamh comhghairdis lena chéile, in ionad comhbhrón a dhéanamh lena gcéilí imeartha. Anois, ná síltear go bhfuilim ag maíomh anseo, gur mar sin a tharlaíonan chuile bhabhta a theann foirne amaitéaracha ag imirt, nó ní mar sin atá, Bheadh ar dhuine ar bith a rá, go n-imríonn bunús na bhfoirne, agus na n-imreoirí, go fearúil, féaráilte, onórach, agus go léirionn siad meas agus ómós dá gcéilí imeartha, agus go gcraitheann siad lámh leo, go carthannach, cairdiúil, i ndiaidh an chluiche, ach nach ar an dream eile a dhírítear ár n-aird, go minic. Sea, agus mar bhuille scoir, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le lucht imeartha rugair, nó, bíodh go ndéanann siad a chéile a leathmharú i rith an chluiche, tagann siad le chéile, go cairdiúil, fearúil comharsanúil, ag deireadh an chluiche, agus tógann a leitheid mo chroíse, ach go háirithe.

Oscailt Súl !

Anois, b’fhéidir nach dtabharfadh éinne aird dá laghad ar alt mar seo, ag an am gcéanna, ba chóir dúinn uilig, caighdeán ár gcluichí a chur sa mheá, corruair. B’fhearrde go mór ár gcluichí a leithéid a dhéanamh go rialta!

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

Saoire Lunasa. 2

Suile dishramtha

Súile díshramtha!

Peadar Bairéad

Tharla gur léigh mé píosa le John Waters in eagrán an 15ú Nollaig 2013 den Irish Mail on Sunday, agus caithfidh mé a rá, gur bhain an píosa céanna sin stangadh asam. Anois, bíodh go léim colún John minic go leor, agus bíodh freisin, nach go ró-mhinic a aontaím go huile is go hiomlán leis, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil, an babhta seo, gur chuir sé roinnt áirithe fíricí ar mo shúile dhom, rud a chuir cúl ar na sramaí úd a bhí dom’ dhalladh, le tamall de bhlianta anuas, nó tuigeadh domsa, go nuige seo, nach raibh tír ar domhan inchurtha leis an dtír s’againne, ar a ionracas, ar a dáiríreacht, ar a tuiscint ar oilithreacht álainn an daonnaí trí ghleann seo na ndeor, sea, agus ar a grá do na h-ealaíona agus don litríocht.

Céard tá i gceist agam, an ea?

Bhuel! tá seo, go bhfuil mé ag ceapadh, go raibh an dearcadh náisiúnta céanna agam fhéin agus ag John feadh na mblianta, agus tuigtear dom freisin, nach bhfuil a aire siúd dírithe go hiomlán aige ar imeachtaí an tsaoil seo, ach nuair a dúirt sé amach go neamhbhalbh, go bhfacthas dó, go raibh an tír s’againne truaillithe go smior, agus go mbeadh sé deacair gan cur leis an dearcadh céanna sin, bhí orm a admháil go raibh mám maith den bhfírinne á léiriú aige don té a raibh súil amháin, fiú, aige ar imeachtaí na tíre seo le tamall de bhlianta anuas. Breathnaigh mar a chuir John Waters fhéin é, ina alt san ‘Irish Mail on Sunday

“But this week I’ve had pause for thought. There’s something deeply rotten in this country now and it’s scarcely possible to overstate it. The saga of the Central Remedial Clinic must surely have sickened every stomach in the land. It certainly sickened mine.”

Lag, lofa, lúbach.

.

B’in an rud a bhain na sramaí dá shúile dó, ach nuair a bhreathnaigh sé thart air, tuigeadh dó, go raibh na colúna teanna úd, a raibh ár bpobal ag brath orthu, go raibh roinnt acu lag, lofa, bach, bíodh go raibh cúram na n-easlán glactha ag cuid acu mar dhualgas orthu fhéin. Éist le John arís, tar eis don lofacht seo uilig a bheith tagtha aniar aduaidh air…

“The rot, is seems, has no end. This past week has told us that we have no idea how deep it goes and no reason to be hopeful that it has any limits at all.”

ard a tharla in aon chor do na físeanna uaisle úd a spreag bunaitheoirí ár

Stáit, agus na físeanna a bhí, faoi mar a cheapamar, mar réalt eolais ag chuile

dhuine dár muintir agus muidinne ag fás aníos in óige an Stáit seo? Is é mo thuairim fhéin go bhfuil said folaithe ansin i gcroí na cosmhuintires, ach iad a bheith maolaithe roinnt, agus loinnir na hóige caillte acu.

Aingil ar thalamh!

            Ba é an dearmad ba mhó a deineadh i dtús báire, nó gur glacadh leis, go mba Aingil ar thalamh iad chuile dhuine dár muintir, agus go ndéanfadh siad an rud cheart, chuile bhabhta, go háirithe dá mbeadh dlíthe ag feidhmiú mar réalt eolais dóibh. Bhí breall orainn sa mhéid sin áfach, nó is beag maitheas atá sna dlíthe sin, mura bhfuiltear sásta féachaint chuige, go gcoimhlíontar iad. Más mar sin atá, agus is cosúil gurb ea, bhail! ní bheidh leithscéal ar bith againn feasta, Cuirimis chuige mar sin, mar phobal aontaithe, agus féachaimis chuige, go gcuirfear na dlíthe úd i bhfeidhm, agus má dhéanann, ní bheidh caill ar bith orainn sna laethe atá romhainn amach.

.

gaGaeilge