le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I m p e d i m e n t a .
***********
.
Focal Laidne ó choiréal na hóige,
Ach nach é a fheileann go seoigh,
Le cur síos a dhéanamh cruinn,
Ar a bhfuil luchtaithe trom
Aniar ar ard mo dhroma,
Ag lámha garbha na mblian.
.
Is ní bréag ar bith, dár m’anam,
Impedimenta a bhaisteadh ar ualach
A chuireann moill ar ghluaiseacht,
Is a thuirsíonn croí an daonnaí.
Ar a thuras uaigneach, léanmhar,
Fan bhóthar dian ár n-oilithreacht’.
.
Ag saighdiúirí a bhíodh na hearraí,
A mbaistí impedimenta orthu,
Nó mhoilligh siad a ndul chun cinn,
Tráth theastaigh luas is éifeacht,
Ag briseadh catha, nó ag sleamhnú
Saor, lá léanmhar, bróch, na maidhme.
.
Nach é an dála céanna linne,
Agus ualach trom ár gcúramaí
D’ár mbac ar dhul chun cinn,
I gcluiche géar na beatha.
Nach minic sna sean laethe
A d’fheicfeá asal luchtaithe le féar,
Dhá bhromóg crochta lena thaoibh,
Is cruach ard bheannach in airde
Ar ard a dhroma carnaithe.
.
Mar sin dúinne freisin,
Is ualach ár gcúramaí i mbromóga
Crochta ar na scoróga bioracha,
Is carnaithe in airde os a gcionn,
Chuile mhasla is tarcaisne,
A caitheadh riamh inár dtreo.
.
Ní bhíodh ach cleas cinnte amháin
Ag an asal bocht maslaithe,
Le fáil réidh lena ualach múchtach,
Agus b’in luí síos díreach faoi.
Bhainfí an lasta trom dá dhroim,
Idir bhinn is bromóga lána,
Le cur ar a chumas
Éirí dá chosa arais arís.
.
B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh
Dúinne freisin, luí i lár an bhealaigh,
Tráth airíonn muid na seacht gcúramaí déag
Dár gclaoi, is dár múchadh,
Fan bhóthar anacair, dian, ár n-oilithreachta.
.
************************************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Im’ Nóibhíseach dom, sna Daichidí 1
Peadar Bairéad.
.
(This week I share with you my experience as a Novice in the Mid-Forties)
.
Fonn Sagartóireachta
Sílim gur inis mé dhaoibh cheana, go raibh fonn orm le linn m’óige. Bhuel, bhí, agus chuir mé leis an bhfonn sin trí dhul isteach i gColáistí an SMA, i mBéal an Átha Fhada, agus i gCorcaigh na gCuan, agus ar deireadh thiar, i Meán Fómhair na bliana 1945, thug mé aghaidh ar Nóibhíseacht an SMA céanna sin i ‘Clochballymore House’, in aice le Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe. Mhínigh mé cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach Mór céanna sin, fear a d’éirigh as an tsaighdiúireacht san Ind agus é na Leifteanantchoirnéal sna Connaught Rangers ag an am. Ar ball, tar éis dá bhean bás d’fháil, agus é fágtha gan chlann, gan oidhre, shocraigh sé ar a Theach Mór a bhronnadh ar an SMA, mar Nóibhíseacht, rud a bhí ag teastáil go géar uathusan, ag an am, tharla go raibh siad ar an míle dhícheall, ag iarraidh Cúige neamhspleách den SMA sin, a bhunú anseo in Éirinn.
Turas dhá lá!
Ba bheag feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí taistil sa tír seo, ó thaistil mé go Wilton, Chorcaí, trí bliana roimhe sin, agus dá bhrí sin, b’éigean dom dhá lá fhada a chaitheamh ag taisteal ó bhaile na Druime in Iorras, go ‘Teach Cloughballymore’, ach i ndeireadh na feide, shroich mé cathair na Gaillimhe, agus ceart go leor, bhí duine ansin, ag fanacht orm, le mo thabhairt ó stáisiún na traenach ansin, go dtí an Nóibhíseacht. Ni capall agus jaunt a bhí aige seo, faoi mar a bhíodh i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo! Níorbh ea mh’anam, ach carr breá galánta. Tharla go raibh beirt, nó triúr eile, ag dul ar an aistear céanna liom, agus bhailigh an tAthair Harrington muid leis ina charr breá, galánta. Fear íseal, tanaí, lách, ba ea an sagart seo, agus ollamh cliste, léannta, eolgaiseach, freisin.
Suanliosanna fuara, folmha
Ní call dom a rá, nach raibh seomraí dár gcuid fhéin le fáil againn sa Nóibhíseacht sin. Ní raibh againn ach suanliosanna fuara, folmha. Tugadh a leaba fhéin do chuile dhuine againn, agus chuireamar pe acairí, agus éadaí, a bhí againn, isteach i gcóifrín a bhí ag taobh na leapan sin, ag chuile dhuine againn. Nuair a bhí an gnó sin déanta, tugadh ar chuairt na Nóibhíseachta sinn. Bhí ansin, in éineacht leis na suanliosanna, Aireagal breá, fairsing, agus seomraí ranga maraon le halla ollmhór staidéir. Teaspáineadh an Bhialann mhór, fhairsing, dúinn freisin. Ní lampaí pearaifín a bhí á n-úsáid sa bhfoirgneamh seo, níorbh ea mh’anam, ach soilse gléigeala leictreacha. Tugadh spléachadh dúinn freisin, ar chuid den Teach Mór fhéin, mar a raibh parlúis, seomraí feithimh, agus seomraí na sagart, suite. Samhlaíodh domsa, ach go háirithe, go mba neamhaí an t-ionad é an Nóibhíseacht álainn seo, i ‘Cloughballymore House’. Coláiste a bhí againn anseo, cinnte, ach ag an am gcéanna, ba Nóibhíseacht é, agus b’in é príomhghnó an ionaid seo. Dhéanfaí chuile iarracht ar bhealach an Spioraid a léiriú, agus a mhúineadh, do chuile Nóibhíseach, le linn an ama a chaitheadh sé ansin. Cinnte, mar adúirt mé, ba Choláiste é, agus mhúintí Fealsúnacht dúinn freisin, agus dár ndóigh, nach breá a raghadh an péire sin, an Fhealsúnacht, agus an Nóibhíseacht, le chéile, i múnlú spioradálta na Mac Léinn?
Tírdhreach Boireannach!
Bhí rainse mór ag dul leis an bhfoirgneamh sin, ach i ndáiríre, níor thalamh maith é an chuid ba mhó de, nó ba chosúil le tírdhreach boireannach é. Anois is arís, nuair a bhíodh lá saoire nó a leithéid d’ócáid againn, théimis ag fánaíocht tríd an rainse céanna sin, agus nach orainn a bhíodh an t-áthas, agus an t-ionadh, nuair a thagaimis ar fhoireann bhreá mhór de chapaillíní Chonamara, ag réabadh leo thar na carraigreacha, nó bhí seansagart ag cur faoi sa Nóibhíseacht sin, Sparánaí na hInstitiúide, a raibh spéis an domhain aige sna capaillíní céanna sin, agus dhéanadh seisean iad a phórú agus a thógáil ar fheirm an Choláiste. Nach minic a chuireamar ceist orainn fhéin faoi’n chaoi ar éirigh leis na beighigh sin teacht i dtír ar thalamh chomh bocht, neamhthorthúil.
Ach, ní raibh na cúrsaí sin ag cur as dúinne, an lá breá sin i bhFómhar na bliana 1945, an lá úd ar chéadleag muid spág ar thalamh ‘Cloughballymore’, in aice le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Is sleamhain iad Leacracha an Tí Mhóir!
.
Peadar Bairéad
Eorpaigh Mhaithe
“In am an ghátair a aithnítear na cairde”, agus “Is sleamhain iad leacracha an Tí Mhóir”. Nach deacair na seanfhocla a shárú? Agus i gcás an phéire thuas, is é atá idir chamáin acu, nó chomh deacair is atá sé deighleáil le boic mhóra, an tsaoil seo. Nach orainn uilig a bhí an deifir fáil isteach san Aonas Eorpach, a chéaduair? Tuigeadh dúinn, nach bhfeicfeadh muid lá bocht arís go brách, ach ceangal a dhéanamh le boic mhóra an Aontais sin.
Sea, agus sin mar a tharla i dtosach báire. D’Infheistigh na hEorpaigh na billiúin punt sa tír bhocht ársa seo. Rinneamar chuile iarracht ar bheith inár nEorpaigh mhaithe, sea, agus níor chaitheamar na puint Eorpacha sin go fánach, faoi mar a tharla i gcás tíortha áirithe eile. Ach, le scéal gairid a dhéanamh de, chuaigh eacnamaíocht na tíre seo chun tosaigh de ruaig reatha dá bharr, agus ba ghearr an mhoill go raibh muid feistithe thuas i measc tíortha saibhre an domhain.
Cár imigh an sioc?
Anois, b’fhéidir gur tuigeadh dúinn, nach bhfeicfeadh muid braon fearthainne, nó drochshíon, arís go Lá Philip a’ Chleite. Chaitheamar go rábach, flaithiúil, agus d’éirigh muid leithleach agus gar dúinn fhéin. Rinneamar dearmad ar an gcine ar díobh sinn, agus nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta aniar aduaidh orainn, fágadh muid ar an mblár folamh, agus muid ag fiafraí dá chéile, Cár imigh an sioc? Ach, bhí leá chúr na habhann tar éis teacht ar an saibhreas uilig, a cheapamar a bheith curtha i dtaisce againn le haghaidh lá na coise tinne.
Cairde móra, adeir tú!
Cá raibh na cairde móra a bhí ag baint na sál dá chéile bheith inár gcomhluadar, tráth raibh muid ar dhruim na muice? Glanta leo, faoi mar a d’imeodh slam de cheo. Bhí orainn cúbadh chugainn, agus bhí orainn tosú ag comhaireamh na bpingneacha arís. Sea, bhí muid bancbhriste, agus na billiúin Euró ag Bainc agus ag Boic mhóra an domhain orainn. An raibh leigheas ar ár ngéirchéim? Nuair a shuigh an Rialtas s’againne síos, leis an scéal sin a scrúdú agus a fhiosrú, ba ghearr an mhoill gur tuigeadh dóibh, nach raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach dul, ina maoil, agus iasacht a lorg ar Bhanc Láir an Aontais Eorpaigh, agus ón IMF. Bhí go maith! agus ar feadh tamaill, ligeadar orthu fhéin nach raibh fúthu an beart sin a dhéanamh, ach i ndeireadh na dála, b’éigean dóibh an cat a ligint as an mála, agus ansin tuigeadh do mhadraí an bhaile, fiú, go raibh an tír s’againne sáite go dtí na cluasa i bhfiacha, agus ar an drochuair, nach raibh ar ár gcumas airgead a fháil ar iasacht ó na gnáthfhoinsí feasta. Thosaigh an mhargántaíocht, agus thosaigh na ráflaí ag dul sa timpeall ina loscadh sléibhe. Bhí ár neamhspleáchas i ndáil le bheith caillte againn. Bheadh cigirí ón ECB agus ón IMF ag scrúdú na leabhar dúinn feasta, agus ní bheadh ionainne ach sclábhaithe dóibh siúd a thug an t-airgead ar iasacht dúinn, agus gan á shaothrú againn ach pingneacha fánacha, rua. Dúradh seo, agus dúradh siúd, ach i ndeireadh na dála, tugadh na billiúin ar iasacht dúinn, ar choinníollacha dochta, daingne, agus gheall an Rialtas s’againne, thar ár gceann, go gcoimhlíonfaí na coinníollacha crua sin, go cruinn ceart, thar thréimhse cheithre bliana.
In am an ghátair…..
Tosaíodh ansin ar na coinníollacha sin, agus an margadh a rinneadh, a scrúdú, agus a pharsáil go mion cúramach, agus ba é an chiall a bhain na saineolaithe as an obair sin go léir, nó go n-aithnítear na cairde in am an ghátair. Agus ag baint úsáide as an seanfhocal sin mar shlat tomhais, bhí le tuiscint againn, go mba chairde idir dhá shíon iad, na cairde móra a bhí againn san Aontas, nó ní raibh aon chuid den arán saor le fáil againn sa mhargadh a rinneadar linn. Ghearradar ús sách ard ar na hiasachtaí a ghealladar dúinn, sa chaoi go mbeadh sochar á dhéanamh ag an Aontas as cruachás, agus as céasadh, na tíre seo. Ní beart ró-chairdiúil é sin! Sea, agus chuathas níos faide ná sin, nó ba é an port a bhí ag cuid de na cairde móra sin, nó go gcaithfí deireadh a chur leis an gcáin íseal chorporáideach a ghearrtar anseo in Éirinn, cé gur thugadar geallúint dúinn agus muid ag ullmhú don dara vóta anseo ar Chonradh Lisboa, nach dtarlódh a leithéid. Ach tá mé cinnte, go gcuirfear sin in iúl dóibh, go neamhbhalbh, amach anseo! Agus ní gá a rá, go dtabharfaidh lucht an Tí Mhóir sin aird orainn sna cúrsaí sin! Sea, agus b’fhéidir go mbeidh mótair fós ag bacaigh! Anois ní ag lochtú an Aontais chéanna sin atá mé, ach ba mhaith liom a chur i gcuimhne do dhaoine, go mbíonn gá le spúnóg fhada, más uait dul ag ragairne le h-éanacha na ngob fada!
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
L ú i r e a c h P h á d r a i g
.
Peadar Bairéad
.
(Seo píosa as alt a chuir mé i dtoll a chéile tamall de bhlianta ó shoin anois, ach b’fhéidir gur mhaith leat é a léamh arís i mbliana agus Cuimhneamh Céad Éiri Amach na Cásca á chomóradh againn.
.
’Chuile lá óm’ Lá-sa amach!
.
Anois, agus cruas Laethe na Bó Riabhaí ag cur ghoimh fuachta in aer thús an Aibreáin, filleann mo smaointe, uair amháin eile, ar Lá ‘le Pádraig, agus tugaim chun cuimhne, go ndúirt Pádraig go dtabharfadh sé chuile lá go breá dhúinn, i ndiaidh a Fhéile fhéin, agus leath an lae sin freisin. Nach annamh a tharlaíonn a leithéid? nó de ghnáth, bíonn Lá ‘le Pádraig fhéin fuar, feanntach, crua. An tráth seo chuile bhliain, geall leis, téann mo smaointe fhéin ar oilithreacht siar, agus filleann arís ar na fírinní, agus ar na prionsabail, a chuir Pádraig i gcré mhéith an chine s’againne. Smaoiním ar Lúireach Phádraig, an phaidir a dúradh le Lúireach Dé a fháisceadh timpeall orainn, chuile mhaidin, lenár gcosaint ar chumhacht an oilc, i rith an lae sin. Tosaíonn an saol chuile mhaidin, as an nua, don Chríostaí, do chuile dhuine, d’fhéadfá a rá, ach ar bhealach speisialta don Chríostaí, nó na fíricí agus na prionsabail ar ghlacamar leo, gan stró, inné, ní féidir glacadh leis, go mbeidh siad díreach chomh hinghlactha, chomh héifeachtach, nó chomh hinchreidte, inniu. Agus fiú, nach bhfuil taobh eile ar an scéal sin freisin, mar bíodh go raibh an oiread sin creidimh againn le linn ár n-óige is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, cailleann scian sin an chreidimh a fhaobhar nuair a mhaolaítear faoi ualach trom na mblianta í. Fiú amháin, nár dhúirt Naomh Pól fhéin linn, go raibh seisean ag troid leis, trí chúrsaí a shaoil, ach nach raibh an bua deiridh gnóite aige fós, ach go raibh sé ag treabhadh leis, agus é ag súil go mbéarfadh sé bua, ar deireadh thiar.
.
An scáth is caoile
.
Ní haon dóichín é, saol Críostaí a chaitheamh, agus fanacht dílis dá rialacha, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana, ach sin é dualgas an chreidimh. Nach ag Pádraig Naofa fhéin a bhí an creideamh daingean. Chreid seisean go raibh Dia leis chuile orlach den bhealach, ó éirí dhó ar maidin, go ham luí san oíche. Agus ó tharla gur chreid sé sin go diongbháilte, ní raibh faitíos, nó eagla, air roimh chumhacht an oilc. Ní dhéanfadh gaiste an fhiagaí, nó líon an fhoghlaera, dochar nó damáiste dó. Thiocfadh sé saor ó shaigheada an diabhail fhéin, nó bhí Dia leis, agus é timpeallaithe lena lúireach ilchosantach. Seo thíos iarracht a rinne mé fhéin ar Phaidir Phádraig a shníomh isteach i ndán beag….
.
LÚIREACH PHÁDRAIG
.
Neart Dé do mo chosaint gach lá,
Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth,
Críost i mo thimpeall de shíor,
Mac Dé i gceartlár mo chroí.
Romham do mo threorú,
‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,
Do mo ghráú, do mo shlánú gan chríoch.
.
.
Bí fúm do mo chosaint gach tráth,
Os mo chionn, do mo threorú, led’ ghrá.
Bí liom nuair a luífidh mé síos,
Bí id’ gharda ar mo leaba san oích’.
Ar mo dheis do mo threorú,
Ar mo chlé do mo sheoladh,
A Chríost ghil, ná diúltaigh mo ghuí.
.
.
Bí liom nuair a shuífidh mé fúm,
Nuair a sheasfaidh, bí taobh liom, a rún,
Bí i mbéal an té a labhrann lem’ chroí,
Bí i súil an té a chasann im’ líon.
Romham do mo threorú,
‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,
Bí i gcluais an té a éisteann lem’ mhian.
.
.
Neart Dé do mo chosaint gach lá,
Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth.
Críost le mo thaoibhse go buan,
Do mo chosaint, ó dhúiseacht go suan.
Romham do mo threorú,
‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,
Do mo shlánú Lá léanmhar an Luain.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Léim an dá Mhíle 1
Peadar Bairéad
(An babhta seo, agus mar chloch ar a charn, caithimis súil siar ar léirmheas a rinneadh anseo ar leabhar Phádraig Uí Fhiannachta, tarraingt ar ocht mbliana ó shoin )
Léim an Dá Mhíle……………….Céadchló………………2009
Le
Pádraig Ó Fiannachta……………………………………€10.00
.
Trí ghloine shioctha
Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann acu thall, agus an ceann eile abhus, a bhí an sagart cráifeach, dáiríreach, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Feictear dó, dár liomsa, go bhfuil laethe a ré fhéin ag druidim chun chríche, mo dhála fhéin freisin, agus dá bharr sin, chaith sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil, ar úire, agus ar ghlaise, an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúcháir bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear Ghailíle. Samhlaítear dó, go bhfuil breith agus óige na Críostaíochta buailte isteach ina aigne níos daingne ná mar atá imeachtaí agus tarlúintí a óige fhéin, ina dhúiche fhéin. Micheál de Liostún a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin é, a chéaduair, i ndán leis a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin úd nó…
“Rugadh Íosa in Áth Dara.
Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”
Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe díograiseacha an Iarthair, breis is ceithre scór bliain ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana.
Dhá Mhíle Bliain
Léim an dá mhíle bliain, ó thús na mílaoise seo, siar go dtí laethe Chríost, (Nó is mar cheiliúradh ar an Mílaois a cumadh an saothar seo a chéaduair.) Níl sa léim sin i ndáiríre ach cupla truslóg, adeir an tAthair Pádraig linn.
Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar an tsagairt. Saothar an tsagairt ar chlé, agus saothar Natalie ar dheis. Breá, taitneamhach an leagan amach é, agus nach breá an socrú é go bhféadfá breathnú ar chonas a rinne Natalie leagnacha cainte áirithe Gaeilge a láimhseail i mBéarla. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.
Turas chun an Tobair
Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, cheana féin, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air, sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh ionam. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán dearg a bhualadh chun an tobair dhothaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin, na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?
Ach b’fhéidir gur chóir dom, i dtosach báire, tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.
I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraig ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, eolgaiseacha, agus ní taise don iarracht seo é.
Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.
“Ní os comhair an tsáipéil
A bhí Críost ag caint an lá úd
Ach thiar ag Bun Calaidh
Agus amuigh ar Cheann an Ché….”
B’fhéidir gur leor sin don tseachtain seo……………
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.