Tuairimí ó ‘All Together Now’
TuairimI ó All Together Now
Cosúil le chuile duine eile a rugadh idir na blianta 1995 agus 2001, d’fhreastail mise ar an bhféile ceol All Together Now i bPort Lách an tseachtain seo caite, bunaithe i gCo. Port Láirge. Bhí sé mo thríú bliain ann; sílim go dtaitníonn an fhéile liom don chúis chéanna le cách eile ann. Tá méid an imeachta foirfe: tá áit sa ghort le 30,000 i gcomparáid le 80,000 Electric Picnic, ach níos mó ná an 12,500 do Beyond the Pale i gCill Mhantáin. Níl an taisteal ó Chill Chainnigh ach seascadh nóiméad, agus an cúis is tábhachtaí: tá an sceideal i gcónaí dochreidte. Tá meascán bannaí móra (Fontaines D.C., Primal Scream), ceoltóirí le taithí blianta acu ach nua don lucht féachana Éireannach (Hinds, English Teacher), agus bannaí Éireannach atá ag tosú a ngairmréim le héirí croí (Skinner, Cardinals). An réimse seo d’ealaíontóirí a chruthaíonn an fhéile is fearr in Éirinn – agus an cúis is mó dá ráth ná go gcuireann sé an tÉireannachas sin i lár a ráiteas misin.
Le Fontaines D.C. – an banna ceol leis an móréileamh is mó ar an oileán ag an am seo, déarfainn- ag seinm ar an bpríomh-stáitse oíche Aoine an fhéile, bhí an gorta dubh le daoine ag iarraidh éisteacht le Grian Chattan agus a fir canadh faoi pholaitíocht in Éirinn (‘I Love You’), neamhspleáchas agus na meáin (‘A Hero’s Death’) agus bailéid idirphearsanta (‘Favourite’). Agus iad ag teacht chun cinn mar réalta thar lear freisin, ag amharc orthu Dé hAoine tháinig comparáid chuig Oasis chun cuimhne. Comparáid éasca, b’fhéidir, ach go háirithe le hOasis ar ais in intinn an phobail na laethanta seo, ach cinnte leis an teacht i láthair ar an stáitse atá acu araon. Rud éigin firinscneach agus rúndiamhair atá ag Fontaines, gan faic a rá leis an lucht féachana ach ‘Saoirse don Phalaistín’ a glao amach uair amháin nó dhó. Tá siad chomh dírithe sin ar an atmaisféar atá á chruthú acu, nach bhfuil aon am úsáidte acu chun nasc a chruthú leis na mílte daoine atá á damhsa os a gcomhair. Cosúil le hOasis agus a nasc le Manchain freisin, tá baint mhór le Fontaines le haiteacht ina gceol – is é Baile Átha Cliath príomhcharachtar a gcéad albam, Dogrel. Agus Oasis an banna ceol is mó sa domhan thiar sna 90idí, is dea-thuar do Fontaines D.C. an chomparáid a fháil.
Níor stop an tallann úr ansin, ar ndóigh. Oíche dé Shathairn tháinig CMAT ar stáitse lena “very sexy CMAT band”, ina focail féin. Ar an dóigh chéanna le Fontaines, tá cáilíocht Ciara Mary Alice Thompson ag ardú sa Bhreatain go gasta na laethanta seo, tar éis a léiriú i Glastonbury i mí an Mheithimh an bhliain seo. Neamhchosúil le Fontaines, áfach, meallfadh CMAT an t-éan den chraobh. Ag damhsa, ag labhairt linn, ag tabhairt dúinn foinn bhinn chun canadh in éineacht léi, bhí an lucht féachana faoi bhos an chait aici ón gcéad amhráin. I mo thuairimse, níl ealaíontóir ar bith cosúil le CMAT ag cruthú ceol anois díreach, in Éirinn nó thar lear fiú. Cibé rud atá de dhíth ort, tá sé i gcatalóg Ciara Mary. Aintiún aerach? Bain triail as ‘I Wanna Be A Cowboy Baby’. Cáinteoir de shaol comhaimseartha in Éirinn? Déanfaidh ‘Euro-Country’ nó ‘Where Are Your Kids Tonight’ an jab. Tháinig deireadh le do chaidreamh agus tá amhráin uait a bhrisfidh do chroí? ‘Siad ‘Stay For Something’ agus ‘Such a Miranda’ do réitigh. Agus muid ag déanamh comparáid (cé go bhfuil an bheirt seo chomh huathúil, agus go bhfuil naisc neamhfheimineach ag formhór de chomparáidí idir bancheoltóirí, cuir i gcuimhne gurb iad siúd mo cheoltóirí is fearr riamh), tagann Sinéad O’Connor chun m’intinn. Guthanna binn araon, agus cé nach mbeidh a leithéid arís ann, bhí polaitíocht agus easpa scáth O’Connor le feiceáil ar an stáitse agus CMAT ag canadh.
Bratacha an Phalaistín i ngach áit, thóg CMAT am chun díriú ar na daoine atá faoi chois inár sochaí agus eachtrannaigh thar lear. Dúirt sí go raibh sí ag díol t-léinte chun airgead a bhailiú ar son TENI (Transgender Equality Network Ireland), ach nuair a chuamar chun ceann a cheannach tar éis an cheolchoirm, bhíodar díolta amach le ceithre huaire anuas. Cosúil le hO’Connor roimhe, rinne CMAT cinnte go mbeidh muid ar an taobh ceart de chuid stair na domhain.
Roimh ar chríochnaigh an deireadh seachtaine bhí réimse leathan ceoltóirí le feiceáil, agus bhí an sceideal plódaithe le go leor bannaí Éireannach atá ag teacht i dtreise. Muireann Bradley, Negro Impacto, Morgana; cé go raibh an fuaimrian den ár n-oícheanta na laochra ceoil, bhí ár laethanta i bhfad níos binne de bharr na gceoltóirí siúd. Tráthnóna dé Domhnaigh tháinig Villagers amach chun ár gcloigeann a shuaimhnigh. Sílim go bhfuil Villagers – ainm stáitse Conor O’Brien – ceann de na hamhránaithe is fearr in Éirinn. Cé nach bhfuil an réimse sin seánra aige is atá ag CMAT, tá máistreacht iomlán ar a cheird aige, ag cruthú ceol giotár suaimhneach, lán le mothúchán, le scéal fite fuaite ina ghlór. Ní raibh Villagers ar an sceideal go dtí cúpla lá roimh a thosaigh an fhéile, ach bhí feabhas curtha ar an deireadh seachtaine toisc go raibh sé i láthair. Le ‘The First Day’ ag eitilt timpeall mo cheann i rith an trealaimh uile a phacáil, bhí mé in ann coinneáil ar aghaidh, ag tiomáint thíos an M9, ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn.
Amhrán na seachtaine: ‘Hot Scary Summer’ le Villagers.




