Báthadh mór Inis Gé…1927

(This week we look again at a piece about the Inis Ge Disaster of 1927.)

A lost civilization

Bhí dhá phíosa faoi – ‘Mayo’s Lost Islands – The Inishkeas’– an leabhar úd le Brian Dornan, (céadchó sa bhliain 2000,) le léamh agaibh anseo sa Kilkenny People, le déanaí, agus ó tharla gur scríobh mé píosa anseo cheana, faoi bháthadh Inis Gé, tuigeadh dom, nárbh olc an tseift í, athlua a dhéanamh ar an bpíosa sin in eagrán na seachtaine seo. Mar sin, seo chugaibh é :-

.

“Ceithre scór bliain ó shoin, ar an 28ú Deireadh Fómhair 1927, a tharla báthadh mór Inis Gé.

Cá bhfuil Inis Gé, an ea?

Péire oileán ata suite amach ó chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, atá i gceist anseo agam. Inis Gé Theas agus Inis Gé Thuaidh, a tugtar orthu.

Agus an bhfuil pobal ag cur faoi amuigh orthu, sa lá atá inniu ann?

Tá faitíos orm, nach bhfuil ag cur fúthu ar na hoileáin áille sin, faoi láthair, ach éanacha farraige, agus an corrbheithíoch a chuirtear isteach ansin ag iníor. Ní mar sin a bhíodh ceithre scór bliain ó shoin áfach, nó bhí pobal beo, bríomhar, Gaelach, ag cur faoi ar chuile oileán acu. Thagaidís i dtír ar iascaireacht agus ar fheirmeoireacht. Agus, bheadh sé deacair áit ní b’áille ná í a fháil, thoir nó thiar, ag an am.

Iniskea Disaster

Ach, cén chaoi ar tharla an tubaiste úd, sa bhliain 1927, má sea?

Lá breá Fómhair ab ea an 28u Deireadh Fómhair, an bhliain sin 1927, agus amuigh sa tráthnóna, tuigeadh do lucht iascaigh Inis Gé go ndéanfadh sé togha oíche iascaireachta. Dá thoradh sin, bhailigh na hiascairí a gcip is a meánaithe, agus chun farraige leo in am tráth. Tráthnóna ciúin, cineálta, a bhí ann, agus gan an oiread gaoithe ann is a chorródh ribe gruaige ar do cheann. Amach ar an domhain leo ina gcurracha, ach tráth raibh siad ullamh le dul chun oibre, tuigeadh do chuid acu, gur tháinig droch-chuma ar an aimsir, agus d’iompaíodar thart, agus rámhaigh siad ar a míle dhícheall i dtreo ché an oileáin. Tháinig a mbunús sin saor ón mbáthadh, ach lean an chuid eile orthu, agus chuireadar na heangacha, agus bhí an-chuma ar chúrsaí iascaireachta.

Sár a mbeadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, d’éirigh an ghaoth ina roisteacha móra, agus shéid an gála, gur cuireadh scaipeadh na mion-éan ar an gcabhlach currach. Níorbh aon chabhair dóibh na heangacha lán éisc a bhí mar chloch mhuilinn thart orthu anois, agus bíodh gur ghearradar na heangacha saor, bhí sé ró-dhéanach, nó bhí na curracha imithe ó smacht, faoin am sin, agus thiomáin na roisteacha farraige isteach ar na carraigreacha móra, géara, garbha, iad, gur deineadh cláiríní díobh ansin, agus gur báthadh na hiascairí óga sciliúla, scafánta, a bhí ina mbun. Séideadh cupla currach isteach ar an trá, agus d’éirigh leis na hiascairí a bhí iontu sin teacht slán, ach báthadh aon duine dhéag sa tubaiste uafásach sin.

Island deserted

Bhris an tubaiste sin ar mhisneach agus ar mheanma phobail na n-Oileán. Cuireadh coirp na n-iascairí i Reilg an Fháil Mhóir, agus ó tharla gur cailleadh uilig iad san aon tubaiste amháin, cuireadh i bhfocair a chéile iad, san aon uaigh mhór amháin. Bailíodh airgead i Meiriceá le Leacht oiriúnach a thógáil os a gcionn, lena gcuimhne a choinneáil glas. Agus go gairid ina dhiaidh sin, i dtús na dtriochaidí, shocraigh na hoileánaigh ar na hoileáin a thréigint, agus tugadh feirmeacha beaga dóibh ar an dtír mhór i nGlais, baile beag a bhí go síoraí ag breathnú amach ar na hoileáin. Bhí file san Aird Mhóir, in Iorras, ag an am, agus Seán Ó Monacháin a bhí air. Bhuel, chum seisean ‘Caoineadh’ faoin mbáthadh céanna sin. Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa seo, le véarsa amháin dá chaoineadh, a athlua anseo,

Báthadh Inis Gé

Nach bocht an gháir is nach daor an bás é,

Ó rinneadh an t-ár seo in Inis Gé?

Tá’n sgata báite a b’fhearr san áit seo

I bPort a’ Chárainn is nach mór an scéal?

Dá síntí a gcnámha i gcónraí clárthainn,

Nó ’n cholainn ghránna bheith curtha i gcré,

Ní bheadh mná gus páistí chomh buartha cráite,

‘S bheadh a muintir sásta in Inis Gé.

.

Solas na soilse, agus agus glóir na bhFlaitheas, go raibh acu uilig, anois agus i dtólamh.

gaGaeilge