An t-Iontas

An t-Iontas

An t-Iontas.

Peadar Bairéad

(This week we reveiw, ‘The Wonder’, by Emma Donoghue)

.

The Wonder’………….Céadchló……….2016

by ………….Emma Donoghue…………€14.99

.

Scéinséir Corraitheach,

Seo leabhar eile ó pheann líofa an údair sciliúil, Emma Donoghue, údar an leabhar cháiliúil eile sin ‘The Room’, leabhar a ndeachaigh a cháil ó cheann ceann na cruinne in achar gearr, agus tá’s ag madraí an bhaile fhéin, go bhfuil an cháil chéanna sin tuillte, agus tuillte go maith, ag an leabhar céanna sin, agus ag a údar aithnidiúil freisin. Rugadh údar an leabhair seo i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1969. Chaith sí seal i gCambridge Shasana, ag déanamh léinn san Ionad Léinn cáiliúil sin, áit ar bhain sí Ph.D. amach lena staidéar ar litríocht an ochtú haois déag.

.

Suítear an scéal i mBaile Átha Luain

Ach, le filleadh ar an leabhar seo atá idir chamáin agam an tseachtain seo. Suíonn an t-údar a scéal i mbaile iargúlta tuaithe, cóngarach do Bhaile Átha Luain, in Éirinn, i ndiaidh an Ghorta Mhóir, i seascaidí na haoise seo caite. Bhunaigh an t-údar an scéal seo ar eachtraí a tharla in áiteacha éagsúla, san Eoraip, agus i Meiriceá, an tráth úd, agus níos déanaí freisin, nuair a tharla gur ceapadh gur mhair daoine áirithe, go háirithe cailini óga, ar feadh tréimhsí fada gan aon bhia, agus tuigeadh ag an am, go mba chomhartha osnádúrtha a leitheid de tharlúint. Bunaíonn an t-údar seo a scéal ar chailin óg, Anna O’Donnell, a bhí aon bhliain déag d’aois ag an am, agus cailín a raibh tréimhse cheithre mhí caite aice gan bhia, rud a tharraing aird an tsaoil mhóir uirthi fhéin is ar a tuismitheoirí, Rosaleen agus Malachy O’Donnell. Tuigeadh do dhaoine áirithe, nach raibh ann ach cleas le hairgead a bhailiú, agus ag an am gcéanna, tuigeadh do bhunús na cosmhuintire, go mba naomh ar thalamh í an cailín óg sin, Anna.

.

Troscadh nó Cur i gcéill

Leis an scéal sin a shocrú ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile, tháinig maithe na háite le chéile agus bhunaíodar coiste leis an scéal ar fad a fhiosrú, féachaint an raibh Anna ag ithe bia, nó nach raibh. Bhí ar an gCoiste sin, an sagart paróiste, Mr Thaddeus, an dochtúir áitiúil, Dr. McBrearty, agus an R.M. áitiúil, Sir Otway Blackett. Shocraigh an coiste sin ar bheirt bhan faoi leith a fhostú, Lib Wright, ar Shasanach í, agus ar deineadh traenáil uirthi sa Chrimé, faoi Florence Nightingale fhéin, agus Bean Rialta Éireannach, Sister Michael, agus bhí de dhualgas ar an mbeirt sin súil seabhaic a choinneáil ar Anna, féachaint an raibh caimiléireacht ar bith ar súil sa troscadh fada seo. I gcás ‘Lib’, ba bhean í nach mbeadh sé éasca dallamullóg a chur uirthi, nó léiríonn sí ó thús, gur bheag a meas ar an tír seo, ar Chaitlicigh frí chéile, arbh antoiscigh ach go hairithe iad. Ach diaidh ar ndiaidh, éiríonn caradas eicínt idir í fhéin agus Anna, nó tuigtear di, i ndáiríre, nach raibh sa scéal ar fad ach cur i gcéill, agus chuir sí roimpi Anna a mhealladh chun bia a chaitheamh. Ní hionann sin is a rá, go raibh aon mheas rómhór aice ar thuismitheoirí Anna, ar mhaithe ra an bhaile, ach oiread.

.

Lib agus William

Ba mhór an chabhair chuige sin uilig a fuair sí ón iriseoir aithnidiúil, William Byrne, a bhí sa dúthaigh mar thuairisceoir, thar cheann an ‘Irish Times’ agus fear a casadh uirthi, de thimpiste, mar a cheap . Tuigeadh don bheirt sin, Lib agus William, go raibh Anna idir bás agus beatha, agus shocraigh siad ar í a shábháil on mbás sin, agus chuige sin, shocraigh siad ar sheift. Anois, níl fúmsa an scéal ar fad a mhilleadh oraibh, nó an cat a ligean as an mála, agus fágfaidh mé fúibh fhéin é, a fháil amach, céard a tharla ina dhiaidh sin. Ar éirigh leo an plean sin a chur i gcrích, agus cén toradh a bhí ar an bhfeachtas sin.. Níl dabht ar domhan, ach gur sheift nach mbeifeá ag súil leis atá i gceist agam, agus tríd is tríd, is sár-leabhar é seo gur fiú go maith é a fháil is a léamh. Bainfidh tú taitneamh agus tairbhe as, tá mé ag ceapadh…     

.

An t-Iontas

Ár ndaonlathas fhéin

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Go Maire ár nDaonlathas slán

B’in nath a chloistí, blianta ó shoin, ach tá faitíos orm, gurb annamh a chloisfeá a leithéid sa lá atá inniu ann. Tá an meas a bhíodh ag daoine ar an nDaonlathas s’againne dulta go mór i léig, san idirlinn. Nuair a bunaíodh ár Stát, i dtús na bhFichidí, caithfear a thabhairt faoi deara, gur bheag ní i bhfolirm Meáin a bhí sa timpeall ag an am. Ní raibh raidió nó teilifís gurbh fhiú trácht orthu, nó fiú nár bheag ní i bhfoirm nuachtáin a bhí le fáil coitianta i measc na cosmhuintire, ag an am. Ach, bíodh gur mar sin a bhí, caithfear a rá gur thuig an chosmhuintirs an daonlathais go cruinn, soiléir. Tuigeadh go raibh ceart ag an bpobal Teachta a thoghadh, ina dtoghlach fhéin, lena gcás a chur i láthair na Dála Náisiúnta, ach bíodh gur thuigeadar sin go hálainn, ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh uilig, gurb é leas an phobail frí chéile an chloch ba mhó ar phaidrín Dáil Éireann.

iríonn sin uilig an cineál Daonlathais a bhí bunaithe againn sa tír seo. Ar an gcéad dul síos, deineadh an tír uilig a roinnt ina Toghlaigh, agus ag brath ar dhaonra chuile thoghlaigh acu sin, bhí cead acu uiimhir áirithe Teachtaí Dála, óna trí go dtí a ig, a thoghadh, le freastal ar dhaonra an Toghlaigh sin, agus lena gcás a chur, go ciallmhar, cneasta, cruinn, os comhair na Dála ar fad. Bhí cead ag na Teachtaí, ar choinníollacha áirithe, na hAirí Rialtais a cheistiú, le fios fátha gach scéil a fháil uathu agus sa tslí sin, dheintí modh oibre an Rialtais a léiriú do vótóirí uilig na tíre. Sa cheistiúchán sin, thugtaí cead don Teachta ceist a chur, agus mura mbeadh sé sásta leis an bhfreagra, bheadh cead aige an dara ceist a chur, le soiléiriú a fháil ar an gcéad fhreagra, agus b’in sin.

Ionradh na Meán

Le himeacht aimsire, deineadh na meáin chumarsáide a fhorbairt, a fhairsingiú, agus a leathnú, sa tslí go bhfuil anois againn, córas forleathan curarsáide, le pobal a chur ar an eolas faoi chúrsaí iomadúla na tíre seo. Bhí sin uilig go breá, ach ag pointe áirithe, ar chúis amháin nó ar chúis eile, thoiligh na Teachtaí Dála agus Airí an Rialtais fiú, teacht os comhair lucht na meán, lena gceisteanna siúd a fhreagairt, agus murab ionann is an chaoi a raibh cúrsaí leagtha amach sa Dáil, bhí cead anois ag lucht na meán iad a cheistiú, agus a chroscheistiú, faoi mar ba choirpigh os comhair cúirte iad, agus sa tslí sin, ghlac siad chucu fhéin na cearta a bhronn an pobal vótála ar a dTeachtaí la, sé sin, tuigeadh dóibh go raibh chuile cheart acu ár n-ionadaithe tofa a cheistiú, agus níorbh é sin amháin é, ach d’éilíodar freagraí uathu, frreagraí a réiteodh lena ndearcadh polaitíochta fhéin, go minic.

An raibh aon bhealach eile le deighleáil leis an scéal seo? Déarfainn fhéin go raibh. Ar an gcéad dul síos, céard faoi ghraithí uilig na Dála a theilifísiú? Agus ar an dara dul síos, nár chóir glacadh leis, mar phrionsabal, nach raibh dulagas ar ár n-ionadaithe a n-iompar a mhíniú, i bhfóram ar bith, taobh amuigh de Dháil Éireann. Ach nach mbeadh socrú dá leithéid i gcoinne saoirse cainte? Táid ann adéarfadh nach mbeadh, toisc go raibh an scéal ar aon chéim leis an mbac a bhíonn ar na meáin breithiúna a cheistiú, faoi ghraithí a gcúirteanna.

Tuige sin? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Toisc gurb iad ár dTeachtaí Dála a dhéanann, agus a leasaíonn ár ndlíthe, agus mar sin, chrosfaí ar lucht na meán a ladar a chur isteach i ngnó nala trí na Teachtaí a cheistiú nó a chroscheistiú, taobh amuigh de Dháil Éireann. Bheadh chuile chead acu, dár ndóigh, cúrsai polaitíochta a phlé, chomh fada is a d’fhan siad glan amach ónár n-ionadaithe polaitíochta, nó má leantar leis an scéal, faoi mar atá anois, nach mbeadh gnó na Dála forghafa ag iriseoirí gan aon ro-mhoill.

Nár chóir don ngréasaí fanacht i mbun a chip fhéin!           

.

.

.

An t-Iontas

Bean an Ghréasaí

Bean an Ghréasaí

Peadar Bairéad

The Shoemakers Wife…..…..Céadchló……..2012.

le

Adriana Trigiani………………………..………£12.99.

Banúdar cáiliúil

An teideal, agus ainm an údair, a dhúisigh mo spéis sa leabhar seo a chéaduair, nó cheap mé go mba ait an t-ainm é le baisteadh ar úrscéal. Ar ball áfach, tuigeadh dom, go mba nádúrtha go leor an rud é ag an mbanúdar seo, de phór Iodáileach, teideal dá leithéid a bhaisteadh ar an leabhar áirithe seo. Ní hé seo an chéad leabhar a bhain clú agus cáil amach don údar seo, a bhfuil cónaí uirthi in éineacht lena céile fir agus a n-iníon, i Nua Eabhrac. Nó tá cáil domhanda bainte amach aice, agus leabhair lei foilsithe i sé thír is triocha, ó cheann ceann na cruinne cheana féin, agus seo a deichiú húrscéal mór-ráchairte!

Leabhar sainiúil isea an leabhar seo, nó cé gur leabhar finscéalaíochta é, tá cos aige i ndomhan na réaltachta freisin, mar bíodh go bhfuil scéal á chumadh faoi charachtair, agus faoi shaol samhalta, ag an am gcéanna, tá súil á conneáil ag an údar ar an saol, agus ar an gcine, ónar shíolraigh sí. Sea, tá súil an tseabhaic siar aice, tríd an scéal ar fad, ar áilleacht na tíre, agus ar mhacántacht na muintire ar díobh í, daoine a chuir fúthu faoi scáth Shliabh Alpa, le sinsearacht.

Comóradh an Chéid

Sea, agus scríobh an t-údar an leabhar seo, mar leacht, le cuimhne theacht a seanathair go Meiriceá, sa bhlain 1912 a chomóradh. Chaith an t-údar thart ar scór bliain ag iompar an scéil seo, agus tá a chuma sin air, gan aon agó. Féach mar a chuireann sí é, mar iarscríbhinn, lena leabhar…

“This novel is being published during the 100th anniversary year of Carlo Bonicelli’s immigration. He arrived in New York City from Le Havre, France on the S.S. Chicago on February 19 1912. Imagine my elation when I first visited their villages on the mountain where they were born.”

Tá sí ag caint faoina seanathair sa phíosa sin agus faoina theacht go Meiriceá, sa bhliain 1912. Ba sna Stáit a casadh seanmháthair agus seanathair an údair ar a chéile, a chéaduair, agus chuir Adriana an-suim go deo ina scéalsan agus ba é an scéal céanna sin a spreag í leis an úrscéal seo a chur i dtoll a chéile. Tá cúrsaí grá, agus cúrsaí imirce ón Iodáil, fite fuaite le brón agus briseadh croí, tríd an scéal seo, ó thús deireadh.

Eduardo agus Ciro fágtha sa Chlochar

Tosaíonn an scéal seo le Caterina Lazzari ag fágáil a beirt mhac faoi churam na mban rialta, i gclochar, toisc nach raibh ar a cumas fhéin aire a thabhairt dóibh tar éis bhás a céile fir. Féach mar a chuireann an t-údar é, agus í ag labhairt leis an mbean rialta…

“I’m Signora Lazzari,” Caterina said. “These are my sons. Eduardo and Ciro.” …..

”Follow me,” the nun said.

B’in an margadh déanta, agus thógfadh na mná rialta na gasúir sa chlochar mar a thuillfeadh siad a mbeatha, trí chúramaí áirithe a dhéanamh timpeall an chlochair, agus ansin, d’imigh an mháthair lei, le slí bheatha eicínt a thuilleadh di fhéin.

Tamall roimhe sin, casadh cailín óg, álainn, Enza Ravanelli, ar Ciro, agus bíodh go raibh siad óg, tharla splanc eicínt eatarthu, splanc a lasfadh tine an ghrá eatarthu, ar ball, nuair a chasfadh an bheirt acu ar a chéile in ospidéal, thall i Meiriceá. Níorbh aon ribín réidh é, a saol thall, ach tar éis dóibh iliomad deacrachtaí a shárú, agus tar éis do Ciro ceird na gréasaíochta a fhoghlaim, chaith sé a laethe i mbun na ceirde sin, thall, agus tar éis do Enza ceird na fuála a fhoghlaim is a chleachtadh, go dtí an leibhéal ab airde, thit an bheirt i ngrá lena chéile agus pósadh ar ball iad, thall. Is iontach an scéal grá é a scéalsan, agus tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh nach beag as. Tá mé cinnte freisin, go mbainfidh an scéal céanna deoir asat, corruair, nó is annamh a gheofá úrscéal chomh rómánsach, chomh corraitheach, nó chomh greamaitheach, leis an scéal tarraingteach seo. Is deacair an leabhar seo a chur uait, tar éis don údar thú a chur faoi gheasa le draíocht a sainchumas scéalaíochta.

.

An t-Iontas

C u i s M h o r t a i s

.

C ú i s M h ó r t a i s a g u s Á t h a i s .

.

*******************

.

Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil cúis mhórtais agus áthais againne anseo in Oileán na Naomh is na nOllamh, na laethe seo, agus geallaimse dhuit é, nach mórtas tóna gan taca é, ach oiread. Ní hea, mh’anam! Nó d’éirigh leis an tír s’againne éacht a dhéanamh in eagrú na gCluichí Oilimpeacha Speisialta anseo, i mbliana. Ní fhéadfadh éinne a rá, go mba éasca an gnó é, tabhairt faoina leithéid, ach chuaigh lucht eagraithe na gCluichí i mbun a ngnó, le samhlaíocht agus le misneach, agus ní fhéadfadh éinne a rá, nár éirigh leo an chraobh a sciobadh, chomh fada is a bhain sé le Cluichí ar dóigh a chur ar fáil do na lúthchleasaithe speisialta seo. Agus nár bhreá go deo an smaoineamh é Páirc an Chrócaigh s’againne a úsáid, mar ionad do na Cluichí glórmhara céanna sin, sea, agus nár chóir trácht freisin, ar an Linn iontach Snámha a bhí tógtha, d’aon ghnó, le bheith inúsáidthe do na Cluichí seo 2003. Ach, má tá muid le craobhacha a bhronnadh, ansin ná déanaimis dearmad ar iad a bhronnadh freisin, ar na mílte, agus na mílte, a bhí sásta a gcúnamh agus a gcabhair a bhronnadh, saor in aisce, ar lucht eagraithe na gCluichí Speisialta seo.

Sea, agus cá bhfágfá na bailte, agus na cathracha, ó cheann ceann na tíre, a bhí ag baint na sál dá chéile, ag iarraidh bheith ina n-óstaí do lúthchleasaithe thíre eicínt a bhí le bheith páirteach sna Cluichí. D’fháiltíodar roimh na buíonta seo, isteach ina mbailte, faoi mar ba chairde iad, a bhí imithe uathu ar dheoraiocht, leis na blianta, agus ghlacadar isteach ina bpobal iad, le fonn is le flosc, sea, agus ansin, thugadar chuile thacaíocht dóibh, faoi mar ba bhaill dá bpobal fhéin iad, iad á ngríosadh, á moladh, agus á móradh.

Déarfadh duine b’fhéidir, go raibh éacht déanta, ag pobail na tíre seo, in eagrú na gCluichí Oilimpeacha Speisialta seo, agus glacaim leis go raibh, ach má bhí fhéin, fuaireamar i bhfad níos mó uathu, ná mar a chaitheamar orthu.

Céard a fuaireamar uathu, a bhí chomh luachmhar sin, an ea?

Bhuel, d’éirigh leis na lúthchleasaithe seo, ceachtanna a mhúineadh dúinne, ceachtanna nach bhféadfaí teacht orthu bealach ar bith eile.

Cén cineál ceachtanna atá i gceist agam, an ea?

Ceachtanna faoi fhulaingt agus faoi fhoighid, ceachtanna faoi mhisneach agus faoi mhúineadh, ceachtanna faoi spiorad agus faoi spionnadh an daonnaí. Léirigh na lúthchleasaithe speisialta seo, conas deighleáil le fadhbanna agus le laigí an choinníoll daonna. Chonaiceamar iad ag coimhlint, is ag spairn, le misneach is le háthas, le bród is le cineáltas. Níor naimhde iad na lúthchleasaithe lena raibh siad ag coimhlint, níorbh ea, muis! ach bráithre agus siúracha. Níor náir dóibh duine eile a bheith chun tosaigh orthu, níorbh ea, ach cúis mhórtais, go raibh ar a gcumas-san bheith in iomaíocht leo. Bhí úire, agus áilleacht, ag baint lena gcoimhlint, úire agus áilleacht a thógfadh do chroí, agus a thabharfadh le fios duit, gur mar sin a bhí againne freisin, i laethe glórmhara ár soineantachta.

Nach mór go deo idir an choimhlint sin, agus an choimhlint atá foghlamtha againne, i gcúrsaí spóirt agus cluichí, na laethe seo. Breathnaigh ar an gcaoi a mbíonn an cloch sa mhuinchille ag ár n-imreoirí dá gcéilí imeartha, sna cluichí a imrítear os comhair an phobail, sa lá atá inniu ann. Ní thógfadh sé Sherlock Holmes ar bith, le fáil amach, go raibh faltanas agus nimh, le tabhairt faoi deara, in imirt, agus i gcur chuige, ár n-imreoirí. Anois, ná ceap nach mbainimse taitneamh agus spraoi as bheith ag breathnú ar chluichí, nó bainim, agus ard-taitneamh, ach i ndáiríre, nach minic a chuireann iompar imreoirí áirithe déistean orainn. I ndáiríre, ní fir spóirt iad sin, nó ní thuigeann cuid acu an chiall atá le Cothrom na Féinne. Is é atá sa spórt, i ndáiríre, nó coimhlint ghéar idir dhaoine, atá sásta claoi le rialacha na coimhlinte sin. Má dhéantar a leithéid, ansin, bainfidh idir imreoirí agus lucht féachana, ard-taitneamh as an imirt, sea, agus molfar scil an imreora, nó na foirne, a bhuann, ach ag an am gcéanna, molfar an té a chailleann, as a spóirtiúlacht, agus as a chalmacht, nó tuigfear do chuile dhuine, go mbeidh lá eile ag fear caillte na himeartha. Sa tslí sin, bheadh duine ag súil go mb’fhéidir go bhfoghlaimeodh an lucht spóirt, frí chéile, ceacht eicínt ó dhearcadh, agus ó spiorad lucht na gCluichí Olimpeacha Speisialta. B’fhéidir fiú, go mbeadh siad sásta tús a chur leis an athrú sin tríd an chloch a bhaint as an muinchille, feasta! Anois, ní bheinn ag súil go mbeadh na himreoirí ag breith barróga ar a chéile, ach bheinn sásta dá n-éireodh siad as barróga a fháisceadh ar a chéile!

Tá mé ag súil go mbeidh tionchar nach beag an na Cluichí Speisialta seo ar dhearcadh ar Rialtais feasta, freisin. Chonaic siad faoi mar a fáiltíodh roimh na lúthchleasaithe iontacha seo, a tháinig chugainn, ó cheithre hairde an tsaoil mhóir. Chonaic siad freisin, an chaoi a raibh an pobal s’againne sásta cabhair agus cúnamh a thabhairt dóibh, iad ag iarraidh faiche leibhéalta a chur ar fáil dóibh, chomh fada agus a d’fhéadfaidís. Anois, is féidir leis an Rialtas s’againne glacadh leis, go mbeadh an pobal, agus sin iad na vótóirí, go mbeidís siúd sásta cead a gcinn a thabhairt do Rialtas ar bith, a bheadh toilteanach, áiseanna riachtanacha a chur ar fáil do lucht míchumais, de chuile chineál. Agus b’fhéidir, dá dtarlódh a leithéid, go mbeadh muid uilig sásta a rá, gur mhaith an tús é sin, ar Chothrom na Féinne a chur ar fáil do bhuíon dár gcathróirí, a bhfuil a leithéid tuillte go maith acu, mar shaoránaigh Éireannacha. Sea, mh’anam, bíodh beart dá leithéid againn feasta mar oidhreacht ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta seo, a eagraíodh anseo inár measc, sa bhliain seo, 2003.

Agus mar shaoránaigh, i dtír seo na hÉireann, caithfidh go mbeidh tionchar eicínt ag na Cluichí céanna orainne, freisin. Ní gá a rá, gur chóir dúinn súil a choinneáil ar an Rialtas s’againne, agus féachaint chuige, go gcuirfidh siad na háiseanna cuí ar fáil dár gcairde, nó dá fheabhas iad na háiseanna a chuirtear ar fáil dóibhsean, sea is fearr freisin na háiseanna a bheidh ar fáil dúinne, chomh maith?

Tá baol amháin sa chineál cainte, atá ar siúl agam, go nuige seo, sa phíosa seo, agus sin, go gceapfá gur chineál meathchráifeachta atá idir chamáin agam. Bhuel, ní hé sin atá i gceist agam, in aon chor, agus feasta, nuair a fheiceann muid duine i gcathaoir rothaí, nó duine a bhfuil míchumas eicínt ag baint leis, ná breathnaímis air, nó uirthi, le trua, mar ní díol trua in aon chor iad, is saoránaigh iomlána iad, cosúil linne, ach go bhfuil deachrachtaí áirithe le sárú acusan, deacrachtaí nach bhfuil ag cur as dúinne, ach ní trua a fheileann, ach Cothrom na Féinne. Ní béal bán, nó bladar, a dhéanfaidh cúis feasta, ach ceart agus reacht, sea, agus ceart agus reacht atá ag dul dóibh freisin, mar bhaill den phobal s’againne. Agus má tharlaíonn, gur féidir le duine ar bith againn, gar a dhéanamh dóibh, bhuel, ansin, ba chóir dúinn sin a dhéanamh le fonn, agus le buíochas.

Tá na Cluichí Oilimpeacha Speisialta thart anois, agus mothaíonn muid uilig uainn an spiorad iontach, corraitheach, daonna, a thugadar chugainn, agus a mhair linn, ar feadh na laethe, a raibh siad ag coimhlint go cairdiúil, anseo in ár measc. Tá ár mbuíochas ó chroí tuillte ag lucht eagraithe na gCluichí céanna sin, agus don 30,000 duine sin, a thug a gcúnamh, agus a gcabhair, do na lúthchleasaithe, agus dá lucht leanúna, tráth raibh siad anseo inár meascna. Sea, ár mbuíochas do chuile dhuine a chabhraigh, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, le féachaint chuige, go bhféadfaimid uilig bheith bródúil, mar chine, as na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, a eagraíoch anseo in Éirinn, sa bhliain 2003. Nár laga an Rí iad, agus gura seacht fearr a bheidh siad, bliain ó anocht.

.

.

******************

Peadar Bairead.

*****************

  .

.

.

An t-Iontas

Car imigh an Sioc

Cár imigh an Sioc?

Peadar Bairéad

.

(This week we consider life, as it is lived, in our Republic)

.

Sea! agus cá bhfuil an sneachta a bhí ann anuraidh? nó cár imigh an sioc? Sin iad na ceisteanna a chuireadh an tseandream orthu fhéin fadó, nuair a thugaidís faoi deara, go raibh an saol athraithe ó bhonn, agus nuair a thuigfidís gur tháinig an t-athrú sin aniar aduaidh orthu. Ar bhealach, nach é an dála céanna againne é? Bhain an tír s’againne a saoirse amach i dtús fhichidí na haoise seo caite, agus ansin, tar éis blianta fada a chaitheamh ag iarraidh ár mbealach fhéin a dhéanamh i dtreo phoblacht ár bhfíse, tháinig muid chuig ionad, ina raibh saol an mhadaidh bháin ag bunús ár ndaonra, agus muid ag druidim i dtreo ré órga ina mbeadh ganntan agus anro, bochtaineacht agus gorta, díbeartha go deo as Oileán seo na Naomh is na nOllamh. Ní gá dhom a rá, nach mar sin a tharla, nó faoi mar a dhúiseodh duine as támhnéal codlata, chonacthas dúinn nach raibh faoi dhúshraith ár bhfíse ach gaineamh séidte, agus go mba chosúil le tigh cartaí an teach seo a thóg Seáinín. Dhúisíomar maidin, agus chonacamar go raibh deireadh leis an mustar go léir, agus go raibh leá chúr na habhann tagtha ar an saibhreas a bhí in ainm a bheith carntha againn. Arbh aon ionadh gur chuireamar an cheist sin orainn fhéin?…Cár imigh an sioc? Cár imigh an saibhreas uilig a bhí carntha suas againn ar pháipéar? Sea, chuaigh leá chúr na habhann air, gan aon agó.

Neamhbhuaine an tsaoil

Bhail, thóg mé eagrán den nuachtán cáiliúil sin, an Kilkenny People, chugam, ar an Aoine, an 28ú Bealtaine, na bliana 2010, féachaint ar chabhair ar bith dom i bhfuascailt na faidhbe sin é, spléachadh a fháil ar chinnlínte chéad leathanaigh an eagráin sin. Ní call dom a insint duit, gur chuir ar léigh mé ansin ionadh agus alltacht orm, nó ba ghearr gur cuireadh ar mo shúile dhom é, go raibh sneachta na bliana anuraidh imithe gan filleadh. In alt le Mary Cody agus le Laura Keys, tugadh le fios dúinn, gur thug deichniúr faoi lámh a chur ina mbás fhéin, an deireadh seachtaine roimhe sin, agus ba dhrugaí a liostáileadh mar phríomhchúis dá ngníomh i mbunús na gcás sin. Ba é tuairim na saineolaithe freisin, go raibh baint ag na staitisticí sin uilig leis an gcúlú eacnamaíochta, agus moladh do na hÚdaráis Sláinte aird faoi leith a dhíriú ar na tarlúintí sin.

Sceanadh

Ar an gcéad leathanach sin den eagrán céanna, bhí scéal le Seán Keane, le léamh, faoi bheirt a thuirling de charr i lár Chathair Chill Chainnigh, agus a thug fogha faoi fhear óg, a sháigh é, agus a d’fhág ansin i mbéala báis é. Tuigtear go raibh drugaí taobh thiar den scliúchas sin freisin. Thugadar beirt an carr orthu fhéin ansin, agus as go brách leo, ach, is cosúil áfach, gur tharla easaontas éigin eatarthu, ar ball, agus gur éirigh siad chun a chéile, rud a d’fhág gur gabhadh iad, agus gur cuireadh comhad fúthu ar aghaidh chun an DPP.

Scéal eile le Seán Keane ar an gcéad leathanach sin freisin, faoi throideanna báis nó beatha, idir ainmhithe fiáine agus madraí. Eagraítear na troidenna céanna sin, anseo i gContae Chill Chainnigh, agus tagann slua daoine chun an láthair, le spórt a bhaint as an ndrochíde seo a thugtar ar na créatúir fhiáine sin. Sea, agus seans go mbíonn corr-gheall á chur freisin ar thoradh na dtroideanna sin. Deirtear go bhfuil sé deacair go maith, deireadh a chur leis an mí-iompar seo, bíodh go bhfuil dlithe reachtaithe ina choinne.

A Methadone Clinic

Tá scéal amháin eile ar chéad leathanach an eagráin sin, den People, agus is dócha gur deascéal é seo, murab ionann is na scéalta eile. Píosa le Laura Keys atá i gceist anseo, agus scéal faoi bhunú “Methadone Clinic” atá idir chamáin ag Laura.

Bhuel, sin agat pictiúr den saol a léirítear dúinn, ar chéad leathanach an Kilkenny People, dár dáta, an 28ú Bealtaine, 2010.

Cár imigh an Fhís ?

An bhfuil cúrsaí imithe ó smacht orainn? An bhfuil sé ró-dhéanach leis an dtaoide seo a chur ó dhoras? Nó, an féidir linn dul i mbun oibre anois, le dul ar thóir na físe úd, a spreag lucht an Éirí Amach, tarraingt ar chéad bliain ó shoin? Fúibhse atá sé, agus níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

gaGaeilge